Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XG02841

Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1149 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

ST/8844/2026/INIT

IO C, C/2026/2841, 27.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2841/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2841/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2841

27.5.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1149 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

(C/2026/2841)

Dírítear aird na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1149 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1147 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart leanúint de na daoine dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí sin a luaitear sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 agus i Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis. Tugtar na forais leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí sin lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha, mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 7 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 1 Márta 2027 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Chinneadh (CBES) 2024/1484 agus le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2024/1485.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj.

(2)   IO L, 2026/1149, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1149/oj.

(3)   IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.

(4)   IO L, 2026/1147, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1147/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2841/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top