EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0037

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Samhain 22.
WM agus Sovim SA v Luxembourg Business Registers.
Tarchur chun réamhrialú — Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc — Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 — Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin — Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla — Bailíocht — Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh — Cosaint sonraí pearsanta.
Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:912

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

22 Samhain 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc — Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 — Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin — Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla — Bailíocht — Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh — Cosaint sonraí pearsanta)

I gCásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20,

Dhá IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg), trí bhreitheanna an 24 Eanáir 2020 agus an 13 Deireadh Fómhair 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Eanáir 2020 agus an 13 Samhain 2020 faoi seach, sna himeachtaí idir

WM (C-37/20),

Sovim SA (C-601/20)

v

Luxembourg Business Registers,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, M. Safjan, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, F. Biltgen, N. Piçarra, I. Jarukaitis, A. Kumin (Rapóirtéir), agus I. Ziemele, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: G. Pitruzzella,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 19 Deireadh Fómhair 2021,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

WM, ag M. Jammaers, A. Komninos, L. Lorang agus V. Staudt, avocats,

Sovim SA, ag P. Elvinger agus K. Veranneman, avocats,

Rialtas Lucsamburg, ag A. Germeaux, C. Schiltz agus T. Uri, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hOstaire, ag M. Augustin, A. Posch agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Fionlainne, ag M. Pere, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na hIorua, ag J. T. Kaasin agus G. Østerman Thengs, i gcáil Gníomhairí,

Parlaimint na hEorpa, ag J. Etienne, O. Hrstková Šolcová agus M. Menegatti, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag M. Chavrier, I. Gurov agus K. Pleśniak, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag V. Di Bucci, C. Giolito, L. Havas, H. Kranenborg, D. Nardi, T. Scharf agus H. Tserepa-Lacombe, i gcáil Gníomhairí,

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag C.-A. Marnier, i gcáil Gníomhaire,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 20 Eanáir 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú, go bunúsach, le bailíocht Airteagal 1(15)(c) de Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus le Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO 2018 L 156, lch. 43), a mhéid a leasaíodh leis an bhforáil sin an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73), agus léiriú, ar thaobh amháin, ar Airteagal 30(9) de Threoir 2015/849, arna leasú le Treoir 2018/843 (“Treoir 2015/849 arna leasú”), agus ar an taobh eile, ar Airteagal 5(1)(a) go (c) agus (f), Airteagal 25(2) agus Airteagail 44 go 50 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1), (“an RGCS”).

2

Rinneadh na hiarrataí seo in dhá imeacht idir, an chéad cheann, WM (Cás C-37/20) agus, an dara ceann, Sovim SA (Cás C-601/20), agus Luxembourg Business Registers (“LBR”), maidir le diúltú an dara ceann rochtain a chosc ar fhaisnéis a bhaineann, ar an gcéad dul síos, le stádas WM mar úinéir tairbhiúil na cuideachta eastáit réadaigh agus, ar an dara dul síos, le húinéir tairbhiúil Sovim.

An creat dlíthiúil

Dlí an Aontais

Treoracha 2015/849, 2018/843 agus 2015/849 arna leasú

3

De réir aithrisí 4, 30, 31, 34, 36 agus 38 de Threoir 2018/843:

“(4)

[tá] gá le trédhearcacht fhoriomlán thimpeallacht eacnamaíochta agus airgeadais an Aontais a mhéadú tuilleadh. Ní féidir le cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta a bheith éifeachtach mura rud é go bhfuil an timpeallacht ina bhfeidhmíonn coirpigh chun dídean a aimsiú dá ngnóthaí airgeadais trí bhíthin struchtúir neamh-thrédhearcacha doicheallach dóibh. Tá sláine chóras airgeadais an Aontais spleách ar thrédhearcacht na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile, na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo ní hamháin sciúradh airgid a bhrath agus a imscrúdú ach é a chosc ó tharlú freisin. D’fhéadfadh feabhsú na trédhearcachta a bheith ina dhíspreagadh cumhachtach.

[...]

(30)

Lamhálann rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil grinnscrúdú níos mó ar fhaisnéis ag an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ag an bpreas nó ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus rannchuidíonn sí le hiontaoibh i sláine na n-idirbheart gnó agus an chórais airgeadais a chaomhnú. Is féidir léi rannchuidiú le mí-úsáid eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil agus comhshocruithe dlíthiúla eile chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, trí chuidiú le himscrúduithe agus trí éifeachtaí clú araon, ós rud é go bhfuil aon duine a d’fhéadfadh idirbhearta a dhéanamh leo ar an eolas faoi chéannacht na n-úinéirí tairbhiúla. Éascaíonn sé freisin cur ar fáil tráthúil agus éifeachtúil faisnéise d’institiúidí airgeadais agus do na húdaráis, lena n-áirítear údaráis tríú tíortha, a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh cionta den sórt sin. Chuideodh rochtain ar an bhfaisnéis sin freisin le himscrúduithe ar sciúradh airgid, ar chionta preideacáide bainteacha agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta.

(31)

Braitheann muinín infheisteoirí agus an phobail i gcoitinne as margaí airgeadais cuid mhaith ar chóras nochta cruinn a bheith ann, rud a sholáthraíonn trédhearcacht in úinéireacht thairbhiúil agus i struchtúir rialaithe na gcuideachtaí. [...] Ba cheart breathnú ar an méadú féideartha ar an muinín sna margaí airgeadais mar fho-éifeacht dhearfach agus ní mar an cuspóir atá le trédhearcacht a mhéadú, arb ann don chuspóir sin chun timpeallacht a chruthú ar lú an dóchúlacht go mbainfí úsáid aisti chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

[...]

(34)

I ngach cás, a mhéid a bhaineann le heintitis chorparáideacha agus le heinitis dhlíthúla eile araon, chomh maith le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart féachaint le cothromaíocht chóir a aimsiú go háirithe idir leas an phobail i gcoitinne i sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus cearta bunúsacha na n-ábhar sonraí. Ba cheart an tacar sonraí atá le cur ar fáil don phobal a bheith teoranta, sainmhínithe go soiléir agus go hiomlán, agus ba cheart go mbeadh sé de chineál ginearálta, chun go n-íoslaghdófar an dochar ionchasach do na húinéirí tairbhiúla. Ag an am céanna, níor cheart go mbeadh difríocht shuntasach idir an fhaisnéis atá inrochtana don phobal agus na sonraí a bhailítear faoi láthair. Chun an bac ar an gceart ar urraim dá saol príobháideach go ginearálta a theorannú agus ar a sonraí pearsanta a chosaint go háirithe, ba cheart go mbainfeadh an fhaisnéis sin go bunúsach le stádas úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile agus iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, agus ba cheart go mbainfeadh sé go docht leis an réimse gníomhaíochta eacnamaíche ina n-oibríonn na húinéirí tairbhiúla. [...]

[...]

(36)

Anuas air sin, agus é mar aidhm acu cur chuige comhréireach agus cothrom a áirithiú agus na cearta chun saol príobháideach agus chun cosaint sonraí pearsanta a ráthú, ba cheart gurbh fhéidir le Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a nochtadh trí na cláir faisnéise maidir le húineireacht thairbhiúil, agus ó rochtain ar an bhfaisnéis sin, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina nochtfadh an fhaisnéis sin an t-úinéir tairbhiúil do bhaol díréireach calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe. Ba cheart gurbh fhéidir le Ballstáit freisin a cheangal go ndéanfaí clárú ar líne chun aon duine a iarrann faisnéis ón gclár a shainaithint, chomh maith le go ndéanfaí táille a íoc ar rochtain ar an bhfaisnéis sa chlár.

[...]

(38)

Tá feidhm ag [RGCS] maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo. Dá thoradh sin, ba cheart daoine nádúrtha a bhfuil a sonraí pearsanta á sealbhú i gcláir náisiúnta ina sainaithnítear iad mar úinéirí tairbhiúla a chur ar an eolas dá réir sin. Anuas air sin, níor cheart ach sonraí pearsanta atá cothrom le dáta agus a fhreagraíonn do na húinéirí tairbhiúla iarbhír a chur ar fáil agus ba cheart na tairbhithe a chur ar an eolas faoina gcearta faoi chreat dlíthiúil reatha an Aontais um chosaint sonraí [...] agus faoi na nósanna imeachta is infheidhme chun na cearta sin a fheidhmiú. Sa bhreis air sin, chun drochúsáid na faisnéise sna cláir a chosc agus chun cóimheá a aimsiú do chearta na n-úinéirí tairbhiúla, d’fhéadfadh sé gurbh iomchuí leis na Ballstáit a mbreithniú a dhéanamh i dtaobh na faisnéisé faoin duine iarrthach mar aon leis an mbunús dlí dá n-iarraidh a chur ar fáil don úinéir tairbhiúil.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 1(1) de Threoir 2015/849 arna leasú:

“Tá sé ina aidhm leis an Treoir seo úsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 3 de Threoir 2015/849 arna leasú:

“Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn:

[...]

