Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0619

    Cásanna Uamtha C-619/20 P agus C-620/20 P: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 – International Management Group (IMG) v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Comhar um fhorbairt – Cur chun feidhme bhuiséad an Aontais Eorpagh faoi bhainistiú indíreach eagraíochta idirnáisiúnta – Cinneadh gan aon chúraimí nua cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh eintiteas mar gheall ar amhras maidir lena stádas mar eagraíocht idirnáisiúnta – Caingean le haghaidh neamhniú – Forghníomhú breithiúnais neamhnithe – Res judicata – Oibleagáidí agus cumhachtaí údar an ghnímh a cuireadh ar neamhní – Gníomh ullmhúcháin – Inghlacthacht – Éileamh ar chúiteamh – Riail atá beartaithe chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair – Rialacháin Airgeadais AE – Oibleagáid dícheall chuí – Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar an oibleagáid sin – Scrúdú sonrach ar bhonn cás ar chás – Damáiste neamhábhartha – Cúiteamh iomchuí agus leordhóthanach tríd an ngníomh neamhdhleathach a chur ar neamhní – Damáiste do mhaoin – Díospóid nach bhfuil réidh le breith a thabhairt uirthi – An cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta)

    IO C 424, 7.11.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    7.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 424/7


    Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 – International Management Group (IMG) v an Coimisiún Eorpach

    (Cásanna Uamtha C-619/20 P agus C-620/20 P) (1)

    (Achomharc - Comhar um fhorbairt - Cur chun feidhme bhuiséad an Aontais Eorpagh faoi bhainistiú indíreach eagraíochta idirnáisiúnta - Cinneadh gan aon chúraimí nua cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh eintiteas mar gheall ar amhras maidir lena stádas mar eagraíocht idirnáisiúnta - Caingean le haghaidh neamhniú - Forghníomhú breithiúnais neamhnithe - Res judicata - Oibleagáidí agus cumhachtaí údar an ghnímh a cuireadh ar neamhní - Gníomh ullmhúcháin - Inghlacthacht - Éileamh ar chúiteamh - Riail atá beartaithe chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair - Rialacháin Airgeadais AE - Oibleagáid dícheall chuí - Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar an oibleagáid sin - Scrúdú sonrach ar bhonn cás ar chás - Damáiste neamhábhartha - Cúiteamh iomchuí agus leordhóthanach tríd an ngníomh neamhdhleathach a chur ar neamhní - Damáiste do mhaoin - Díospóid nach bhfuil réidh le breith a thabhairt uirthi - An cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta)

    (2022/C 424/07)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Achomharcóir: International Management Group (IMG) (ionadaithe: J.-Y. de Cara agus L. Levi, Dlíodóirí)

    Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz agus J. Norris, Gníomhairí)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar Cásanna C-619/20 P agus C-620/20 P a uamadh chun críocha an bhreithiúnais.

    2)

    Diúltaítear don achomharc i gCás C-619/20 P.

    3)

    Cuirtear breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 9 Meán Fómhair 2020, IMG v an Coimisiún (T-381/15 RENV, EU:T:2020:406) ar neamhní, a mhéid a diúltaíodh, mar éileamh gan bhunús, don éileamh ar dhamáistí a rinne International Management Group (IMG) maidir leis an díobháil a rinneadh dó de bharr chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh gan comhaontuithe nua tarmligin le haghaidh bainistiú indíreach a dhéanamh leis a thuilleadh, i litir ón institiúid sin an 8 Bealtaine 2015.

    4)

    Diúltaítear don chuid eile den achomharc i gCás C-620/20 P.

    5)

    Diúltaítear don achomharc i gCás T-381/15 RENV a mhéid a bhaineann sé leis an éileamh ar chúiteamh i leith an damáiste neamhábhartha a rinneadh de bharr an chinneadh dá dtagraítear i bpointe 3 den chuid oibríochtúil seo don International Management Group (IMG).

    6)

    Cás T-381/15 RENV a tharchur ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar an éileamh dá dtagraítear i bpointe 3 den chuid oibríochtúil seo, a mhéid a bhaineann sé leis an damáiste do mhaoin ar a mbraitheann an International Management Group (IMG).

    7)

    Ordaítear do International Management Group (IMG) na costais i gCás C-619/20 P a íoc.

    8)

    Forchoimeádtar na costais i gCásanna C-620/20 P agus T-381/15 RENV.


    (1)  IO C 28, 25.01.2021


    Top