AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.5.2026
COM(2026) 245 final
2026/0122(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2026/249 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (AE) 2026/249 ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Leasaítear na deiseanna iascaireachta sin leis an togra chun foilsiú na comhairle eolaíche, torthaí na gcomhairliúchán le tríú tíortha agus torthaí chruinnithe na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), agus forbairtí eile, a chur san áireamh. Leasaíodh Rialachán (AE) 2026/249 uair amháin cheana chun na críche céanna.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach leis na cuspóirí agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) (‘an Bunrialachán’), ar cuspóirí iad atá le cur i bhfeidhm, i measc cuspóirí eile, agus deiseanna iascaireachta á mbunú, i.e. teorainneacha gabhála agus teorainneacha iarrachta iascaireachta. Ceann de chuspóirí CBI is ea stoic a athbhunú go dtí leibhéil lena bhféadfar an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a sholáthar, agus iad a choinneáil ar na leibhéil sin. Tá sé d’aidhm aige a áirithiú go mbeidh iascaigh an Aontais inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de chomh maith le bheith inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí’), agus is é is aidhm dóibh rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach, go háirithe maidir le tuairisceoir 3, agus is ceanglas dá gcuid é, maidir leis na héisc agus na sliogéisc uile a ndéantar saothrú tráchtála orthu, gur laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte a dhéanfar an saothrú sin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá leis an togra.
•Coimhdeacht
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir leis na cuspóirí agus na rialacha a leagtar amach sa Bhunrialachán agus i gcomhréir le toradh na gcomhairliúchán iltaobhach nó déthaobhach le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhthéacs ERBInna. Mar thoradh air sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, agus cúinsí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh in iascach measctha i gcás inar féidir.
De bhun Airteagal 16(6) agus (7) agus Airteagal 17 den Bhunrialachán, tá na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta a chuirtear ar fáil dóibh a chionroinnt ar shoithí iascaireachta atá faoina mbratach i gcomhréir le critéir áirithe a leagtar amach sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, bíonn an corrlach lánroghnach is gá ag na Ballstáit agus na cuótaí cionroinnte á ndáileadh acu, i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch is fearr leo chun na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a úsáid.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go leasaítear rialachán atá ann cheana leis an togra, rialachán is fearr a oireann mar ionstraim dhlíthiúil.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara, go háirithe trí na comhairlí comhairleacha, ar bhonn na teachtaireachta bliantúla uaidh dar teideal ‘Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2026’ (COM(2025) 296 final).
I bhfreagairtí na bpáirtithe leasmhara ar an teachtaireacht bhliantúil sin, leagadh amach na tuairimí a bhí acu maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar stádas na n‑acmhainní agus maidir leis an bhfreagairt iomchuí bhainistíochta. Chuir an Coimisiún na freagairtí sin san áireamh agus an togra á cheapadh aige.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá creat forbartha ag grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) le haghaidh comhairle eolaíoch ó ICES. Tá an creat sin bunaithe ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil agus déanann saineolaithe neamhspleácha athbhreithniú piaraí air. Eisítear comhairle eolaíoch ó ICES ar bhonn an chreata sin agus d’fhonn is go mbeifear in ann cuspóirí agus rialacha an Bhunrialacháin a chur chun feidhme, mar a d’iarr an Coimisiún.
•Measúnú tionchair
Le hAirteagal 43(3) CFAE cuirtear teorainn le raon feidhme an togra.
Leis an togra seo féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Cuirtear san áireamh ann tionscnaimh ó na páirtithe leasmhara agus ó na comhairlí comhairleacha más rud é go ndearna ICES athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún maidir le CBI a athchóiriú bunaithe ar mheasúnú tionchair (SEC(2011) 891) inar measadh, cé gur choinníoll riachtanach é an cuspóir maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú, nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach astu féin.
A mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic ERBInna agus stoic a ndéantar bainistíocht chomhpháirteach orthu le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, is éard a dhéantar go bunúsach leis an togra seo bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Le linn ullmhú na caibidlíochta idirnáisiúnta ar faoina cuimsiú a dhéantar deiseanna iascaireachta an Aontais a chomhaontú le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus le linn na caibidlíochta féin, déileáiltear le haon ghné atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na deiseanna iascaireachta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar.
•Cearta bunúsacha
Comhlíonann an togra cearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta sin a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.
EILIMINTÍ EILE
•
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, féachtar le Rialachán (AE) 2026/249 a leasú mar a thuairiscítear thíos.
