Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0534

    Cás C-534/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – Leistritz AG v LH (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Règlement (AE) 2016/679 – Dara habairt d’Airteagal 38(3) – Oifigeach cosanta sonraí – Toirmeasc ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí oifigeach cosanta sonraí a chur as a phost nó as a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh – Bunús dlí – Airteagal 16 CFAE – Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil – Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear Oifigeach Cosanta Sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna troma)

    IO C 303, 8.8.2022, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 303/3


    Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – Leistritz AG v LH

    (Cás C-534/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil - Règlement (AE) 2016/679 - Dara habairt d’Airteagal 38(3) - Oifigeach cosanta sonraí - Toirmeasc ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí oifigeach cosanta sonraí a chur as a phost nó as a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh - Bunús dlí - Airteagal 16 CFAE - Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil - Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear Oifigeach Cosanta Sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna troma)

    (2022/C 303/03)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesarbeitsgericht

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Leistritz AG

    Cosantóir: LH

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (UE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí Oifigeach Cosanta Sonraí is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúiseanna troma amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh cúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.


    (1)  IO C 28, 25.01.2021


    Top