6)

‘úinéir tairbhiúil’“an duine nó na daoine nádúrtha ar leis/leo, nó a rialaíonn, faoi dheoidh, an custaiméir agus/nó an duine nó na daoine nádúrtha a ndéantar idirbheart nó gníomhaíocht thar a gceann agus lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

i gcás eintiteas corparáideach:

(i)

an duine nó na daoine nádúrtha ar leis/leo nó a rialaíonn eintiteas dlíthiúil faoi dheoidh, de bhua a n-úinéireachta dírí nó indírí ar chéatadán leordhóthanach scaireanna nó ar chearta vótála nó trí leas úinéireachta san eintiteas sin [...]

[...]

(ii)

i gcás, i ndiaidh gach modh atá ar fáil a ídiú agus ar choinníoll nach mbeidh aon fhoras amhrais ann, nach n-aithneofar aon duine faoi phointe (i), nó má tá aon amhras ann gurb é an duine/na daoine atá ainmnithe an t-úinéir/na húinéirí tairbhiúla, an duine/na daoine ag a bhfuil seasamh oifigigh bainistíochta sinsearaí; [...]

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le hAirteagal 30(1) agus (3) de Threoir 2015/849 arna leasú:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceanglas ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile arna n-ionchorprú ina gcríoch faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí maidir le leasanna tairbhiúla a shealbhaítear, a fháil agus a shealbhú. [...]

[...]

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a shealbhú i gclár lárnach i ngach Ballstát [...]

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2018/843 le hAirteagal 30(5) agus (9) de Threoir 2015/849 an méid seo a leanas:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis maidir leis an úinéireacht thairbhiúil i ngach cás:

(a)

ag údaráis inniúla agus ag [Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais], gan aon srian;

(b)

ag eintitis faoi oibleagáid, faoi chuimsiú dícheall cuí custaiméara i gcomhréir le Caibidil II;

(c)

ag aon duine nó eagraíocht a fhéadfaidh leas dlisteanach a léiriú ina leith;

Beidh rochtain ag na daoine nó na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) ar a laghad ar ainm, mí agus bliain breithe, náisiúntacht agus tír chónaithe an úinéara thairbhiúil chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear.

[...]

(9)   . Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúine don rochtain dá dtagraítear i bpointe (b) agus bpointe (c) de mhír 5 don fhaisnéis uile nó cuid di faoina úinéireacht thairbhiúil ar bhonn cás ar chás in imthosca eisceachtúla, i gcás ina ndéanfadh an rochtain sin an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol calaoise, fuadaigh, dúmhála, foréigin nó imeaglaithe, nó más rud é gur mionaoiseach an t-úinéir nó go bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí de. [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Le hAirteagal 1(15)(c), (d) agus (g) de Threoir 2018/843 faoi seach, leasaíodh mír 5, cuireadh isteach mír 5a agus leasaíodh mír 9 d’Airteagal 30 de Threoir 2015/849. Sonraítear in Airteagal 30(5), (5a) agus (9) de Threoir 2015/849 arna leasú mar a leanas:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis maidir leis an úinéireacht thairbhiúil i ngach cás:

a)

ag údaráis inniúla agus ag [Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais], gan aon srian;

b)

ag eintitis faoi oibleagáid, faoi chuimsiú dícheall chuí custaiméara i gcomhréir le Caibidil II;

c)

ag aon duine den phobal i gcoitinne.

Beidh rochtain ag na daoine dá dtagraítear i bpointe (c) ar a laghad ar ainm, mí agus bliain bhreithe, agus tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear.

Féadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha a chinnfear leis an dlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le rochtain ar fhaisnéis bhreise lena gcumasófar an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint. Áireofar ar an bhfaisnéis bhreise sin ar a laghad an dáta breithe nó na sonraí teagmhála i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí.

5a.   Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh an fhaisnéis atá ina gcláir lárnacha dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil ar choinníoll clárú ar líne agus táille a íoc, ar táille é nach mó ná na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur ar fáil, lena n-áirítear costais chothabhála agus forbartha an chláir.”;

[...]

9.   In imthosca eisceachtúla a bheidh le leagan síos sa dlí náisiúnta, más rud é go ndéanfadh an rochtain dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 5 an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin, nó imeaglaithe, nó más rud é gur mionaoiseach an t-úinéir nó go bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí de, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúine ón rochtain sin ar an bhfaisnéis go léir nó cuid di i dtaca leis an úinéireacht thairbhiúil ar bhonn cás ar chás. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar díolúintí den sórt sin ar mheastóireacht mhionsonraithe ar chineál eisceachtúil na gcúinsí. Déanfar na cearta chun athbhreithniú riaracháin ar an gcinneadh maidir le díolúine agus ar leigheas breithiúnach éifeachtach a ráthú. Ballstát a bhfuil díolúintí deonaithe aige, foilseoidh sé sonraí staitistiúla bliantúla maidir le líon na ndíolúintí a deonaíodh agus na cúiseanna a luadh agus déanfaidh siad na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear in Airteagal 41(1) de Threoir 2015/849 mar a leanas:

“Tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo faoi réir Threoir 95/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31), faoi mar a thrasuítear sa dlí náisiúnta í. [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

RGCS

10

Foráiltear in Airteagal 5(1) de RGCS, dar teideal “Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta” mar a leanas:

“Maidir le sonraí pearsanta:

a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; [...] (“teorannú de réir cuspóra”);

c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

[...]

f)

déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”)”.

11

Foráiltear le hAirteagal 25(2) den Rialachán sin, dar teideal “Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú”:

“Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí a bhailítear, an oiread próiseála a dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.”

12

In Airteagal 44 den Rialachán sin, dar teideal “Prionsabal ginearálta maidir le haistrithe”, luaitear an méid seo a leanas:

“Aon sonraí pearsanta atá á bpróiseáil nó atá beartaithe lena bpróiseáil tar éis iad a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, ní dhéanfar iad a aistriú ach amháin má chomhlíonann an rialaitheoir agus an próiseálaí, faoi réir na bhforálacha eile atá sa Rialachán seo, na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo, lena n-áirítear na coinníollacha a bhaineann le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta eile. Cuirfear na forálacha ar fad sa Chaibidil seo i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbaintear an bonn den leibhéal cosanta do dhaoine nádúrtha a ráthaítear leis an Rialachán seo.”

13

Foráiltear le hAirteagal 49 RGCS, dar teideal “Maoluithe i gcásanna sonracha”:

“1.   In éagmais cinneadh leordhóthanachta de bhun Airteagal 45(3), nó in éagmais coimircí iomchuí de bhun Airteagal 46, lena n-áirítear rialacha ceangailteacha corparáideacha, ní dhéanfar aistriú sonraí pearsanta ná sraith d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin ar cheann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

[...]

(g)

go ndéantar an t-aistriú ó chlár arna cheapadh, de réir dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, chun faisnéis a chur ar fáil don phobal, ar clár é a fhéadfaidh an pobal i gcoitinne a cheadú nó a fhéadfaidh aon duine a thaispeánann leas dlisteanach a cheadú, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le comhairliúchán atá leagtha síos le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit comhlíonta sa chás áirithe.

[...]”

14

De réir Airteagal 94 den Rialachán sin:

“1.   Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.

2.   Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. [...]”

Dlí Lucsamburg

15

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 de Dhlí an 13 Eanáir 2019 lena mbunaítear Clár na nÚinéirí Tairbhiúla (Mémorial A 2019, Uimh. 15, (“Dlí an 13 Eanáir 2019”):

“Is faoi údarás an Aire ag a bhfuil Aireacht Dlí agus Cirt ina leithdháiltí atá clár dá ngairtear “Registre des bénéficiaires effectifs” (Clár na n-Úinéirí Tairbhiúla), arna ghiorrú mar “RBE”, agus is é an cuspóir atá leis faisnéis a stóráil agus a chur ar fáil maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas atá cláraithe.”

16

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 3(1) den Dlí sin:

“Ní mór an fhaisnéis seo a leanas maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas atá cláraithe a iontráil agus a stóráil i gClár na nÚinéirí tairbhiúla:

1.

an t-ainm;

2.

an céadainm nó na céadainmneacha;

3.

an náisiúntacht nó na náisiúntachtaí;

4.

an lá breithe;

5.

an mhí bhreithe;

6.

an bhliain bhreithe;

7.

an áit bhreithe;

8.

an tír chónaithe;

9.

an seoladh príobháideach beacht nó an seoladh gnó beacht [...]

[...]