An t‑ainseabhaí in uiscí Ibéaracha an Atlantaigh thiar
Le Rialachán (AE) 2026/249 socraítear go sealadach ag nialas an TAC le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) sa chuid thiar d’fholimistéar 9 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus i bhfolimistéar 10 (an chuid thiar d’uiscí Ibéaracha an Atlantaigh agus uiscí na nAsór) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an ainseabhaí sa chuid thiar de roinn 9a ICES (uiscí Ibéaracha an Atlantaigh thiar) le haghaidh na tréimhse sin.
Meastar go bhfoilseoidh ICES an chomhairle sin an 19 Meitheamh 2026. Go dtí go bhfoilseofar an chomhairle ó ICES, áirítear an aithris ábhartha idir lúibíní cearnacha sa togra seo, agus is le ‘pm’ (pro memoria) a mharcáiltear an TAC le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar d’fholimistéar 9 ICES agus i bhfolimistéar 10 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. A luaithe a bheidh an chomhairle ó ICES ar fáil, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar TAC cinntitheach le haghaidh an stoic sin agus na tréimhse sin ar bhonn na comhairle sin. Mar sin féin, más cosúil nach gceadófaí don Chomhairle an TAC cinntitheach a ghlacadh in am dá ndéanfaí amhlaidh agus, dá bhrí sin, go mbeadh briseadh sealadach san iascach sin ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, molfaidh seirbhísí an Choimisiúin TAC sealadach ina ionad sin le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2026.
An séacla Artach in Skagerrak-Kattegat agus sa Mhuir Thuaidh
Le Rialachán (AE) 2026/249 socraítear go sealadach ag nialas an TAC le haghaidh séaclaí Artacha (Pandalus borealis) in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES (Skagerrak-Kattegat) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an séacla Artach i ranna 3a agus 4a thoir ICES (Skagerrak-Kattegat agus tuaisceart na Mara Thuaidh i dTrinse na hIorua).
Ina theannta sin, socraíodh leis an Rialachán sin cuóta an Aontais le haghaidh séaclaí Artacha in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh laisteas de 62ºT le haghaidh 2026 ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Iorua, ar leibhéal 148 dtona.
Meastar go bhfoilseoidh ICES a chomhairle maidir le séaclaí Artacha i ranna 3a agus 4a thoir ICES an 8 Meitheamh 2026. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, reáchtálfaidh an tAontas comhairliúcháin dhéthaobhacha leis an Iorua maidir leis na nithe seo a leanas: (i) leibhéal na ndeiseanna foriomlána iascaireachta le haghaidh séaclaí Artacha i ranna 3a agus 4a thoir ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027; (ii) leibhéal an TAC le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin; agus (iii) malartú breise ón Iorua chuig an Aontas maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh séaclaí Artacha in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh laisteas de 62ºT le haghaidh 2026, malartú a chomhaontaigh an tAontas agus an Iorua a mheas le linn comhairliúcháin dhéthaobhacha maidir le malartú cuótaí agus socruithe rochtana le haghaidh 2026. Dá gcomhaontófaí aistriú breise den sórt sin ón Iorua chuig an Aontas, chúiteofaí é trí dheiseanna iascaireachta breise le haghaidh séaclaí Artacha in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 2, 5, 12 agus 14 ICES a aistriú ón Aontas chuig an Iorua in 2026.
Go dtí go bhfaighfear toradh foirmiúil na gcomhairliúchán déthaobhach sin, sa togra seo tá téacs na haithrise ábhartha de Rialachán (AE) 2025/1350 ón gComhairle san áireamh go sealadach idir lúibíní cearnacha, agus na TACanna le haghaidh séaclaí Artacha: (i) in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027; (ii) in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh laisteas de 62ºT le haghaidh 2026; agus (iii) in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 2, 5, 12 agus 14 ICES, is le ‘pm’ a mharcáiltear iad. A luaithe a gheofar toradh na gcomhairliúchán déthaobhach sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar na TACanna sin le haghaidh na dtréimhsí sin agus ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Iorua.
An salán sa Mhuir Thuaidh agus in Skagerrak-Kattegat
Le Rialachán (AE) 2026/249, socraítear go sealadach ag nialas na TACanna le haghaidh salán (Sprattus sprattus) agus foghabhálacha gaolmhara le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027 sna huiscí seo a leanas: (i) uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéar 4 agus roinn 2a ICES (an Mhuir Thuaidh); agus (ii) uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES (Skagerrak-Kattegat), go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an salán i bhfolimistéar 4 agus roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027.
