Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026XC03214

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

C/2026/4034

IO C, C/2026/3214, 17.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3214/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3214/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3214

17.6.2026

Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(C/2026/3214)

Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

DOICIMÉAD AONAIR

‘Miel des Landes’

Uimh. AE: PGI/FR/03002 — 22.9.2023

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Miel des Landes’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cineál an táirge

Aicme 1.4 — Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí éagsúla déiríochta seachas im, etc.)

Cód Ainmníochta Comhcheangailte

04 — TÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA; UIBHEACHA ÉAN; MIL NÁDÚRTHA; TÁIRGÍ INITE DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH, NACH bhFUIL SONRAITHE NÁ ÁIRITHE IN ÁIT EILE

0409 — Mil nádúrtha

3.2.   Tuairisc ar an táirge dá dtagraíonn an t-ainm in (1)

Is féidir le ‘Miel des Landes’ a bheith aonbhláthach nó ilbhláthach:

1.

Aonbhláthach:

mil acáise / lócaiste dhuibh (Robinia pseudoacacia);

mil caithne (Arbutus unedo);

mil draighin fearna (Rhamnus frangula);

mil fraoigh chloigínigh (Erica cinerea);

mil fraoigh (Calluna vulgaris);

mil castáin (Castanea sativa).

2.

Ilbhláthach, a tháirgtear ó raon speiceas bláthach ar saintréith den limistéar geografach iad, gan aon chineál bláthach a bheith níos líonmhaire ná aon chineál eile. Féadfaidh drúchtín meala a bheith ann.

Féadfaidh an mhil a bheith leachtach, uachtarúil nó cruaite.

Tá struchtúr aonchineálach ag an mil.

Is é 12 mg/kg an t-uaschion HMF le haghaidh gach cineál meala go dtí deireadh bhliain féilire an táirgthe. Thairis sin, is é 25 mg/kg an t-uaschion le haghaidh gach cineál meala agus 35 mg/kg le haghaidh mil fraoigh chloigínigh.

Is é seo a leanas an t-uaschion uisce:

18,5 % le haghaidh gach cineáil meala;

21 % le haghaidh mil fraoigh.

Tréithe orgánaileipteacha

Tuairisc chéadfach ar an mil aonbhlátha:

Mil

Daite

Dea-bholadh

Blas

Acáise

Idir éadathach agus buí an-éadrom

Milis, fíneálta, éadrom agus bláthach

Fíneálta agus séimh lena mbaineann nótaí bláthanna geala

Caithne

Ómra éadrom, idir béasagus ómra

Luibheach, úr, lena mbaineann nótaí feanólacha (dríodar caife, cócó dorcha)

Blas an-searbh, cosúil leis an dea-bholadh ach níos suntasaí

Draighean fearna

Idir donn éadrom agus donnrua

Léiritheach, meascán cothrom torthaí aibí, nótaí ainmhithe agus balsamacha

Dea-bholaithe diana, saibhre agus casta, spíosrach lena mbaineann nótaí bogtheo caramail

Fraoch cloigíneach

Idir ómra éadrom agus donn dorcha

Bláthanna triomaithe, leathar agus liocras

Dea-bholaithe casta, adhmadacha agus almóinní, lena mbaineann searbhas beag

Fraoch

Loinnir dhonn dearg, dhorcha, scothdhearg

Nótaí an-dian agus fadsaolacha, adhmadacha, nótaí ainmhithe

Dea-bholaithe diana an-fhadsaolach, nótaí teo agus spíosracha, searbhas beag

Castán

Idir donn dorcha agus donnrua

Láidir agus géar, meascán adhmadach, nótaí caramail agus leathair

Searbhas suntasach, dea-bholaithe méadaithe, tainneach, searbh, an-fhadsaolach

Tuairisc chéadfach ar an mil ilbhláthach:

Tá tréithe orgánaileipteacha éagsúla agus casta ag mil ilbhláthacha arb ar chineál na mbláthanna ónar bhailigh na beacha pailin agus ar an tréimhse bhuainte a bhraitheann sí.

