Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0356

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil

COM/2026/356 final

An Bhruiséil,13.7.2026

COM(2026) 356 final

2026/0191(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ag an 11ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) i mí na Nollag 2017, chomhaontaigh grúpa de 71 chomhalta EDT, lena n‑áirítear an tAontas Eorpach, tús a chur le hobair fiosrúcháin i dtreo caibidlíocht EDT amach anseo maidir le gnéithe den ríomhthráchtáil a bhaineann le trádáil.

I mí Eanáir 2019, dhearbhaigh 77 gcomhalta EDT, lena n‑áirítear an tAontas Eorpach, i ráiteas comhpháirteach go raibh sé ar intinn acu tús a chur leis an gcaibidlíocht sin, agus d’aontaigh siad go bhféachfaidís le toradh ardchaighdeáin a bhaint amach a chuirfeadh le comhaontuithe agus creataí EDT atá ann cheana le rannpháirtíocht an oiread comhaltaí EDT agus is féidir.

I mí na Nollag 2024, tar éis 5 bliana de chaibidlíocht, scaip 71 chomhalta EDT teachtaireacht inar áiríodh téacs aontaithe an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil (‘an Comhaontú’) agus inar cuireadh in iúl a gcuspóir comhroinnte cinneadh a lorg ag Comhairle Ghinearálta EDT chun an Comhaontú a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’).

Ní raibh Comhairle Ghinearálta EDT in ann teacht ar chomhdhearcadh maidir le hionchorprú sna seisiúin a bhí aici i mí Feabhra agus i mí na Nollag 2025. Dá bhrí sin, an 28 Márta 2026, eisíodh Dearbhú Comhpháirteach thar ceann 67 gcomhalta EDT, lena n‑áirítear an tAontas Eorpach, lena ndeimhnítear go bhfuil sé ar intinn acu an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur chun feidhme, a luaithe is féidir, faoi réir a nósanna imeachta inmheánacha riachtanacha a thabhairt chun críche. Chuige sin, cuireadh Iarscríbhinn maidir le Socruithe Eatramhacha, lena n‑áirítear Foscríbhinn maidir le Nósanna Imeachta Eadrána Achomhairc, leis an gComhaontú chun go bhféadfar í a chur i bhfeidhm ar bhonn eatramhach. Leanfaidh rannpháirtithe an Chomhaontaithe de chinneadh a lorg chun an Comhaontú a chur le hIarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. Beidh feidhm ag an gComhaontú ar bhonn eatramhach de bhun na hIarscríbhinne maidir le Socruithe Eatramhacha, go dtí an dáta a chuirfear an Comhaontú le Comhaontú EDT.

Bunófar leis an gComhaontú an chéad tacar domhanda rialacha riamh maidir leis an trádáil dhigiteach, agus leagfar síos leis bonn rialála ar ar féidir le tacar leathan tíortha oibriú chun a ngeilleagair dhigiteacha a fhorbairt agus trádáil dhigiteach intíre agus trasteorann a chur chun cinn.

Áirítear an méid seo a leanas sa Chomhaontú:

Disciplíní éascaithe trádála a bhféadfadh trádáil dhigiteach níos rianúla a bheith mar thoradh orthu laistigh de thíortha agus thar theorainneacha araon (e.g. forálacha maidir le trádáil gan pháipéar, conarthaí leictreonacha, fíordheimhniú leictreonach agus sínithe leictreonacha).

Forálacha chun muinín tomhaltóirí agus gnólachtaí araon as an timpeallacht trádála digití a fheabhsú (e.g. forálacha maidir le teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha gan iarraidh, cosaint tomhaltóirí ar líne, cibearshlándáil, nó rochtain oscailte ar an idirlíon).

Forálacha lena gcruthaítear timpeallacht trádála digití idirnáisiúnta níos iontaofa, lena náirithítear go leanfaidh tomhaltóirí agus cuideachtaí de rochtain a bheith acu ar an idirlíon agus ar sheirbhísí leictreonacha ar phraghsanna inacmhainne (e.g. forálacha maidir le híocaíochtaí leictreonacha nó seirbhísí teileachumarsáide).

Toirmeasc ar dhleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha.

Comhpháirt um fhorbairt, arb é is aidhm di rannpháirtíocht tomhaltóirí agus cuideachtaí ó thíortha i mbéal forbartha a chumasú agus a éascú sa trádáil dhigiteach.

Eisceacht chothrománach do bhearta chun sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint.

I gcomhréir le hAirteagal 29 den Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil, glacfar leis an gComhaontú trí ionstraim ghlactha a thaisceadh le hArd‑Stiúrthóir EDT. Tiocfaidh an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil i bhfeidhm, i gcás na gcomhaltaí EDT sin a ghlac leis, an 30ú lá tar éis an dáta a thaiscfear an 45ú hionstraim ghlactha.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rinneadh an chaibidlíocht i ndlúthchomhairle leis an gCoiste um an mBeartas Trádála (Seirbhísí agus Infheistíocht) dá bhforáiltear le hAirteagal 218(3) CFAE. Tá tabhairt i gcrích fhoirmiúil na caibidlíochta ag an gComhairle ar cheann de na céimeanna is gá faoi Airteagal 218(6) CFAE chun éifeacht dhlíthiúil a thabhairt don toradh caibidlithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Comhaontú seo go hiomlán i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh. 

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí substainteach 

Déantar foráil in Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le comhaontuithe trádála a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích mar chuid de chomhbheartas tráchtála an Aontais.

Cumhdaítear leis an gComhaontú rialacha idirnáisiúnta maidir leis an trádáil dhigiteach.

Ós rud é gurb é is príomhchuspóir agus is príomh‑chomhpháirt don Chomhaontú é trádáil dhigiteach a chur chun cinn le comhaltaí EDT, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach.

Bunús dlí don nós imeachta

Ós rud é gurb é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach, tá an Chomhairle leis an gcinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích a ghlacadh, tar éis di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a).

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) CFAE, bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.

Inniúlacht an Aontais

Is cuid de chomhbheartas tráchtála an Aontais faoi Airteagal 207 CFAE í an trádáil dhigiteach, ar réimse é ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas de bhun Airteagal 3(1)(e) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas.

Comhréireacht

Neamhbhainteach

An rogha ionstraime

Tíolactar an togra seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena dtabharfar i gcrích an comhaontú. Níl aon ionstraim dlí eile ann a d’fhéadfaí a úsáid chun an cuspóir a shaothraítear sa togra seo a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl an Comhaontú faoi réir nósanna imeachta REFIT. 

Cearta bunúsacha

Ní dhéanann an togra difear do chosaint ceart bunúsach laistigh den Aontas Eorpach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní mheastar go mbeidh tionchar airgeadais ag an gComhaontú ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear leis an gComhaontú an chéad tacar riamh de rialacha bonnlíne domhanda maidir leis an trádáil dhigiteach. Is comhaontú uile-gheilleagair é lena gcumhdaítear earraí, seirbhísí agus faisnéis. Eisiatar soláthar rialtais, seirbhísí rialtais agus faisnéis atá i seilbh an rialtais ó raon feidhme an Chomhaontaithe. Is iad seo a leanas na forálacha dlíthiúla:

Déantar foráil in Airteagal 4 maidir leis an gCreat um Idirbhearta Leictreonacha maidir le gealltanais lena spreagtar glacadh creataí dlíthiúla lena gcaitear go cothrom le faisnéis leictreonach agus faisnéis pháipéarbhunaithe agus lena ndeonaítear aitheantas dlíthiúil d’idirbhearta agus do phróisis leictreonacha. Spreagann sé freisin úsáid dhlíthiúil agus aithint ríomhthaifead inaistrithe.

Bunaítear le hAirteagal 5 maidir le Fíordheimhniú Leictreonach agus Ríomhshínithe nár cheart ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama ná ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe a dhiúltú ar an gcúis go bhfuil siad i bhfoirm leictreonach agus ar an gcúis sin amháin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar roinnt modhanna fíordheimhnithe nó ríomhshínithe caighdeáin áirithe feidhmíochta a chomhlíonadh nó deimhniúchán a éileamh ó údarás creidiúnaithe atá aitheanta ag an bpáirtí. Éascaíonn sé freisin ríomh‑fhíordheimhniú idir-inoibritheach agus spreagann sé comhar maidir le haitheantas frithpháirteach ríomhshínithe idir na páirtithe.

Áirithítear le hAirteagal 6 maidir le Conarthaí Leictreonacha nach ndiúltaítear bailíocht ná in‑fhorfheidhmitheacht dhlíthiúil do chonarthaí leictreonacha toisc go ndearnadh iad trí mheán leictreonach. Ní mór aon eisceacht a leagan amach i reachtaíocht ná i rialacháin.

Déantar foráil le hAirteagal 7 maidir le Ríomhshonrascadh go bhfuil ríomhshonraisc bailí de réir dlí. Ní mór aon eisceacht a leagan amach i reachtaíocht ná i rialacháin. Féachann sé freisin le prionsabail choiteanna agus comhar a bhunú maidir le hidir-inoibritheacht creataí ríomhshonrasctha a d’fhéadfadh cosc a chur ar chaighdeáin a bhaineann go sonrach le páirtí a bheith ina mbacainn trádála.

Féachann Airteagal 8 maidir le Trádáil gan Pháipéar lena áirithiú go bhfuil formhór mór na bhfoirmeacha is gá le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí ar fáil agus go nglactar leo go leictreonach.

Le hAirteagal 9 maidir le Malartú Sonraí Ionaid Ilfhreastail agus Idir-inoibritheacht Córais Leictreonaigh éascaítear glacadh ionad ilfhreastail leictreonach.

Le hAirteagal 10 maidir le ríomhíocaíochtaí, rialaítear ríomhíocaíochtaí idir na páirtithe agus cothaítear glacadh caighdeán idirnáisiúnta.

Le hAirteagal 11 maidir le Dleachtanna Custaim ar Tharchuir Leictreonacha, toirmisctear dleachtanna custaim a fhorchur ar tharchuir leictreonacha idir duine de chuid páirtí amháin agus duine de chuid páirtí eile, ach ní chuirtear cosc leis ar chánacha, táillí ná muirir eile inmheánacha a chur i bhfeidhm ar tharchuir den sórt sin. Déantar foráil leis an gComhaontú go ndéanfaidh na páirtithe athbhreithniú ar an Airteagal seo tar éis 5 bliana agus go mbreithneoidh siad an iomchuí aon leasú a dhéanamh.

Le hAirteagal 12 maidir le Sonraí Oscailte Rialtais éascaítear rochtain phoiblí ar shonraí rialtais chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, iomaíochas agus nuálaíocht a chothú.

Aithnítear in Airteagal 13 maidir le Rochtain ar an Idirlíon don Ríomhthráchtáil agus Úsáid an Idirlín don Ríomhthráchtáil a thábhachtaí atá rochtain ar an idirlíon agus úsáid an idirlín don ríomhthráchtáil.

Ceanglaítear le hAirteagal 14 maidir le Cosaint Tomhaltóirí ar Líne ar na páirtithe creataí dlíthiúla a chur i bhfeidhm lena gcosnaítear tomhaltóirí ar líne ar ghníomhaíochtaí tráchtála míthreoracha, calaoiseacha agus meabhlacha. Cuireann sé rochtain agus feasacht ar shásamh tomhaltóirí nó sásraí maidir le ceart cúitimh chun cinn freisin.

Ceanglaítear le hAirteagal 15 maidir le Teachtaireachtaí Tráchtála Leictreonacha Gan Iarraidh ar gach páirtí bearta a chur i bhfeidhm chun teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh a íoslaghdú.

Le hAirteagal 16 maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta, tugtar gealltanas ó pháirtithe creataí dlíthiúla a chur i bhfeidhm lena ndéantar foráil maidir le cosaint sonraí pearsanta agus lena spreagtar comhoiriúnacht idir córais éagsúla cosanta sonraí.

Le hAirteagal 17 maidir leis an gCibearshlándáil, éascaítear comhar, forbairt cumas náisiúnta cibearshlándála agus cineálacha cur chuige rioscabhunaithe i leith na cibearshlándála d’fhonn bacainní trádála a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú.

Le hAirteagal 18 maidir le Trédhearcacht, ceanglaítear ar na páirtithe gach beart a bhfuil feidhm ghinearálta aige i réimse na trádála digití a fhoilsiú go pras nó a chur ar fáil go poiblí.

Leagtar amach in Airteagal 19 maidir le Comhar creat chun comhar idir páirtithe a threisiú i réimsí sonracha leasa fhrithpháirtigh.

Le hAirteagal 20 maidir le Forbairt bunaítear sásraí chun tacú le geilleagair atá i mbéal forbartha, lena n‑áirítear na tíortha is lú forbairt, i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe. Áirítear ar na sásraí sin spriocdhátaí cur chun feidhme fadaithe, cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta.

Bunaítear le hAirteagal 21 maidir le Teileachumarsáid gealltanais ar údaráis rialála teileachumarsáide agus spreagtar páirtithe leis freisin próiseas a chur i gcrích chun minicíochtaí a shannadh ar bhealach oscailte, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach do gach úsáideoir, ag brath ar chineálacha cur chuige margadhbhunaithe.

Le hAirteagail 22 go 26 maidir le hEisceachtaí, ionchorpraítear sa Chomhaontú na heisceachtaí ginearálta agus slándála ó GATT agus GATS, chomh maith le foráil GATS maidir le bearta stuamachta. Bunaítear leo freisin eisceacht maidir le cosaint sonraí pearsanta agus an fhéidearthacht go gcaithfí ar bhealach níos fabhraí le pobail dhúchasacha.

na socruithe institiúideacha agus na forálacha críochnaitheacha in Airteagail 27 go 38, lena n‑áirítear: nósanna imeachta um Réiteach Díospóidí a bhunú (Airteagal 27) agus Coiste um ghnéithe den Ríomhthráchtáil a bhaineann le Trádáil a chruthú (Airteagal 28).

Leagtar amach in Airteagal 35 maidir le hAthbhreithniú bealach do pháirtithe athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar ghealltanais chun a áirithiú go gcoinneofar an Comhaontú cothrom le dáta agus ábhartha.

Tá forálacha san Iarscríbhinn maidir le Socruithe Eatramhacha lena rialaítear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe suas le dáta a ionchorpraithe in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT, lena n‑áirítear na forálacha sin a bhaineann le réiteach eatramhach díospóidí. Leis an bhFoscríbhinn maidir le Nósanna Imeachta Eadrána Achomhairc, bunaítear nósanna imeachta achomhairc eatramhacha.

Dá dtaiscfí ionstraim ghlactha an Aontais, cheadófaí teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar bhonn eatramhach do na comhaltaí EDT sin a ghlac leis, an 30ú lá tar éis dháta taiscthe an 45ú hionstraim ghlactha agus nuair a chuirfí le hIarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT í. 

Téacs an Chomhaontaithe agus fógraí

Cuirtear téacs an Chomhaontaithe faoi bhráid na Comhairle in éineacht leis an togra seo.

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé leanúint ar aghaidh le hionstraim ghlactha an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 29 den Chomhaontú a thaisceadh, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an bPrótacal a chur in iúl.

