Kies de experimentele functies die u wilt uitproberen

Dit document is overgenomen van EUR-Lex

Document 62020CA0585

    Cás C-585/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado Contencioso-Administrativo n° 2 de Valladolid – an Spáinn) – BFF Finance Iberia S.A.U v Gerencia Regional de Salud de la Junta de Castilla y León (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2011/7/AE – Íocaíocht dhéanach in idirbhearta tráchtála a chomhrac – Aisghabháil ó údarás poiblí fiacha arna sannadh ag gnóthais do ghníomhaireacht bailithe fiachais – Cúiteamh as costais aisghabhála arna dtabhú ag an gcreidiúnaí i gcás íocaíocht dhéanach ag an bhféichiúnaí – Airteagal 6 – Cnapshuim íosta EUR 40 – Idirbhearta idir gnóthais agus údaráis phoiblí – Airteagal 4 – Nós imeachta chun comhréireacht earraí nó seirbhísí a dheimhniú – Teorainn ama chun íocaíocht a dhéanamh – Airteagal 2(8) – Coincheap “méid dlite” – Cáin bhreisluacha a chur san áireamh chun ús ar riaráistí a ríomh)

    IO C 472, 12.12.2022, blz. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/5


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado Contencioso-Administrativo no 2 de Valladolid – an Spáinn) – BFF Finance Iberia S.A.U v Gerencia Regional de Salud de la Junta de Castilla y León

    (Cás C-585/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2011/7/AE - Íocaíocht dhéanach in idirbhearta tráchtála a chomhrac - Aisghabháil ó údarás poiblí fiacha arna sannadh ag gnóthais do ghníomhaireacht bailithe fiachais - Cúiteamh as costais aisghabhála arna dtabhú ag an gcreidiúnaí i gcás íocaíocht dhéanach ag an bhféichiúnaí - Airteagal 6 - Cnapshuim íosta EUR 40 - Idirbhearta idir gnóthais agus údaráis phoiblí - Airteagal 4 - Nós imeachta chun comhréireacht earraí nó seirbhísí a dheimhniú - Teorainn ama chun íocaíocht a dhéanamh - Airteagal 2(8) - Coincheap “méid dlite” - Cáin bhreisluacha a chur san áireamh chun ús ar riaráistí a ríomh)

    (2022/C 472/06)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Juzgado Contencioso-Administrativo no 2 deValladolid

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: BFF Finance Iberia S.A.U

    Cosantóir: Gerencia Regional de Salud de la Junta de Castilla y León

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Maidir le hAirteagal 6 de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le híocaíocht dhéanach a chomhrac in idirbhearta tráchtála,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    beidh cnapshuim íosta EUR 40, mar chúiteamh don chreidiúnaí as costais aisghabhála arna dtabhú mar thoradh ar íocaíocht dhéanach an fhéichiúnaí, dlite do gach idirbheart tráchtála nach bhfuil luach saothair aige ar an dáta dlite, fianaithe i sonrasc, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear an sonrasc sin i láthair, i measc sonraisc eile, in éileamh riaracháin nó breithiúnach amháin.

    2.

    Maidir le hAirteagal 4(3) go (6) de Threoir 2011/7,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, go ginearálta, dothréimhse íocaíochta 60 lá féilire ar a mhéad do ghach idirbheart tráchtála idir gnóthais agus údaráis phoiblí, lena n-áirítear cás ina bhfuil tréimhse tosaigh 30 lá sa tréimhse sin le haghaidh nós imeachta inglacthachta nó fíorúcháin ar chomhréireacht na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthraítear leis an gconradh, agus tréimhse bhreise 30 lá ina dhiaidh sin chun an praghas comhaontaithe a íoc.

    3.

    Maidir le hAirteagal 2(8) de Threoir 2011/7,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    tá méid na cánach breisluacha, maidir leis an “méid dlite” a shainmhínítear san fhoráil sin, a thaispeántar ar an sonrasc nó ar an éileamh íocaíochta coibhéiseach neamhspleách ar cibé acu an bhfuil, ar an dáta a dhéantar an íocaíocht dhéanach, an méid sin íoctha cheana féin ag an duine inchánach leis an Státchiste.


    (1)  IO C 53, 15.02.2021.


    Naar boven