Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0116

    Cásanna uamtha C-116/21 P go C-118/21 P, C-138/21 P agus C-139/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 14 Iúil 2022 – an Coimisiún Eorpach v VW, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh (Achomharc – Státseirbhís – Pinsean – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – Pinsean marthanóra a dheonú – Céile marthanach d’iar-oifigeach a raibh pinsean scoir á fháil aige nó aici – Oifigeach a phósadh tar éis dó nó di éirigh as an bpost – An coinníoll gur mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad ar dháta bhás an oifigigh – Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII – Oifigeach a phósadh roimh dó nó di éirigh as an bpost – An coinníoll gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad – Pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 – Prionsabal na córa comhionainne – Airteagal 21(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhun aoise – Airteagal 52(1) – idirdhealú treallach nó idirdhealú atá mí-oiriúnach go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhfuil reachtas an Aontais dírithe air)

    IO C 359, 19.9.2022, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/4


    Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 14 Iúil 2022 – an Coimisiún Eorpach v VW, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

    (Cásanna uamtha C-116/21 P go C-118/21 P, C-138/21 P agus C-139/21 P) (1)

    (Achomharc - Státseirbhís - Pinsean - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII - Pinsean marthanóra a dheonú - Céile marthanach d’iar-oifigeach a raibh pinsean scoir á fháil aige nó aici - Oifigeach a phósadh tar éis dó nó di éirigh as an bpost - An coinníoll gur mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad ar dháta bhás an oifigigh - Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII - Oifigeach a phósadh roimh dó nó di éirigh as an bpost - An coinníoll gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad - Pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII - An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 20 - Prionsabal na córa comhionainne - Airteagal 21(1) - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhun aoise - Airteagal 52(1) - idirdhealú treallach nó idirdhealú atá mí-oiriúnach go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhfuil reachtas an Aontais dírithe air)

    (2022/C 359/04)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    (Cás C-116/21 P)

    Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: VW (ionadaí: N. de Montigny, avocate), Parlaimint na hEorpa (Ionadaithe: D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver, M. Bauer agus R. Meyer, i gcáil Gníomhairí)

    (Cás C-117/21 P)

    Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: BT (ionadaí: J.-N. Louis, avocat), Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver agus M. Bauer, i gcáil Gníomhairí), Cumann idirnáisiúnta iar-fhostaithe an Aontais Eorpaigh (AIACE Internationale) (ionadaithe: N. Maes, advocaat, agus J. Van Rossum, avocat)

    (Cás C-118/21 P)

    Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: RN (ionadaí: F. Moyse, avocat), Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge, i gcáil Gníomhairí)

    (Cás C-138/21 P)

    Iarratasóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver agus M. Bauer, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: BT (ionadaí: J.-N. Louis, avocat), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima, i gcáil Gníomhairí, Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge, i gcáíl Gníomhairí), Cumann idirnáisiúnta iar-fhostaithe an Aontais Eorpaigh (AIACE Internationale) (ionadaithe: N. Maes, advocaat, agus J. Van Rossum, avocat)

    (Cás C-139/21 P)

    Iarratasóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver agus M. Bauer, i gcáil Gníomhairí),

    Páirtithe eile sna himeachtaí VW (ionadaí: N. de Montigny, avocate), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara, B. Mongin agus B. Schima, i gcáil Gníomhairí), Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: D. Boytha, J. Steele agus J. Van Pottelberge, i gcáil Gníomhairí)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear ar neamhní breithiúnais Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 16 Nollaig 2020, VW v an Coimisiún (T-243/18, neamhfhoilsithe, EU:T:2020:619), an 16 Nollaig 2020, BT v an Coimisiún (T-315/19, neamhfhoilsithe, EU:T:2020:622), agus an 16 Nollaig 2020, RN v an Coimisiún (T-442/17 RENV, EU:T:2020:618).

    2)

    Diúltaítear do na hachomhairc ó VW i gcás T-243/18, ó BT i gcás T-315/19 agus ó RN i gcás T-442/17 RENV.

    3)

    Ordaítear do VW a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcás T-243/18 agus i gcás C-116/21 P agus C-139/21 P.

    4)

    Ordaítear do BT a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcás T-315/19 agus i gcásanna C-117/21 P agus C-138/21 P.

    5)

    Ordaítear do RN a costais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach i gcás F-104/15 agus T-442/17 RENV agus i gcás C-118/21 P.

    6)

    Ordaítear don Choimisiún Eorpach agus do RN a gcostais féin a íoc arna dtabhú i gcás T-695/16 P.

    7)

    Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chumann idirnáisiúnta iar-fhostaithe an Aontais Eorpaigh (AIACE Internationale) a gcostais féin a íoc sna cásanna uile a raibh siad mar idirghabháilí iontu ar chéadchéim agus ar achomharc, lena n-áirítear, a mhéid a mbaineann le Parlaimint na hEorpa, i gcásanna F-104/15 agus T-695/16 P.


    (1)  IO C 182, an 10.05.2021


    Top