D’fhoilsigh ICES an chomhairle sin an 30 Aibreán 2026. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin ó ICES, reáchtálfaidh an tAontas comhairliúcháin thríthaobhacha leis an Ríocht Aontaithe agus an Iorua maidir leis na nithe seo a leanas: (i) leibhéal na ndeiseanna foriomlána iascaireachta le haghaidh an stoic sin le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027; agus (ii) leibhéal na TACanna le haghaidh salán i bhfolimistéar 4 agus roinn 2a ICES agus i roinn 3a ICES faoi seach le haghaidh na tréimhse sin.
Go dtí go bhfaighfear toradh na gcomhairliúchán tríthaobhach sin, sa togra seo tá téacs na haithrise ábhartha de Rialachán (AE) 2025/1350 san áireamh go sealadach idir lúibíní cearnacha, agus na TACanna le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027 sna huiscí seo a leanas: (i) uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéar 4 agus roinn 2a ICES; agus (ii) uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES, arb uiscí iad a mharcáiltear le ‘pm’. A luaithe a gheofar toradh na gcomhairliúchán tríthaobhach sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar na TACanna sin le haghaidh na tréimhse sin ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe agus an Iorua.
Le Rialachán (AE) 2026/249 socraítear go sealadach ag nialas an TAC le haghaidh salán in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i ranna 7d agus 7e ICES (Muir nIocht) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir leis an salán sa limistéar sin le haghaidh na tréimhse sin.
D’fhoilsigh ICES an chomhairle sin an 30 Aibreán 2026. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin ó ICES, reáchtálfaidh an tAontas comhairliúcháin dhéthaobhacha leis an Ríocht Aontaithe maidir le leibhéal an TAC i gcás an stoic sin le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027, de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’).
Go dtí go bhfaighfear toradh na gcomhairliúchán déthaobhach sin, sa togra seo tá téacs na haithrise ábhartha de Rialachán (AE) 2025/1350 san áireamh go sealadach idir lúibíní cearnacha, agus is le ‘pm’ a mharcáiltear an TAC le haghaidh salán i ranna 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. A luaithe a gheofar toradh na gcomhairliúchán déthaobhach sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar an TAC sin le haghaidh na tréimhse sin ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe.
An caibeallán in uiscí na Graonlainne
Tar éis fhoilsiú na comhairle eolaíche is déanaí maidir leis an gcaibeallán (Mallotus villosus) i limistéar na hÍoslainne-na Graonlainne Thoir-Jan Mayen i mí Eanáir 2026, shocraigh an Ghraonlainn agus an Íoslainn TAC agus a gcuótaí ar leith i gcás an stoic sin le haghaidh na tréimhse ón 15 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 15 Aibreán 2026. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, thairg an Ghraonlainn deiseanna iascaireachta 5 545 thona le haghaidh an stoic sin agus na tréimhse sin, rud lenar ghlac an tAontas an 5 Feabhra 2026. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) 2026/249, arna leasú le Rialachán (AE) 2026/786 ón gComhairle, socraíodh cuótaí an Aontais agus na mBallstát le haghaidh caibeallán in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 2, 5, 12 agus 14 ICES le haghaidh na tréimhse ón 15 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 15 Aibreán 2026 ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an nGraonlainn.
Mar sin féin, d’iarr an Ghraonlainn deimhniú ón Aontas ina dhiaidh sin go raibh sé ar intinn aige na deiseanna iascaireachta sin a úsáid, mar mura raibh sé i gceist aige é sin a dhéanamh d’fhéadfadh cabhlach na Graonlainne iad a úsáid lena áirithiú go mbainfí an úsáid is fearr as an gcuóta. Ar bhonn na heaspa spéise atá ar thionscal iascaireachta an Aontais, thairg an tAontas aisghabháil na ndeiseanna iascaireachta sin don Ghraonlainn. Dá bhrí sin, ba cheart cuótaí an Aontais agus na mBallstát le haghaidh caibeallán in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 2, 5, 12 agus 14 ICES le haghaidh na tréimhse ón 15 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 15 Aibreán 2026 a laghdú go nialas dá réir sin.