Ag tús an tséasúir, tugann bláthanna acáise agus sméara dubha milseacht agus nótaí torthaíocha don mhil ilbhláthach. Le linn an tsamhraidh, bíonn blasanna teo adhmadacha agus searbhas beag le brath mar gheall ar na crainn castáin, rud a fhágann go dtairgtear mil níos léirithí. Sa séasúr céanna, bíonn cuma uachtarúil ar an táirge mar aon le nótaí torthaí, bláthanna tirime agus caramail mar gheall ar an draighean fearna agus an fraoch cloigíneach a bheith faoi bhláth. Bíonn dea-bholaithe adhmadacha agus spíosracha os coinne cúlra torthaí triomaithe le brath mar gheall ar an ndrúchtín meala.

Tréithe meileasapailineolaíochta

Tá na 10 bpailin seo a leanas ina marcóirí ar limistéar geografach an TGFC: caithne, draighean fearna, fraoch cloigíneach, fraoch, castán, giolcach shléibhe, eidhneán, lócaiste dubh, sméar dhubh agus saileach. Ní mór ceann amháin de na pailiní sin ar a laghad a bheith in ‘Miel des Landes’ mar an phailin phríomha nó an phailin thánaisteach.

Tá seans ann nach mbeidh pailiní príomha ná tánaisteacha i roinnt meala acáise. I gcásanna den sórt sin, ní mór ceann amháin ar a laghad de na pailiní marcóra a bheith ann mar phailin aonair.

Ní cheadaítear pailin ó bhláthanna barr arúil neachtair ach amháin i bhfoirm pailiní aonair (níos lú ná 15 % den speictream pailine).

Léirítear sa tábla thíos na pailiní is minice a fhaightear. Tá meascáin agus cion éagsúla pailiní ann.

Mil

Pailiní ceannasacha (> 45 %)

Pailiní tánaisteacha (15 %-45 %)

Acáise

 

Lócaiste dubh, plandaí croisiféaracha

Caithne

Caithne, giolcach shléibhe

Caithne, eidhneán, plandaí de chineál na giolcaí sléibhe

Draighean fearna

Draighean fearna, castán, paide bréan

Draighean fearna, castán, plandaí de chineál na giolcaí sléibhe

Fraoch cloigíneach

Draighean fearna, fraoch cloigíneach,

castán

Castán, draighean fearna, fraoch cloigíneach, plandaí croisiféaracha, paide bréan, seamair bhán

Fraoch

Fraoch cloigíneach, fraoch, castán, de chineál na giolcaí sléibhe

Fraoch cloigíneach, fraoch, castán, eidhneán, de chineál na giolcaí sléibhe

Castán

Castán

 

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Táirgtear ‘Miel des Landes’ go heisiach ó mhil a bhailítear ó bheachlanna atá suite sa limistéar geografach sainithe. Is féidir na céimeanna úsctha, stórála agus pacáistithe a dhéanamh lasmuigh den limistéar geografach.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na sonraí seo a leanas a bheith ar an lipéad: ainm agus seoladh an chomhlachta cigireachta, agus na focail ‘deimhnithe ag’ roimhe.

Féadfar tagairt a dhéanamh d’ainmniúchán bláthach ar leith má thagann an mhil go príomha ó na speicis bhláthacha a léirítear agus má tá na tréithe orgánaileipteacha, fisiciceimiceacha agus pailine ábhartha aici.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Comhfhreagraíonn limistéar geografach TGFC ‘Miel des Landes’ do roinn Landes ina hiomláine agus do chríoch na mbardas seo a leanas ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil (COG):

Gironde (33)

