Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0629

    Cás T-629/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 — Delifruit v an Coimisiún (Táirgí cosanta plandaí – Substaint ghníomhach clóirpireafos – Uasleibhéil d’iarmhair clóirpireafos i mbananaí nó ar bhananaí a chinneadh – Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 – Eolas eolaíoch agus teicniúil ar fáil – Tosca dlisteanacha eile)

    IO C 359, 19.9.2022, p. 64–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    19.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 359/64


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 — Delifruit v an Coimisiún

    (Cás T-629/20) (1)

    (Táirgí cosanta plandaí - Substaint ghníomhach clóirpireafos - Uasleibhéil d’iarmhair clóirpireafos i mbananaí nó ar bhananaí a chinneadh - Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 - Eolas eolaíoch agus teicniúil ar fáil - Tosca dlisteanacha eile)

    (2022/C 359/76)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Delifruit, SA (Guayaquil, Eacuadór) (ionadaithe: K. Van Maldegem, P. Sellar agus S. Abdel-Qader, Dlíodóirí)

    Cosantóir: (An Coimisiún Eorpach, (ionadaithe: F. Castilla Contreras, A. Dawes agus M. ter Haar, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Delifruit, SA, go ndéanfar Rialachán (AE) 2020/1085 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil d’iarmhair clóirpireafos agus clóirpireafos-meitile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO 2020 L 239, lch. 7, Ceartúchán IO 2020 L 245, lch. 31) (“an Rialachán a chonspóidtear”) a neamhniú go páirteach, a mhéid a shocraítear uasleibhéal na n-iarmhar (“MRL”) le haghaidh clóirpireafos i mbananaí nó ar bhananaí ag 0.01 mg/kg.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ordaítear do Delifruit, SA na costais a íoc.


    (1)  IO C 433, 14.12.2020.


    Top