An trosc in uiscí na Graonlainne
I gcomhréir le hAirteagal 11 den Chomhaontú Comhpháirtíochta sin maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Ghraonlainn, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus i gCaibidil VI den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú sin, chomhaontaigh an tAontas agus an Ghraonlainn iascach taiscéalaíoch le haghaidh trosc (Gadus morhua) a dhéanamh in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 5 agus 14 ICES, soir ó thuaidh ó 42°I le haghaidh na tréimhse ón 12 Feabhra 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026. Is é is aidhm don iascach taiscéalaíoch a chinneadh an ann do throisc sa limistéar sin agus a ndáileadh féideartha. Socraíodh deiseanna iascaireachta 3 000 tona le haghaidh an iascaigh thaiscéalaíoch sin, as ar cionroinneadh 900 tona ar an Aontas. Ní fhéadfaidh ach soithí atá ag saothrú faoi chuimsiú an iascaigh thaiscéalaíoch sin agus a dhéanann sampláil eolaíoch na deiseanna iascaireachta sin a iascach. Ní mór an tsampláil eolaíoch sin a dhéanamh faoi choinníollacha atá le cinneadh ag Institiúid Acmhainní Nádúrtha na Graonlainne. Tá sé beartaithe an cuóta sin de chuid an Aontais a shocrú mar a comhaontaíodh leis an nGraonlainn é.
Go dtí go dtiocfar ar chomhaontú idir na Ballstáit maidir leis an scála cionroinnte le haghaidh an stoic sin, tá sé beartaithe gan cuóta an Aontais a chionroinnt go sealadach ar na Ballstáit agus ligean do na Ballstáit uile iascaireacht a dhéanamh de réir chuóta an Aontais go dtí go mbainfear leas iomlán as.
Trosc cróch NAFO
Le Rialachán (AE) 2026/249 socraítear go sealadach ag nialas an TAC agus cuóta an Aontais le haghaidh trosc (Gadus morhua) i ranna 2J, 3K agus 3L de chuid Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) (troisc i ranna ‘2J3KL’, ‘trosc cróch NAFO’) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027, go dtí go ndéanfaidh NAFO cinneadh an TAC sin a bhunú.
I mí an Mheithimh 2026 meastar go bhfoilseoidh Ceanada a chomhairle eolaíoch le haghaidh trosc i ranna 2J3KL le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin, meastar go mbunóidh Ceanada teorainn ghabhála le haghaidh trosc i ranna 2J3KL NAFO dá shoithí iascaireachta le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. I gcomhréir lena chuid rialacha, tá NAFO le TAC a bhunú ansin le haghaidh an stoic sin agus le haghaidh na tréimhse sin, mar aon le cionroinnt ar Pháirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO, lena n‑áirítear cuóta de chuid an Aontais, atá le hiascach i Limistéar Rialála NAFO. Tá an TAC sin agus an chionroinnt sin le bunú ar leibhéal ar do 95 % den TAC a chomhfhreagróidh an teorainn ghabhála arna bunú ag Ceanada agus ar do 5 % den TAC a chomhfhreagróidh an chionroinnt ar Pháirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO.
Go dtí go ndéanfaidh NAFO cinneadh TAC den sórt sin, cionroinnt ar Pháirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO agus aon bheart téarnaimh le haghaidh an stoic sin a bhunú, sa togra seo tá an aithris ábhartha de Rialachán (AE) 2025/1350 san áireamh go sealadach idir lúibíní cearnacha agus is le ‘pm’ a mharcáiltear an TAC le haghaidh trosc i roinn 2J3KL NAFO le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. A luaithe a gheofar an cinneadh ó NAFO, tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina molfar an TAC agus bearta téarnaimh féideartha le haghaidh na tréimhse sin i gcomhréir leis an gcinneadh sin ó NAFO.
CICTA
Tar éis ghlacadh Mholadh 25-04 ó ICCAT lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil um an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ag an 29ú cruinniú bliantúil den Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) i mí na Samhna 2025, glacadh Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún an 4 Márta 2026 de bhun Airteagal 66(1)(a) de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Airteagal 8(2) de d’fhonn an moladh a ionchorprú i ndlí an Aontais. Meastar go dtiocfaidh an rialachán tarmligthe sin i bhfeidhm an 14 Bealtaine 2026. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh anois 20 % ar a mhéad, seachas 5 % roimhe sin, dá gcuóta bliantúil le haghaidh tuinníní gorma i limistéar Choinbhinsiún ICCAT lastoir de 45°I a aistriú ón mbliain roimhe sin go bliain ar leith. I gcás ina ndéanann na Ballstáit iarraidh den sórt sin, ceanglaítear orthu an iarraidh sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina bplean iascaireachta bliantúil. D’iarr an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, Málta agus an Phortaingéil aistrithe den sórt sin ó 2025 le haghaidh 2026. Ar bhonn na n‑iarrataí sin, chuir an Coimisiún plean bliantúil athbhreithnithe de chuid an Aontais faoi bhráid Rúnaíocht CICTA, de bhun Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2023/2053. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe cuótaí na mBallstát sin le haghaidh tuinníní gorma i limistéar Choinbhinsiún CICTA lastoir de 45°I le haghaidh 2026 a leasú dá réir. Tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin an togra cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina sonrófar tagairt agus dáta theacht i bhfeidhm an rialacháin tharmligthe a glacadh an 4 Márta 2026.