Andernos-les-Bains, Arbanats, Arcachon, Arcins, Arès, Arsac, Aubiac, Audenge, Auros, Avensan, Ayguemorte-les-Graves, Balizac, (Le)Barp, Barsac, Bazas, Beautiran, Bégadan, Belin-Béliet, Bernos-Beaulac, Berthez, Biganos, Birac, Blaignan, Blanquefort, Bommes, Bourideys, Brach, Brannens, (La)Brède, Brouqueyran, Bruges, Budos, Cabanac-et-Villagrains, Cadaujac, Canéjan, Cantenac, Captieux, Carcans, Castelnau-de-Médoc, Castres-Gironde, Cauvignac, Cazalis, Cazats, Cérons, Cestas, Cissac-Médoc, Civrac-en-Médoc, Coimères, Couquèques, Cours-les-Bains, Cudos, Cussac-Fort-Médoc, Escaudes, Eysines, Fargues, Gaillan-en-Médoc, Gajac, Gans, Giscos, Goualade, Gradignan, Grayan-et-l'Hôpital, Grignols, Guillos, Gujan-Mestras, (Le) Haillan, Hostens, Hourtin, Illats, Isle-Saint-Georges, Jau-Dignac-et-Loirac, Labarde, Labescau, Lacanau, Lados, Lamarque, Landiras, Langon, Lanton, Lartigue, Lavazan, Lège-Cap-Ferret, Léogeats, Léognan, Lerm-et-Musset, Lesparre-Médoc, Lignan-de-Bazas, Listrac-Médoc, Louchats, Lucmau, Ludon-Médoc, Lugos, Macau, Marcheprime, Margaux-Cantenac, Marimbault, Marions, Martignas-sur-Jalle, Martillac, Masseilles, Mazères, Mérignac, Mios, Moulis-en-Médoc, Naujac-sur-Mer, (Le) Nizan, Noaillan, Ordonnac, Origne, Parempuyre, Pauillac, Pessac, (Le) Pian-Médoc, Podensac, Pompéjac, (Le) Porge, Portets, Préchac, Preignac, Prignac-en-Médoc, Pujols-sur-Ciron, Queyrac, Roaillan, Saint-Aubin-de-Médoc, Saint-Christoly-Médoc, Saint-Côme, Saint-Estèphe, Saint-Germain-d'Esteuil, Sainte-Hélène, Saint-Jean-d'Illac, Saint-Julien-Beychevelle, Saint-Laurent-Médoc, Saint-Léger-de-Balson, Saint-Magne, Saint-Médard-d'Eyrans, Saint-Médard-en-Jalles, Saint-Michel-de-Castelnau, Saint-Michel-de-Rieufret, Saint-Morillon, Saint-Sauveur, Saint-Selve, Saint-Seurin-de-Cadourne, Saint-Symphorien, Saint-Vivien-de-Médoc, Saint-Yzans-de-Médoc, Salaunes, Salles, Saucats, Saumos, Sauternes, Sauviac, Sendets, Sigalens, Sillas, Soulac-sur-Mer, Soussans, (Le) Taillan-Médoc, Talais, Talence, (Le) Teich, (Le) Temple, (La) Teste-de-Buch, Toulenne, (Le) Tuzan, Uzeste, Valeyrac, Vendays-Montalivet, Vensac, (Le) Verdon-sur-Mer, Vertheuil, Villandraut, Villenave-d'Ornon, Virelade.

Lot-et-Garonne (47)

Allons, Ambrus, Antagnac, Anzex, Barbaste, Beauziac, Boussès, Casteljaloux, Caubeyres, Damazan, Durance, Fargues-sur-Ourbise, Houeillès, Labastide-Castel-Amouroux, Lavardac, Leyritz-Moncassin, Mézin, Mongaillard, Pindères, Pompiey, Pompogne, Poudenas, Poussignac, Réaup-Lisse, (La) Réunion, Saint-Léon, Saint-Martin-Curton, Saint-Pé-Saint-Simon, Saint-Pierre-de-Buzet, Sainte-Maure-de-Peyriac, Sauméjan, Sos, Villefranche-du-Queyran, Xaintrailles.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir ‘Miel des Landes’ agus a limistéar geografach bunaithe ar shaintréithe an táirge, ar an nasc atá aige le tosca nádúrtha agus daonna, agus ar a chlú. Baineann a shainiúlacht le táirgeadh an-fhorleathan raon leathan meala, a eascraíonn as sraith sreafaí neachtair, a bhaineann an leas is fearr as acmhainní bláthacha neamhshaothraithe an limistéir.

Tá tréithe orgánaileipteacha uathúla aige atá bainteach le leibhéal caomhnaithe agus úire atá mar bhonn taca lena chlú. Is léiriú iad na saintréithe sin ar an limistéar, ina bhfuil saibhreas an fhlóra mhilmheara shonraigh, atá oiriúnaithe d’aigéadacht na hithreach gainmhí, le fáil mar aon le saineolas na mbeachairí a fuarthas agus a cuireadh ar aghaidh thar roinnt mhaith blianta.

