This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026XG01308
Notice for the attention of the persons, groups and entities listed in Council Decision (CFSP) 2026/455 on restrictive measures to combat terrorism and repealing Articles 2, 3 and 3a of Common Position 2001/931/CFSP on the application of specific measures to combat terrorism and repealing Council Decision (CFSP) 2025/1577 and Council Decision (CFSP) 2026/421, and in Council Regulation (EU) 2026/456 amending Council Regulation (EC) No 2580/2001 of 27 December 2001 on specific restrictive measures directed against certain persons and entities with a view to combating terrorism and repealing Council Implementing Regulation (EU) 2025/1578 and Council Implementing Regulation (EU) 2026/420
Fógra le haghaidh na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1577 ón gComhairle agus Cinneadh (CBES) 2026/421 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2026/456 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/420 ón gComhairle

ST/11497/2025/INIT
IO C, C/2026/1308, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1308/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1308 |
2.3.2026 |
Fógra le haghaidh na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1577 ón gComhairle agus Cinneadh (CBES) 2026/421 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2026/456 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/420 ón gComhairle
(C/2026/1308)
Dírítear aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas thuasluaite a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle (1) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/456 ón gComhairle (2) an 26 Feabhra 2026 ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur bailí fós iad na cúiseanna lena n-áireamh ar an liosta de dhaoine, grúpaí agus eintitis a chumhdaítear leis na bearta in Airteagal 2 de Chinneadh (CBES) 2026/455, agus i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 (3) an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Dá bhrí sin, tá cinnte ag an gComhairle na daoine, na grúpaí, agus na heintitis sin a choinneáil ar an liosta.
Le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 an 27 Nollaig 2001, foráiltear gur féidir gach ciste, gach sócmhainn airgeadais, agus gach acmhainn eacnamaíoch eile dá bhfuil ag na daoine, na grúpaí, agus na heintitis sin a reo, agus nach ceadmhach aon chistí, sócmhainní airgeadais ná acmhainní eacnamaíocha eile a chur ar fáil dóibh, go díreach ná go hindíreach.
Tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán d’fhonn údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.
Féadfaidh na daoine, na grúpaí agus na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur isteach chun ráiteas ar chúiseanna a bhfuiltear fós á n-áireamh nó á gcoinneáil ar an liosta thuasluaite a fháil ón gComhairle (murab é gur cuireadh an ráiteas ar chúiseanna sin ar fáil cheana féin dóibh). Is ceart aon iarraidh den chineál sin a chur chuig an seoladh seo:
Comhairle an Aontais Eorpaigh (Faoi chúram: ainmníochtaí COMET)
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Féadfaidh na daoine, na grúpaí agus na heintitis lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I dtaca leis sin, tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta ar an liosta de réir Airteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (4). Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 20 Márta 2026.
Tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir agóid a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh in aghaidh a n-ainmnithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 263(4) agus (6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L, 2026/455, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/455/oj.
(2) IO L, 2026/456, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/456/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1308/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)