2026/0191 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 1 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ag an 11ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) i mí na Nollag 2017, d’aontaigh grúpa de 71 chomhalta EDT, lena náirítear an tAontas, tús a chur le hobair fiosrúcháin i dtreo caibidlíocht EDT amach anseo maidir le gnéithe den ríomhthráchtáil a bhaineann le trádáil.

(2)I mí Eanáir 2019, dhearbhaigh 77 gcomhalta EDT, lena náirítear an tAontas, i ráiteas comhpháirteach go raibh sé ar intinn acu tús a chur leis an gcaibidlíocht sin, agus d’aontaigh siad go bhféachfaidís le toradh ardchaighdeáin a bhaint amach a chuirfeadh le Comhaontuithe agus creataí EDT atá ann cheana le rannpháirtíocht an oiread comhaltaí EDT agus is féidir.

(3)I mí na Nollag 2024, tar éis 5 bliana de chaibidlíocht, scaip 71 chomhalta EDT teachtaireacht inar áiríodh téacs an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil (‘an Comhaontú’) agus inar cuireadh in iúl a gcuspóir comhroinnte cinneadh a lorg ag Comhairle Ghinearálta EDT chun an comhaontú a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’).

(4)Ní raibh Comhairle Ghinearálta EDT in ann teacht ar chomhdhearcadh maidir leis an gComhaontú a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT ag na seisiúin a bhí aici i mí Feabhra agus i mí na Nollag 2025.

(5)An 28 Márta 2026, eisíodh Dearbhú Comhpháirteach thar ceann 67 gcomhalta EDT, lena náirítear an tAontas, lena ndeimhnítear go bhfuil sé ar intinn acu an Comhaontú a chur chun feidhme, a luaithe is féidir, faoi réir a nósanna imeachta inmheánacha riachtanacha a thabhairt chun críche. Chuige sin, cuireadh Iarscríbhinn maidir le Socruithe Eatramhacha, lena náirítear Foscríbhinn maidir le Nósanna Imeachta Eadrána Achomhairc, leis an gComhaontú chun go bhféadfar í a chur i bhfeidhm ar bhonn eatramhach go dtí go nionchorprófar í in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT. Ba cheart do na páirtithe sa Chomhaontú leanúint de chinneadh a lorg chun an Comhaontú a chur le hIarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT 2 . Ba cheart feidhm shealadach a bheith ag an gComhaontú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn maidir le Socruithe Eatramhacha, go dtí an dáta a chuirfear an Comhaontú le Comhaontú EDT.

(6)Bunófar leis an gComhaontú an chéad tacar domhanda rialacha riamh maidir leis an trádáil dhigiteach, agus leagfar síos leis bonn rialála ar ar féidir le tacar leathan tíortha oibriú chun a ngeilleagair dhigiteacha a fhorbairt agus trádáil dhigiteach intíre agus trasteorann a chur chun cinn.

(7)Leis na conclúidí ón gComhairle ag tús an 14ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT an 26 Márta 2026 3 , tacaítear leis an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme an Chomhaontaithe a luaithe is féidir, lena náirítear trína chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach.

(8)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [dáta na tuairime] 4 .

(9)I gcomhréir le hAirteagal 29 den Chomhaontú, ba cheart glacadh leis an gComhaontú trí ionstraim ghlactha a thaisceadh le hArdStiúrthóir EDT.

(10)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil (‘an Comhaontú’). Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ní fhorléireofar aon ní sa Phrótacal seo mar ní lena dtugtar cearta nó lena bhforchuirtear oibleagáidí is féidir a agairt go díreach i gcúirteanna an Aontais nó na mBallstát.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

   [...]

(1)    IO C […], […], lch. […].
(2)    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Ghinearálta EDT páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh, i gcás ina dtiocfar air i measc chomhaltaí EDT, chun an Comhaontú a ionchorprú in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT de bhun Chinneadh (AE) 2025/915 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2025.
(3)    ST 7777/2026.
(4)    IO C [...], [...], lch. [...].
Top

An Bhruiséil,13.7.2026

COM(2026) 356 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríomhthráchtáil


CEANGALTÁN

WT/MIN(26)/42

An 27 Aibreán 2026

An Chomhdháil Aireachta
An Ceathrú Seisiún Déag

Yaoundé, 26-30 Márta 2026

DEARBHÚ MAIDIR LE SOCRUITHE EATRAMHACHA I gCOMHAIR
AN CHOMHAONTAITHE MAIDIR LE RÍOMHTHRÁCHTÁIL
1

An 28 Márta 2026

Tá an Dearbhú seo á eisiúint arna iarraidh sin don Airgintín; an Astráil; Bairéin, Ríocht Bhairéin; Beinin; Brúiné Darasalám; Buircíne Fasó; Cabo Verde; Ceanada; an tSín; Cósta Ríce; an tAontas Eorpach; an Ghaimbia; an tSeoirsia; Hong Cong, an tSín; an Íoslainn; Iosrael; an tSeapáin; an Chasacstáin; an Chóiré, Poblacht na Cóiré; Cuáit, Stát; Poblacht na Cirgise; Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laoch; Lichtinstéin; an Mhalaeisia; Oileán Mhuirís; an Mholdóiv, Poblacht na Moldóive; an Mhongóil; Montainéagró; an Nua-Shéalainn; an Mhacadóin Thuaidh; an Iorua; Óman; Peiriú; na hOileáin Fhilipíneacha; Catar; Singeapór; an Eilvéis; an Úcráin; Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha; agus an Ríocht Aontaithe.

1.Dearbhaíonn na Comhaltaí thuasluaite den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘EDT’), dá ngairtear na ‘Rannpháirtithe’ anseo feasta, a dtiomantas rialacha EDT a chomhaontú maidir le gnéithe trádála den ríomhthráchtáil, mar a fógraíodh an 25 Eanáir 2019 ( WT/L/1056 ).

2.Tugann na Rannpháirtithe dá n-aire gur iarr siad ar an gComhairle Ghinearálta an 18 Feabhra 2025 ( WT/GC/W/963 ) agus an 16 Nollaig 2025 ( WT/GC/W/963/Rev.1 ) cinneadh a ghlacadh chun an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur le hIarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), de bhun mhír 9 d’Airteagal X de Chomhaontú EDT. Ní raibh an Chomhairle Ghinearálta in ann teacht ar chomhthoil maidir leis an iarraidh sin.

3.Tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur chun feidhme a luaithe is féidir, faoi réir aon nós imeachta intíre is gá a chur i gcrích, chun tús a chur le dul chun tairbhe do ghnólachtaí, d’oibrithe agus do thomhaltóirí a bhfuil baint acu leis an trádáil dhigiteach, agus chun tacú leis an gclaochlú digiteach laistigh dá ngeilleagair faoi seach agus ar fud a ngeilleagar faoi seach trí chreataí riailbhunaithe.

4.Chuige sin, tá socruithe eatramhacha ullmhaithe ag na Rannpháirtithe, a áirítear in Iarscríbhinn nua maidir le Socruithe Eatramhacha a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil.

5.Tá sé d’aidhm ag na Rannpháirtithe dul ar aghaidh leis na nósanna imeachta intíre is gá chun glacadh leis an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil, lena n-áirítear an Iarscríbhinn maidir le Socruithe Eatramhacha, mar atá i gceangal leis an dearbhú seo. Tiocfaidh an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 29 de nuair a bheidh 45 ionstraim ghlactha taiscthe.

6.Leanann na Rannpháirtithe d’aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag EDT maidir le timpeallachtaí rialála oscailte, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus intuartha a chur chun cinn chun ríomhthráchtáil a éascú.

7.Dá bhrí sin, leanfaidh na Rannpháirtithe de chinneadh a lorg chun an Comhaontú maidir le Ríomhthráchtáil a chur le hIarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT.

8.Leagann na Rannpháirtithe béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha aonair agus spriocdhírithe trí thréimhsí cur chun feidhme, cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta mar a thuairiscítear in Airteagal 20 den Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil.

9.Aithníonn na Rannpháirtithe a thábhachtaí atá sé athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an gComhaontú maidir le Ríomhthráchtáil agus cineál athraitheach na ríomhthráchtála agus na teicneolaíochta digití á chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 35 den Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil.

10.Molann na Rannpháirtithe do gach Comhalta EDT eile páirt a ghlacadh sa Chomhaontú maidir le Ríomhthráchtáil agus, sa chomhthéacs sin, leathnóidh siad for-rochtain chuig Comhaltaí EDT maidir le tairbhí an Chomhaontaithe chun ríomhthráchtáil a éascú.

COMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOMHTHRÁCHTÁIL

BROLLACH

Tá na Páirtithe sa Chomhaontú seo (dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta),

Ag cur lena gcearta agus lena n-oibleagáidí faoi seach faoi Chomhaontú EDT;

Ag aithint dóibh an ceart atá ag gach Páirtí bearta rialála a ghlacadh chun cuspóirí beartais dlisteanacha a bhaint amach;

Ag athdhearbhú a thábhachtaí atá an ríomhthráchtáil dhomhanda agus na deiseanna a chruthaítear léi don fhás eacnamaíoch agus don fhorbairt inbhuanaithe;

Agus béim á leagan ar an tábhacht a bhaineann le creataí lena gcuirtear timpeallachtaí rialála oscailte, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus intuartha chun cinn chun an ríomhthráchtáil a éascú;

Ag aithint dóibh a thábhachtaí atá forbairt agus úsáid shábháilte fhreagrach na dteicneolaíochtaí digiteacha chun muinín an phobail a chothú;

Agus é de rún daingean acu an deighilt dhigiteach a laghdú tuilleadh, agus feabhas a chur ar na tairbhí agus na deiseanna a chuireann an ríomhthráchtáil ar fáil do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus d’oibrithe sa gheilleagar domhanda, agus go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha agus sna tíortha is lú forbairt;

Ag aithint dóibh riachtanais speisialta na bPáirtithe is tíortha i mbéal forbartha agus, go háirithe, na bPáirtithe is tíortha is lú forbairt agus a thábhachtaí atá sé tacú leo an Comhaontú seo a chur chun feidhme trí chúnamh teicniúil feabhsaithe agus fothú acmhainneachta;

Ag aithint dóibh acmhainneacht na ríomhthráchtála mar uirlis forbartha sóisialta agus eacnamaíche agus a thábhachtaí atá sé idir-inoibritheacht, nuálaíocht, iomaíocht agus rochtain ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a fheabhsú do gach duine, go háirithe grúpaí faoi ghannionadaíocht, agus do MFBManna;

Ag comhaontú, leis seo, an mhéid seo leanas:

ROINN A

RAON FEIDHME AGUS FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1: Raon feidhme

1.1Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le bearta arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun ag Páirtí, ar bearta iad a dhéanann difear do thrádáil trí mheán leictreonach.

1.2Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)soláthar rialtais;

(b)seirbhís a sholáthraítear agus údarás rialtasach á fheidhmiú; nó

(c)cé is moite d’Airteagal 8, Airteagal 9, agus Airteagal 12, faisnéis arna coinneáil nó arna próiseáil ag Páirtí nó thar a cheann, nó bearta a bhaineann leis an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear bearta a bhaineann lena bailiú.

Airteagal 2: Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

(a)Ciallaíonn ‘Coiste’ an Coiste um Ghnéithe den Ríomhthráchtáil a bhaineann le Trádáil arna bhunú faoi Airteagal 28.1;

(b)áirítear le ‘tír’ aon chríoch chustaim ar leithligh is Páirtí sa Chomhaontú seo. I gcás críoch chustaim ar leithligh is Páirtí sa Chomhaontú seo, i gcás ina gcáilítear nath sa Chomhaontú seo leis an téarma ‘náisiúnta’, tuigfear go mbaineann an nath sin leis an gcríoch chustaim sin, mura sonraítear a mhalairt;

(c)Ciallaíonn ‘Comhthuiscint maidir le Réiteach Díospóidí’ an Chomhthuiscint maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta a Rialaíonn Réiteach Díospóidí, a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú EDT;

(d)ciallaíonn ‘fiontar’ aon eintiteas arna chomhdhéanamh nó arna eagrú faoin dlí is infheidhme, bíodh sin ar mhaithe le brabús nó ná bíodh, agus bíodh sé faoi úinéireacht nó faoi rialú príobháideach nó rialtais, lena n-áirítear aon bhrainse, corparáid, iontaobhas, comhpháirtíocht, dílseánacht aonair, comhfhiontar, nó comhlachas;

(e)Ciallaíonn ‘GATS’ an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí, a leagtar amach in Iarscríbhinn 1B a ghabhann le Comhaontú EDT;

(f)Ciallaíonn ‘GATT 1994’ an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994, a leagtar amach in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT;

(g)ciallaíonn ‘soláthar rialtais’ an próiseas trína bhfaigheann rialtas earraí nó seirbhísí nó trína bhfaigheann rialtas úsáid earraí nó seirbhísí, nó aon teaglaim díobh sin, chun críoch rialtais agus ní d’fhonn iad a dhíol nó a athdhíol ar bhonn tráchtála ná iad a úsáid i dtáirgeadh nó i soláthar earraí nó seirbhísí le haghaidh díol nó athdhíol ar bhonn tráchtála;

(h)ciallaíonn ‘beart’ aon bheart a dhéanann Páirtí, cibé acu i bhfoirm dlí, rialacháin, rialach, nós imeachta, chinnidh, gnímh riaracháin nó in aon fhoirm eile;

(i)Ciallaíonn “MFBManna” micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide;

(j)ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha nó fiontar;

(k)tá le ‘seirbhís a sholáthraítear agus údarás rialtasach á fheidhmiú’ an bhrí atá leis in GATS, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Airgeadais a ghabhann le GATS; agus

(l)ciallaíonn ‘Comhaontú EDT’ Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, arna dhéanamh in Marrakech an 15 Aibreán 1994.

Airteagal 3: Gaol le Comhaontuithe Eile

3.1Dearbhaíonn na Páirtithe na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu faoi Chomhaontú WTO. Dearbhaíonn na Páirtithe freisin nach gcruthaíonn an Comhaontú seo oibleagáidí ná cearta do Chomhaltaí EDT nár ghlac leis.

3.2Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar ní a laghdaíonn cearta agus oibleagáidí Páirtí faoi Chomhaontú EDT, lena n-áirítear aon ghealltanas maidir le rochtain ar an margadh atá inscríofa i sceideal gealltanas Páirtí i leith GATT 1994 nó GATS, faoi seach 2 .

ROINN B

RÍOMHTHRÁCHTÁIL A CHUMASÚ

Airteagal 4: Creat Ríomh-Idirbheart

4.1Féachfaidh gach Páirtí le creat dlíthiúil a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena rialaítear ríomh-idirbhearta, creat atá comhsheasmhach le prionsabail Dlí Eiseamláireach UNCITRAL maidir leis an Ríomhthráchtáil 1996.

4.2Féachfaidh gach Páirtí leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)aon ualach rialála míchuí ar ríomh-idirbhearta a sheachaint; agus

(b)ionchur ó dhaoine leasmhara a éascú maidir le forbairt a chreata dhlíthiúil le haghaidh ríomh-idirbheart.