10.

i gcás daoine a iontráladh i gClár Náisiúnta na nDaoine Nádúrtha: an uimhir aitheantais [...];

11.

i gcás neamhchónaitheoirí nár iontráladh i gClár Náisiúnta na nDaoine Nádúrtha: uimhir aitheantais choigríche;

12.

cineál an leasa thairbhiúil a shealbhaítear;

13.

méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear.”

17

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 11(1) den Dlí sin:

“I bhfeidhmiú a gcuid cúraimí dóibh, tá rochtain ag na húdaráis náisiúnta ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3.”

18

Foráiltear le hAirteagal 12 den Dlí céanna mar seo a leanas:

“Déantar rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) míreanna 1 go 8, 12 agus 13 (a) a chur ar fáil d’aon duine.”

19

Foráiltear le hAirteagal 15(1) agus (2) de Dhlí an 13 Eanáir 2019:

“(1)   Féadfaidh eintiteas cláraithe nó úinéir tairbhiúil a iarraidh, cás ar chás agus sna himthosca eisceachtúla seo a leanas, ar bhonn iarraidh chuí‑réasúnaithe chuig an mbainisteoir, go ndéantar rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 a theorannú d’údaráis náisiúnta, institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus báillí agus nótairí a ghníomhaíonn ina gcáil oifigiúil amháin, más rud é go ndéanfadh an rochtain sin an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe, nó i gcás inar mionaoiseach an t-úinéir tairbhiúil nó ina bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí.

(2)   Déanfaidh an bainisteoir an rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 a theorannú go sealadach do na húdaráis náisiúnta amháin tar éis an iarraidh a fháil go dtí go ndéanfar a chinneadh a fhógairt agus, má dhiúltaítear don iarratas, go ceann 15 lá eile. I gcás ina ndéantar achomharc i gcoinne cinneadh diúltaithe, coinneofar an teorannú rochtana ar an bhfaisnéis go dtí nach bhféadfar achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh diúltaithe a thuilleadh.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

Cás C-37/20

20

Chuir YO, cuideachta eastáit réadaigh, iarraidh isteach chuig LBR de bhun Airteagal 15(1) de Dhlí an 13 Eanáir 2019 ag iarraidh go mbeadh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaineann le WM, a úinéir tairbhiúil, atá in RBE, teoranta do na heintitis dá dtagraítear san fhoráil sin amháin, ar an bhforas go ndéanfadh rochtain ar an bhfaisnéis sin ag an bpobal i gcoitinne WM agus a theaghlach a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe ar bhealach soiléir, dáiríre agus láithreach. Diúltaíodh don iarraidh sin le cinneadh an 20 Samhain 2019.

21

An 5 Nollaig 2019, thug WM caingean os comhair an tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg), an chúirt a rinne an tarchur, ag maíomh gur minic a raibh air, mar gheall ar a cháileanna mar bhainisteoir agus úinéir tairbhiúil YO agus roinnt cuideachtaí tráchtála, taisteal go minic go tíortha ina bhfuil córais pholaitiúla éagobhsaí agus go raibh siad nochta d’ardleibhéal ghnáthchoiriúlachta, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le baol suntasach maidir le fuadach, príosúnú neamhdhleathach, foréigean agus fiú bás.

22

Cuireann LBR i gcoinne na hargóinte sin agus measann siad nach gcomhlíontar le staid WM ceanglais Airteagal 15 de Dhlí an 13 Eanáir 2019, ós rud é nach féidir leis brath ar “imthosca eisceachtúla” nó ar aon bhaol dá dtagraítear san airteagal sin.

23

I ndáil leis sin, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras maidir leis an léiriú atá le tabhairt ar na coincheapa “imthosca eisceachtúla”, “baol” agus baol “díréireach” de réir bhrí Airteagal 30(9) de Threoir 2015/849 arna leasú.

24

Sna himthosca sin, chinn an tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

An coincheap ‘imthosca eisceachtúla’

(a)

An féidir Airteagal 30(9) de [Threoir 2015/849], a mhéid a chuirtear an teorannú rochtana ar fhaisnéis a bhaineann le húinéirí [tairbhiúla] faoi choinníoll ag ‘imthosca eisceachtúla atá le sainmhíniú sa dlí náisiúnta’ leis, a léiriú mar airteagal lena n-údaraítear don dlí náisiúnta an coincheap ‘imthosca eisceachtúla’ a shainmhíniú ar chaoi arb ionann é agus ‘baol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin, nó imeaglaithe’ amháin, ar coincheapa iad atá mar choinníoll cheana féin chun teorannú rochtana a chur i bhfeidhm trí fhoclaíocht Airteagal 30(9) [de Threoir 2015/849 arna leasú]?

(b)

Má tá freagra cheist 1(a) diúltach, agus mura bhfuil an coincheap ‘imthosca eisceachtúla’ sainmhínithe ag an dlí náisiúnta trasuite seachas trí thagairt a dhéanamh do na coincheapa neamhoibríocha de ‘b[h]aol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe’, an mbeadh sé de dhíth Airteagal 30(9) [de Threoir 2015/849 arna leasú] a léiriú amhail go bhfágtar leis gur féidir leis an gcúirt náisiúnta neamhaird a dhéanamh den cheanglas maidir le ‘[h]imthosca eisceachtúla’, nó an gcaithfeadh sí mainneachtain an reachtóra náisiúnta é sin a dhéanamh a chúiteamh trí raon feidhme an choincheapa ‘imthosca eisceachtúla’ a chinneadh go breithiúnach? I gcás freagra diúltach, ós rud é, de réir théarmaí Airteagal 30(9) [de Threoir 2015/849 arna leasú], gur coinníoll é seo a gcinntear a ábhar leis an dlí náisiúnta, an bhféadfadh an Chúirt treoir a thabhairt don chúirt náisiúnta ina cuid oibre? Má thugtar freagra dearfach ar an gceist dheireanach seo, cad iad na treoirlínte nach mór a threorú don chúirt náisiúnta agus í ag cinneadh ábhar an choincheapa ‘imthosca eisceachtúla’?

(2)

An coincheap ‘baol’

(a)

Ar cheart Airteagal 30(9) de [Threoir 2015/849 arna leasú], a mhéid a chuirtear teorannú rochtana ar fhaisnéis a bhaineann le húinéirí [tairbhiúla] faoi na coinníollacha ‘baol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe’ leis, a léiriú mar thagairt do shraith d’ocht gcás, ina dtéitear sa chéad cheann acu i ngleic le baol ginearálta atá faoi réir choinníoll na díréire, agus ina dtéitear sna seacht gcinn eile i ngleic le hábhair bhaoil shonracha nach bhfuil faoi réir choinníoll na díréire, nó mar thagairt do shraith de sheacht gcás, ina dtéitear i ngach ceann acu i ngleic le baol sonrach atá faoi réir choinníoll na díréire?

(b)

Ar cheart Airteagal 30(9) de [Threoir 2015/849 arna leasú], a mhéid a chuirtear teorannú rochtana ar fhaisnéis a bhaineann le húinéirí [tairbhiúla] faoi réir an choinníll ‘baol’ leis, a léiriú ar chaoi lena gcuirtear teorainn ar an measúnú maidir leis an mbaol sin a bheith ann agus maidir le méid an bhaoil sin do naisc an úinéara [thairbhiúil] leis an eintiteas dlíthiúil amháin atá sé ag iarraidh go sonrach go ndéanfar a rochtain a theorannú maidir le faisnéis a bhaineann lena stádas mar úinéir [tairbhiúil] nó ar chaoi lena gcuirtear naisc an úinéara [thairbhiúil] lena mbaineann le heintitis dhlíthiúla eile san áireamh? Más rud é nach mór na naisc le heintitis dhlíthiúla eile a chur san áireamh, ar cheart stádas an úinéara [thairbhiúil] i ndáil le heintitis dhlíthiúla eile amháin a chur san áireamh nó ar cheart gach nasc le heintitis dhlíthiúla eile a chur san áireamh? Más rud é nach mór gach nasc le heintitis dhlíthiúla eile a chur san áireamh, an ndéanfadh nádúr an naisc sin difear don mheasúnú maidir leis an mbaol sin a bheith ann agus a mhéid?

(c)

Ar cheart Airteagal 30(9) de [Threoir 2015/849 arna leasú], a mhéid a chuirtear teorannú rochtana ar fhaisnéis maidir le húinéirí [tairbhiúla] faoi réir an choinníll ‘baol’ leis, a léiriú ar chaoi lena n-eisiatar an chosaint a thugtar le teorannú rochtana i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin, nó fianaise eile lenar chuir an t‑úinéir [tairbhiúil] ar aghaidh chun bonn cirt a thabhairt don ‘b[h]aol’ lena mbaineann a bheith ann agus a mhéid, ar fáil go héasca don tríú páirtithe trí bhealaí faisnéise eile?

