Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0366

    Cás T-366/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Eanáir 2022 – 1031023 B.C. v EUIPO – Bodegas San Valero (Léiriú ar chiorcal tarraingthe le scuab) (“Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear ciorcal tarraingthe le scuab – Trádmharc fíortha náisiúnta roimhe seo ORIGIUM 1944 – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mhearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001”)

    IO C 119, 14.3.2022, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 119, 14.3.2022, p. 14–14 (GA)

    14.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 119/14


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Eanáir 2022 – 1031023 B.C. v EUIPO – Bodegas San Valero (Léiriú ar chiorcal tarraingthe le scuab)

    (Cás T-366/20) (1)

    (“Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear ciorcal tarraingthe le scuab - Trádmharc fíortha náisiúnta roimhe seo ORIGIUM 1944 - Forais choibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mhearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001”)

    (2022/C 119/44)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: 1031023 B.C. Ltd (Richmond, British-Colombia, Ceanada) (ionadaí: M. González Gordon, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Ivanauskas agus V. Ruzek, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag déanamh idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Bodegas San Valero, S. Coop. (Cariñena, an Spáinn) (ionadaí: J. García Domínguez, Dlíodóir)

    Maidir le:

    Caingean arna tabhairt i gcoinne chinneadh an chéad Bhoird Achomhairc de EUIPO an 9 Márta 2020 (Cás R 2142/2019-1), maidir le himeachtaí freasúra idir Bodegas San Valero agus 1031023 B.C.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc

    2)

    Ordaítear do 1031023 B.C. Ltd a chostais féin a íoc lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Bodegas San Valero, S. Coop.


    (1)  IO C 255, 3.8.2020.


    Top