Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0069

    Cás C-69/21: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, an Ísiltír) – X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach – Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint i gcás aistriú, díbeartha nó eiseachadadh – Ceart cónaithe ar fhorais leighis – Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115/CE – Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach – Cóir leighis chun an phian a mhaolú – Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh – Coinníollacha faoina bhfuil an t-aistriú le cur siar)

    IO C 24, 23.1.2023, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/4


    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, an Ísiltír) – X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

    (Cás C-69/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach - Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh - Cosaint i gcás aistriú, díbeartha nó eiseachadadh - Ceart cónaithe ar fhorais leighis - Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh - Treoir 2008/115/CE - Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach - Cóir leighis chun an phian a mhaolú - Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh - Coinníollacha faoina bhfuil an t-aistriú le cur siar)

    (2023/C 24/05)

    Teanga an cháis: an Ollainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Rechtbank Den Haag

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: X

    Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le hAirteagal 5 de Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 19(2) di,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar chinneadh um fhilleadh nó ar ordú aistrithe a dhéanamh maidir le náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus atá buailte le tinneas tromchúiseach, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tríú tír a n-aistrítear é chuici, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian, i gcás filleadh, mar gheall ar an toirmeasc, sa tír sin, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann. Ní fhéadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama dhocht nach mór a leithéid de mhéadú a tharlú lena linn ionas go bhféadfadh sé toirmeasc a chur ar an gcinneadh um fhilleadh sin nó ar an ordú aistrithe sin.

    2)

    Maidir le hAirteagal 5 agus Airteagal 9(1)(a) de Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus 19(2) di,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leo ar iarmhairtí an ordaithe aistrithe féin, ar shláinte náisiúnaigh tríú tír, gan bheith á gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta inniúil ach amháin chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír sin in ann taisteal.

    3)

    Maidir le Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7, 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní cheanglaítear léi ar Bhallstát doiciméad cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach ina chríoch, i gcás nach bhféadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh ná faoi réir ordú aistrithe, toisc go bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tír cinn scríbe, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú tapa, suntasach agus doleigheasta ar an bpian arbh éard ba chúis léi ná an tinneas tromchúiseach lena bhfuil sé buailte;

    ní mór don údarás náisiúnta inniúil sláinte an náisiúnaigh sin agus an chóireáil a chuirtear air sa chríoch sin, mar gheall ar an tinneas sin, a chur san áireamh, chomh maith leis na tosca ábhartha eile go léir, nuair a dhéanann sé scrúdú an gcuirtear cosc le ceart an náisiúnaigh sin chun meas ar an saol príobháideach air a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe;

    ní sháraítear an ceart seo lena leithéid de chinneadh nó de bheart a ghlacadh toisc, i gcás filleadh ar an tír cinn scríbe, go bhfágfaí an náisiúnach sin i mbaol go gcuirfí a shláinte chun meatha, i gcás nach sroicheann a leithéid de bhaol an tairseach tromchúise is gá faoi Airteagal 4 den Chairt agus dá thoisc sin amháin.


    (1)  IO C 163, 3.5.2021


    Top