This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XG03370
Notice for the attention of the data subject to whom the restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2015/740, as implemented by Council Implementing Decision (CFSP) 2026/1401, and Council Regulation (EU) 2015/735, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2026/1402 concerning restrictive measures in view of the situation in South Sudan apply
Fógra le haghaidh an ábhair sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1401 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1402 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas
Fógra le haghaidh an ábhair sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1401 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1402 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas
ST/9290/2026/INIT
IO C, C/2026/3370, 23.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3370/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3370 |
23.6.2026 |
Fógra le haghaidh an ábhair sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1401 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1402 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas
(C/2026/3370)
Dírítear aird an ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1401 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1402 ón gComhairle (5).
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh - agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son - rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo; is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:
|
Adrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí data.protection@consilium.europa.eu
Is é is cuspóir don oibríocht phróiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2015/740, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2026/1401, agus Rialachán (AE) 2015/735, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1402.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2015/740 agus i Rialachán (AE) 2015/735.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann le forais an liostaithe.
Is iad na Cinntí ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 29 CAE agus na Rialacháin ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí do láimhseáil sonraí pearsanta.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.
Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a fhaigheann na sonraí pearsanta.
Coimeádfar na sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir reo sócmhainní nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coimeádann an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a chláraíonn sí chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe arna dhéanamh ag an gComhairle nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta i ndáil le beartas an Aontais i dtaca le bearta sriantacha.
In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, tá aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta bunaithe ar an gcoinníoll nó na coinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; |
|
— |
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.
Tá an ceart chun faisnéise ag ábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.
Tá feidhm ag Cinneadh Uimh. 2/2026 ó Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ag an srian le cearta na n-ábhar sonraí chun críche beart sriantach (6).
Is féidir le hábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar a léirítear thuas.
I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dheimhniú. Ba cheart uimhir aitheantais, tír eisiúna, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj.
(2) IO L 117, 8.5.2015, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/740/oj.
(3) IO L, 2026/1401, 23.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1401/oj.
(4) IO L 117, 8.5.2015, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/735/oj.
(5) IO L, 2026/1402, 23.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1402/oj.
(6) IO C, C/2026/866, 9.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/866/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3370/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)