Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0102

    Cásanna Uamtha C-102/21 agus C-103/21: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 7 Aibreán 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Verwaltungsgericht, Autonome Sektion für die Provinz Bozen – an Iodáil) – KW (C-102/21), SG (C-103/21) v Autonome Provinz Bozen (Tarchur chun réamhrialú – Cabhair arna deonú ag Stáit – Scéim cabhrach chun stáisiúin bheaga hidrileictreach a thógáil – Botháin alpacha agus sléibhe gan leictreachas – Údarú ón gCoimisiún Eorpach – Dul in éag)

    IO C 213, 30.5.2022, p. 15–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 213/15


    Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 7 Aibreán 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Verwaltungsgericht, Autonome Sektion für die Provinz Bozen – an Iodáil) – KW (C-102/21), SG (C-103/21) v Autonome Provinz Bozen

    (Cásanna Uamtha C-102/21 agus C-103/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Cabhair arna deonú ag Stáit - Scéim cabhrach chun stáisiúin bheaga hidrileictreach a thógáil - Botháin alpacha agus sléibhe gan leictreachas - Údarú ón gCoimisiún Eorpach - Dul in éag)

    (2022/C 213/18)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Verwaltungsgericht, Autonome Sektion für die Provinz Bozen

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: KW (C-102/21), SG (C-103/21)

    Cosantóir: Autonome Provinz Bozen

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Údarú na scéime cabhrach chun micreastáisiúin chumhachta hidrileictreacha a thógáil de thoradh Chinneadh C(2012) 5048 críochnaitheach an 25 Iúil 2012 maidir le Státchabhair SA.32113 (2010/N) – An Iodáil: Ní raibh scéim chabhrach maidir le fuinneamh a shábháil, córais téimh cheantair agus leictriú ceantair iargúlta in Alto Adige/Tyrol Theas i bhfeidhm a thuilleadh nuair a chuir an Autonome Provinz Bozen (Réigiún Uathrialach de Bolzano, an Iodáil) fóirdheontais ar fáil do KW agus SG.

    2)

    Ní mór Airteagal 108(3) CFAE a léirmhíniú sa chaoi sin nach bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún Eorpach a iarraidh ar an mBallstát cabhair neamhdhleathach a fháil ar ais, de réir bhrí Airteagal 1(f), Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


    (1)  IO C 217, 07.06.2021


    Top