Tá an limistéar geografach suite ar ardchlár dríodair Landes, arb í ithir ghainmheach is saintréith dó. Cruthaíonn sé triantán mór a théann feadh chósta an Atlantaigh ó dheas ó roinn Landes go Pointe de Grave in Gironde, a bhfuil teorainn aige go páirteach le Garonne ó thuaidh.

Bíonn teochtaí séimhe ann mar gheall ar an aeráid mheasartha aigéanach, mar aon le raon beag teochta, geimhreadh séimh agus go leor báistí, a thiteann ag amanna éagsúla i rith na bliana, cé nach mbíonn an oiread sin báistí sa samhradh.

I dtéarmaí geolaíochta, eolaíochta ithreach agus moirfeolaíochta, tá sainiúlacht ar leith ag an limistéar geografach ó thuaidh d’abhainn Adour, arna cinneadh go príomha ag a stair gheolaíoch. Cuimsíonn cuid mhór den limistéar sin sil-leagain ghainmheacha na ré ceathartha arna múnlú ag an ngaoth. Is saintréith de na tírdhreacha uathúla sin ithreacha atá gainmheach den chuid is mó agus a bhfuil aigéadacht eisceachtúil acu (pH idir 4,5 agus 5,5). Is minic a bhíonn sraith ithreach neamhscagach ar a dtugtar ‘alios’ sna dáileachtaí talún cothroma nó ísle, rud a chuireann bac ar dhraenáil uisce. Os a choinne sin, bíonn draenáil mhaith i limistéir arda agus i limistéir ar fána mar gheall ar phóiriúlacht an ghainimh. Ar an taobh thheas d’abhainn Adour, is de thionscnamh dráimh í geolaíocht bhardais Landes, mar thoradh ar chreimeadh na bPiréiní agus tá an tírdhreach cnocach dá bharr. Bíonn réimse leathan bitóp ann mar thoradh ar na hithreacha éagsúla, ar an tírdhreach éagsúil agus ar thionchar an duine.

Tá an fásra oiriúnaithe do shaintréithe aeráide agus ithreach an limistéir. Sa limistéar gainmheach ar an taobh ó thuaidh d’abhainn Adour, mar thoradh ar na saintréithe codarsnachta sin forbraíodh flóra an-sonrach a bhí in ann oiriúnú do na dálaí éagsúla uisce sin agus d’aigéadacht na hithreach. Meaitseáiltear an éagsúlacht ithreacha agus top-aeráidí le meascán cineálacha bláthanna a mhaireann ann taobh le speiceas crainn den chuid is mó, an péine muirí a fhástar i bhformór an réigiúin. Faightear plandaí a bhfuil acmhainneacht ard mhilmheara acu amhail an draighean fearna ar fhaiséisí fliucha, agus fraoch cloigíneach agus fraoch ar ithreacha tirime. Cuireann éagsúlacht na bpobal plandaí ar a gcumas do na beacha freisin tairbhe a bhaint as foinse pailine atá úsáideach d’fhorbairt coilíneachta. Ar imeall thiar an limistéir, cumasaíonn an réigiún cósta a bhfuil dumhcha agus aeráid ar leith aige fás toir a bhfuil an-tóir ag beacha air – an chaithne – agus raon bláthach ar leith.

Ar an taobh theas d’abhainn Adour, ar na fánaí dráimh, tá na timpeallachtaí éagsúla fabhrach d’fhorbairt go leor speiceas ar díol spéise iad ó thaobh na beachaireachta de, go príomha crainn leathanduilleacha (castán, lócaiste dubh, fearnóg, saileach, dair) agus speicis casarnaí amhail sméar dhubh.

Tá eolas an-mhaith ag beachairí ar an timpeallacht nádúrtha áirithe seo. Roghnaíonn siad na suíomhanna is fearr, cibé acu le haghaidh beachlanna fosaithe nó buailteachais, i gcomhréir leis na cineálacha meala inmhianaithe. Le linn an tséasúir agus ag brath ar dhálaí aimsire, is féidir leo a gcoilíneachtaí a aistriú ó láithreán go láithreán, nó suíomh seasta a roghnú a chumasaíonn roinnt sreafaí neachtair i ndiaidh a chéile. Mar gheall ar eolas beacht ar an timpeallacht uathúil seo a fuarthas agus a cuireadh ar aghaidh le himeacht aimsire, bíonn saibhreas fhlóra milmheara Landes chun cinn i réimse leathan meala.