(3)

An coincheap ‘baol díréireach’

Cad iad na leasanna éagsúla atá le cur san áireamh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 30(9) de [Threoir 2015/849 arna leasú], a mhéid a chuirtear teorannú rochtana ar fhaisnéis a bhaineann le húinéir [tairbhiúil] faoi réir choinníoll an bhaoil ‘dhíréirigh’?”

Cás C-601/20

25

Chuir Sovim iarraidh isteach faoi bhráid LBR de bhun Airteagal 15 de Dhlí an 13 Eanáir 2019, ag iarraidh go mbeadh rochtain ar an bhfaisnéis, atá in RBE, a bhaineann lena úinéir tairbhiúil, teoranta do na heintitis dá dtagraítear san fhoráil sin amháin. Diúltaíodh don iarraidh sin le cinneadh an 6 Feabhra 2020.

26

An 24 Feabhra 2020, thug Sovim caingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur.

27

D’iarr sé, go príomha, go ndéanfaí Airteagal 12 de Dhlí an 13 Eanáir 2019, lena ndéantar rochtain ar fhaisnéis áirithe arna taifeadadh in RBE a chur ar fáil “d’aon duine”, agus/nó Airteagal 15 den Dlí sin a chur i leataobh agus nach mbeadh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis a sholáthróidh sé de bhun Airteagal 3 den Dlí sin.

28

I ndáil leis sin, áitíonn Sovim, ar dtús, go sárófaí an ceart chun an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a chosaint agus an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 faoi seach den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“An Chairt”), dá dtabharfaí rochtain phoiblí ar chéannacht agus ar shonraí pearsanta an úinéara thairbhiúil.

29

Go deimhin, dar leis an eintiteas corparáideach sin, tá sé d’aidhm ag Treoir 2015/849 arna leasú, ar tugadh Dlí an 13 Eanáir 2019 isteach i reachtaíocht Lucsamburg dá bun, úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach a úsáidtear chun airgead a sciúradh nó chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú a shainaithint, chomh maith le slándáil caidrimh tráchtála agus muinín sna margaí a áirithiú. Mar sin féin, níor cruthaíodh conas a bhainfí na cuspóirí sin amach le rochtain phoiblí gan aon rialú rochtana ar na sonraí atá in RBE.

30

Ar an dara dul síos, maíonn Sovim gurb ionann rochtain phoiblí ar na sonraí pearsanta in RBE agus sárú ar roinnt forálacha de RGCS, go háirithe roinnt bunphrionsabal a leagtar amach in Airteagal 5(1) de.

31

Mar mhalairt air sin, iarrann Sovim ar an gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh go bhfuil baol díréireach ann de réir bhrí Airteagal 15(1) de Dhlí an 13 Eanáir 2019 agus, dá bhrí sin, ordú a thabhairt do LBR teorainn a chur le rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 den Dlí sin.

32

I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhforáiltear le hAirteagal 15(1) de Dhlí an 13 Eanáir 2019 nach mór do LBR anailís a dhéanamh, ar bhonn cás ar chás, ar imthosca eisceachtúla a bheith ann lena dtugtar bonn cirt le srian ar rochtain ar RBE. Más rud é, i gcomhthéacs an dlí sin, gur cuireadh roinnt ceisteanna ar an gCúirt cheana féin i gCás C-37/20, maidir le léiriú ar na coincheapa “imthosca eisceachtúla”, “baol” agus baol “díréireach”, ardaítear sna himeachtaí seo saincheisteanna eile freisin, go háirithe amhail an bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar chuid de na sonraí atá in RBE ag luí leis an gCairt agus leis an RGCS.

33

Sna himthosca sin, chinn an tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

Maidir le hAirteagal 1(15)(c) de [Threoir 2018/843], lena leasaítear an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5) de [Threoir 2015/849], a mhéid a chuirtear de cheangal leis ar na Ballstáit faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla a chur ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne gan bonn cirt a bheith ann de bharr leas dlisteanach, an bhfuil sé bailí

i bhfianaise an chirt maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt [...], arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus na cuspóirí a leagtar amach san áireamh, go háirithe in aithrisí 30 agus 31 de Threoir 2018/843 maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta go háirithe, agus;

ós rud é go bhfuil sé mar aidhm ag an gceart, a ráthaítear le hAirteagal 8 den Chairt, maidir lena áirithiú go gcosnófar sonraí pearsanta, go háirithe, go ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach, i ndáil leis an duine is ábhar do na sonraí, agus go gcuirfí teorainn leis na cuspóirí chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus go n‑íoslaghdófar na sonraí?

(2)

(a)

An bhfuil Airteagal 1(15)(g) de Threoir 2018/843 le léiriú ar chaoi a gciallaíonn nach féidir na himthosca eisceachtúla, dá dtagraítear ann, ina bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ón rochtain sin ar an bhfaisnéis go léir nó […] ar chuid den fhaisnéis maidir leis na húinéirí tairbhiúla, más rud é go ndéanfadh rochtain an phobail i gcoitinne sin an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe, a chinneadh ach amháin má tá cruthúnas ann do bhaol díréireach calaoise, fuadaigh, dúmháil, sracaidh, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe atá eisceachtúil, a bhaineann go hiarbhír leis an úinéir tairbhiúil aonair, atá soiléir, dáiríre agus láithreach?

(b)

Más amhlaidh atá, an bhfuil Airteagal 1(15)(g) de Threoir 2018/843 bailí i bhfianaise an chirt maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt agus an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear le hAirteagal 8 den Chairt?

(3)

(a)

An bhfuil Airteagal 5(1)(a) de [RGCS], lena bhforchuirtear sonraí a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an duine is ábhar do na sonraí, le léiriú ar chaoi nach gcuirtear cosc leis

ar shonraí pearsanta an úinéara thairbhiúil a taifeadadh i gclár na n-úinéirí tairbhiúla, a chruthaítear i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2015/849 arna leasú le hAirteagal 1(15) de Threoir 2018/843 a bheith inrochtana don phobal i gcoitinne gan gá le rialú ná bonn cirt ag aon duine den phobal agus gan an duine is ábhar do na sonraí (úinéir tairbhiúil) a bheith ar an eolas maidir le cé a raibh rochtain acu ar na sonraí pearsanta sin a bhaineann leis, ná

ar rialaitheoir clár úinéirí tairbhiúla den sórt sin ag tabhairt rochtain ar shonraí pearsanta na n-úinéirí tairbhiúla do líon neamhtheoranta agus dochinntithe daoine?

(b)

An bhfuil Airteagal 5(1)(b) [RGCS], lena bhforchuirtear teorannú de réir cuspóra, le léiriú ar chaoi nach gcuirtear cosc leis ar rochtain ar shonraí pearsanta an úinéara thairbhiúil a taifeadadh i gclár na n-úinéirí tairbhiúla, a chruthaítear i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir [2015/849 arna leasú], a bheith inrochtana don phobal i gcoitinne gan rialaitheoir na sonraí sin a bheith in ann a áirithiú go n‑úsáidtear na sonraí sin don chuspóir dar bailíodh iad, eadhon, go bunúsach, an comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, cuspóir nach é an pobal i gcoitinne an t-orgán atá freagrach as a fhorfheidhmiú?

(c)

An bhfuil Airteagal 5(1)(c) [RGCS], lena bhforchuirtear íoslaghdú sonraí, le léiriú ar chaoi nach gcuirtear cosc leis, trí chlár na n-úinéirí tairbhiúla arna chruthú i gcomhréir le hAirteagal 30 de [Threoir 2015/849 arna leasú], ar an bpobal i gcoitinne rochtain a bheith acu, i dteannta ainm, mhí agus bhliain bhreithe, náisiúntacht agus thír chónaithe an úinéara thairbhiúil, ar chineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear, agus ar a dháta breithe agus ar a áit bhreithe freisin?

(d)

An bhfuil Airteagal 5(1)(f) [RGCS], lena bhforchuirtear gur cheart go ndéanfar sonraí a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí do shonraí pearsanta, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach, agus lena n-áirithítear sláine agus rúndacht na sonraí sin dá dheasca sin, le léiriú ar chaoi nach gcuirtear cosc leis ar rochtain neamhshrianta agus neamhchoinníollach, gan gealltanas rúndachta i leith shonraí pearsanta na n-úinéirí tairbhiúla atá ar fáil i gclár na n-úinéirí tairbhiúla arna chruthú i gcomhréir le hAirteagal 30 de [Threoir 2015/849 arna leasú]?

