Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0564

Cás C-564/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 10 Feabhra 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach – Éire) – PF, MF v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara (Tarchur chun réamhrialú – An comhbheartas iascaigh – Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 – Córas rialaithe – Airteagail 33(2)(a) agus 34 – Taifead ar ghabhálacha agus iarracht iascaireachta – Tarchur chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le líon na nephrops arna ngabháil – Deis sonraí seachas na cinn sa logleabhar iascaireachta a úsáid – Modh réasúnta agus bailí ó thaobh na heolaíochta chun próiseáil agus fíorú a dhéanamh ar shonraí – Iascaigh a dhúnadh)

IO C 148, 4.4.2022, p. 6–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 148, 4.4.2022, p. 5–5 (GA)

4.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 148/5


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 10 Feabhra 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach – Éire) – PF, MF v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara

(Cás C-564/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - An comhbheartas iascaigh - Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 - Córas rialaithe - Airteagail 33(2)(a) agus 34 - Taifead ar ghabhálacha agus iarracht iascaireachta - Tarchur chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le líon na nephrops arna ngabháil - Deis sonraí seachas na cinn sa logleabhar iascaireachta a úsáid - Modh réasúnta agus bailí ó thaobh na heolaíochta chun próiseáil agus fíorú a dhéanamh ar shonraí - Iascaigh a dhúnadh)

(2022/C 148/08)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Chúirt Uachtarach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: PF, MF

Cosantóirí: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, An t-Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara

An chuid oibríochtúil den bhreithiúnas

Ní mór Airteagail 33(2)(a) agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, arna leasú le Rialachán (AE) 2015/812 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015, a léirmhíniú amhail nach bhfuil sé de cheangal ar údarás rialaithe aonair de Bhallstát fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach ach i leith sonraí arna dtaifeadadh ag máistrí soithí iascaireachta sa logleabhar iascaireachta, de bhun Airteagail 14 agus 15 den Rialachán sin, ach gur féidir modh réasúnta agus bailí ó thaobh na heolaíochta de a úsáid, mar shampla ‘an mhodheolaíocht i leith “am caite”, chun próiseáil a dhéanamh ar na sonraí chun cruinneas líon na nghabhálacha a chuirfear in iúl don Choimisiún a chinntiú.


(1)  IO C 19 an 18.01.2021


Top