Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0377

    Cás C-377/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour du travail de Mons – an Bheilg) – Ville de Mons, Zone de secours Hainaut – Centre v RM (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 97/81/CE – an comhaontú réime maidir le hobair pháirtaimseartha – Clásal 4 – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Prionsabal an prorata temporis – Agus aird á tabhairt, chun críocha luach saothair comhraiceora dóiteáin ghairmiúil lánaimseartha a ríomh, fad na seirbhíse a fuair an comhraiceoir dóiteáin sin mar chomhraiceoir dóiteáin deonach, i gcomhréir le prionsabal pro rata temporis)

    IO C 318, 22.8.2022, p. 18–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/18


    Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour du travail de Mons – an Bheilg) – Ville de Mons, Zone de secours Hainaut – Centre v RM

    (Cás C-377/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Treoir 97/81/CE - an comhaontú réime maidir le hobair pháirtaimseartha - Clásal 4 - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Prionsabal an prorata temporis - Agus aird á tabhairt, chun críocha luach saothair comhraiceora dóiteáin ghairmiúil lánaimseartha a ríomh, fad na seirbhíse a fuair an comhraiceoir dóiteáin sin mar chomhraiceoir dóiteáin deonach, i gcomhréir le prionsabal pro rata temporis)

    (2022/C 318/24)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour du travail de Mons

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Ville de Mons, Zone de secours Hainaut – Centre

    Cosantóir: RM

    An chuid oibríochtúil:

    Ní mór Clásal 4 den chomhaontú réime maidir le hobair pháirtaimseartha, a tugadh i gcrích an 6 Meitheamh 1997, atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis an gcomhaontú réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna tabhairt i gcrích ag Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, CEEP agus CEC, a léirmhíniú mar ní a chuireann bac ar reachtaíocht náisiúnta, chun luach saothair comhraiceoirí dóiteáin gairmiúla lánaimseartha a ríomh, luachanna, mar shinsearacht airgid, seirbhísí a soláthraíodh roimhe sin ar bhonn páirtaimseartha, mar chomhraiceoir dóiteáin deonach, ar bhonn pro rata temporis, is e sin le rá de réir na seirbhísí a rinneadh iarbhír.


    (1)  IO C 391, 27.09.2021.


    Top