(e)

An bhfuil Airteagal 25(2) [RGCS], lena n-áirithítear cosaint sonraí mar réamhshocrú, agus dá bhua sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair, le léiriú ar chaoi nach gcuirtear cosc leis

ar chlár úinéirí tairbhiúla arna chruthú i gcomhréir le hAirteagal 30 de [Threoir 2015/849 arna leasú] nach n-éilítear leis go gclárófar ar shuíomh an chláir sin daoine ón bpobal i gcoitinne atá ag dul i gcomhairle shonraí pearsanta an úinéara thairbhiúil, ná

ar fhaisnéis ar bith maidir le comhairliúchán shonraí pearsanta an úinéara thairbhiúil atá taifeadta i gclár den sórt sin a bheith curtha in iúl don úinéir tairbhiúil, ná

ar shrian ar bith maidir le méid agus inrochtaineacht na sonraí pearsanta lena mbaineann a bheith infheidhme i ndáil le cuspóir a bpróiseála?

(f)

An bhfuil Airteagail 44 go 50 [RGCS], lena gcuirtear aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír faoi réir coinníollacha dochta, le léiriú ar chaoi nach gcuirtear cosc leo ar shonraí den sórt sin de chuid úinéara thairbhiúil arna dtaifid i gclár na n-úinéirí tairbhiúla arna chruthú i gcomhréir le hAirteagal 30 de [Threoir 2015/849 arna leasú] a bheith inrochtana i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne gan bonn cirt a bheith ann de bharr leas dlisteanach agus gan teorainn maidir le suíomh an phobail sin?”

Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist a tarchuireadh i gCás C-601/20

34

Sa chéad cheist i gCás C-601/20, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras, go bunúsach, faoi bhailíocht, i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt agus Airteagal 1(15)(c) de Threoir 2018/843, a mhéid a leasaíodh an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir 2015/849 leis an bhforáil sin ar chaoi lena bhforáiltear, sa leagan a leasaíodh, gur gá do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile arna n-ionchorprú ina gcríoch inrochtana i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne.

Cur isteach mar thoradh ar rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt

35

Ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt do gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú, agus aithnítear go sainráite in Airteagal 8(1) den Chairt an ceart atá ag gach duine go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

36

Dá réir sin, is léir ó Airteagal 30(1) agus (3) de Threoir 2015/849 arna leasú, go gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ceanglas ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile arna n-ionchorprú ina gcríoch faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir lena n-úinéirí tairbhiúla a fháil agus a shealbhú agus go bhfuil an fhaisnéis sin á stóráil i gclár lárnach i ngach Ballstát. Faoi Airteagal 3(6) den Treoir sin, is iad úinéirí tairbhiúla an duine nó na daoine nádúrtha a bhfuil, faoi dheoidh, an custaiméir faoina úinéireacht/faoina n-úinéireacht nó faoina rialú agus/nó an duine nó na daoine nádúrtha a bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á ndéanamh ar mhaithe leo.

37

Ceanglaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir 2015/849 arna leasú, ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag “aon duine den phobal i gcoitinne” ar an bhfaisnéis faoi úinéirí tairbhiúla i ngach cás, agus sonraítear sa dara fomhír sin go mbeidh rochtain ag na daoine freisin “ar a laghad ar ainm, mí agus bliain bhreithe, agus tír chónaithe agus náisiúntacht an úinéara thairbhiúil chomh maith le cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear”. Foráiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 30(5) go “[bh]Féadfadh na Ballstáit, faoi choinníollacha a chinnfear leis an dlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le rochtain ar fhaisnéis bhreise lena gcumasófar an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint. Áireofar ar an bhfaisnéis bhreise sin ar a laghad an dáta breithe nó na sonraí teagmhála i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí”.

38

I dtaca leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ós rud é go n-áirítear sna sonraí dá dtagraítear san Airteagal 30(5) sin faisnéis faoi dhaoine nádúrtha sainaitheanta, eadhon úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile arna n-ionchorprú ar chríoch na mBallstát, le rochtain d’aon duine den phobal i gcoitinne uirthi, déantar difear don cheart bunúsach chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, mír 94 agus an cásdlí a luaitear), gan é a bheith ábhartha, sa chomhthéacs seo, gur dócha go mbaineann na sonraí lena mbaineann le gníomhaíochtaí gairmiúla (féach, de réir analaí, breithiúnas an 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, C-92/09 agus C-93/09, EU:C:2010:662, mír 59). Ina theannta sin, is ionann cur ar fáil na sonraí lena mbaineann don phobal i gcoitinne agus próiseáil sonraí pearsanta arna gcumhdach ag Airteagal 8 den Chairt (féach, de réir analaí, breithiúnas an 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, C-92/09 agus C-93/09, EU:C:2010:662, míreanna 52 agus 60).

39

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, gur léir ó chásdlí socair na Cúirte, áfach, gurb ionann sonraí pearsanta a chur ar fail do thríú páirtí agus cur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, beag beann ar an úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis i gceist ina dhiaidh sin. I ndáil leis sin, is cuma an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis a bhaineann leis an saol príobháideach lena mbaineann íogair nó cibé an bhfuil nó nach bhfuil na daoine lena mbaineann faoi aon mhíbhuntáistí mar thoradh ar an gcur isteach sin (breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, mír 96 agus an cásdlí a luaitear).

40

Dá bhrí sin, is ionann rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, dá bhforáiltear in Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 arna leasú, agus cur isteach ar na cearta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

41

Maidir le tromchúis an chur isteach sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, a mhéid a bhaineann an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne le céannacht an úinéara thairbhiúil agus le cineál agus méid a leasanna tairbhiúla a shealbhaítear in eintitis chorparáideacha nó in eintitis dhlíthiúla eile, gur dócha go mbeifear in ann próifíl a tharraingt a bhaineann le sonraí aitheantais pearsanta áirithe de chineál níos fairsinge nó níos lú fairsing ag brath ar chumraíocht an dlí náisiúnta, ar rachmas an duine lena mbaineann agus ar na hearnálacha eacnamaíocha, tíortha agus gnóthais shonracha ina bhfuil infheistíocht déanta ag an duine sin.

42

Ina theannta sin, is gné dhílis é an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne go bhfuil rochtain ag líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta uirthi, agus mar thoradh air sin go bhféadfadh próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin a cheadú do dhaoine freisin, ar chúiseanna nach mbaineann leis an gcuspóir atá á shaothrú leis an mbeart sin, faisnéis a fháil, go háirithe, faoi staid ábhartha agus airgeadais úinéara thairbhiúil, saor-rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C-184/20, EU:C:2022:601, míreanna 102 agus 103). Tá an fhéidearthacht sin níos éasca fós nuair is féidir, mar is amhlaidh i Lucsamburg, na sonraí atá i gceist a rochtain ar an idirlíon.

43

Ina theannta sin, is treise na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do na daoine is ábhar do na sonraí mar thoradh ar mhí-úsáid fhéideartha a sonraí pearsanta toisc, ní hamháin go bhféadfar rochtain a fháil ar na sonraí sin a luaithe a chuirfear ar fáil don phobal i gcoitinne iad, ach go bhféadfar iad a stóráil agus a scaipeadh freisin agus, i gcás próiseáil chomhleanúnach den sórt sin, is deacra do na daoine sin iad féin a chosaint go héifeachtach ar mhí-úsáid mura mbeidh sé mímhillteach.

44

Dá réir sin, is ionann rochtain don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir 2015/849 arna leasú, agus cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt (féach, de réir analaí, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C-184/20, EU:2022:601, mír 105).

An bonn cirt atá leis an gcur isteach a eascraíonn as rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla

45

Ní léir, áfach, gur cearta iomlána iad na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ach ní mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí (breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2020:491, mír 112 agus an cásdlí a luaitear).

46

I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. De réir an dara habairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. I dtaca leis sin, luaitear in Airteagal 8(2) den Chairt nach mór sonraí pearsanta, a phróiseáil, go háirithe, “go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí”.

– Maidir le prionsabal na dlíthiúlachta a urramú

47

Maidir leis an gceanglas nach mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach, ciallaíonn sé sin nach mór don ghníomh lena gceadaítear cur isteach ar na cearta sin raon feidhme an teorannaithe ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann a shainiú é féin, agus é sin ráite, ar an gcéad dul síos, nach gcuirtear cosc leis an gceanglas sin ar an teorannú atá i gceist a fhoirmliú i dtéarmaí atá oscailte go leor chun go mbeidh sé in ann oiriúnú do staideanna éagsúla agus d’athruithe i staideanna agus, ar an dara dul síos, go bhféadfaidh an Chúirt, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme sonrach an teorannaithe a shonrú, trí bhíthin léirmhínithe, i bhfianaise fhoclaíocht reachtaíocht an Aontais atá i gceist agus i bhfianaise a scéime ginearálta agus na gcuspóirí a shaothraítear léi, mar a léirítear iad i bhfianaise na gceart bunúsach a ráthaítear leis an gCairt (breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2020:491, mír 114 agus an cásdlí a luaitear).

