Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62017TA0510

    Cás T-510/17: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Del Valle Ruíz agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA (Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Imeachtaí réitigh infheidhme i gcás ina bhfuil eintiteas i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh – Scéim réitigh a ghlacadh ag BRA i ndáil le Banco Popular Español – An ceart chun éisteacht a fháil – Tarmligean cumhachtaí – An ceart chun maoine – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagail 18 agus 20 agus Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014)

    IO C 284, 25.7.2022, p. 22–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/22


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 – Del Valle Ruíz agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA

    (Cás T-510/17) (1)

    (Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas Baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Imeachtaí réitigh infheidhme i gcás ina bhfuil eintiteas i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh - Scéim réitigh a ghlacadh ag BRA i ndáil le Banco Popular Español - An ceart chun éisteacht a fháil - Tarmligean cumhachtaí - An ceart chun maoine - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagail 18 agus 20 agus Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014)

    (2022/C 284/25)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Antonio Del Valle Ruíz (Meicsiceo, Meicsiceo) agus 41 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: J. Pobjoy, Barrister, B. Kennelly QC, agus S. Walker, Solicitor)

    Cosantóirí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí), an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. King agus M. Fernández Rupérez, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring, S. Schelo, F. Fernández de Trocóniz Robles, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)

    Idiragraithe, mar thaca leis na Cosantóirí: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: L. Aguilera Ruiz agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí), Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Visaggio, J. Etienne, M. Menegatti, M. Sammut, L. Stefani agus M. Martínez Iglesias, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. de Gregorio Merino, J. Bauerschmidt, A. Westerhof Löfflerová agus H. Marcos Fraile, i gcáil Gníomhairí), Banco Santander, SA (Santander, an Spáinn) (ionadaithe: J. Rodríguez Cárcamo, A. Rodríguez Conde, D. Sarmiento Ramírez-Escudero, Dlíodóirí, agus G. Cahill, Abhcóide)

    Maidir le:

    Iarratas de bhun Airteagal 263 CFAE go ndéanfar Cinneadh SRB/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin BRA an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh le haghaidh Banco Popular Español, SA agus Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español (IO 2017 L 178, lch. 15) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ordaítear do Antonio Del Valle Ruíz agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, ag an Bord Réitigh Aonair (BRA) agus ag Banco Santander, SA a íoc;

    3)

    Íocfaidh Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh as a gcostais féin.


    (1)  IO C 374, 6.11.2017.


    Top