Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0438

    Cásanna Uamtha C-438/21 P go C-440/21 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Márta 2023 – An Coimisiún Eorpach v Pharmaceutical Works Polpharma S.A., an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, Biogen Netherlands BV (C-438/21 P), Biogen Netherlands BV v Pharmaceutical Works Polpharma S.A., an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an Coimisiún Eorpach (C-439/21 P), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach v Pharmaceutical Works Polpharma S.A, an Coimisiún Eorpach, Biogen Netherlands BV (C-440/21 P) (Achomharc – Sláinte phoiblí – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83/CE – Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 – Iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh leagan cineálach den táirge íocshláinte Tecfidera – Cinneadh ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) gan an t-iarratas ar údarú margaíochta a bhailíochtú – Cinneadh níos luaithe ón gCoimisiún Eorpach nach raibh Tecfidera cumhdaithe ag an údarú margaíochta domhanda céanna le Fumaderm – Táirge íocshláinte teaglama a údaraíodh roimhe seo – Údarú margaíochta ina dhiaidh sin le haghaidh comhpháirt den táirge íocshláinte teaglama – Measúnú ar údarú margaíochta domhanda a bheith ann)

    IO C 164, 8.5.2023, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 164/7


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Márta 2023 – An Coimisiún Eorpach v Pharmaceutical Works Polpharma S.A., an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, Biogen Netherlands BV (C-438/21 P), Biogen Netherlands BV v Pharmaceutical Works Polpharma S.A., an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an Coimisiún Eorpach (C-439/21 P), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach v Pharmaceutical Works Polpharma S.A, an Coimisiún Eorpach, Biogen Netherlands BV (C-440/21 P)

    (Cásanna Uamtha C-438/21 P go C-440/21 P) (1)

    (Achomharc - Sláinte phoiblí - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Treoir 2001/83/CE - Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 - Iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh leagan cineálach den táirge íocshláinte Tecfidera - Cinneadh ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) gan an t-iarratas ar údarú margaíochta a bhailíochtú - Cinneadh níos luaithe ón gCoimisiún Eorpach nach raibh Tecfidera cumhdaithe ag an údarú margaíochta domhanda céanna le Fumaderm - Táirge íocshláinte teaglama a údaraíodh roimhe seo - Údarú margaíochta ina dhiaidh sin le haghaidh comhpháirt den táirge íocshláinte teaglama - Measúnú ar údarú margaíochta domhanda a bheith ann)

    (2023/C 164/09)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    (Cás C-438/21 P)

    Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag S. Bourgois, L. Haasbeek agus A. Sipos, agus ansin ag L. Haasbeek agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: Pharmaceutical Works Polpharma S.A. (ionadaithe: N. Carbonnelle, avocat, S. Faircliffe, Solicitor, agus M. Martens, advocaat), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) (ionadaithe: S. Drosos, H. Kerr agus S. Marino, i gcáil Gníomhairí), Biogen Netherlands BV (ionadaí: C. Schoonderbeek, advocaat)

    (Cás C-439/21 P)

    Achomharcóir: Biogen Netherlands BV (ionadaí: C. Schoonderbeek, advocaat)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: Pharmaceutical Works Polpharma S.A. (ionadaithe: N. Carbonnelle, avocat, S. Faircliffe, Solicitor, agus M. Martens, advocaat), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) (ionadaithe: S. Drosos, H. Kerr agus S. Marino, i gcáil Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag S. Bourgois, L. Haasbeek agus A. Sipos, agus ansin ag L. Haasbeek and A. Sipos, i gcáil Gníomhairí)

    (Cás C-440/21 P)

    Achomharcóir: An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) (ionadaithe: S. Drosos, H. Kerr agus S. Marino, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: Pharmaceutical Works Polpharma S.A. (ionadaithe: N. Carbonnelle, avocat, S. Faircliffe, Solicitor, agus M. Martens, advocaat), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag S. Bourgois, L. Haasbeek agus A. Sipos, agus ansin ag L. Haasbeek agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí), Biogen Netherlands BV (ionadaithe: C. Schoonderbeek, advocaat)

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 5 Bealtaine 2021, Pharmaceutical Works Polpharma v EMA (T-611/18, EU:T:2021:241) ar neamhní.

    2.

    Diúltaítear don chaingean arna thionscnamh ag Pharmaceutical Works Polpharma S.A. i gCás T-611/18.

    3.

    Ordaítear do Pharmaceutical Works Polpharma S.A., chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, Biogen Netherlands BV agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a íoc.


    (1)  IO C 391, 27.9.2021.


    Top