4.3Aithníonn gach Páirtí a thábhachtaí atá sé úsáid ríomhthaifead inaistrithe a éascú. Chuige sin, féachfaidh gach Páirtí le creat dlíthiúil a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena gcuirtear Dlí Eiseamláireach UNCITRAL maidir le Ríomhthaifid Inaistrithe 2017 san áireamh.

Airteagal 5: Ríomh-fhíordheimhniú agus Ríomhshínithe 3  

5.1Chun críocha an Airteagail seo:

(a)ciallaíonn ‘ríomh-fhíordheimhniú’ an próiseas nó an gníomh ina fhíoraítear aitheantas páirtí i ríomhchumarsáid nó idirbheart leictreonach nó ina áirithítear sláine ríomhchumarsáide; agus

(b)ciallaíonn ‘ríomhshíniú’ sonraí i bhfoirm leictreonach atá ina gcuid de theachtaireacht sonraí leictreonacha, nó atá curtha léi nó a bhfuil baint loighciúil acu léi agus a fhéadfar a úsáid chun an sínitheoir a shainaithint maidir leis an teachtaireacht sonraí agus a chuireann in iúl go bhformheasann an sínitheoir an fhaisnéis atá sa teachtaireacht sonraí. 

5.2Ach amháin in imthosca dá bhforáiltear a mhalairt faoina dhlíthe nó faoina rialacháin, ní dhiúltóidh Páirtí éifeacht dhlíthiúil, bailíocht dhlíthiúil ná inghlacthacht ríomhshínithe mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ar an aon fhoras amháin gur i bhfoirm leictreonach atá an síniú.

5.3Ní dhéanfaidh aon Pháirtí bearta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun lena ndéanfaí an méid seo a leanas:

(a)toirmeasc a chur ar pháirtithe i ríomh-idirbheart an modh ríomh-fhíordheimhnithe iomchuí nó an ríomhshíniú iomchuí maidir leis an idirbheart sin a chinneadh go frithpháirteach; nó

(b)cosc a chur ar pháirtithe i ríomh-idirbheart an deis a bheith acu a shuí os comhair údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin go gcomhlíonann a n-idirbheart aon cheanglas dlíthiúil i ndáil le ríomh-fhíordheimhniú nó ríomhshínithe.

5.4D’ainneoin mhír 3, féadfaidh Páirtí a cheangal, i gcás catagóir áirithe idirbheart, go gcomhlíonann an modh fíordheimhnithe nó ríomhshínithe caighdeáin áirithe feidhmíochta nó go bhfuil sé deimhnithe ag údarás creidiúnaithe i gcomhréir lena dhlíthe nó lena rialacháin.

5.5A mhéid a fhoráiltear faoina dhlíthe nó a rialacháin, cuirfidh gach Páirtí míreanna 2 go 4 i bhfeidhm maidir le ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama agus seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha.

5.6Spreagfaidh Páirtithe úsáid ríomh-fhíordheimhnithe idir-inoibrithigh.

5.7Féadfaidh Páirtithe oibriú le chéile, ar bhonn deonach, chun an t-aitheantas frithpháirteach do ríomhshínithe a spreagadh.

Airteagal 6: Conarthaí Leictreonacha

Ach amháin in imthosca dá bhforáiltear a mhalairt faoina dhlíthe nó faoina rialacháin, ní dhiúltóidh Páirtí éifeacht dhlíthiúil, bailíocht dhlíthiúil ná infhorfheidhmitheacht conartha leictreonaigh 4 ar an aon fhoras amháin gur trí mhodh leictreonach a rinneadh an conradh.

Airteagal 7: Ríomhshonrascadh

7.1Chun críocha an Airteagail seo:

(a)ciallaíonn ‘ríomhshonrascadh’ próiseáil agus malartú sonraisc idir díoltóir agus ceannaitheoir agus úsáid á baint as formáid dhigiteach struchtúrtha; agus

(b)ciallaíonn ‘creat ríomhshonrasctha’ córas lena n-éascaítear an ríomhshonrascadh.

7.2Ach amháin in imthosca dá bhforáiltear a mhalairt faoina dhlíthe nó faoina rialacháin, ní dhiúltóidh Páirtí éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha sonraisc ar an aon fhoras amháin gur i bhfoirm leictreonach atá an sonrasc.

7.3Aithníonn na Páirtithe gur féidir le creataí ríomhshonrasctha cuidiú le feabhas a chur ar chostéifeachtacht, éifeachtúlacht, cruinneas agus iontaofacht idirbheart ríomhthráchtála.

7.4A mhéid a fhorbraíonn Páirtí beart a bhaineann le creataí ríomhshonrasctha, féachfaidh sé leis an mbeart a dhearadh chun tacú le hidir-inoibritheacht trasteorann, lena n-áirítear trí chaighdeáin, treoirlínte nó moltaí idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh, i gcás inarb ann dóibh.

7.5Féachfaidh gach Páirtí, de réir mar is iomchuí, le dea-chleachtais a bhaineann le ríomhshonrascadh a chomhroinnt.

Airteagal 8: Trádáil gan Pháipéar

8.1Chun críocha an Airteagail seo:

(a)ciallaíonn ‘údarás custaim’ aon údarás atá freagrach faoi dhlí Páirtí as a dhlíthe agus a rialacháin chustaim a riar;

(b)áirítear le ‘formáid leictreonach’ aon fhormáid atá oiriúnach do léirmhíniú uathoibrithe agus do phróiseáil leictreonach gan idirghabháil an duine, chomh maith le híomhánna nó foirmeacha digitithe; agus

(c)ciallaíonn ‘doiciméadacht tacaíochta’ aon doiciméadacht is gá chun tacú leis an bhfaisnéis a thíolactar do Pháirtí chun earraí a allmhairiú, a onnmhairiú nó a iompar trína chríoch, lena bhféadfaí doiciméid amhail sonraisc, billí luchta, liostaí pacála, nó aistrithe airgid a áireamh.

8.2Chun timpeallacht teorann gan pháipéar a chruthú le haghaidh trádáil in earraí, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le foirmeacha páipéir agus le doiciméid atá riachtanach maidir le hallmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí. Chun na críche sin, spreagtar gach Páirtí deireadh a chur le foirmeacha agus doiciméid páipéir, de réir mar is iomchuí, agus aistriú i dtreo foirmeacha agus doiciméid a úsáid i bhformáidí atá bunaithe ar shonraí.

8.3Déanfaidh gach Páirtí aon fhoirm a eisíonn nó a rialaíonn a údarás custaim le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí trína chríoch a chur ar fáil don phobal i bhformáid leictreonach.

8.4Féachfaidh gach Páirtí le haon fhoirm arna heisiúint nó arna rialú ag aon ghníomhaireacht rialtais seachas a húdarás custaim le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí trína chríoch a chur ar fáil don phobal i bhformáid leictreonach.

8.5Ní cheanglófar ar aon Pháirtí míreanna 3 nó 4 a chur i bhfeidhm más ann do cheanglas dlí idirnáisiúnta dá mhalairt.

8.6Féachfaidh gach Páirtí le treoracha a chur ar fáil tríd an Idirlíon maidir leis na foirmeacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chur isteach i bhformáid leictreonach.

8.7Glacfaidh gach Páirtí le haon fhoirm a eiseoidh nó a rialóidh a údarás custaim agus, de réir mar is iomchuí, le doiciméadacht tacaíochta, a éileoidh a údarás custaim chun earraí a allmhairiú, a onnmhairiú nó a aistriú trína chríoch agus a chuirfear isteach i bhformáid leictreonach mar choibhéis dhlíthiúil an leagain pháipéir de na doiciméid sin. 

8.8Féachfaidh gach Páirtí le glacadh le haon fhoirm arna heisiúint nó arna rialú ag aon ghníomhaireacht rialtais seachas a húdarás custaim agus, de réir mar is iomchuí, le doiciméadacht tacaíochta, a éilíonn aon ghníomhaireacht rialtais seachas a húdarás custaim le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí trína chríoch arna cur isteach i bhformáid leictreonach mar choibhéis dhlíthiúil an leagain pháipéir de na doiciméid sin.

8.9Ní cheanglófar ar aon Pháirtí míreanna 7 ná 8 a chur i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

(a)go bhfuil a mhalairt de cheanglas dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta ann; nó

(b)dá ndéanfaí amhlaidh, laghdófaí éifeachtacht na nósanna imeachta custaim nó na nósanna imeachta trádála eile is gá chun earraí a allmhairiú, a onnmhairiú nó a iompar trína chríoch.

8.10Féachfaidh gach Páirtí le fógra a thabhairt don Choiste faoi liosta d’aon fhoirm pháipéir a cheanglaítear faoi fhomhír 9(a) laistigh de 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Féachfaidh gach Páirtí leis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí.

8.11Féachfaidh na Páirtithe le hoibriú i gcomhar, de réir mar is iomchuí, i bhfóraim idirnáisiúnta chun úsáid foirmeacha leictreonacha agus doiciméad leictreonach is gá le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí a chur chun cinn.

8.12Agus é á aithint acu gur féidir trádáil a éascú trí chaighdeán idirnáisiúnta a úsáid chun foirmeacha leictreonacha agus doiciméid leictreonacha is gá le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí a úsáid, féachfaidh gach Páirtí le caighdeáin eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha nó modhanna arna gcomhaontú acu a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 9: Malartú Sonraí Ionaid Ilfhreastail agus Idir-inoibritheacht Córais

9.1Agus a ionad ilfhreastail á bhunú nó á choinneáil ar bun aige faoi mhír 4.1 d’Airteagal 10 den Chomhaontú um Éascú Trádála, a leagtar amach in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú EDT, féachfaidh gach Páirtí le cumasú trí phointe iontrála aonair na doiciméadachta nó na sonraí a éilíonn an Páirtí sin le haghaidh allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí trína chríoch a chur isteach go leictreonach le haghaidh a údaráis nó a ghníomhaireachtaí rannpháirteacha uile. 

9.2Le hionad ilfhreastail an Pháirtí, ba cheart a bheith in ann, i gcás inar féidir, doiciméadacht nó sonraí a chur isteach go leictreonach roimh ré chun tús a chur le próiseáil faisnéise sula dtiocfaidh earraí isteach d’fhonn scaoileadh earraí a bhrostú ar theacht isteach ina chríoch dó. 

9.3Agus a ionad ilfhreastail á bhunú nó á choinneáil ar bun aige, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas: 

(a)féachfaidh sé le Samhail Sonraí na hEagraíochta Domhanda Custaim nó caighdeáin idirnáisiúnta eile le haghaidh eilimintí sonraí a ionchorprú, de réir mar is iomchuí; 

(b)áiritheoidh sé cosaint agus rúndacht na sonraí a mhalartaítear le hionaid ilfhreastail eile, aon uair a cheadaítear an malartú sin; agus 

(c)moltar dó uimhir thagartha nó uirlis fíoraithe céannachta eile a chur chun feidhme chun sonraí a bhaineann le hidirbheart aonair a shainaithint go huathúil. 

9.4I gcás nach mbeidh ionad ilfhreastail ar fáil nó nach ndéanfar é a chomhtháthú le húdaráis chustaim Páirtí, beidh feidhm ag mír 3, de réir mar is iomchuí, maidir le córais bainistíochta custaim a úsáidtear chun sonraí a bhaineann le hallmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras earraí trína chríoch a phróiseáil. 

9.5De bhreis ar mhíreanna 3 agus 4, féachfaidh na Páirtithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh: 

(a)a dtaithí féin a roinnt maidir le hionad ilfhreastail a bhunú nó a choinneáil ar bun; agus 

(b)oibriú i dtreo eilimintí sonraí agus próisis chustaim a chomhchuibhiú, a mhéid is indéanta. 

9.6Agus leasanna MFBManna á gcur san áireamh, féachfaidh na Páirtithe le cead a thabhairt do thrádálaithe agus do pháirtithe leasmhara eile soláthraithe seirbhíse a úsáid chun sonraí a mhalartú thar a gceann le hionad ilfhreastail nó, i gcás nach mbeidh ionad ilfhreastail ar fáil, le córas bainistíochta custaim 5 .

Airteagal 10: Ríomhíocaíochtaí

10.1Chun críocha an Airteagail seo:

(a)ciallaíonn ‘ríomhíocaíocht’ aistriú éilimh airgeadaíochta ar dhuine ón díoltóir ar aistriú é atá inghlactha don íocaí agus a dhéantar trí mhodh leictreonach ach nach n-áirítear leis seirbhísí íocaíochta banc ceannais a bhaineann le réiteach idir soláthróirí seirbhísí airgeadais 6 ; agus

(b)ciallaíonn ‘eagraíocht féinrialála’ comhlacht neamhrialtasach atá aitheanta ag Páirtí mar chomhlacht féinrialála agus a fheidhmíonn údarás rialála nó maoirseachta ar sholáthróirí seirbhísí ríomhíocaíochtaí nó ar sholáthróirí seirbhísí airgeadais le reacht de chuid rialtas láir nó rialtas réigiúnach an Pháirtí sin nó le tarmligean uaidh.

10.2Aithníonn na Páirtithe an méid seo a leanas, i bhfianaise fás tapa ríomhíocaíochtaí, go háirithe ríomhíocaíochtaí arna soláthar ag soláthróirí nua seirbhísí ríomhíocaíochtaí:

(a)an tairbhe a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt ríomhíocaíochtaí trasteorann atá sábháilte, éifeachtúil, iontaofa, slán, inacmhainne agus inrochtana trí chaighdeáin a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a ghlacadh agus a úsáid, trí idir-inoibritheacht córas ríomhíocaíochta a chur chun cinn agus trí nuálaíocht úsáideach agus iomaíocht úsáideach a spreagadh sna seirbhísí ríomhíocaíochta;

(b)a thábhachtaí atá sé tabhairt isteach táirgí agus seirbhísí ríomhíocaíochtaí atá sábháilte, éifeachtúil, iontaofa, slán, inacmhainne agus inrochtana a chumasú go tráthúil; agus

(c)a thábhachtaí atá sé seasamh le córais ríomhíocaíochtaí atá sábháilte, éifeachtúil, iontaofa, slán agus inrochtana trí dhlíthe agus rialacháin lena gcuirtear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, na rioscaí a bhaineann leis na córais sin.

10.3I gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin, féachfaidh gach Páirtí leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)Sa bhreis ar Airteagal 18, déanfaidh sé a dhlíthe agus a rialacháin maidir le híocaíochtaí leictreonacha, lena n-áirítear a dhlíthe agus a rialacháin a bhaineann le formheasanna rialála, ceanglais ceadúnúcháin, nósanna imeachta agus caighdeáin theicniúla, a chur ar fáil go poiblí go tráthúil;

(b)cinntí a thabhairt chun críche go tráthúil maidir le formheasanna rialála nó ceadúnúcháin;

(c)caighdeáin íocaíochta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a chur san áireamh, i gcás córais ríomhíocaíochtaí ábhartha, chun idir-inoibritheacht níos mó idir córais ríomhíocaíochtaí a chumasú; agus

(d)soláthróirí seirbhísí ríomhíocaíochtaí agus soláthróirí seirbhísí airgeadais a spreagadh chun idir-inoibritheacht, iomaíocht, slándáil agus nuálaíocht níos fearr a éascú maidir le ríomhíocaíochtaí, lena bhféadfaí comhpháirtíochtaí le soláthraithe tríú páirtí a chuimsiú ann, faoi réir bainistiú riosca iomchuí.

