EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0391

Cás C-391/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Latvijas Republikas Satversmes tiesa- an Laitvis) – imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag Boriss Cilevičs agus páirtithe eile (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 49 CFAE – Saoirse bunaíochta – Srian – Bonn cirt – Eagrúchán an chórais oideachais – Institiúidí ardoideachais – Oibleagáid chun cláir oideachais a sholáthar i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann – Airteagal 4(2) CAE – Féiniúlacht náisiúnta Bhallstáit – Cosaint agus cur chun cinn teanga náisiúnta Bhallstáit – Prionsabal na comhréireachta)

IO C 408, 24.10.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/7


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Latvijas Republikas Satversmes tiesa- an Laitvis) – imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag Boriss Cilevičs agus páirtithe eile

(Cás C-391/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 49 CFAE - Saoirse bunaíochta - Srian - Bonn cirt - Eagrúchán an chórais oideachais - Institiúidí ardoideachais - Oibleagáid chun cláir oideachais a sholáthar i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann - Airteagal 4(2) CAE - Féiniúlacht náisiúnta Bhallstáit - Cosaint agus cur chun cinn teanga náisiúnta Bhallstáit - Prionsabal na comhréireachta)

(2022/C 408/07)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Latvijas Republikas Satversmes tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Boriss Cilevičs, Valērijs Agešins, Vjačeslavs Dombrovskis, Vladimirs Nikonovs, Artūrs Rubiks, Ivans Ribakovs, Nikolajs Kabanovs, Igors Pimenovs, Vitālijs Orlovs, Edgars Kucins, Ivans Klementjevs, Inga Goldberga, Evija Papule, Jānis Krišāns, Jānis Urbanovičs, Ļubova Švecova, Sergejs Dolgopolovs, Andrejs Klementjevs, Regīna Ločmele-Luņova, Ivars Zariņš

Páirtí leasmhar: Latvijas Republikas Saeima

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 49 CFAE a léirmhíniú sa chaoi nach gcuireann sé bac ar reachtaíocht de chuid Ballstáit a fhorchuireann, i bprionsabal, ar institiúidí ardoideachais an oibleagáid chun teagasc a sholáthar go heisiach i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin, ar choinníoll go bhfuil údar leis an reachtaíocht sin ar fhorais a bhaineann lena fhéiniúlacht náisiúnta a chosaint, is é sin le rá, go bhfuil sí riachtanach agus comhréireach le cosaint an chuspóra arna shaothrú go dlisteanach a bhaint amach.


(1)  IO C 359, 26.10.2020.


Top