This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0197
Case C-197/21: Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 27 October 2022 (request for a preliminary ruling from the Korkein oikeus — Finland) — Soda-Club (CO2) SA, SodaStream International BV v MySoda Oy (Reference for a preliminary ruling — Trade-mark law — Regulation (EU) 2017/1001 — Article 15(2) — Directive (EU) 2015/2436 — Article 15(2) — Exhaustion of the rights conferred by the trade mark — Cylinders containing carbon dioxide — Placing on the market in a Member State by the trade mark proprietor — Activity of a reseller consisting in refilling and relabelling cylinders — Opposition brought by the trade mark proprietor — Legitimate reasons to oppose further commercialisation of the goods bearing the trade mark)
Cás C-197/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 27 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus – an Fhionlainn) – Soda-Club (CO2) SA, SodaStream International BV v MySoda Oy (Tagairt do réamhrialú – Dlí Trádmharcanna – Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 15(2) – Treoir (AE) 2015/2436 – Airteagal 15(2) – Ídiú na gceart a thugann an trádmharc – Sorcóirí ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin – Á chur ar an margadh i mBallstát ag dílseánach trádmhairc – Gníomhaíocht athdhíoltóra arb é atá ann sorcóirí a athlíonadh agus a athlipéadú – Freasúra arna thabhairt ag dílseánach an trádmhairc – Cúiseanna dlisteanacha le cur i gcoinne tráchtálú breise a dhéanamh ar na hearraí a bhfuil an trádmharc orthu)

IO C 472, 12.12.2022, p. 12–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
12.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 472/12 |
Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 27 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus – an Fhionlainn) – Soda-Club (CO2) SA, SodaStream International BV v MySoda Oy
(Cás C-197/21) (1)
(Tagairt do réamhrialú - Dlí Trádmharcanna - Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 15(2) - Treoir (AE) 2015/2436 - Airteagal 15(2) - Ídiú na gceart a thugann an trádmharc - Sorcóirí ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin - Á chur ar an margadh i mBallstát ag dílseánach trádmhairc - Gníomhaíocht athdhíoltóra arb é atá ann sorcóirí a athlíonadh agus a athlipéadú - Freasúra arna thabhairt ag dílseánach an trádmhairc - Cúiseanna dlisteanacha le cur i gcoinne tráchtálú breise a dhéanamh ar na hearraí a bhfuil an trádmharc orthu)
(2022/C 472/14)
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Korkein oikeus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Soda-Club (CO2) SA, SodaStream International BV
Cosantóir: MySoda Oy
An chuid oibríochtúil
Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 15(2) de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna
a léiriú mar
rud a chiallaíonn nach bhfuil dílseánach trádmhairc a chuir ar an margadh, i mBallstát, earraí ar a bhfuil an marc sin agus a bheartaítear a athúsáid agus a athlíonadh go minic, i dteideal, faoi na forálacha sin, cur i gcoinne tuilleadh tráchtálaithe díobh sin earraí, sa Bhallstát sin, ó athdhíoltóir a athlíon iad agus a chuir lipéadú eile in ionad an lipéid, ar a raibh an marc bunaidh, agus an marc bunaidh á fhágáil ar na hearraí sin, mura rud é go gcruthaíonn an lipéadú nua sin tuiscint bhréagach in aigne na dtomhaltóirí go bhfuil nasc eacnamaíoch idir an t-athdhíoltóir agus dílseánach an trádmhairc. Ní mór an dóchúlacht go dtarlódh mearbhall a mheasúnú ar bhonn domhanda i bhfianaise na faisnéise atá ar an táirge agus an lipéadú nua atá air agus ag féachaint do chleachtais dáileacháin na hearnála lena mbaineann agus an leibhéal eolais atá ag tomhaltóirí ar na cleachtais sin.