10.4Faoi réir aon téarma, teorainn, coinníoll nó cáilíocht a leagtar amach ina Sceideal Gealltanas a ghabhann le GATS (‘Sceideal’), gach Páirtí a thug gealltanas ina Sceideal i leith soláthar Mhodh 3 (Láithreacht Tráchtála) lena gcumhdaítear seirbhísí íocaíochtaí leictreonacha, deonóidh sé, ar théarmaí agus coinníollacha lena dtugtar cóir náisiúnta, rochtain ar chórais íocaíochta agus imréitigh 7 arna n-oibriú ag eintiteas poiblí 8 do sholáthróirí seirbhísí airgeadais Páirtí eile atá bunaithe ina chríoch.

10.5Páirtí nár thug faoi ghealltanas dá dtagraítear i mír 4, féachfaidh sé leis an oibleagáid a shonraítear ann a chomhlíonadh, a mhéid is indéanta.

10.6Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní cheanglaítear le haon ní i míreanna 4 ná 5 ar Pháirtí cead a thabhairt do sholáthróirí seirbhíse de chuid Páirtí eile dul i mbun na seirbhísí nach bhfuil gealltanais shonracha tugtha aige ina leith faoi GATS.

10.7De bhreis ar Airteagal 18, déanfaidh gach Páirtí, a mhéid is infheidhme, cibé bearta réasúnta a bheidh ar fáil dó chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun ag a eagraíochtaí féinrialála a fhoilsiú go pras nó a chur ar fáil go poiblí ar bhealach eile.

10.8Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní choisceann aon ní san Airteagal seo ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena rialaítear an gá ceadúnais nó ceadanna a fháil, nó iarratais ar rochtain a fhormheas.

ROINN C

OSCAILTEACHT AGUS RÍOMHTHRÁCHTÁIL

Airteagal 11: Dleachtanna Custaim ar Tharchuir Leictreonacha

11.1Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘tarchur leictreonach’ tarchur a dhéantar trí úsáid a bhaint as aon mhodh leictreamaighnéadach agus áirítear leis ábhar an tarchuir.

11.2Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an Clár Oibre maidir le Ríomhthráchtáil ( WT/L/274 ) agus aithníonn siad go raibh ról tábhachtach i bhforbairt an gheilleagair dhigitigh ag an gcleachtas gan dleachtanna custaim a fhorchur ar tharchuir leictreonacha.

11.3Ní fhorchuirfidh aon Pháirtí dleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha idir duine de Pháirtí amháin agus duine de Pháirtí eile.

11.4Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirfear bac le mír 3 ar Pháirtí cánacha inmheánacha, táillí nó muirir eile a fhorchur ar tharchuir leictreonacha, ar bhealach nach bhfuil ar neamhréir leis an gComhaontú EDT.

11.5Agus cineál athraitheach na ríomhthráchtála agus na teicneolaíochta digití á chur san áireamh, déanfaidh na Páirtithe athbhreithniú ar an Airteagal seo sa chúigiú bliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar thionchair an Airteagail seo agus cé acu atá nó nach bhfuil aon leasú iomchuí.

Airteagal 12: Sonraí Oscailte Rialtais 9

12.1Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘meiteashonraí’ faisnéis struchtúrach nó thuairisciúil faoi shonraí, amhail inneachar, formáid, foinse, cearta, cruinneas, tionscnamh, minicíocht, tréimhsiúlacht, gráinneacht, foilsitheoir nó páirtí freagrach, faisnéis teagmhála, modh bailithe nó comhthéacs.

12.2Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le bearta arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun ag Páirtí i ndáil le sonraí atá i seilbh a rialtais láir, nach bhfuil a nochtadh srianta faoina dhlí agus a chuireann an Páirtí sin ar fáil go digiteach lena rochtain agus lena n-úsáid ag an bpobal (dá ngairtear ‘sonraí rialtais’ anseo feasta).

12.3Aithníonn na Páirtithe an tairbhe a bhaineann le sonraí atá i seilbh rialtas réigiúnach nó áitiúil a chur ar fáil go digiteach lena rochtain agus lena n-úsáid ag an bpobal ar bhealach atá comhsheasmhach le míreanna 4 go 6.

12.4Aithníonn na Páirtithe go gcothaítear forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, iomaíochas agus nuálaíocht trí rochtain an phobail ar shonraí rialtais agus úsáid na sonraí sin a éascú. Chuige sin, spreagtar na Páirtithe cumhdach na sonraí sin a leathnú, amhail trí idirphlé agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

12.5A mhéid a roghnaíonn Páirtí sonraí rialtais a chur ar fáil go digiteach lena rochtain agus a úsáid ag an bpobal, féachfaidh sé, a mhéid is indéanta, leis an méid seo a leanas a áirithiú, maidir leis na sonraí sin:

(a)go gcuirfear na sonraí ar fáil i bhformáid meaisín-inléite agus oscailte;

(b)inchuardaithe agus in-aisghafa;

(c)go dtabharfar cothrom le dáta iad, de réir mar is infheidhme, go tráthúil;

(d)beidh meiteashonraí ag gabháil leis na sonraí, ar meiteashonraí iad a bheidh bunaithe, a mhéid is féidir, ar fhormáidí a úsáidtear go coitianta agus lena mbeidh an t‑úsáideoir in ann na sonraí a thuiscint agus a úsáid; agus

(e)go gcuirfear ar fáil iad go ginearálta saor in aisce nó ar chostas réasúnta don úsáideoir.

12.6A mhéid a roghnaíonn Páirtí sonraí rialtais a chur ar fáil go digiteach le haghaidh rochtain agus úsáid an phobail, féachfaidh sé lena sheachaint go bhforchuirfeadh sé coinníollacha a chuirfeadh cosc nó srian ar úsáideoir na sonraí sin ón méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)na sonraí a atáirgeadh, a athdháileadh nó a athfhoilsiú;

(b)na sonraí a athghrúpáil; nó

(c)na sonraí a úsáid chun críoch tráchtála agus neamh-thráchtála, lena n-áirítear mar chuid de tháirge nó seirbhís nua a tháirgeadh 10 .

12.7Féachfaidh na Páirtithe le dul i gcomhar maidir le hábhair lena n-éascaítear agus lena leathnaítear rochtain phoiblí ar shonraí rialtais agus úsáid na sonraí sin, lena n-áirítear faisnéis agus taithí maidir le cleachtais agus beartais a mhalartú, d’fhonn forbairt na ríomhthráchtála a spreagadh agus deiseanna gnó a chruthú, go háirithe do MFBManna.

Airteagal 13: Rochtain ar an Idirlíon don Ríomhthráchtáil agus Úsáid an Idirlín sin

13.1Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine a cheannaíonn seirbhís um rochtain ar an Idirlíon ó sholáthróir seirbhíse um rochtain ar an Idirlíon nó a shuibscríobhann leis an tseirbhís sin.

13.2Aithníonn na Páirtithe na tairbhí a bhaineann le húsáideoirí deiridh ina gcríocha faoi seach a bhfuil sé ar a gcumas an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)seirbhísí agus feidhmchláir dhleathacha is rogha leo agus atá ar fáil ar an idirlíon a rochtain agus a úsáid, faoi réir bainistiú réasúnta líonra nach gcuirtear bac nó moill leis ar thrácht idirlín chun buntáiste tráchtála míchuí a fháil 11 ;

(b)a rogha feistí a nascadh leis an Idirlíon, ar choinníoll nach ndéanann na feistí sin dochar don líonra; agus

(c)rochtain a fháil ar fhaisnéis thrédhearcach agus shoiléir maidir le cleachtais a soláthróra seirbhíse rochtana idirlín maidir le bainistiú líonra.

13.3Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní cheanglaítear le haon ní i mír 2 ar Pháirtí beart ar leith a ghlacadh, a leasú ná a choinneáil ar bun chun na prionsabail a leagtar amach sa mhír sin a chur chun feidhme.

ROINN D

IONTAOIBH AGUS RÍOMHTHRÁCHTÁIL

Airteagal 14: Cosaint Tomhaltóirí ar Líne

14.1Chun críocha an Airteagail seo, áirítear na nithe seo a leanas ar ‘ghníomhaíochtaí tráchtála atá míthreorach, calaoiseach agus meabhlach’:

(a)mífhaisnéis ábhartha a thabhairt 12 , lena n-áirítear mífhaisnéis fhíriciúil nó éilimh bhréagacha maidir le ceisteanna amhail cáilíochtaí, praghas, oiriúnacht don fheidhm, cainníocht nó tionscnamh na n-earraí nó na seirbhísí;

(b)earraí agus seirbhísí a fhógairt lena soláthar gan é a bheith beartaithe iad a sholáthar, nó gan cumas réasúnta a bheith ann iad a sholáthar;

(c)gan earraí nó seirbhísí a sholáthar don tomhaltóir tar éis íocaíocht a ghearradh ar an tomhaltóir ach amháin má tá údar leis sin ar fhoras réasúnta; agus

(d)íocaíocht a ghearradh ar thomhaltóir ar earraí nó seirbhísí nár iarradh.

14.2Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá bearta trédhearcacha agus éifeachtacha a chuireann le muinín agus iontaoibh tomhaltóirí sa ríomhthráchtáil. Chuige sin, déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí tráchtála míthreoracha, calaoiseacha agus meabhlacha a dhéanann díobháil, nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh, do thomhaltóirí atá ag gabháil don ríomhthráchtáil 13 . 

14.3Chun tomhaltóirí atá ag gabháil do ríomhthráchtáil a chosaint, féachfaidh gach Páirtí le bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun a bhfuil sé d’aidhm acu an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)go gcaithfidh soláthróirí earraí nó seirbhísí go cothrom agus go macánta le tomhaltóirí;

(b)go soláthróidh na soláthróirí earraí nó seirbhísí faisnéis atá iomlán, cruinn agus trédhearcach maidir leis na hearraí nó seirbhísí sin, lena n‑áirítear aon téarma nó coinníoll ceannaigh; agus

(c)sábháilteacht na n-earraí agus, i gcás inarb infheidhme, na seirbhísí le linn a ngnáthúsáid nó a n-úsáid is measartha intuartha.

14.4Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé cosaint tomhaltóirí a sholáthar do thomhaltóirí atá ag gabháil do ríomhthráchtáil ar leibhéal nach lú ná an leibhéal cosanta a sholáthraítear do thomhaltóirí atá ag gabháil do chineálacha eile tráchtála.

14.5Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá an comhar idir gníomhaíochtaí cosanta tomhaltóirí nó comhlachtaí ábhartha eile a chéile, lena n-áirítear malartú faisnéise agus taithí, chomh maith le comhar i gcásanna iomchuí d’ábhar imní frithpháirteach maidir le sárú ar chearta an tomhaltóra i ndáil le ríomhthráchtáil chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar líne, ar cásanna iad a ndéantar cinneadh ina leith go frithpháirteach.

14.6Déanfaidh gach Páirtí rochtain ar shásraí sásaimh nó iontaoibhe tomhaltóirí a chur chun cinn, lena n-áirítear le haghaidh tomhaltóirí atá ag déanamh idirbhearta trasteorann, agus déanfaidh sé feasacht faoi na sásraí sin a chur chun cinn.

Airteagal 15: Teachtaireachtaí Leictreonacha Tráchtála gan Iarraidh

15.1Chun críocha an Airteagail seo:

(a)ciallaíonn ‘teachtaireacht leictreonach tráchtála’ teachtaireacht leictreonach a sheoltar chun críoch tráchtála chuig seoladh leictreonach duine 14 trí sheirbhís teileachumarsáide, arb é atá inti ar a laghad ríomhphost agus, a mhéid a fhoráiltear faoi dhlíthe nó rialacháin Páirtí, cineálacha eile teachtaireachtaí leictreonacha; agus

(b)ciallaíonn ‘teachtaireacht leictreonach tráchtála gan iarraidh’ teachtaireacht leictreonach tráchtála a sheoltar gan toiliú ón bhfaighteoir nó d’ainneoin dhiúltú sainráite an fhaighteora.

15.2Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé muinín agus iontaoibh sa ríomhthráchtáil a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhearta trédhearcacha éifeachtacha lena gcuirtear teorainn le teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh. Chuige sin, glacfaidh gach Páirtí bearta nó coinneoidh sé bearta ar bun lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)ceanglófar ar sholáthraithe teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála é a éascú d’fhaighteoirí cosc a chur ar fháil leanúnach na dteachtaireachtaí sin;

(b)ceanglófar toiliú ó fhaighteoirí teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha a fháil, mar a shonraítear ina dhlíthe nó ina rialacháin; nó

(c)foráil a dhéanamh ar shlí eile maidir le teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh a íoslaghdú.

15.3Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go mbeidh teachtaireachtaí tráchtála leictreonacha in-sainaitheanta amhlaidh go soiléir, go nochtfar leo an té ar thar a cheann a sheoltar iad agus go mbeidh iontu an fhaisnéis is gá chun é a chur ar a gcumas d’fhaighteoirí scor a iarraidh i leith na dteachtaireachtaí sin saor in aisce agus tráth ar bith.

15.4Tabharfaidh gach Páirtí rochtain ar shásamh nó ar iontaoibh in aghaidh soláthróirí teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh nach gcomhlíonann na bearta arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun de bhun mhír 2.

15.5Féachfaidh Páirtithe le comhoibriú i gcásanna iomchuí d’ábhar imní frithpháirteach maidir le rialáil teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh.

Airteagal 16: Cosaint Sonraí Pearsanta

16.1Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta.

16.2Aithníonn na Páirtithe go gcuireann cosaint láidir éifeachtach sonraí pearsanta agus cearta aonair gaolmhara le muinín agus iontaoibh tomhaltóirí sa gheilleagar digiteach a fheabhsú.

16.3Déanfaidh gach Páirtí creat dlíthiúil a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena ndéantar foráil maidir le cosaint sonraí pearsanta úsáideoirí ríomhthráchtála 15 .

16.4Agus a chreat dlíthiúil maidir le cosaint sonraí pearsanta á fhorbairt aige, ba cheart do gach Páirtí prionsabail agus treoirlínte arna bhforbairt ag comhlachtaí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh.

16.5Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go ndéantar foráil lena chreat dlíthiúil arna ghlacadh nó arna choinneáil ar bun faoi mhír 3 maidir le cosaint neamh-idirdhealaitheach sonraí pearsanta daoine nádúrtha.

16.6Foilseoidh gach Páirtí faisnéis maidir leis na cosaintí sonraí pearsanta a sholáthraíonn sé d’úsáideoirí ríomhthráchtála, lena n-áirítear treoraíocht i ndáil leis an méid seo a leanas: 

(a)is féidir le duine nádúrtha leigheasanna a lorg; agus

(b)conas is féidir le fiontair ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh.

16.7Ag aithint dóibh go bhféadfaidh na Páirtithe cuir chuige dhlíthiúla éagsúla a ghlacadh maidir le sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart do gach Páirtí forbairt sásraí a spreagadh chun comhoiriúnacht idir na córais éagsúla sin a chur chun cinn.