48

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéantar foráil le gníomh reachtach de chuid an Aontais maidir leis an teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt mar thoradh ar rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, eadhon Treoir 2015/849 arna leasú. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 30 den Treoir sin i míreanna 1 agus 5, ar an gcéad dul síos, go mbeidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar shonraí a bhaineann le húinéirí tairbhiúla agus a leasanna tairbhiúla a shainaithint, trína rá nach mór do na sonraí a bheith leormhaith, cruinn agus reatha, agus trí liostú sainráite a dhéanamh ar roinnt de na sonraí sin nach mór aon duine den phobal i gcoitinne a údarú chun rochtain a bheith aige orthu. Ar an dara dul síos, leagtar síos le hAirteagal 30(9) na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar an rochtain sin.

49

Sna himthosca sin, ba cheart a mheas go bhfuil prionsabal na dlíthiúlachta comhlíonta.

– Maidir le hinneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt

50

Maidir le hinneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a urramú, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfar an fhaisnéis dá dtagraítear go sainráite sa dara fomhír d’Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 arna leasú, a aicmiú in dhá chatagóir sonraí ar leith, an chéad cheann ina gcuimsítear sonraí a bhaineann le céannacht an úinéara thairbhiúil (ainm, mí agus bliain bhreithe agus náisiúntacht) agus an dara ina gcuimsítear sonraí de chineál eacnamaíoch (cineál agus méid na leasanna tairbhiúla a shealbhaítear).

51

Thairis sin, cé gur fíor, mar is léir ón úsáid a bhaintear as an nath “ar a laghad”, nach liosta uileghabhálach é an liosta sa dara fomhír d’Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 arna leasú, de na sonraí nach mór aon duine den phobal i gcoitinne a údarú chun rochtain a bheith aige orthu agus go gcuireann Airteagal 30(5) leis, sa tríú fomhír, go bhfuil na Ballstáit i dteideal rochtain a thabhairt ar fhaisnéis bhreise, is amhlaidh i gcónaí, i gcomhréir le hAirteagal 30(1), nach bhféadfar ach faisnéis “leormhaith” maidir le húinéirí tairbhiúla agus leasanna tairbhiúla a shealbhaítear a fháil, a choinneáil agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh a bheith curtha ar fáil don phobal, lena n-eisiatar go háirithe faisnéis nach bhfuil gaolmhar go leordhóthanach, chun críocha na Treorach seo.

52

Ní léir go mbainfí an bonn ar bhealach ar bith de bhunbhrí na gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 7 agus 8 den Chairt dá gcuirfí faisnéis den sórt sin ar fáil don phobal i gcoitinne.

53

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhforáiltear go sainráite in Airteagal 41(1) de Threoir 2015/849 arna leasú, go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir sin faoi réir Threoir 95/46 agus, dá bhrí sin, faoi réir RGCS, ina sonraítear in Airteagal 94(2) go bhfuil tagairtí don Treoir deiridh sin le forléiriú mar thagairtí don Rialachán sin. Dá bhrí sin, is comhfhoras é go gcaithfidh aon bhailiú, coinneáil agus cur ar fáil faisnéise faoi Threoir 2015/849 arna leasú na ceanglais a eascraíonn as RGCS a chomhlíonadh go hiomlán.

54

Sna himthosca sin, ní dhéanann an cur isteach a bhaineann le rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir 2015/849 arna leasú, difear do bhunbhrí na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

– Maidir le cuspóir an leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas

55

Is é is aidhm do Threoir 2015/849 arna leasú, de réir théarmaí Airteagal 1(1), ná cosc a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. I ndáil leis sin, luaitear in aithris 4 de Threoir 2018/843 nach bhféadfaidh saothrú an chuspóra sin a bheith éifeachtach gan timpeallacht atá doicheallach do choirpigh a bhunú agus go bhféadfadh feabhsú thrédhearcacht fhoriomlán thimpeallacht eacnamaíoch agus airgeadais an Aontais Eorpaigh a bheith ina dhíspreagadh an-éifeachtach.

56

Maidir leis an gcuspóir, go sonrach, dá dtagraítear le rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, a tugadh isteach le hAirteagal 1(15)(c) de Threoir 2018/843, leagtar amach in aithris 30 den Treoir sin go lamhálann rochtain den sórt sin, ar an gcéad dul síos “grinnscrúdú níos mó ar fhaisnéis ag an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ag an bpreas nó ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus rannchuidíonn sí le hiontaoibh i sláine na n-idirbheart gnó agus an chórais airgeadais a chaomhnú”. Ar an dara dul síos, is féidir leis an rochtain i gceist “rannchuidiú le mí-úsáid eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil agus comhshocruithe dlíthiúla eile chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, trí chuidiú le himscrúduithe agus trí éifeachtaí clú araon, ós rud é go bhfuil aon duine a d’fhéadfadh idirbhearta a dhéanamh leo ar an eolas faoi chéannacht na n-úinéirí tairbhiúla”. Ar deireadh, maidir leis an rochtain sin “[É]ascaíonn sé freisin cur ar fáil tráthúil agus éifeachtúil faisnéise d’institiúidí airgeadais agus do na húdaráis, lena n-áirítear údaráis tríú tíortha, a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh cionta den sórt sin” agus “[C]huideodh rochtain ar an bhfaisnéis sin freisin le himscrúduithe ar sciúradh airgid, ar chionta preideacáide bainteacha agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta”.

57

Ina theannta sin, leagtar amach in aithris 31 de Threoir gur “cheart breathnú ar an méadú féideartha ar an muinín sna margaí airgeadais mar fho-éifeacht dearfach agus ní mar an cuspóir atá le trédhearcacht a mhéadú, arb ann don chuspóir sin chun timpeallacht a chruthú ar lú an dóchúlacht go mbainfí úsáid aisti chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta”.

58

Dá bhrí sin, trí fhoráil a dhéanamh maidir le rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, tá sé beartaithe ag reachtóir an Aontais sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc trí thimpeallacht a fhorbairt, trí thrédhearcacht mhéadaithe a chur ar fáil, ar timpeallacht í ar lú an dóchúlacht go n-úsáidfear é chun na gcríoch sin.

59

Is éard atá sa chuspóir sin ná cuspóir leasa ghinearálta lena bhféadfaí bonn cirt a thabhairt le cur isteach tromchúiseach fiú ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, mír 122 agus an cásdlí a luaitear).

60

A mhéid a thagraíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin, sa chomhthéacs sin, go sainráite do phrionsabal na trédhearcachta, mar a leagtar amach in Airteagail 1 agus 10 CAE agus in Airteagal 15 CFAE, ba cheart a thabhairt faoi deara go gceadaítear leis an bprionsabal sin, mar a chuireann an Chomhairle féin i dtreis, gur féidir rannpháirtíocht níos fearr na saoránach sa phróiseas cinnteoireachta a áirithiú agus a áirithiú go mbeidh an riarachán níos dlisteanaí, níos éifeachtaí agus níos cuntasaí do na saoránaigh i gcóras daonlathach (breithiúnas an 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, C-92/09 agus C-93/09, EU:C:2010:662, mír 68 agus an cásdlí a luaitear).

61

Cé go léirítear leis an bprionsabal sin ar an gcéad dul síos sna ceanglais a bhaineann le trédhearcacht institiúideach agus nós imeachta maidir le gníomhaíochtaí poiblí, lena n-áirítear úsáid cistí poiblí, níl aon nasc den sórt sin le hinstitiúidí poiblí más rud é, mar atá sa chás seo, go bhfuil sé beartaithe leis an mbeart atá i gceist sonraí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le céannacht na n-úinéirí tairbhiúla príobháideacha agus cineál agus méid a leasanna iarbhír a shealbhaítear i gcuideachtaí nó in eintitis dhlíthiúla eile.

62

Dá réir sin, ní féidir a mheas gur cuspóir leasa ghinearálta é prionsabal na trédhearcachta, mar a leagtar amach in Airteagail 1 agus 10 CAE agus in Airteagal 15 CFAE, ar cuspóir é lena bhféadfaí bonn cirt a thabhairt le cur isteach ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ar cearta iad a eascraíonn as rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla.

– Oiriúnacht, riachtanas agus comhréireacht an chur isteach atá i gceist

63

De réir cásdlí socair, ceanglaítear le comhréireacht beart as a n-eascraíonn cur isteach ar na cearta a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt go n-urramófar na ceanglais maidir le hoiriúnacht agus riachtanas agus an ceanglas a bhaineann le cineál comhréireach na mbeart sin i ndáil leis an gcuspóir atá á shaothrú (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 93).