I gcomhréir le hAirteagal 17b de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le Rialachán (AE) 2026/249, arna leasú le Rialachán (AE) 2026/786, aistrítear cuótaí bliantúla le haghaidh tuinníní colgacha (Thunnus alalunga) i limistéar Choinbhinsiún ICCAT lastuaidh de 5°T ó 2024 go 2026 le haghaidh Ballstáit áirithe. Leasaíodh cuótaí na mBallstát sin le haghaidh an stoic sin i gcás 2026 dá réir sin le Rialachán (AE) 2026/786 ón gComhairle. Mar sin féin, níor leasaíodh cuóta na Ríochta Aontaithe le haghaidh an stoic sin i gcás 2026 chun aistrithe den sórt sin a chur san áireamh agus ba cheart, dá bhrí sin, é a leasú dá réir sin.
NPFC
Le Rialachán (AE) 2026/249, arna leasú le Rialachán (AE) 2026/786, marcáladh go sealadach le ‘le bunú’ na teorainneacha gabhála atá ar fáil do na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad i gCoimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC) le haghaidh trálaer agus soithí peas-saighne faoi seach agus cuóta breise an Aontais le haghaidh ronnaigh sheapánacha (Scomber japonicus) i limistéar Choinbhinsiún NPFC le haghaidh na tréimhse ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Bealtaine 2027, chomh maith leis na teorainneacha iarrachta gaolmhara.
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige i mí Aibreáin 2026, bhunaigh NPFC na teorainneacha gabhála sin le haghaidh na tréimhse ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026, agus an tréimhse iascaireachta á hailíniú leis an mbliain féilire. Chuir sé an ronnach gorm (Scomber australasicus), a ghabhtar in éineacht leis an ronnach seapánach, leis na teorainneacha gabhála sin freisin.
2026/0122 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2026/249 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2026/249 ón gComhairle, socraítear le haghaidh 2026, 2027 agus 2028 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin, lena n‑áirítear bearta áirithe atá nasctha go feidhmiúil leo, a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche, torthaí na gcomhairliúchán le tríú tíortha, torthaí chruinnithe na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) agus forbairtí eile a chur san áireamh.
(2)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis fhoilsiú na comhairle ó ICES, nó más cosúil nach gcuirfeadh nuashonrú den sórt sin ar a cumas don Chomhairle an TAC cinntitheach a ghlacadh in am agus, dá bhrí sin, go mbeadh briseadh sealadach san iascach sin ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh.] [É SEO] [An 19 Meitheamh 2026 d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) a comhairle eolaíoch le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) sa chuid thiar de roinn 9a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027. Tar éis fhoilsiú na comhairle sin do ICES, na gabhálacha iomlána incheadaithe (TAC) le haghaidh ainseabhaithe sa chuid thiar d’fholimistéar 9 ICES agus i bhfolimistéar 10 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027, ba cheart iad a shocrú ar an leibhéal a mhol ICES.] [NÓ É SEO] [Le Rialachán (AE) 2026/249 socraítear go sealadach ag nialas na gabhálacha iomlána incheadaithe (TAC) le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) sa chuid thiar d’fholimistéar 9 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus i bhfolimistéar 10 le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2027, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le hainseabhaithe sa chuid thiar de roinn 9a ICES le haghaidh na tréimhse sin. Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht go dtí go socrófar an TAC cinntitheach le haghaidh an stoic sin i gcás na tréimhse ábhartha, ba cheart TAC sealadach a shocrú le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 ar leibhéal a chomhfhreagraíonn do [X].]