16.8Féadfar a áireamh ar na sásraí dá dtagraítear i mír 7 aitheantas do thorthaí rialála, cibé acu a thugtar iad go huathrialach nó trí shocrú frithpháirteach, nó trí chreataí idirnáisiúnta níos leithne.

16.9Féachfaidh na Páirtithe le faisnéis a mhalartú maidir leis na sásraí dá dtagraítear i mír 7 agus a chuirtear i bhfeidhm ina ndlínsí faoi seach.

Airteagal 17: Cibearshlándáil

17.1Aithníonn na Páirtithe go mbaineann bagairtí ar an gcibearshlándáil an bonn den mhuinín as an ríomhthráchtáil.

17.2Aithníonn na Páirtithe a thuilleadh inathraitheacht na gcibearbhagairtí. Chun cibearbhagairtí a shainaithint agus a mhaolú agus an ríomhthráchtáil a éascú dá réir sin, féachfaidh na Páirtithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)cur le hacmhainneachtaí a n-eintiteas náisiúnta féin a bhfuil freagracht acu maidir le freagairt do chibirtheagmhais; agus

(b)    oibriú i gcomhar chun ionsánna mailíseacha nó scaipeadh cóid mailísigh a dhéanann difear do líonraí leictreonacha Páirtí a shainaithint agus a mhaolú, chun aghaidh a thabhairt ar chibirtheagmhais go tráthúil, agus chun faisnéis a roinnt le haghaidh feasachta agus dea-chleachtas.

17.3Agus inathraitheacht na gcibearbhagairtí agus a ndrochthionchar ar an ríomhthráchtáil á thabhairt dá n-aire acu, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá cuir chuige rioscabhunaithe agus aghaidh á tabhairt ar na bagairtí sin, agus bacainní trádála a íoslaghdú an tráth céanna. Dá réir sin, chun rioscaí cibearshlándála a aithint agus chun cosaint orthu, chun teagmhais chibearshlándála a bhrath agus chun freagairt do chibeartheagmhais agus chun téarnamh uathu, féachfaidh gach Páirtí le cuir chuige rioscabhunaithe a úsáid, ar cuir chuige iad a bhraitheann ar dhea-chleachtais sa bhainistiú rioscaí agus ar chaighdeáin a fhorbraítear ar mhodh atá bunaithe ar chomhthoil agus atá trédhearcach agus oscailte, agus spreagfaidh sé na fiontair laistigh dá ndlínse na cuir chuige sin a úsáid.

ROINN E

TRÉDHEARCACHT, COMHAR AGUS FORBAIRT

Airteagal 18: Trédhearcacht

De bhreis ar Airteagal III de GATS agus Airteagal X de GATT 1994, foilseoidh gach Páirtí go pras nó cuirfidh sé ar fáil go poiblí ar bhealach eile iad agus, ach amháin i gcásanna éigeandála, faoin tráth a thiocfaidh siad i bhfeidhm ar a dhéanaí, gach beart a bhfuil feidhm ghinearálta aige a bhaineann le hoibriú an Chomhaontaithe seo nó a dhéanann difear dó.

Airteagal 19: Comhar

19.1Agus cineál domhanda na ríomhthráchtála á aithint acu, féachfaidh na Páirtithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)oibriú le chéile chun úsáid na ríomhthráchtála agus rochtain uirthi a éascú do gach pobal, go háirithe grúpaí faoi ghannionadaíocht agus MFBManna;

(b)faisnéis a mhalartú agus taithí a roinnt maidir le dlíthe, rialacháin agus beartais a bhaineann le ríomhthráchtáil; agus

(c)páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfóraim réigiúnacha agus iltaobhacha chun forbairt na ríomhthráchtála a chur chun cinn.

19.2Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar réimsí comhair chun críocha mhír 1:

(a)cosaint sonraí pearsanta;

(b)cosaint tomhaltóirí ar líne, lena n-áirítear modhanna sásaimh do thomhaltóirí agus modhanna chun muinín tomhaltóirí a chothú;

(c)teachtaireachtaí leictreonacha tráchtála gan iarraidh;

(d)slándáil i gcumarsáid leictreonach;

(e)iomaíocht sna margaí digiteacha;

(f)ríomh-fhíordheimhniú;

(g)seirbhísí lóistíochta trasteorann, lena n-áirítear iompar ilsamhlach, agus comhar idir seirbhísí lóistíochta agus seirbhísí poist;

(h)éascú trádála le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann, lena n-áirítear úsáid trádstóras custaim nó saorchriosanna, agus comhar rialála i réimsí amhail malartú sonraí agus rabhadh riosca maidir le sábháilteacht táirgí; agus

(i)aon réimse eile mar a chomhchinneann na Páirtithe.

19.3Déanfaidh gach Páirtí, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dó, pointe fiosrúcháin nó pointí fiosrúcháin a bhunú nó a choinneáil ar bun chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)beidh sé freagrach as aon nós imeachta um fhógra a thabhairt nó aon nós imeachta comhairliúcháin a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo; agus

(b)freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin réasúnacha ó Pháirtí eile maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo.

Airteagal 20: Forbairt

20.1    Aithníonn na Páirtithe:

(a)a thábhachtaí atá sé iarrachtaí idirnáisiúnta a neartú chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus chun geilleagar digiteach cuimsitheach a chumasú; agus

(b)rannchuidiú na rialacha maidir le ríomhthráchtáil le dúshláin a bhaineann le trádáil dhigiteach a shárú agus le fás cuimsitheach na ríomhthráchtála a chur chun cinn.

20.2Aithníonn na Páirtithe an ról atá acu maidir le tacú leis na Páirtithe is tíortha i mbéal forbartha agus is tíortha is lú forbairt chun páirt éifeachtach a ghlacadh agus leas a bhaint as deiseanna fáis sa ríomhthráchtáil agus sa gheilleagar digiteach, lena n-áirítear trí thacú le rochtain níos fearr ar éiceachórais dhigiteacha agus ar bhonneagar digiteach chomh maith le tacú lena muintir agus le MFBManna.

20.3Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta do Pháirtithe is tíortha i mbéal forbartha agus is tíortha is lú forbairt chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme.

20.4Ba cheart cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh fothú acmhainneachta 16 chun cuidiú leis na Páirtithe is tíortha i mbéal forbartha agus is tíortha is lú forbairt forálacha an Chomhaontaithe seo a chur chun feidhme, i gcomhréir le cineál agus raon feidhme na bhforálacha sin.

20.5Aithníonn na Páirtithe go bhféadfadh sé go dteastódh tréimhse shínithe ama ó Pháirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad nó ó Pháirtithe ar tíortha is lú forbairt iad chun acmhainneacht cur chun feidhme a fháil, trí chúnamh agus tacaíocht le haghaidh fothú acmhainneachta, chun oibleagáidí áirithe faoin gComhaontú seo a chur chun feidhme.

20.6Féadfaidh gach Páirtí is tír i mbéal forbartha agus gach Páirtí is tír is lú forbairt, ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo don Pháirtí sin, aon fhoráil den Chomhaontú seo a n-éilíonn sé tréimhse cur chun feidhme nach faide ná 5 bliana ina leith a fhéin-ainmniú trí liosta de na forálacha sin a chur faoi bhráid an Choiste.

20.7Féadfaidh gach Páirtí is tír i mbéal forbartha agus gach Páirtí is tír is lú forbairt síneadh suas le 2 bhliain bhreise a chur leis an tréimhse cur chun feidhme le haghaidh aon fhoráil arna féinainmniú de bhun mhír 6. Tabharfaidh gach Páirtí den sórt sin fógra don Choiste faoi aon síneadh tráth nach déanaí ná 120 lá roimh dhul in éag na tréimhse cur chun feidhme tosaigh, ina sonrófar na cúiseanna atá leis an síneadh agus na gníomhaíochtaí ábhartha is gá chun cur chun feidhme an tsínidh sin a thabhairt chun críche.

20.8Moltar do Pháirtithe ar tíortha forbartha iad, agus do Pháirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad atá in ann é sin a dhéanamh, tacaíocht a sholáthar do Pháirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus do Pháirtithe ar tíortha is lú forbairt iad chun a measúnú riachtanas a dhéanamh nó a thabhairt cothrom le dáta chun bearnaí a shainaithint sa chumas an Comhaontú seo a chur chun feidhme, go déthaobhach nó trí eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.

20.9Ba cheart torthaí aon mheasúnaithe ar riachtanais arna dhéanamh nó arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le mír 8 a bheith mar bhonn eolais d’fhéinainmniú forálacha ag Páirtí is tír i mbéal forbartha nó Páirtí is tír is lú forbairt faoi mhír 6 agus do shíneadh aon tréimhse cur chun feidhme faoi mhír 7.

20.10Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta chun forálacha uile an Chomhaontaithe seo a chur chun feidhme ina n-iomláine. Chuige sin, féadfaidh Páirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus Páirtithe ar tíortha is lú forbairt iad aon fhoráil den Chomhaontú seo is mó a mbainfidís tairbhe as cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta ina leith a shainaithint. Comhaontaíonn Páirtithe ar tíortha forbartha iad, agus Páirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad atá in ann é sin a dhéanamh, soláthar cúnaimh agus tacaíochta le haghaidh fothú acmhainneachta i leith na bhforálacha sin a éascú, bíodh sé go déthaobhach nó trí eagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí, ar théarmaí a chomhaontófar go frithpháirteach agus riachtanais agus tosaíochtaí sonracha na bPáirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus na bPáirtithe ar tíortha is lú forbairt iad á gcur san áireamh.

20.11Féachfaidh na Páirtithe leis na prionsabail seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le cúnamh agus tacaíocht a sholáthar le haghaidh fothú acmhainneachta i ndáil le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo:

(a)cuirfear san áireamh leo creat foriomlán forbartha na dtíortha agus na réigiún is faighteoirí agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, cláir leanúnacha athchóirithe agus cúnaimh theicniúil agus fothaithe acmhainneachta;

(b)áireofar iontu, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin réigiúnacha agus fhoréigiúnacha agus chun lánpháirtiú réigiúnach agus foréigiúnach a chur chun cinn;

(c)gníomhaíochtaí na hearnála príobháidí a bhreathnú, a mhéid is féidir, agus cláir nó gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta á bhforbairt; agus

(d)comhordú idir na Páirtithe agus institiúidí ábhartha eile agus ina measc a chur chun cinn, lena n-áirítear pobail eacnamaíocha réigiúnacha, chun an éifeachtacht is mó is féidir a áirithiú maidir leis an gcúnamh sin agus chun torthaí an chúnaimh sin a áirithiú. Chuige sin:

(i)ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhordú forluí agus dúbailt a sheachaint i gcláir chúnaimh agus neamhréireachtaí i ngníomhaíochtaí athchóirithe trí dhlúthchomhordú a dhéanamh ar chúnamh teicniúil agus ar idirghabhálacha fothaithe acmhainneachta;

(ii)ba cheart cláir ábhartha dhomhanda agus réigiúnacha a bhaineann le trádáil a bhreathnú mar chuid den phróiseas comhordúcháin sin, lena n-áirítear na cláir sin atá dírithe go sonrach ar Pháirtithe ar tíortha is lú forbairt iad; agus

(iii)Ba cheart do na Páirtithe comhordú inmheánach idir a n-oifigigh trádála agus forbartha a chur chun cinn i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus i soláthar cúnaimh theicniúil agus fothaithe acmhainneachta.

20.12Ní bheidh feidhm ag Airteagal 27 maidir le réiteach díospóidí in aghaidh Páirtí is tír is lú forbairt a bhaineann le haon fhoráil den Chomhaontú seo ar feadh tréimhse 7 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo don Pháirtí sin.

20.13Ní bheidh feidhm ag Airteagal 27 maidir le réiteach díospóidí i gcoinne Páirtí is tír i mbéal forbartha a bhaineann le foráil den Chomhaontú seo a ndearna sé tréimhse cur chun feidhme a fhéinainmniú nó a shíneadh ina leith faoi mhíreanna 6 nó 7, faoi seach, ar feadh na tréimhse cur chun feidhme is infheidhme maidir leis an bhforáil sin.

20.14D’ainneoin na tréimhse cairde dá dtagraítear i mír 12, sula n-iarrfaidh Páirtí comhairliúcháin faoi Airteagal 27 maidir le beart de chuid Páirtí is tír is lú forbairt, agus ag gach céim d’aon nós imeachta um réiteach díospóidí ina dhiaidh sin, tabharfaidh sé aird ar leith ar staid speisialta na bPáirtithe ar tíortha is lú forbairt iad. I ndáil leis sin, feidhmeoidh na Páirtithe srian cuí maidir le hábhair a tharraingt anuas faoi Airteagal 27 a mbeidh baint ag na Páirtithe ar tíortha is lú forbairt iad leo.

20.15Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá trédhearcacht maidir le cúnamh agus tacaíocht a sholáthar le haghaidh fothú acmhainneachta chun cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe seo a éascú. Chuige sin, féachfaidh na Páirtithe le faisnéis ábhartha 17 maidir lena gcláir cúnaimh theicniúil agus fothaithe acmhainneachta atá ann cheana agus atá nua a phlé ag an gcéad chruinniú den Choiste agus go rialta ina dhiaidh sin. Chun an plé sin a fheabhsú, roimh an gcéad seisiún tiomnaithe den Choiste agus go rialta ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Páirtí is tír fhorbartha tuairisc isteach ar chúnamh teicniúil ábhartha agus ar chláir fothaithe acmhainneachta. Moltar do Pháirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus do Pháirtithe ar tíortha is lú forbairt iad a bhfuil cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta faighte acu a n-eispéiris a chur in iúl. Tá sé ar intinn ag na Páirtithe na haighneachtaí sin a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar cé acu atá nó nach bhfuil na cláir atá ann cheana ag comhlíonadh na riachtanas arna gcur in iúl ag na Páirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus ag na Páirtithe ar tíortha is lú forbairt iad.

20.16Moltar do Pháirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad a dhearbhaíonn go bhfuil siad in ann cúnamh agus tacaíocht a sholáthar le haghaidh fothú acmhainneachta an fhaisnéis a shonraítear i mír 15 a chur faoi bhráid an Choiste, ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus go rialta ina dhiaidh sin.

20.17Déanfaidh an Coiste an fhaisnéis dá bhforáiltear faoi mhíreanna 15 agus 16 a chur ar fáil ar líne, mar aon le faisnéis faoi ghníomhaíochtaí ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta.

20.18Déanfaidh Páirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus Páirtithe ar tíortha is lú forbairt iad a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as cúnamh agus tacaíocht ábhartha le haghaidh fothú acmhainneachta faisnéis a chur faoi bhráid an Choiste maidir le pointe teagmhála nó pointí teagmhála de chuid na hoifige nó na n-oifigí atá freagrach as an gcúnamh agus an tacaíocht sin a chomhordú agus a chur in ord tosaíochta.