64

Go sonrach, feidhmíonn na maoluithe ó chosaint sonraí pearsanta agus na teorainneacha atá leo laistigh de theorainneacha a bhfuil fíorghá leo, agus tuigtear, i gcás ina gcaithfear roghnú idir roinnt mhaith bearta atá oiriúnach le haghaidh cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú, gur cheart dul ar iontaoibh an bhirt lena mbaineann an t-ualach is éadroime. Ina theannta sin, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan an gá le comhréiteach a fháil idir é sin agus cearta bunúsacha is ábhar don bheart a chur san áireamh, trí chothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir leasa ghinearálta de pháirt agus na cearta atá i gceist den pháirt eile d’fhonn a áirithiú nach mbeidh na míbhuntáistí a eascraíonn as an mbeart seo díréireach maidir leis na cuspóirí atá á saothrú. Mar sin, ní mór an fhéidearthacht bonn cirt a thabhairt do theorannú ar na cearta a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt a mheasúnú trí thromchúis an chur isteach a bhaineann le teorannú den sórt sin a thomhas agus trína fhíorú go bhfuil tábhacht an chuspóra leasa ghinearálta atá á shaothrú leis an teorannú sin i gcomhréir leis an tromchúis sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-401/19, EU:C:2022:297, mír 65, agus an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, míreanna 115 agus 116 agus an cásdlí a luaitear).

65

Ina theannta sin, chun ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, ní mór rialacha soiléire agus beachta a leagan síos sa reachtaíocht atá i gceist lena mbaineann an cur isteach, chun raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear léi a rialú agus íoscheanglais a fhorchur ionas go mbeidh ráthaíochtaí leordhóthanacha ag na daoine lena mbaineann lena bhféadfar a sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu. Go háirithe, ní mór na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar beart a dhéanamh lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí den sórt sin a shonrú ann, agus ar an gcaoi sin lena ráthaítear go mbeidh an cur isteach teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis. Tá an gá le ráthaíochtaí dá leithéid sin níos suntasaí fós i gcás ina gcuirtear sonraí pearsanta ar fáil don phobal i gcoitinne, agus dá bhrí sin do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, agus atá in ann faisnéis íogair faoi na hábhair sonraí a nochtadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C-817/19, EU:C:2022:491, mír 117 agus an cásdlí a luaitear).

66

I gcomhréir leis an gcásdlí sin, ba cheart a fhíorú, ar an gcéad dul síos, an bhfuil rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla oiriúnach chun cuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú a bhaint amach, ar an dara dul síos, an bhfuil an cur isteach ar na cearta a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt a eascraíonn ón rochtain sin teoranta don mhéid a bhfuil fíor-riachtanach sa mhéid nach bhféadfaí an cuspóir a bhaint amach ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna ar bhealaí eile agus nach ndéanann dochar do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann, agus, ar an tríú dul síos, an bhfuil an cur isteach sin díréireach leis an gcuspóir sin, rud a thugann le tuiscint, inter alia, ualú thábhacht an chuspóra sin agus tromchúis an chur isteach sin.

67

Ar an gcéad dul síos, ní mór a mheas go bhfuil rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla oiriúnach chun rannchuidiú le cuspóir an leasa ghinearálta a bhaint amach, dá dtagraítear i mír 58 den bhreithiúnas seo, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, ós rud é go gcuireann cineál poiblí na rochtana sin agus an trédhearcacht mhéadaithe a eascraíonn as sin le timpeallacht a chruthú ar lú an dóchúlacht go mbainfí úsáid aisti chun na gcríoch sin.

68

Ar an dara dul síos, chun a léiriú go bhfuil fíorghá leis an gcur isteach a eascraíonn as rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, déanann an Chomhairle agus an Coimisiún tagairt don Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus Treoir 2009/101/CE (COM/2016/0450 final), as ar eascair Treoir 2018/843. De réir na n-institiúidí sin, cé go ndearna an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir 2015/849, sa leagan sular leasaíodh é le Treoir 2018/843, rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla d’aon duine a chur faoi réir an choinníll go mbeadh an duine sin in ann “leas dlisteanach” a léiriú, fuarthas amach sa Mheasúnú Tionchair sin go raibh deacrachtaí praiticiúla ann mar gheall ar an easpa sainmhíniú aonfhoirmeach ar an gcoincheap sin de “leas dlisteanach”, agus mar thoradh air sin measadh gurbh é a bhí i gceist leis an réiteach iomchuí an coinníoll sin a bhaint.

69

Thairis sin, ina gcuid barúlacha i scríbhinn, cuireann an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún in iúl, ag déanamh tagairt go háirithe d’aithris 30 de Threoir 2018/843, go bhfuil éifeacht athchomhairleach aige, lena gceadaítear grinnscrúdú níos mó agus lena éascaítear imscrúduithe, lena n-áirítear imscrúduithe arna ndéanamh ag údaráis tríú tíortha agus nach bhféadfaí na hiarmhairtí sin a bhaint amach ar aon bhealach eile.

70

Ag an éisteacht, iarradh ar an gCoimisiún a chur in iúl, d’fhonn an baol a mhaolú go mbeadh srianta iomarcacha ar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla mar thoradh ar an oibleagáid atá ar aon duine nó ar aon eagraíocht “leas dlisteanach”, dá bhforáiltear ar dtús i dTreoir 2015/849, a léiriú, mar gheall ar dhifríochtaí sa sainmhíniú ar an gcoincheap sin sna Ballstáit, gur chuir sé san áireamh an fhéidearthacht sainmhíniú aonfhoirmeach ar an gcoincheap sin a mholadh.

71

Mar fhreagra ar an gceist sin, thug an Coimisiún faoi deara gur coincheap é “leas dlisteanach”nárbh éasca sainmhíniú dlíthiúil a thabhairt dó agus, cé go ndearna sé breithniú ar an bhféidearthacht sainmhíniú aonfhoirmeach ar an gcritéar seo a mholadh, gur staon sé ar deireadh óna dhéanamh, ar an bhforas go raibh sé deacair, fiú le sainmhíniú, é a chur chun feidhme agus go bhféadfadh a chur i bhfeidhm a bheith ina chúis le cinntí treallacha.

72

I ndáil leis sin, ba cheart a mheas nach féidir leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na cásanna agus na coinníollacha a shainiú go beacht, faoina bhféadfaidh an pobal rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, bonn cirt a thabhairt le reachtas an Aontais lena bhforáiltear do rochtain a bheith ag an bpobal i gcoitinne ar an bhfaisnéis sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 84).

73

Ina theannta sin, leis na héifeachtaí a rabhthas ag brath orthu agus leis an tagairt a rinneadh, sa chomhthéacs sin, do na mínithe in aithris 30 de Threoir 2018/843, ní féidir a shuíomh go bhfuil fíorghá leis an gcur isteach atá i gceist ach oiread.

74

A mhéid a leagtar amach san aithris sin go lamhálann rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil grinnscrúdú níos mó ar fhaisnéis ag an tsochaí shibhialta, agus, i ndáil leis sin, go ndéantar tagairt shainráite don phreas agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil leas dlisteanach ag an bpreas agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta araon atá nasctha le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil. Is amhlaidh an cás maidir le daoine, lena ndéantar tagairt san aithris sin freisin, ar mian leo céannacht úinéirí tairbhiúla cuideachta nó eintitis dhlíthiúil eile a fháil amach toisc gur dócha go ndéanfaidh siad idirbhearta leo, nó institiúidí airgeadais agus údaráis a bhfuil baint acu le cionta maidir le sciúradh airgid nó cionta maoinithe sceimhlitheoireachta a chomhrac, sa mhéid nach bhfuil rochtain ag na heintitis sin cheana féin ar an bhfaisnéis atá i gceist ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 30(5)(a) agus (b) de Threoir 2015/849 arna leasú.

75

Thairis sin, cé go leagtar amach san aithris chéanna go bhféadfadh rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla “rannchuidiú” le mí-úsáid eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile chun a chomhrac agus go “gcuideodh sé freisin” le himscrúduithe coiriúla, ní mór a mheas nach bhfuil breithnithe den sórt sin in ann a léiriú freisin go bhfuil fíorghá leis an mbeart sin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.

76

I bhfianaise an mhéid thuas, ní féidir a mheas go bhfuil an cur isteach ar na cearta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt mar thoradh ar rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis.

77

Ar an tríú dul síos, maidir leis an bhfianaise a chuirtear chun cinn chun cineál comhréireach an chur isteach i gceist a shuí, sa mhéid, go háirithe, go bhfuil rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, dá bhforáiltear in Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 arna leasú, bunaithe ar chothromaíocht idir, ar thaobh amháin, cuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú agus, ar an taobh eile, na cearta bunúsacha atá i gceist, agus go bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha ann i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu, ba cheart an méid seo a leanas a chur isteach.

