This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XG04210
Notice for the attention of the legal persons, entities and bodies subject to the restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2014/512, as amended by Council Decision (CFSP) 2026/1849, and in Council Regulation (EU) No 833/2014, as amended by Council Regulation (EU) 2026/1848 concerning restrictive measures in view of Russia’s actions destabilising the situation in Ukraine
Fógra le haghaidh na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2014/512 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1849 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2026/1848 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/10019/2026/REV/2
IO C, C/2026/4210, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4210/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/4210 |
27.7.2026 |
Fógra le haghaidh na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2014/512 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1849 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2026/1848 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
(C/2026/4210)
Dírítear aird na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear in Iarscríbhinní IV, VIII, XVI, XVIII, XIX agus XXI a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2014/512 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1849 ón gComhairle (2) agus in Iarscríbhinní IV, XIV, XLII, XLIV, XLV agus XLVII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (3), arna leasú le Rialachán (AE) 2026/1848 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liostaí na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2014/512 agus i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.
Féadfaidh na daoine dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh leanúint dá gcur faoi réir na mbeart sriantach thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 18 Samhain 2026 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh san athbhreithniú a dhéanfaidh an Chomhairle ar na bearta sriantacha sula rachaidh Cinneadh (CBES) 2014/512 in éag.
Cuirtear in iúl do na daoine dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú mír agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 229, 31.7.2014, lch. 13.
(2) IO L, 2026/1849, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1849/oj.
(3) IO L 229, 31.7.2014, lch. 1.
(4) IO L, 2026/1848, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1848/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4210/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)