20.19Chun críocha an Airteagail seo, de réir mar is iomchuí, tionólfaidh an Coiste seisiún tiomnaithe amháin ar a laghad in aghaidh na bliana chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)faireachán a dhéanamh ar chúnamh teicniúil nó ar thacaíocht fothaithe acmhainneachta chun oibleagáidí a chur chun feidhme faoi réir tréimhsí cur chun feidhme a fhéinainmneofar nó a shínfear faoi mhíreanna 6 nó 7, faoi seach;

(b)saincheisteanna a phlé maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chomhaontaithe seo;

(c)athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cúnamh teicniúil nó tacaíocht fothaithe acmhainneachta chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil cúnamh agus tacaíocht leordhóthanach le haghaidh fothú acmhainneachta á bhfáil ag aon cheann de na Páirtithe ar tíortha i mbéal forbartha nó tíortha is lú forbairt iad; agus

(d)comhroinnt thaithí, dhúshláin, rath agus fhaisnéis ábhartha na bPáirtithe a éascú.

ROINN F

TEILEACHUMARSÁID

Airteagal 21: Teileachumarsáid

21.1Chun críocha an Airteagail seo agus na hIarscríbhinne:

(a)ciallaíonn ‘saoráidí fíor-riachtanacha’ saoráidí de chuid líonra nó seirbhís iompair teileachumarsáide phoiblí: 

(i)nach bhfuil á soláthar, ina n-iomláine nó den chuid is mó, ach ag soláthróir amháin nó ag líon teoranta soláthróirí; agus 

(ii)nach féidir saoráidí eile a chur ina n-ionad ar bhonn eacnamaíoch nó ar bhonn teicniúil chun seirbhís a sholáthar;

(b)ciallaíonn ‘mórsholáthróir’ soláthróir a bhfuil sé ar a chumas difear ábhartha a dhéanamh do théarmaí rannpháirtíochta (ag féachaint do phraghas agus do sholáthar) sa mhargadh ábhartha le haghaidh seirbhísí bunúsacha teileachumarsáide mar thoradh ar an méid seo a leanas: 

(i)rialú ar shaoráidí fíor-riachtanacha; nó 

(ii)a shuíomh sa mhargadh a úsáid;

(c)ciallaíonn ‘eilimint líonra’ saoráid nó trealamh a úsáidtear chun seirbhís teileachumarsáide poiblí a sholáthar, lena n‑áirítear gnéithe, feidhmeanna agus cumais arna soláthar trí bhíthin na saoráide nó an trealaimh sin; agus

(d)ciallaíonn ‘úsáideoir’ tomhaltóir seirbhíse agus soláthróir seirbhíse.

21.2Gabhfaidh gach Páirtí air féin na hoibleagáidí a leagtar amach san Iarscríbhinn 18 ., 19  

21.3Áiritheoidh gach Páirtí nach mbeidh leas airgeadais ag a údarás rialála teileachumarsáide ná nach gcoinneoidh sé ról oibriúcháin nó bainistíochta ar bun i soláthróir líonraí agus seirbhísí teileachumarsáide poiblí. Ní fhorléireofar an mhír seo mar mhír lena gcuirtear toirmeasc ar eintiteas rialtais de chuid Páirtí, seachas a údarás rialála teileachumarsáide, úinéireacht a bheith aige ar chothromas i soláthróir den sórt sin.

21.4Áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh sé de chumhacht ag a údarás rialála teileachumarsáide na feidhmeanna a shanntar dó le dlí a dhéanamh, lena n-áirítear an cumas smachtbhannaí a fhorchur, agus go bhfeidhmeoidh sé an chumhacht sin go trédhearcach agus go tráthúil.

21.5Cuirfidh gach Páirtí na feidhmeanna a dhéanann a údarás rialála teileachumarsáide ar fáil go poiblí i bhfoirm atá soiléir agus inrochtana go héasca.

21.6Féachfaidh gach Páirtí leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)a áirithiú go sanntar bandaí minicíochta do sheirbhísí teileachumarsáide poiblí trí phróiseas oscailte lena gcuirtear leas an phobail san áireamh, lena n-áirítear iomaíocht a chur chun cinn; agus

(b)sannadh den sórt sin a dhéanamh trí chineálacha cur chuige margadhbhunaithe a úsáid, amhail nósanna imeachta tairisceana i gcás inarb iomchuí.

21.7Tabharfaidh gach Páirtí de chumhacht dá údarás rialála teileachumarsáide an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)a chinneadh cé na saoráidí fíor-riachtanacha a cheanglaítear ar mhórsholáthróir a chur ar fáil do sholáthróirí eile seirbhísí teileachumarsáide poiblí ar théarmaí agus ar choinníollacha réasúnacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha chun seirbhísí teileachumarsáide poiblí a sholáthar; agus

(b)ceangal a chur ar mhórsholáthróir rochtain a thairiscint ar bhonn díchuachta ar a eilimintí líonra ar saoráidí riachtanacha iad ar théarmaí agus coinníollacha réasúnacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha chun seirbhísí teileachumarsáide poiblí a sholáthar.

21.8Beidh rochtain ag soláthróir seirbhísí teileachumarsáide poiblí, laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar iontaoibh údarás rialála teileachumarsáide Páirtí nó údarás inniúil eile chun díospóidí le soláthróirí eile seirbhísí teileachumarsáide poiblí a réiteach maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 7.

21.9I gcás ina ndiúltóidh údarás rialála teileachumarsáide nó údarás inniúil eile aon ghníomhaíocht a thionscnamh maidir le hiarraidh ar réiteach díospóide dá dtagraítear i mír 8, soláthróidh sé míniú i scríbhinn ar an gcinneadh sin, arna iarraidh sin do sholáthróir a bhfuil baint aige leis an díospóid, laistigh de thréimhse réasúnta ama.

21.10Ní chuirfear cosc ar sholáthróir seirbhísí teileachumarsáide poiblí a bhfuil baint aige le díospóid dá dtagraítear i mír 8 caingean a thabhairt os comhair údaráis bhreithiúnacha Páirtí.

ROINN G

EISCEACHTAÍ

Airteagal 22: Eisceachtaí Ginearálta

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal XX de GATT 1994 agus ag na nótaí léirmhínitheacha a ghabhann leis agus ag Airteagal XIV de GATS.

Airteagal 23: Eisceacht Slándála

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal XXI de GATT 1994 agus ag Airteagal XIV bis de GATS.

Airteagal 24: Bearta Stuamachta

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 den Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Airgeadais a ghabhann le GATS. 

Airteagal 25: Eisceacht maidir le Cosaint Sonraí Pearsanta

Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo cosc ar Pháirtí bearta i ndáil le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, lena n-áirítear maidir le haistriú trasteorann sonraí pearsanta, ar choinníoll go bhforáiltear le dlí an Pháirtí sin maidir le hionstraimí lena gcumasaítear aistrithe den sórt sin faoi choinníollacha a mbeidh feidhm ghinearálta 20 acu chun na sonraí a aistrítear a chosaint.

Airteagal 26: Pobail Dhúchasacha

26.1Ar choinníoll nach n-úsáidfear na bearta sin mar bhealach chun idirdhealú treallach nó idirdhealú gan údar a dhéanamh in aghaidh daoine de chuid Páirtí eile nó mar shrian faoi cheilt ar thrádáil trí mheán leictreonach, ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo bac ar Pháirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun a mheasann sé is gá chun cóir níos fabhraí a thabhairt do Phobail Dhúchasacha ina chríoch i leith ábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear i gcomhlíonadh a oibleagáidí faoina shocruithe dlíthiúla, bunreachtúla nó conartha leis na Pobail Dhúchasacha sin.

26.2Maidir le léirmhíniú socruithe dlíthiúla, bunreachtúla nó conartha Páirtí leis na Pobail Dhúchasacha ina chríoch, lena n-áirítear cineál na gceart agus na n-oibleagáidí a eascraíonn as na socruithe sin, ní bheidh sé faoi réir réiteach díospóidí faoi Airteagal 27. Beidh feidhm ag Airteagal 27 seachas sin maidir leis an Airteagal seo.

ROINN H

SOCRUITHE INSTITIÚIDEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27: Réiteach Díospóidí

27.1Beidh feidhm ag Airteagail XXII agus XXIII de GATT 1994 nó Airteagail XXII agus XXIII de GATS, arna mionsaothrú agus arna gcur i bhfeidhm leis an gComhaontú um Réiteach Díospóidí, maidir le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí a thiocfaidh chun cinn faoin gComhaontú seo.

27.2Beidh feidhm ag an gComhaontú um Réiteach Díospóidí maidir le díospóidí a thionscnaítear de bhun mhír 1.

Airteagal 28: An Coiste um Ghnéithe den Ríomhthráchtáil a bhaineann le Trádáil

28.1Bunaítear leis seo Coiste um Ghnéithe den Ríomhthráchtáil a bhaineann le Trádáil, agus beidh sé oscailte do rannpháirtíocht na bPáirtithe uile. Toghfaidh an Coiste a Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach féin, agus tiocfaidh sé le chéile de réir mar is gá nó mar a bheartaítear leis an gComhaontú seo, ach uair amháin sa bhliain ar a laghad. Bunóidh an Coiste a rialacha nós imeachta féin.

28.2Comhlíonfaidh an Coiste na freagrachtaí sin a shanntar dó faoin gComhaontú seo nó a shannfaidh na Páirtithe dó, agus tabharfaidh sé deis do na Páirtithe dul i gcomhairle maidir le haon ábhar a bhaineann le hoibriú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

28.3Féadfaidh an Coiste cibé fochomhlachtaí is cuí leis a bhunú nó nithe a tharchur chucu. Tuairisceoidh gach fochomhlacht don Choiste.

28.4Déanfaidh an Coiste faireachán ar oibriú agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus tabharfaidh sé tuarascáil bhliantúil ina leith don Chomhairle Ghinearálta, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme agus éifeachtacht na gclár agus na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil agus fothaithe acmhainneachta.

28.5Tabharfaidh an Coiste dá aire aon fhógra maidir le síneadh a fhaightear faoi Airteagal 20.7 agus déanfaidh sé obair leantach maidir le haon ghníomhaíocht ábhartha is gá chun na forálacha sin is ábhar do na fógraí sin a chur chun feidhme.

28.6Aon Chomhalta de EDT nach Páirtí sa Chomhaontú seo é, beidh sé i dteideal a bheith rannpháirteach sa Choiste mar bhreathnóir trí fhógra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choiste. Féadfaidh aon bhreathnóir EDT iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choiste chun bheith rannpháirteach sa Choiste mar bhreathnóir, agus féadfaidh an Coiste stádas breathnóra a thabhairt dó.

Airteagal 29: Glacadh agus Teacht i bhFeidhm

29.1Féadfaidh aon Chomhalta de EDT glacadh leis an gComhaontú seo. Glacfar leis an gComhaontú seo trí ionstraim ghlactha a thaisceadh le hArd-Stiúrthóir EDT.

29.2Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, do na Comhaltaí EDT sin a ghlac leis, an 30ú lá tar éis an dáta a thaiscfear an 45ú hionstraim ghlactha 21 . Ina dhiaidh sin, tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm d’aon Chomhalta eile de EDT an 30ú lá tar éis dháta taiscthe ionstraim ghlactha an Chomhalta sin.

Airteagal 30: Cur chun feidhme

Cuirfidh gach Páirtí an Comhaontú seo chun feidhme ó dháta a theacht i bhfeidhm. Na Páirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus na Páirtithe ar tíortha is lú forbairt iad a roghnaíonn Airteagal 20 a úsáid, cuirfidh siad an Comhaontú seo chun feidhme i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Airteagal 31: Forchoimeádais

Ní fhéadfar forchoimeádais a dhéanamh i leith aon cheann d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo gan toiliú na bPáirtithe eile.

Airteagal 32: Leasuithe

32.1Féadfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a leasú. Is de chomhthoil a dhéanfaidh an Coiste cinneadh leasú a ghlacadh agus é a chur faoi bhráid na bPáirtithe lena ghlacadh.

32.2Tiocfaidh leasú i bhfeidhm:

(a)ach amháin mar a fhoráiltear i bhfomhír (b), i leith na bPáirtithe sin a ghlacann leis, ar ghlacadh dhá thrian de na Páirtithe leis agus dá éis sin le haghaidh gach Páirtí eile ar ghlacadh dó leis; nó

(b)maidir leis na Páirtithe uile ar ghlacadh dhá thrian de na Páirtithe leis, más leasú é ar chinn an Coiste, de chomhthoil, gur leasú é nach n-athródh cearta ná oibleagáidí na bPáirtithe.

Airteagal 33: Tarraingt siar

33.1Féadfaidh aon Pháirtí tarraingt siar as an gComhaontú seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d’Ard-Stiúrthóir EDT go bhfuil sé beartaithe aige tarraingt siar. Beidh éifeacht leis an tarraingt siar ar dhul in éag do 60 lá ón dáta a fhaigheann an tArd-Stiúrthóir an fógra. Féadfaidh aon Pháirtí, ar fhógra den sórt sin a bheith curtha in iúl dó de bhun Airteagal 37, cruinniú den Choiste a iarraidh láithreach.

33.2I gcás ina scoirfidh Páirtí sa Chomhaontú seo de bheith ina Chomhalta de EDT, scoirfidh sé de bheith ina Pháirtí sa Chomhaontú seo le héifeacht ón dáta a scoirfidh sé de bheith ina Chomhalta de EDT.

Airteagal 34: Neamhchur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo idir Páirtithe Áirithe

Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo amhail idir aon dá Pháirtí i gcás nach dtoilíonn ceachtar Páirtí leis an iarratas sin an tráth a ghlacfaidh ceachtar Páirtí leis an gComhaontú seo nó a aontóidh sé dó.

Airteagal 35: Athbhreithniú

35.1Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, tabharfaidh na Páirtithe faoi athbhreithniú ar an gComhaontú seo d’fhonn a oibriú a fheabhsú agus a áirithiú go leanfaidh sé de bheith ábhartha do na saincheisteanna trádála atá os comhair na bPáirtithe.

35.2Agus cineál athraitheach na ríomhthráchtála agus na teicneolaíochta digití á chur san áireamh, agus ag aithint dóibh a thábhachtaí atá sé rialacha domhanda a bhunú don ríomhthráchtáil, d’ainneoin mhír 1, aithníonn na Páirtithe go bhféadfadh saincheisteanna atá fós gan réiteach i ndoiciméad INF/ECOM/62/Rev.5 nó cibé saincheisteanna eile a fhéadfaidh na Páirtithe a thabhairt isteach a bheith san áireamh i gcaibidlíocht bhreise.Forchoimeádann gach Páirtí an ceart in aon chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo leasuithe ar fhorálacha an Chomhaontaithe seo a mholadh, lena n-áirítear leasuithe maidir le heisceachtaí, réiteach díospóidí, nó raon feidhme an chur i bhfeidhm.

Airteagal 36: Rúnaíocht

Déanfaidh Rúnaíocht EDT seirbhísiú ar an gComhaontú seo.

Airteagal 37: Taisceadh

37.1Taiscfear an Comhaontú seo le hArd-Stiúrthóir EDT.