78

Ar an gcéad dul síos, cuireann an Coimisiún in iúl, mar is léir ó aithris 34 de Threoir 2018/843, gur gheall reachtas an Aontais Eorpaigh go sonrófaí nach mór do na sonraí uile a chuirtear ar fáil don phobal a bheith teoranta, sainithe go soiléir agus go huileghabhálach, agus de chineál ginearálta, ionas go n-íoslaghdófaí an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh do na húinéirí tairbhiúla. Is sa chomhthéacs sin, ar bhonn Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 arna leasú, nach bhfuil rochtain ag an bpobal ach ar na sonraí a bhfuil fíorghá leo chun na húinéirí tairbhiúla a shainaithint agus ar chineál agus méid a leasanna.

79

Ina theannta sin, cuireann an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún in iúl gur féidir maolú a dhéanamh ar phrionsabal rochtana an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, ós rud é go leagtar amach in Airteagal 30(9) de Threoir 2015/849 arna leasú, “in imthosca eisceachtúla”, “[go bhféadfaidh] na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ón rochtain sin ar an bhfaisnéis go léir nó cuid di maidir leis na húinéirí tairbhiúla ar bhonn cás ar chás” más rud é go bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar an bhfaisnéis sin “[go ndéanfadh] sé an t-úinéir tairbhiúil a nochtadh do bhaol díréireach, baol calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe, nó más rud é gur mionaoiseach an t-úinéir tairbhiúil nó go bhfuil sé éagumasach ar shlí eile ó thaobh an dlí de”.

80

Ar deireadh, tugann an Pharlaimint agus an Coimisiún araon faoi deara, mar is léir ó Airteagal 30(5a) de Threoir 2015/849 arna leasú, arna léamh i gcomhar le haithris 36 de Threoir 2018/843, go bhféadfaidh na Ballstáit cur ar fáil na faisnéise maidir le húinéirí tairbhiúla a chur faoi choinníoll clárú ar líne chun go mbeifear in ann aon duine a iarrann faisnéis a shainaithint. Ina theannta sin, i gcomhréir le haithris 38 den Treoir dheireanach, d’fhonn mí-úsáid faisnéise maidir le húinéirí tairbhiúla a chosc, féadfaidh na Ballstáit faisnéis faoin duine iarrthach mar aon leis an mbunús dlí dá n-iarraidh a chur ar fáil don úinéir tairbhiúil.

81

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a tugadh le fios i mír 51 den bhreithiúnas seo, go bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 arna leasú, go bhfuil aon duine den phobal i gcoitinne le húdarú chun rochtain a bheith aige, “ar a laghad”, ar na sonraí dá dtagraítear san fhoráil sin agus go gcuirtear leis, sa tríú fomhír de, go bhféadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt ar “fhaisnéis bhreise lena gcumasófar an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint”, lena n-áirítear, “ar a laghad”, dáta breithe nó sonraí teagmhála an úinéara thairbhiúil lena mbaineann.

82

Is léir ón bhfrása “ar a laghad” a úsáidtear, go n-údaraítear leis na forálacha sin sonraí nach bhfuil sainithe nó inaitheanta go leordhóthanach a chur ar fáil don phobal. Dá bhrí sin, maidir leis na rialacha substainteacha lena rialaítear cur isteach ar na cearta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ní chomhlíontar leo an ceanglas maidir le soiléireacht agus beachtas dá dtagraítear i mír 65 den bhreithiúnas seo (féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 160).

83

Thairis sin, maidir leis an leibhéal tromchúise a ghabhann leis an gcur isteach, a luaitear i míreanna 41 go 44 thuas, a chothromú i gcoinne thábhacht chuspóir an leasa ghinearálta maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, ní mór a mheas, más rud é, i bhfianaise a thábhachta, go bhfuil an cuspóir sin, mar a tugadh faoi deara i mír 59 den bhreithiúnas seo, in ann bonn cirt a thabhairt, fiú amháin do chur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, is amhlaidh i gcónaí, ar an gcéad dul síos, gurb iad na húdaráis phoiblí agus na heintitis phoiblí, amhail institiúidí creidmheasa nó airgeadais, atá freagrach go príomha as an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, atá, mar gheall ar a ngníomhaíochtaí, faoi réir oibleagáidí sonracha sa réimse seo.

84

Is ar an gcúis sin, thairis sin, a fhoráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(a) agus (b) de Threoir 2015/849 arna leasú, nach mór faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla a bheith inrochtana, i ngach cás, d’údaráis inniúla agus d’aonaid um fhaisnéis airgeadais, gan aon srian, agus d’eintitis faoi oibleagáid, i gcomhthéacs an díchill chuí custaiméara.

85

Ar an dara dul síos, i gcomparáid le córas amhail an córas a leagtar síos in Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 sa leagan roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2018/843, lenar foráladh, sa bhreis ar rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla agus ag eintitis áirithe, maidir le haon duine nó eagraíocht atá in ann leas dlisteanach a léiriú, is ionann an córas a tugadh isteach leis an Treoir sin, lena bhforáiltear do rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla, agus cur isteach i bhfad níos tromchúisí ar na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, gan an cur isteach sin a bheith cúitithe ag na buntáistí féideartha, a d’fhéadfadh teacht as an gcóras deireanach sin i ndáil leis an gcóras sin, maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (féach, de réir analaí, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C-184/20, EU:2022:601, mír 112).

86

Sna himthosca sin, maidir le forálacha roghnacha Airteagal 30(5)(a) agus (9) de Threoir 2015/849 arna leasú, lena gceadaítear do na Ballstáit, faoi seach, cur ar fáil na faisnéise maidir le húinéirí tairbhiúla a chur faoi choinníoll clárú ar líne agus foráil a dhéanamh, in imthosca eisceachtúla, maidir le maoluithe ar rochtain an phobail i gcoitinne ar an bhfaisnéis sin, níl siad in ann iontu féin cothromaíocht a léiriú idir cuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú agus na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, nó ráthaíochtaí leordhóthanacha a bheith ann lena gcumasaítear do dhaoine is ábhar do na sonraí a sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu.

87

Thairis sin, is beag an tábhacht é sa chomhthéacs sin, an tagairt a rinne an Coimisiún do bhreithiúnas an 9 Márta 2017, Manni (C-398/15, EU:C:2017:197), maidir le nochtadh éigeantach cuideachtaí, lena n-áirítear a n-ionadaithe dlíthiúla, dá bhforáiltear sa Chéad Treoir 68/151/CEE ón gComhairle an 9 Márta 1968 maidir le comhordú ráthaíochtaí lena gceanglaítear, sna Ballstáit, ar chuideachtaí de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 58 den Chonradh, ar mhaithe le leasanna na gcomhaltaí agus daoine eile a chosaint, d’fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh coibhéiseach ar fud an Chomhphobail (IO 1968 L 65, lch. 8), arna leasú le Treoir 2003/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 (IO 2003 L 221, lch. 13). Tá an nochtadh éigeantach dá bhforáiltear leis an Treoir sin, ar thaobh amháin, agus rochtain an phobail i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla dá bhforáiltear le Treoir 2015/849 arna leasú, ar an taobh eile, éagsúil ó thaobh a gcríoch faoi seach agus ó thaobh a raon feidhme de maidir leis na sonraí pearsanta a chumhdaítear.

88

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist dá dtagraítear i gCás C-601/20 go bhfuil Airteagal 1(15)(c) de Threoir 2018/843 neamhbhailí a mhéid a leasaíodh leis an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir 2015/849, ar chaoi lena bhforáiltear sa leagan a leasaíodh, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil atá corpraithe ina gcríoch ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne.

An dara agus an tríú ceist dá dtagraítear i gCás C-601/20 agus na ceisteanna dá dtagraítear i gCás C-37/20

89

Tá an dara ceist dá dtagraítear i gCás C-601/20 agus na ceisteanna dá dtagraítear i gCás C-37/20 bunaithe ar an mbonn go bhfuil Airteagal 30(5) de Threoir 2015/849 arna leasú, bailí, a mhéid a fhoráiltear ann do rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla.

90

I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist dá dtagraítear i gCás C-601/20, ní gá na ceisteanna sin a scrúdú.

91

Ina theannta sin, i bhfianaise an fhreagra chéanna sin, ní gá ach oiread rialú ar an tríú ceist dá dtagraítear i gCás C-601/20.

Costais

92

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Tá Airteagal 1(15)(c) de Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus le Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE, neamhbhailí a mhéid a leasaíodh leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, ar chaoi lena bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c), sa leagan a leasaíodh, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil atá corpraithe ina gcríoch ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.

Top