Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0037

Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg) – WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20) v Luxembourg Business Registers (Tarchur chun réamhrialú – Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 – Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin – Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla – Bailíocht – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint sonraí pearsanta)

IO C 24, 23.1.2023, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/3


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg) – WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20) v Luxembourg Business Registers

(Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc - Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 - Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin - Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla - Bailíocht - Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh - Cosaint sonraí pearsanta)

(2023/C 24/03)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20)

Cosantóir: Luxembourg Business Registers

An chuid oibríochtúil

Tá Airteagal 1(15)(c) de Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus le Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE, neamhbhailí a mhéid a leasaíodh leis an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, ar chaoi lena bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c), sa leagan a leasaíodh, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil atá corpraithe ina gcríoch ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne.


(1)  IO C 103, 30.03.2020

IO C 35, 01.02.2021


Top