37.2Déanfaidh Ard-Stiúrthóir EDT an méid seo a leanas a chur ar fáil go pras do gach Páirtí:

(a)cóip dhílis dheimhnithe den Chomhaontú seo agus de gach leasú de bhun Airteagal 32; agus

(b)fógra maidir le gach glacadh de bhun Airteagal 29 agus maidir le gach tarraingt siar de bhun Airteagal 33.

Airteagal 38: Clárú

Clárófar an Comhaontú seo de réir fhorálacha Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Arna dhéanamh in Yaoundé an 28 Márta 2026, in aon chóip amháin sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Spáinnis, agus gach téacs barántúil.

_______________



IARSCRÍBHINN

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo prionsabail maidir leis an gcreat rialála le haghaidh seirbhísí bunúsacha teileachumarsáide.

Roinn I: Coimircí iomaíochta

1.1Cleachtais fhrithiomaíocha sa teileachumarsáid a chosc 

Déanfar bearta iomchuí a choinneáil ar bun chun cosc a chur ar sholáthróirí ar mórsholáthróirí iad, ina n-aonar nó le chéile, cleachtais fhrithiomaíocha a dhéanamh nó leanúint díobh. 

1.2Coimircí 

Áirítear leis na cleachtais fhrithiomaíocha dá dtagraítear i mír 1.1, go háirithe: 

(a)tras-fhóirdheonú frithiomaíoch a dhéanamh;

(b)faisnéis a fhaightear ó iomaitheoirí a úsáid agus torthaí frithiomaíocha a bheith air sin; agus 

(c)gan faisnéis theicniúil faoi shaoráidí fíor-riachtanacha ná faisnéis atá ábhartha ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil do sholáthróirí seirbhíse eile, ar bhonn tráthúil, ar faisnéis í a bhfuil gá acu léi chun seirbhísí a sholáthar.

Roinn II: Idirnasc 

2.1Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le nascadh le soláthróirí a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí iompair teileachumarsáide poiblí chun gur féidir le húsáideoirí soláthróra amháin cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí soláthróra eile agus rochtain a fháil ar sheirbhísí a sholáthraíonn soláthróir eile, i gcás ina ndéantar gealltanais shonracha. 

2.2Idirnascadh le háirithiú

Áiritheofar idirnascadh le mórsholáthróir ag aon phointe is indéanta go teicniúil sa líonra. Soláthraítear an t-idirnasc sin:

(a)faoi théarmaí, coinníollacha (lena n-áirítear caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla), agus rátaí neamh-idirdhealaitheacha agus ar cháilíocht nach lú fabhar ná an cháilíocht a sholáthraítear dá sheirbhísí comhchosúla féin nó do sheirbhísí comhchosúla soláthróirí seirbhíse neamhchleamhnaithe nó dá fhochuideachtaí nó dá chleamhnaithe eile; 

(b)go tráthúil, ar théarmaí, coinníollacha (lena n-áirítear caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla), agus rátaí costasdírithe, atá trédhearcach, réasúnach, ag féachaint d’indéantacht eacnamaíoch, agus díchuachta a ndóthain ionas nach gá don soláthróir íoc as comhpháirteanna nó saoráidí líonra nach bhfuil gá aige leo i leith na seirbhíse atá le soláthar;agus 

(c)arna iarraidh sin, ag pointí de bhreis ar na críochphointí líonra a chuirtear ar fáil do thromlach na n-úsáideoirí, faoi réir muirir lena léirítear costas tógála na saoráidí breise a bhfuil gá leo. 

2.3Fáil phoiblí ar na nósanna imeachta le haghaidh caibidlíocht maidir le hidirnascadh 

Cuirfear na nósanna imeachta is infheidhme maidir le hidirnascadh le mórsholáthróir ar fáil go poiblí. 

2.4Trédhearcacht na socruithe idirnaisc 

Áirithítear go gcuirfidh mórsholáthróir a chomhaontuithe idirnaisc nó tairiscint tagartha idirnaisc ar fáil go poiblí. 

2.5Idirnascadh: Réiteach díospóidí 

Soláthróir seirbhíse a iarrann idirnascadh le mórsholáthróir, beidh sé in ann dul ar iontaoibh ceachtar díobh seo a leanas: 

(a)tráth ar bith; nó 

(b)tar éis tréimhse réasúnach ama a chuirfear in iúl go poiblí,

do chomhlacht neamhspleách intíre, a d’fhéadfadh a bheith ina chomhlacht rialála dá dtagraítear i Roinn V, chun díospóidí maidir le téarmaí, coinníollacha agus rátaí iomchuí idirnaisc a réiteach laistigh de thréimhse réasúnta ama, a mhéid nár bunaíodh iad sin roimhe sin. 

Roinn III: Seirbhís uilíoch

Tá sé de cheart ag aon Pháirtí sainiú a dhéanamh ar an gcineál oibleagáide seirbhíse uilíche is mian leis a choinneáil ar bun.Ní mheasfar gur oibleagáidí frithiomaíocha na hoibleagáidí sin per se, ar choinníoll go ndéanfar iad a riaradh ar bhealach atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neodrach ó thaobh na hiomaíochta de, agus nach bhfuil ualach thar a bhfuil riachtanach ag baint leo le haghaidh an chineáil seirbhíse uilíche atá sainmhínithe ag an bPáirtí. 

Roinn IV: Infhaighteacht phoiblí na gcritéar ceadúnúcháin 

4.1I gcás ina n-éilítear ceadúnas, cuirfear an méid seo a leanas ar fáil go poiblí: 

(a)na critéir cheadúnúcháin go léir agus an tréimhse ama go léir is gá de ghnáth chun teacht ar chinneadh maidir le hiarratas ar cheadúnas; agus 

(b)téarmaí agus coinníollacha na gceadúnas aonair. 

4.2Cuirfear na cúiseanna le ceadúnas a dhiúltú in iúl don iarratasóir arna iarraidh sin. 

Roinn V: Rialtóirí neamhspleácha

Tá an comhlacht rialála ar leithligh ó aon soláthróir seirbhísí bunúsacha teileachumarsáide agus níl sé cuntasach dó. Beidh cinntí na rialtóirí agus na nósanna imeachta a úsáidfidh siad neamhchlaonta i ndáil le gach rannpháirtí sa mhargadh. 

Roinn VI: Acmhainní tearca a leithdháileadh agus a úsáid

Aon nós imeachta chun acmhainní tearca a leithdháileadh agus a úsáid, lena n-áirítear minicíochtaí, uimhreacha agus cearta slí, déanfar é ar bhealach oibiachtúil, tráthúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear ar fáil go poiblí staid reatha na mbandaí minicíochta leithdháilte, ach ní gá sainaithint mhionsonraithe a dhéanamh ar na minicíochtaí a leithdháiltear d’úsáidí sonracha rialtais.

_______________

IARSCRÍBHINN MAIDIR LE SOCRUITHE EATRAMHACHA

BROLLACH

Na Páirtithe:

Ag tabhairt dá n-aire dóibh iarrachtaí reatha na bPáirtithe an Comhaontú seo a chur le hIarscríbhinn 4 a ghabhann le Comhaontú EDT;

Leanúint de bheith ag féachaint leis an gComhaontú seo a chur leis an gcreat institiúideach a bunaíodh le Comhaontú EDT a luaithe is indéanta;

Teacht ar réiteach chun tairbhí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach go gasta;

Ag athdhearbhú dóibh a thábhachtaí atá sé tacú leis na Páirtithe ar tíortha i mbéal forbartha iad agus na Páirtithe ar tíortha is lú forbairt iad an Comhaontú seo a chur chun feidhme trí aghaidh a thabhairt ar a riachtanais forbartha aonair agus spriocdhírithe le tréimhsí cur chun feidhme, cúnamh teicniúil, agus fothú acmhainneachta;

Ag athdhearbhú dóibh a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi Chomhaontú EDT;

Á chur in iúl gur díol sásaimh di aontachas Chomhaltaí eile EDT leis an gComhaontú seo;

Comhaontú mar a leanas:

Roinn I: An Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm

1.1Is cuid dhílis den Chomhaontú seo í an Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear an Fhoscríbhinn a ghabhann léi. I gcás ina mbeidh aon neamhréir ann idir forálacha na hIarscríbhinne seo agus forálacha eile an Chomhaontaithe seo, beidh forlámhas ag forálacha na hIarscríbhinne seo go méid na neamhréire.

1.2Suas go dtí an dáta a chuirfear an Comhaontú seo le Comhaontú EDT, beidh feidhm ag an Iarscríbhinn seo.

1.3Ag tosú ar an dáta a chuirfear an Comhaontú seo le Comhaontú EDT, scoirfidh an Iarscríbhinn seo d’fheidhm a bheith aici, ach amháin mar a cheanglaítear faoi Roinn IV.

Roinn II: Socruithe Eatramhacha maidir le Réiteach Díospóidí

2.1Níl feidhm ag Airteagal 27 den Chomhaontú seo.

2.2Léifear gach tagairt d’Airteagal 27 sa Chomhaontú seo mar thagairt do Roinn III.

Roinn III: Réiteach Eatramhach ar Dhíospóid

3.1Leis seo, déantar Airteagail XXII agus XXIII de GATT 1994 nó Airteagail XXII agus XXIII de GATS, arna mionsaothrú agus arna gcur i bhfeidhm leis an gComhaontú um Réiteach Díospóidí , a ionchorprú san Iarscríbhinn seo, mutatis mutandis, agus beidh feidhm acu maidir le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí a thagann chun cinn faoin gComhaontú seo.

3.2Leis seo, ionchorpraítear an Comhaontú um Réiteach Díospóidí san Iarscríbhinn seo, mutatis mutandis, agus beidh feidhm aige maidir le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí a thugtar faoin gComhaontú seo.

3.3Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

(a)tagairtí do ‘chomhaontú cumhdaithe’ nó ‘comhaontuithe cumhdaithe’ sa Chomhaontú um Réiteach Díospóidí, tuigfear gur tagairtí don Chomhaontú seo iad;

(b)tuigfear gur tagairtí don Choiste iad tagairtí don ‘Chomhlacht um Réiteach Díospóidí’ nó don ‘DSB’ sa Chomhaontú um Réiteach Díospóidí;

(c)tuigfear gurb ionann tagairtí don Chomhaontú um Réiteach Díospóidí sa mhír seo agus i míreanna 3.4 agus 3.5, lena n-áirítear san Fhoscríbhinn dá dtagraítear i mír 3.4, agus tagairtí don Chomhaontú um Réiteach Díospóidí mar a ionchorpraítear san Iarscríbhinn seo iad i gcomhréir le mír 3.2; agus

(d)tuigfear gur tagairtí do na Páirtithe sa Chomhaontú seo iad tagairtí do ‘Chomhaltaí’ sa Chomhaontú um Réiteach Díospóidí.

3.4Maidir le hAirteagail 16.4 agus 17 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí, aithníonn na Páirtithe go bhfuil gá le coigeartuithe chun an t-athbhreithniú achomhairc a oibríochtú chun críocha na hIarscríbhinne seo. Go dtí go ndéanfar cinneadh de bhun mhír 3.5, más mian le Páirtí achomharc a dhéanamh in aghaidh tuarascáil phainéil, rachaidh na páirtithe sa díospóid i muinín eadrána faoi Airteagal 25 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí chun an t-achomharc a chinneadh. 22 Beidh feidhm ag na nósanna imeachta eadrána achomhairc a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, mura gcomhaontóidh na páirtithe sa díospóid a mhalairt.

3.5I gcás ina mbeidh Comhlacht Achomhairc EDT in ann achomhairc a éisteacht, déanfaidh an Coiste breithniú agus, de réir mar is iomchuí, cinnfidh sé conas an t-athbhreithniú achomhairc a oibríochtú faoi Airteagal 17 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí.

Roinn IV: Socruithe Idirthréimhseacha

4.1Féachfaidh na Páirtithe lena áirithiú go ndéanfar foráil in aon chinneadh maidir leis an gComhaontú seo a chur le Comhaontú EDT maidir le socruithe idirthréimhseacha d’fhonn an Comhaontú um Réiteach Díospóidí a chur i bhfeidhm maidir le díospóidí a tugadh faoin gComhaontú seo ach nár réitíodh go fóill ar an dáta a cuireadh leis.

4.2In éagmais socruithe den sórt sin, nó aon socrú idirthréimhseach eile de réir mar a chinnfear, leanfaidh díospóidí a thabharfar isteach faoin gComhaontú seo sula gcuirfear le Comhaontú EDT é de bheith faoi réir na hIarscríbhinne seo.

_______________


FOSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN IARSCRÍBHINN MAIDIR LE SOCRUITHE EATRAMHACHA:NÓSANNA IMEACHTA EADRÁNA ACHOMHAIRC

Roinn A: Forálacha Ginearálta

1.Leagtar amach san Fhoscríbhinn seo nósanna imeachta eadrána achomhairc a mbeidh feidhm acu maidir leis an achomharc i gcoinne tuarascáil ón bpainéal, i gcomhréir le mír 3.4 den Iarscríbhinn maidir le Socruithe Eatramhacha. Is éard a bheidh sna nósanna imeachta eadrána achomhairc sin, chun críoch díospóide sonraí faoin gComhaontú seo, na nósanna imeachta comhaontaithe le haghaidh eadrána faoi Airteagal 25 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí. 23  

2.Tá na nósanna imeachta eadrána achomhairc sin bunaithe ar ghnéithe substainteacha agus nós imeachta d’Athbhreithniú Achomhairc EDT de bhun Airteagal 17 de Chomhaontú um Réiteach Díospóidí EDT, chun a phríomhghnéithe a choinneáil, lena n-áirítear neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, agus éifeachtúlacht nós imeachta na n-imeachtaí achomhairc á feabhsú ag an am céanna.

3.Éistfidh triúr eadránaithe na hachomhairc. Roghnófar na headránaithe sin ó dhíorma na mbuan-eadránaithe arna bhunú de bhun mhír 4 de theachtaireacht JOB/DSB/1/Add.12, ach amháin má chinneann an Coiste, trí chomhthoil, díorma ar leith de bhuan-eadránaithe a bhunú, 24 agus sa chás sin roghnófar na headránaithe ón gcomhthiomsú sin (gairtear an ‘comhthiomsú eadránaithe’ anseo feasta den chomhthiomsú is infheidhme). Déanfar an roghnú ón díorma eadránaithe le haghaidh díospóid shonrach ar bhonn na bprionsabal agus na modhanna céanna a bhfuil feidhm acu maidir le rannán de Chomhlacht Achomhairc EDT a chruthú faoi Airteagal 17.1 de Chomhaontú um Réiteach Díospóidí EDT agus faoi Riail 6(2) de Nósanna Imeachta Oibre EDT um Athbhreithniú Achomhairc (WT/AB/WP/6), lena n-áirítear prionsabal na huainíochta. 25 Cuirfidh Ard-Stiúrthóir EDT na páirtithe sa díospóid agus tríú páirtithe ar an eolas faoi thorthaí an roghnúcháin. Toghfaidh na headránaithe Cathaoirleach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 3(2) de Nósanna Imeachta Oibre EDT um Athbhreithniú Achomhairc maidir le cinnteoireacht na n-eadránaithe.

