Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019TA0825

Cásanna Uamtha T-825/19 agus T-826/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Tazzetti v an Coimisiún (Comhshaol – Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 – Gáis ceaptha teasa fhluairínithe – Clárlann leictreonach do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh – Gnóthais leis an úinéir tairbhiúil céanna – Táirgeoir nó allmhaireoir aonair – Acht a bhfuil drochthionchar aige – Leas i gcaingean a thionscnamh – Inghlacthacht – Iarraidh chun an t-iarratas a mhodhnú – Do-ghlacthacht – Pléadáil neamhdhleathachta – Léiriú ar rialachán cur chun feidhme atá comhsheasmhach leis an mbunrialachán – Cumhacht cur chun feidhme an Choimisiúin)

IO C 179, 22.5.2023, pp. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2023 – Tazzetti v an Coimisiún

(Cásanna Uamtha T-825/19 agus T-826/19) (1)

(Comhshaol - Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 - Gáis ceaptha teasa fhluairínithe - Clárlann leictreonach do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh - Gnóthais leis an úinéir tairbhiúil céanna - Táirgeoir nó allmhaireoir aonair - Acht a bhfuil drochthionchar aige - Leas i gcaingean a thionscnamh - Inghlacthacht - Iarraidh chun an t-iarratas a mhodhnú - Do-ghlacthacht - Pléadáil neamhdhleathachta - Léiriú ar rialachán cur chun feidhme atá comhsheasmhach leis an mbunrialachán - Cumhacht cur chun feidhme an Choimisiúin)

(2023/C 179/35)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir i gCás T-825/19: Tazzetti SpA (Volpiano, an Iodáil) (ionadaithe: M. Condinanzi, E. Ferrero agus C. Vivani, Dlíodóirí)

Iarratasóir i gCás T-826/19: Tazzetti SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: M. Condinanzi, E. Ferrero agus C. Vivani, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus E. Sanfrutos Cano, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína gcuid caingne an 4 Nollaig 2019 faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir i gCás T 825/19, Tazzetti SpA, agus an t-iarratasóir i gCás T 826/19, Tazzetti SA, ar an gcéad dul síos cinntí atá i dtrí litir an 27 agus 30 Meán Fómhair 2019 agus in dhá ríomhphost an 6 agus an 20 Samhain 2019 ón gCoimisiún Eorpach, arna ndéanamh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2019 lena n-áirithítear feidhmiú rianúil na clárlainne leictreonaí do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh (IO 2019 L 112, lch. 11) a chur ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1604 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena gcinntear, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe, luachanna tagartha don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 do gach táirgeoir nó allmhaireoir a chuir hidreafluaracarbóin ar an margadh go dleathach san Aontas ón 1 Eanáir 2015, mar a thuairiscítear faoin Rialachán sin (IO 2020 L 364, lch. 1).

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar na Cásanna T-825/19 agus T-826/19 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais;

2.

Cuirtear na cinntí atá sa dara litir a sheol an Coimisiún Eorpach an 27 Meán Fómhair 2019, i litir an 30 Meán Fómhair 2019 ón gCoimisiún, agus i ríomhphost an 20 Samhain 2019 ón gCoimisiún a dhírítear chuig Tazzetti SpA agus Tazzetti SA ar neamhní;

3.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean;

4.

Ordaítear don Choimisiún a chostais féin a íoc agus na costais sin arna dtabhú ag Tazzetti SpA agus Tazzetti SA a íoc.


(1)  IO C 45, 10.2.2020.


Top