Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019CA0176

    Cás C-176/19 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 27 Meitheamh 2024 – an Coimisiún Eorpach v Servier SAS, Servier Laboratories Ltd, Les Laboratoires Servier, Cónaidhm Eorpach na dTionscal agus na gComhlachas Cógaisíochta (EFPIA) (Achomharc – Iomaíocht – Táirgí cógaisíochta – Margadh an pheirindiprile – Airteagal 101 CFAE – Cairtéil – Comhroinnt margaidh – Iomaíocht ionchasach – Teorainn a chur le hiomaíocht trí chuspóir – Straitéis chun moill a chur ar theacht isteach leaganacha cineálacha de pheirindipril ar an margadh – Comhaontú um réiteach díospóide paitinne – Comhaontú ceadúnaithe paitinne – Sannadh teicneolaíochta agus comhaontú ceadúnais – Airteagal 102 CFAE – Margadh ábhartha – Mí-úsáid ceannasachta)

    IO C, C/2024/4825, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4825/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4825/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4825

    12.8.2024

    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 27 Meitheamh 2024 – an Coimisiún Eorpach v Servier SAS, Servier Laboratories Ltd, Les Laboratoires Servier, Cónaidhm Eorpach na dTionscal agus na gComhlachas Cógaisíochta (EFPIA)

    (Cás C-176/19 P)  (1)

    (Achomharc - Iomaíocht - Táirgí cógaisíochta - Margadh an pheirindiprile - Airteagal 101 CFAE - Cairtéil - Comhroinnt margaidh - Iomaíocht ionchasach - Teorainn a chur le hiomaíocht trí chuspóir - Straitéis chun moill a chur ar theacht isteach leaganacha cineálacha de pheirindipril ar an margadh - Comhaontú um réiteach díospóide paitinne - Comhaontú ceadúnaithe paitinne - Sannadh teicneolaíochta agus comhaontú ceadúnais - Airteagal 102 CFAE - Margadh ábhartha - Mí-úsáid ceannasachta)

    (C/2024/4825)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús F. Castilla Contreras, B. Mongin, J. Norris agus C. Vollrath, ansin F. Castilla Contreras, F. Castillo de la Torre, B. Mongin, J. Norris chomh maith le C. Vollrath, agus ar deireadh F. Castilla Contreras, F. Castillo de la Torre, J. Norris agus C. Vollrath, Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí: Servier SAS, Servier Laboratories Ltd, Les Laboratoires Servier (ionadaithe: O. de Juvigny, J. Jourdan, T. Reymond, A. Robert, avocats, J. Killick, advocaat, agus M. I. F. Utges Manley, solicitor), Cónaidhm Eorpach na dTionscal agus na gComhlachas Cógaisíochta (EFPIA) (ionadaithe: F. Carlin, avocate, agus N. Niejahr, Rechtsanwältin)

    Idiragraí ag tacú leis an bpáirtí eile: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann (ionadaithe: ar dtús D. Guðmundsdóttir, Gníomhaire, le cúnamh ó J. Holmes, KC, ansin L. Baxter, D. Guðmundsdóttir, F. Shibli agus J. Simpson, Gníomhairí, le cúnamh ó J. Holmes, KC, agus P. Woolfe, barrister, agus ar deireadh S. Fuller, Gníomhaire, le cúnamh ó J. Holmes, KC, agus P. Woolfe, barrister)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear míreanna 1 go 3 den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 12 Nollaig 2018, Servier agus páirtithe eile v an Coimisiún (T-691/14, EU:T:2018:922), ar neamhní.

    2)

    Tarchuirtear an cás ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh chun go dtabharfaidh sí rialú ar dara chuid den naoú shaincheist dlí den chaingean ag an gcéad chéim, maidir le haicmiú an chomhaontaithe aistrithe agus ceadúnais a tugadh i gcrích an 5 Eanáir 2007 idir Les Laboratoires Servier agus KRKA, tovarna zdravil, d.d. mar theorainn ar iomaíocht trí chuspóir, de réir bhrí Airteagal 101(1) CFAE, ar an gceathrú saincheist déag go dtí an seachtú saincheist déag den chaingean ag an gcéad chéim a bhaineann le sárú ar Airteagal 102 CFAE dá dtagraítear in Airteagal 6 de Chinneadh C(2014) 4955 final ón gCoimisiún an 9 Iúil 2014 a bhaineann le nós imeachta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 101 (CFAE) agus Airteagal 102 (CFAE) (Cás AT.39612 – Peirindipril (Servier)), agus ar shaincheisteanna ag an gcéad chéim a agairt mar mhalairt air sin, sa mhéid go mbaineann siad le ríomh na fíneála a fhorchuirtear i leith an tsáraithe sin.

    3)

    Forchoimeádtar na costais.


    (1)   IO C 139, 15.4.2019.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4825/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top