4.Fanfaidh comhaltaí an díorma eadránaithe ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí um réiteach díospóidí EDT. Chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas sa chinnteoireacht a chur chun cinn, déanfaidh comhaltaí an díorma eadránaithe ábhair a bhaineann le léiriú, cleachtas agus nós imeachta atá ábhartha don Chomhaontú seo a phlé eatarthu féin, a mhéid is indéanta. Féadfaidh na headránaithe a gcinntí a bhaineann leis an achomharc a phlé le comhaltaí eile uile an díorma eadránaithe, gan dochar do fhreagracht eisiach ná do shaoirse na n-eadránaithe maidir leis na cinntí sin agus dá gcáilíocht. Gheobhaidh comhaltaí an díorma eadránaithe gach doiciméad a bhaineann le himeachtaí eadrána achomhairc faoin gComhaontú seo.

5.Tabharfar tacaíocht iomchuí riaracháin agus dhlíthiúil do na headránaithe, lena dtabharfar na ráthaíochtaí is gá maidir le cáilíocht agus neamhspleáchas, i bhfianaise chineál na bhfreagrachtaí lena mbaineann. Go háirithe, na daoine a sholáthraíonn an tacaíocht dhlíthiúil d’eadránaithe, beidh siad neamhspleách ar na daoine agus ar na haonaid riaracháin a sholáthraíonn tacaíocht dhlíthiúil do phainéalaithe agus ní bheidh siad freagrach, maidir le substaint a gcuid oibre, ach amháin do na headránaithe. 

Roinn B: Nósanna Imeachta Eadrána

6.Tar éis tuarascáil phainéil a scaipeadh ar na Páirtithe sa Chomhaontú seo ach sula nglacfaidh an Coiste í, féadfaidh páirtí sa díospóid, ach ní tríú páirtí, eadráin achomhairc a thionscnamh trína chinneadh achomharc a dhéanamh a chur in iúl go foirmiúil don Choiste agus Fógra Achomhairc a chomhdú go comhuaineach leis an gCoiste. Faoi réir mhír 16, má tá fógra tugtha ag páirtí sa díospóid faoina chinneadh achomharc a dhéanamh, ní bhreithneofar tuarascáil an phainéil lena glacadh ag an gCoiste.

7.Beidh achomharc teoranta do shaincheisteanna dlí a chumhdaítear leis an tuarascáil ón bpainéal agus do léirmhínithe dlíthiúla arna bhforbairt ag an bpainéal. Féadfaidh na headránaithe seasamh le torthaí agus conclúidí dlíthiúla an phainéil, iad a mhodhnú nó a aisiompú. I gcás inarb infheidhme, áireofar sa dámhachtain eadrána moltaí, mar a bheartaítear in Airteagal 19 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí. Measfar cinntí an phainéil nach ndearnadh achomharc ina gcoinne a bheith ina gcuid dhílis den dámhachtain eadrána in éineacht le torthaí na n-eadránaithe féin.

8.Ní thabharfaidh na headránaithe aghaidh ach ar na saincheisteanna sin is gá chun an díospóid a réiteach. Ní thabharfaidh siad aghaidh ach ar na saincheisteanna sin a d’ardaigh na páirtithe sa díospóid, gan dochar dá n-oibleagáid rialú a thabhairt ar shaincheisteanna dlínse.

9.Mura bhforáiltear a mhalairt san Fhoscríbhinn seo, rialófar an eadráin, mutatis mutandis, le forálacha Comhaontú um Réiteach Díospóidí EDT agus le rialacha agus nósanna imeachta eile is infheidhme maidir le hAthbhreithniú Achomhairc EDT. Áirítear leis sin go háirithe Nósanna Imeachta Oibre EDT um Athbhreithniú Achomhairc agus an tráthchlár le haghaidh achomharc dá bhforáiltear iontu chomh maith leis na Rialacha Iompair i ndáil leis an gComhthuiscint maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta a Rialaíonn Réiteach Díospóidí (WT/DSB/RC/1) 26 . Féadfaidh na headránaithe Nósanna Imeachta Oibre EDT um Athbhreithniú Achomhairc agus an tráthchlár le haghaidh achomhairc dá bhforáiltear iontu a oiriúnú, i gcás ina bhfuil údar cuí leis faoi Riail 16 de Nósanna Imeachta Oibre EDT um Athbhreithniú Achomhairc, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na páirtithe sa díospóid.

10.Eiseoidh na headránaithe an dámhachtain laistigh de 90 lá tar éis an Fógra Achomhairc a chomhdú. Chuige sin, féadfaidh na headránaithe bearta eagraíochtúla iomchuí a dhéanamh chun na himeachtaí a chuíchóiriú, gan dochar do chearta agus oibleagáidí nós imeachta na bpáirtithe sa díospóid agus don phróis chuí. Féadfar a áireamh ar na bearta sin cinntí maidir le teorainneacha leathanach, teorainneacha ama, agus spriocdhátaí chomh maith le fad agus líon na n-éisteachtaí is gá.

11.Más gá chun an dámhachtain a eisiúint laistigh den tréimhse ama 90 lá, féadfaidh na headránaithe bearta substainteacha a mholadh do na páirtithe sa díospóid freisin, amhail éilimh a eisiamh bunaithe ar an easpa líomhnaithe measúnaithe oibiachtúil ar na fíorais de bhun Airteagal 11 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí. 27  

12.Ar mholadh ó na headránaithe, féadfaidh na páirtithe sa díospóid a chomhaontú síneadh a chur leis an tréimhse ama 90 lá chun an dámhachtain a eisiúint.

13.Comhaontaíonn na páirtithe sa díospóid cloí leis an dámhachtain eadrána, a bheidh ina dámhachtain chríochnaitheach. De bhun Airteagal 25.3 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí, tabharfar fógra don Choiste faoin dámhachtain ach ní ghlacfaidh an Coiste í.

14.Tríú páirtithe a thug fógra don Choiste maidir le leas substaintiúil san ábhar os comhair an phainéil de bhun Airteagal 10.2 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí, féadfaidh siad aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig na headránaithe agus tabharfar deis dóibh éisteacht a fháil. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 24 de Nósanna Imeachta Oibre EDT um Athbhreithniú Achomhairc.

15.De bhun Airteagal 25.4 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 21 agus 22 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí maidir leis an dámhachtain eadrána a eisítear i ndíospóid.

16.Tráth ar bith le linn na headrána, féadfaidh an t-achomharcóir, nó achomharcóir eile, a achomharc nó a achomharc eile a tharraingt siar trí fhógra a thabhairt do na headránaithe, agus tabharfaidh siadsan fógra láithreach don Choiste. 28 Mura mbeidh aon achomharc ná achomharc eile fós ann, glacfar an tuarascáil ón bpainéal ag cruinniú den Choiste laistigh de 60 lá ón bhfógra sin a fháil mura gcinnfidh an Coiste de chomhthoil gan an tuarascáil a ghlacadh. Má bhíonn achomharc nó achomharc eile fós ann an tráth a tharraingítear siar achomharc nó achomharc eile, leanfar den eadráin.

__________

(1)    Cuirtear é sin in ionad dhoiciméad WT/MIN(26)/W/26 an 29 Márta 2026 agus cuirtear ar ais sa tsraith doiciméad iomchuí é gan aon athrú a dhéanamh ar a théacs.
(2)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá feidhm ag an bhforáil seo freisin maidir leis na heisceachtaí a leagtar amach in Airteagail 25 agus 26.
(3)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní chuirtear cosc ar Pháirtí le haon ní san Airteagal seo éifeacht dhlíthiúil níos mó a thabhairt, do ríomhshíniú a shásaíonn ceanglais áirithe, amhail a chur in iúl nár athraíodh an teachtaireacht sonraí leictreonacha nó céannacht an tsínitheora a fhíorú.
(4)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áirítear le conradh leictreonach conradh a dhéantar trí idirghníomhaíocht le córas teachtaireachtaí uathoibrithe.
(5)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní choisceann an mhír seo ar Pháirtí a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse ceanglais nós imeachta áirithe a chomhlíonadh chun sonraí a mhalartú leis an ionad ilfhreastail.
(6)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní cheanglaítear ar Pháirtí le haon ní san Airteagal seo rochtain ar sheirbhísí íocaíochta banc ceannais Páirtí eile, ar seirbhísí iad a bhaineann le réiteach idir soláthróirí seirbhísí airgeadais, a thabhairt do sholáthróirí seirbhísí ríomhíocaíochtaí nach bhfuil bunaithe ar a chríoch.
(7)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, féadfar rochtain ar chórais íocaíochta agus imréitigh a dheonú trí na nithe seo a leanas: (a) rochtain dhíreach; nó (b) rochtain indíreach trí sholáthróir seirbhísí airgeadais a cháilíonn do dhlí Páirtí agus a bhfuil rochtain dhíreach aige faoi dhlí Páirtí.
(8)    Tuigfear na téarmaí a úsáidtear sa mhír seo le tagairt do GATS, lena n-áirítear an Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Airgeadais.
(9)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tá an tAirteagal seo gan dochar do dhlí Páirtí a bhaineann le maoin intleachtúil agus cosaint sonraí pearsanta.
(10)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní choisceann aon ní sa mhír seo ar Pháirtí a cheangal ar úsáideoir sonraí den sórt sin nascadh le foinsí bunaidh.
(11)    Chun críocha na fomhíre seo, aithníonn na Páirtithe nach mbeadh soláthróir seirbhíse rochtana idirlín a thairgeann ábhar áirithe dá úsáideoirí deiridh amháin ag gníomhú ar neamhréir leis an bprionsabal sin.
(12)    Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘mífhaisnéis ábhartha’ mhífhaisnéis ar dócha go ndéanfaí dochar léi d’iompar nó cinneadh tomhaltóra maidir le hearra nó seirbhís a úsáid nó a cheannach.
(13)    Chun críocha an Airteagail seo, áirítear le ‘páirt a ghlacadh sa ríomhthráchtáil’ an chéim réamh-idirbhirt den ríomhthráchtáil.
(14)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní áirítear seoladh IP le ‘seoladh leictreonach duine’.
(15)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, féadfaidh Páirtí an mhír seo a chomhlíonadh trí bhearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun, nó meascán de bhearta, amhail dlí cuimsitheach príobháideachais, dlíthe maidir le cosaint sonraí pearsanta, dlíthe earnáilsonracha lena gcumhdaítear príobháideachas nó dlíthe eile lena dtugtar aghaidh ar sháruithe príobháideachais.
(16)    Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh cúnamh agus tacaíocht le haghaidh fothú acmhainneachta a bheith i bhfoirm cúnamh teicniúil, cúnamh airgeadais nó aon chineál cúnaimh eile arna chomhaontú go frithpháirteach.
(17)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh le ‘faisnéis ábhartha’: (a) tuairisc ar an gcúnamh nó ar an tacaíocht a tugadh le haghaidh fothú acmhainneachta; (b) faisnéis maidir le conas iarratas a dhéanamh ar chúnamh nó tacaíocht den sórt sin nó rochtain a fháil orthu, lena n-áirítear pointe teagmhála nó pointí teagmhála Páirtí; agus (c) liosta de thairbhithe an chúnaimh nó na tacaíochta sin.
(18)    A mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir le Sceideal Gealltanas Sonrach Páirtí i leith GATS: (a) ní bheidh feidhm ag an Iarscríbhinn, i gcás gach Páirtí, maidir le seirbhísí craolacháin mar a shainítear ina dhlíthe nó ina rialacháin; (b) Féadfaidh údarás rialála teileachumarsáide Páirtí iompróirí malairte áitiúla tuaithe a dhíolmhú ar feadh tréimhse theoranta ó na hoibleagáidí a shonraítear i mír 2.2 den Iarscríbhinn maidir le hidirnasc le hiompróirí malairte áitiúla iomaíocha. Ní gá do chuideachtaí teileafóin tuaithe idirnascadh a sholáthar d’iompróirí malairte áitiúla iomaíocha ar an mbealach a shonraítear i mír 2.2 den Iarscríbhinn go dtí go gceanglóidh údarás rialála teileachumarsáide Páirtí orthu é sin a dhéanamh; agus (c) ní bheidh feidhm ag mír 2.2 den Iarscríbhinn ach amháin maidir le mórsholáthróir a bhfuil rialú aige ar shaoráidí fíor-riachtanacha.
(19)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo ná san Iarscríbhinn mar ní a cheanglaíonn ar na Páirtithe gealltanais shonracha bhreise a thabhairt maidir le rochtain ar an margadh nó cóir náisiúnta faoi GATS.
(20)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, tagraíonn ‘coinníollacha a mbeidh feidhm ghinearálta leo’ do choinníollacha a cheapfar i dtéarmaí oibiachtúla a mbeidh feidhm acu go cothrománach maidir le líon neamhaitheanta d’oibreoirí eacnamaíocha agus, ar an gcaoi sin, cumhdófar leo raon cásanna agus cásanna.
(21)    Chun críocha glacadh a ríomh faoin Airteagal seo, déanfar ionstraim ghlactha an Aontais Eorpaigh a áireamh mar líon ionstraimí glactha atá cothrom le líon na mBallstát den Aontas Eorpach atá ina gcomhaltaí de EDT.
(22)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, go dtí go ndéanfar cinneadh de bhun mhír 3.5, ní fhéadfaidh aon Pháirtí fógra a thabhairt faoi chinneadh achomharc a dhéanamh in aghaidh tuarascáil ón bpainéal de bhun Airteagal 16.4 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí.
(23)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, measfar an ceanglas maidir le fógra a thabhairt sa dara habairt d’Airteagal 25.2 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí a bheith comhlíonta. Chun críocha na Foscríbhinne seo, ciallaíonn ‘DSU EDT’ an Comhaontú um Réiteach Díospóidí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(c) den Chomhaontú seo agus ciallaíonn ‘DSU’ Comhaontú um Réiteach Díospóidí EDT mar atá ionchorpraithe san Iarscríbhinn maidir le Socruithe Eatramhacha i gcomhréir le mír 3.2 den Iarscríbhinn sin. 
(24)    Comhlíonfaidh na headránaithe a áireofar sa chomhthiomsú sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 17.3 de Chomhaontú um Réiteach Díospóidí EDT.
(25)    Arna iarraidh sin do pháirtí sa díospóid, áfach, déanfar aon chomhalta den díorma eadránaithe nach náisiúnach de Pháirtí é a eisiamh ón bpróiseas roghnúcháin. Ní fhéadfaidh beirt náisiúnach den Pháirtí céanna fónamh ar an gcás céanna.
(26)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, beidh feidhm ag míreanna VIII.14 – 17 de na Rialacha Iompair maidir le headránaithe.
(27)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, níl togra na n-eadránaithe ceangailteach ó thaobh dlí de agus is faoin bpáirtí lena mbaineann a bheidh sé comhaontú leis na bearta substainteacha atá beartaithe. Ní dhéanfaidh sé dochar do bhreithniú an cháis ná do chearta na bpáirtithe sa díospóid nach n-aontaíonn an páirtí lena mbaineann leis na bearta substainteacha atá beartaithe.
(28)    Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní hionann fógra a thabhairt don Choiste faoi réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach de bhun Airteagal 3.6 den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí agus achomharc a tharraingt siar chun críocha na míre seo.
Top