Éilíonn an tréimhse bhláthaithe agaithe agus na grádáin mheitéareolaíocha laistigh den limistéar bainistíocht shonrach stoic. Is féidir le coilíneachtaí i mbeachlanna ó dheas den Adour neachtar a bhailiú níos luaithe a bhuí le saileanna, acáise agus crainn leathanduilleacha eile. Os a choinne sin, tugann beachlanna atá suite ar fhraochmhánna tirime ag deireadh an tséasúir deis don bheachaire stoc táirgiúil a choinneáil ar bun go déanach sa bhliain. I limistéir foraoise, bíonn tionchar ag cleachtais foraoiseachta ar an gcomhshaol freisin. Athraíonn gearradh, glanadh nó tanú fhlóra na casarnaí. Dá bhrí sin, níl dáileachtaí foraoise fosaithe, rud a cheanglaíonn ar bheachairí suíomh a mbeachlann a athrú go rialta.

Tá ról lárnach ag an tábhacht a bhaineann le saineolas i dtáirgeadh meala freisin maidir le hoibriú le mil. Léaráid fhoirfe de sin is ea mil fraoigh a eastóscadh, nach féidir í a eastóscadh mar gheall ar a huigeacht gheilitíneach uathúil (ticseatrópacht) ach amháin le trealamh sonrach, i.e. scaoilteoir meala. Mar gheall ar chion ard taise na meala seo, tá gá le hairdeall ar leith freisin tráth na stórála agus an phacáistithe.

Táirgeann beacha ‘Miel des Landes’ ón neachtar agus ón drúchtín meala a bhailíonn siad ó fhlóra fiáin an limistéir. Tá a shainiúlacht nasctha le táscairí cáilíochta fisiciceimiceacha agus le saintréithe suntasacha meileasapailineolaíocha agus céadfacha:

cion íseal hiodrocsaimeitiolfúrfúrail (HMF), comhartha d’úire agus cúram an táirge le linn úscadh agus pacáistiú meala. Is é leibhéil HMF nach mó ná 12 mg/kg le haghaidh gach cineál meala suas le deireadh bhliain féilire an táirgthe is saintréith den táirge. Tar éis dheireadh bhliain féilire an táirgthe, is é 25 mg/kg na leibhéil HMF údaraithe le haghaidh gach cineál meala seachas mil fraoigh chloigínigh, arb é 35 mg/kg an t-uasleibhéal údaraithe ina leith;

cion íseal taise, chun caomhnú ceart a spreagadh le linn stórála agus margaíochta. Tá cion taise 18,5 % nó níos lú ag an mil uile, cé is moite de mhil fraoigh, a d’fhéadfadh cion taise 21 % a bhaint amach;

10 bpailin marcóra ó na cineálacha bláthanna a bhaineann go sonrach leis an limistéar, agus ceann amháin díobh sin ar a laghad i gcion ceannasach nó tánaisteach, agus idirdhealú á dhéanamh idir é agus mil eile a tháirgtear i limistéir gheografacha eile. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an cion sin marcóirí pailine i roinnt mil acáise. I gcásanna den sórt sin, ní mór ceann amháin díobh ar a laghad a bheith ina chion pailin aonair;

ní cheadaítear pailiní speiceas neachtair saothraithe ach amháin mar phailin aonair, ós rud é go dtáirgtear ‘Miel des Landes’ ó fhlóra fiáin an limistéir.

Bíonn an mhil a fhaightear an-saibhir mar gheall ar an iliomad sreafaí neachtair ón earrach go dtí an geimhreadh luath. Tá déine éagsúil agus castacht aramatach ag baint leis an raon meala. Is iad dea-bholaithe milse, míne, bláthacha agus torthaíocha is mó atá i gceist le mil an earraigh, dea-bholaithe nach maireann i bhfad go minic, amhail mil acáise agus draighin fearna, agus mil ilbhláthanna arb iad sméara dubha nó drúchtín meala is saintréith di. Nuair a thagann mil castáin chun cinn i mí an Mheithimh, bíonn mil níos teanntásaí ar fáil. Saintréith de mhil an tsamhraidh agus mil dheireadh an tséasúir is ea dea-bholaithe cumhachtacha adhmaid, bláthanna triomaithe agus ainmhithe, mar atá i mil fraoigh chloigínigh agus is í mil caithne, lena mbaineann searbhas suntasach a mhaireann i bhfad, mil dheireadh an tséasúir.

