Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019CA0699

    Cás C-699/19 P: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – Quanta Storage, Inc. v an Coimisiún (Achomharc – Iomaíocht – Cairtéil – Tiomántáin dioscaí optúla – Cinneadh lena gcinntear go raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 – Sárú aonair agus leanúnach – Coincheap – Comhaontuithe claonpháirteacha a bhaineann le himeachtaí soláthair maidir le tiomántáin dioscaí optúla do ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce arna n-eagrú ag dhá mhonaróir na ríomhairí)

    IO C 294, 1.8.2022, p. 4–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 294/4


    Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – Quanta Storage, Inc. v an Coimisiún

    (Cás C-699/19 P) (1)

    (Achomharc - Iomaíocht - Cairtéil - Tiomántáin dioscaí optúla - Cinneadh lena gcinntear go raibh sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 - Sárú aonair agus leanúnach - Coincheap - Comhaontuithe claonpháirteacha a bhaineann le himeachtaí soláthair maidir le tiomántáin dioscaí optúla do ríomhairí glúine agus ríomhairí deisce arna n-eagrú ag dhá mhonaróir na ríomhairí)

    (2022/C 294/05)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Quanta Storage, Inc. (ionadaithe: O. Geiss, Rechtsanwalt, B. Hartnett, avocat, T. Siakka, solicitor, agus W. Sparks, advocaat)

    Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe, M. Farley, F. van Schaik agus C. Zois, i gcáil Gníomhairí)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 12 Iúil 2019, Quanta Storage v an Coimisiún (T-772/15, EU:T:2019:519), ar neamhní.

    1)

    Cuirtear Airteagal 1(h) de Chinneadh C (2015) 7135 final ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 a bhaineann le himeachtaí de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39639 — Tiomántáin dioscaí optúla), a mhéid a chinneann sí gur sháraigh Quanta Storage Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992 trí sháruithe éagsúla ar leithligh a dhéanamh ón 14 Feabhra go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2008, ar neamhní.

    2)

    Diúltaítear don achomharc maidir leis an gcuid eile.

    3)

    Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis na himeachtaí achomhairc araon a íoc, agus na costais uile a thabhaigh Quanta Storage Inc. san achomharc seo agus leath na gcostas a thabhaigh siad ag an gcéad chéim a íoc;

    4)

    Ordaítear do Quanta Storage Inc. leath dá chostais féin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim a íoc.


    (1)  IO C 406 02.12.2019


    Top