Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0470

    Cás C-470/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus – an Eastóin) – AS Veejaam agus OÜ Espo v AS Elering (Tarchur chun réamhrialú – Státchabhair – Tacaíocht d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh – Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020 – Éifeacht dreasachta na cabhrach a iarrtar tar éis thús na hoibre a bhaineann leis an tionscadal lena mbaineann – Airteagal 108(3) CFAE – Oibleagáid fógra a thabhairt – Iarmhairtí an tsáraithe ar an oibleagáid fógra a thabhairt)

    IO C 54, 13.2.2023, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    13.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 54/4


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus – an Eastóin) – AS Veejaam agus OÜ Espo v AS Elering

    (Cás C-470/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Státchabhair - Tacaíocht d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh - Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020 - Éifeacht dreasachta na cabhrach a iarrtar tar éis thús na hoibre a bhaineann leis an tionscadal lena mbaineann - Airteagal 108(3) CFAE - Oibleagáid fógra a thabhairt - Iarmhairtí an tsáraithe ar an oibleagáid fógra a thabhairt)

    (2023/C 54/04)

    Teanga an cháis: an Eastóinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Riigikohus

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: AS Veejaam, OÜ Espo

    Cosantóir: AS Elering

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le pointí 49 agus 50 de na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear scéim chabhrach le haghaidh fuinnimh in-athnuaite a cheadaíonn don iarratasóir ar chabhair íocaíocht a fháil fiú má cuireadh an t-iarratas isteach tar éis thús na hoibre tógála lena mbaineann.

    2)

    Maidir leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    is dócha go mbeidh éifeacht dreasachta ag státchabhair nuair is dócha nach mbeadh an infheistíocht atá déanta ag oibreoir eacnamaíoch chun modhnú ar na coinníollacha chun cead comhshaoil a fháil a chomhlíonadh, a bhfuil an dara ceann acu riachtanach do ghníomhaíocht an oibreora sin, in éagmais íocaíocht na cabhrach lena mbaineann.

    3)

    Maidir le hAirteagal 1(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní mór scéim chabhrach atá ann cheana, a bhfuil a comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach dearbhaithe le cinneadh ón gCoimisiún Eorpach, a aicmiú mar “chabhair nua”, de réir bhrí Airteagal 1(c) den Rialachán sin, nuair a chuirtear an scéim sin i bhfeidhm tar éis an dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún, i gcomhthéacs an nós imeachta um measúnú cabhrach arna fhoirceannadh leis an gcinneadh sin, mar dháta deiridh chur i bhfeidhm na scéime sin.

    4)

    Maidir le hAirteagal 108(3) CFAE,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear bac leis ar iarratas ó oibreoir eacnamaíoch ar íocaíocht státchabhrach a dheonú, arna cur chun feidhme de shárú ar an oibleagáid fógra a thabhairt dá bhforáiltear san fhoráil sin, ar an gcéad dul síos, don tréimhse roimh chinneadh an Choimisiúin lena mbunaítear comhoiriúnacht na cabhrach sin leis an margadh inmheánach, agus, ar an dara dul síos, nuair a d’iarr an t-oibreoir sin an chabhair ag tráth a raibh sé mídhleathach, ós rud é nár cuireadh an chabhair in iúl don Choimisiún, ach go ndearnadh an infheistíocht lena raibh an chabhair nasctha tráth a bhí an scéim sin dleathach, ós rud é go bhfuarthas é a bheith ag luí leis an margadh inmheánach le cinneadh ón gCoimisiún, ar choinníoll, sa dá chás, go n-íocann tairbhí na cabhrach an t-ús ar aon suimeanna a fuarthas, i leith na tréimhse ina bhfuil an chabhair a mheastar a bheith neamhdhleathach.


    (1)  IO C 433, 14.12.2020


    Top