Maireann clú seanbhunaithe ‘Miel des Landes’ go dtí an lá atá inniu ann, mar a léirítear leis an tóir atá ar ‘Miel des Landes’ i gcócaireacht thraidisiúnta agus chomhaimseartha araon sa réigiún seo ina bhfuil ról ríthábhachtach ag an ngastranamaíocht. La Nouvelle République, 2018 — ‘Oideas: arán sinséir le Miel des Landes’. Déantar tagairt don mhil sin sa litríocht: Le Miel pour les nuls, Na Chéad Eagráin, 2024 – ‘b’fhearr leis an tomhaltóir mil fraoigh ó réigiún Landes ná mil fraoigh ón bhFrainc’. Luaitear é go minic sna meáin, ina leagtar amach a shaintréithe agus ina gcuirtear béim ar a cháilíochtaí: Le miel et les abeilles, Sud-Ouest, 2020 – ‘Eastóscadh meala fraoigh ó réigiún Landes, príomhshreabhadh neachtair deireanach an tséasúir’; Institut du Goût de Nouvelle-Aquitaine, Sentinelle du goût, 2022 – ‘Mil fraoigh ó réigiún Landes, a bhuantar ó fhraochmhánna tirime, lena mbaineann nótaí adhmadacha agus blas almóinne’; France Bleu, 2025 – ‘Tá saineolas den scoth le feiceáil i mil bláthanna agus mil fraoigh ó réigiún Landes [mil acáise ó réigiún Landes]’; Radio France, 2025 – ‘Is é éagsúlacht agus uathúlacht fhlóra réigiún Landes is cúis leis an gclú atá ar an mil ón réigiún sin. Tá an crann caithne lena mbaineann searbhas suntasach agus na nótaí caife agus liocrais a bhaineann leis, nó an fraoch cloigíneach lena mbaineann dea-bholadh almóinní, i measc ghnéithe sonracha an réigiúin sin. Bronntar duaiseanna go rialta ar tháirgeoirí sa limistéar ag an gcomórtas Saveurs Nouvelle-Aquitaine agus ar leibhéal naisiúnta; mar shampla, bronnadh boinn chré-umha agus airgid in 2018, 2019 agus 2020 ag Concours Général Agricole de Paris, agus bronnadh trí bhonn óir ag Concours des miels de France le haghaidh mil acáise, mil bláthanna agus mil fraoigh ó réigiún Landes in 2024.

Tá tosca nádúrtha amhail próifíl shainiúil na hithreach, an aeráid aigéanach agus an tírdhreach breacachain fabhrach d’fhorbairt flóra fhiáin shonraigh ar díol spéise é ó thaobh na beachaireachta de. Bíonn na plandaí faoi bhláth roinnt uaireanta i rith na bliana, agus mar gheall air sin bíonn sraith sreafaí neachtair le fáil ag amanna difriúla agus in áiteanna difriúla. Fágann sé sin gur féidir raon leathan meala a tháirgeadh, ón gceann is íogaire go dtí an ceann is láidre. Leis an bhflóra milmheara, atá oiriúnaithe do na dálaí ithreach agus aeráide agus don ghníomhaíocht foraoiseachta, is féidir ‘Miel des Landes’ a tháirgeadh, arb é is saintréith dó marcóirí pailine an limistéir gheografaigh a bheith ann agus gan cion príomha nó tánaisteach pailine ó bharra neachtair a bheith ann.

Léirítear saineolas na dtáirgeoirí sa bhainistíocht a dhéanann siad ar choilíneachtaí atá oiriúnaithe do shaintréithe sonracha an limistéir, agus sa bhealach a n-oibríonn siad leis an mil, agus an cion uisce á rialú acu chun a chaomhnú a áirithiú d’ainneoin na bogthaise airde a bhaineann leis an aeráid aigéanach.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://extranet.inao.gouv.fr/fichier/CDC-IGP-Miel-des-Landes-260126.pdf


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3214/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top