Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0077

    Cás C-77/21: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Digi Távközlési és Szolgáltató Kft. v Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság (Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 5(1)(b) agus (e) – Prionsabal maidir le “teorannú de réir cuspóra” – Prionsabal maidir le “teorannú stórála” – Bunachar sonraí a chruthú, ó bhunachar sonraí atá ann cheana, chun tástálacha a dhéanamh agus earráidí a cheartú – Próiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta – Comhoiriúnacht phróiseáil bhreise ar na sonraí sin chun críocha an bhailithe tosaigh – Tréimhse stórála i bhfianaise na gcríoch sin)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 10–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/10


    Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Digi Távközlési és Szolgáltató Kft. v Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság

    (Cás C-77/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 5(1)(b) agus (e) - Prionsabal maidir le “teorannú de réir cuspóra” - Prionsabal maidir le “teorannú stórála” - Bunachar sonraí a chruthú, ó bhunachar sonraí atá ann cheana, chun tástálacha a dhéanamh agus earráidí a cheartú - Próiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta - Comhoiriúnacht phróiseáil bhreise ar na sonraí sin chun críocha an bhailithe tosaigh - Tréimhse stórála i bhfianaise na gcríoch sin)

    (2022/C 472/11)

    Teanga an cháis: an Ungáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Fővárosi Törvényszék

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Digi Távközlési és Szolgáltató Kft.

    Cosantóir: Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    leis an bprionsabal maidir le “teorannú de réir cuspóra”, a leagtar síos san fhoráil sin, ní chuirtear cosc ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a bailíodh agus a stóráladh roimhe sin i mbunachar sonraí eile a thaifeadadh agus a stóráil i mbunachar sonraí a cuireadh ar bun chun earráidí a thástáil agus a cheartú, i gcás ina bhfuil an phróiseáil bhreise sin ag luí leis na críocha sonracha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu ar an gcéad dul síos, agus ní mór an phróiseáil sin a chinneadh i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 6(4) den Rialachán sin.

    2)

    Maidir le hAirteagal 5(1)(e) de Rialachán 2016/679,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    leis an bprionsabal maidir le “teorannú stórála”, a leagtar síos san fhoráil sin, cuirtear cosc ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a bailíodh roimhe sin chun críocha eile a thástáil agus a cheartú ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse is gá chun na tástálacha sin a dhéanamh agus chun na hearráidí sin a cheartú.


    (1)  IO C 182, 10.05.2021


    Top