(3)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis na comhairliúcháin idir an tAontas agus an Iorua a thabhairt i gcrích.] [An 23 Meitheamh 2025 thug an tAontas agus an Iorua comhairliúcháin i gcrích maidir leis an méid seo a leanas: (i) leibhéal na ndeiseanna foriomlána iascaireachta le haghaidh séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i ranna 3a agus 4a thoir ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026; (ii) leibhéal an TAC le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES; agus (iii) bearta teicniúla breise le haghaidh an stoic sin. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 12 Meitheamh 2025. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead Comhaontaithe a síníodh an 23 Meitheamh 2025. Dá bhrí sin, ba cheart an TAC le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Iorua, agus ba cheart na bearta teicniúla breise a comhaontaíodh leis an Iorua a bhunú. Le linn na gcomhairliúchán sin, rinne an tAontas agus an Iorua breithniú ar mhalartuithe séaclaí Artacha in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh laisteas de 62o T ón Iorua chuig an Aontas. Mar sin féin, ós rud é nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir le haistrithe breise séaclaí Artacha sa Mhuir Thuaidh, ba cheart na deiseanna iascaireachta neamh-chionroinnte le haghaidh séaclaí Artacha in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 5 agus 14 ICES a chionroinnt ar na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart cuótaí na mBallstát le haghaidh séaclaí Artacha in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 5 agus 14 ICES a leasú dá réir sin.]
(4)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis na comhairliúcháin idir an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua a thabhairt i gcrích.] [An 21 Bealtaine 2025 reáchtáil an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua comhairliúcháin maidir leis an méid seo a leanas: (i) leibhéal na ndeiseanna foriomlána iascaireachta le haghaidh salán (Sprattus sprattus) i bhfolimistéar 4 agus roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026; agus (ii) leibhéil na TACanna le haghaidh salán in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéar 4 agus roinn 2a ICES agus in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 12 Bealtaine 2025. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead Comhaontaithe a síníodh an 21 Bealtaine 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, na TACanna ábhartha a shocrú ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe agus an Iorua.]
(5)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis na comhairliúcháin idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích.] [An 12 Bealtaine 2025 rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhairliúcháin dhéthaobhacha de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir le leibhéal an TAC le haghaidh salán i ranna 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 8 Bealtaine 2025. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn a síníodh an 22 Bealtaine 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC le haghaidh salán i ranna 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026 a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe]
(6)Le Rialachán (AE) 2026/249, arna leasú le Rialachán (AE) 2026/786 ón gComhairle, socraítear cuótaí an Aontais agus na mBallstát le haghaidh caibeallán (Mallotus villosus) in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 2, 5, 12 agus 14 ICES le haghaidh na tréimhse ón 15 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 15 Aibreán 2026 ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an nGraonlainn, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile. Mar sin féin, ar bhonn na heaspa spéise atá ar thionscal iascaireachta an Aontais ina dhiaidh sin, thairg an tAontas aisghabháil na ndeiseanna iascaireachta sin don Ghraonlainn. Dá bhrí sin, ba cheart cuótaí an Aontais agus na mBallstát le haghaidh caibeallán in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 2, 5, 12 agus 14 ICES le haghaidh na tréimhse ón 15 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 15 Aibreán 2026 a laghdú go nialas dá réir sin.
(7)I gcomhréir le hAirteagal 11 den Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas agus an Ghraonlainn, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6 agus i gCaibidil VI den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú sin, chomhaontaigh an tAontas agus an Ghraonlainn iascach taiscéalaíoch le haghaidh trosc (Gadus morhua) a dhéanamh in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 5 agus 14 ICES, soir ó thuaidh ó 42°I le haghaidh na tréimhse ón 12 Feabhra 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026. Socraíodh deiseanna iascaireachta 3 000 tona le haghaidh an iascaigh thaiscéalaíoch sin, as ar cionroinneadh 900 tona ar an Aontas. Ba cheart an cuóta sin de chuid an Aontais a shocrú mar a comhaontaíodh leis an nGraonlainn é. Go dtí go dtiocfar ar chomhaontú idir na Ballstáit maidir leis an scála cionroinnte le haghaidh an stoic sin, níor cheart cuóta an Aontais a chionroinnt go sealadach, rud a ligfeadh do na Ballstáit uile iascaireacht a dhéanamh de réir chuóta an Aontais go dtí go mbainfear leas iomlán as.
(8)[Déanfar an aithris agus na forálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta tar éis an chinnidh ó NAFO.] [An 18 Meitheamh 2025 ghlac Ceanada teorainn ghabhála le haghaidh a shoithí a dhéanann iascaireacht ar throisc i ranna 2J, 3K agus 3L d’Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Ina dhiaidh sin, an 23 Meitheamh 2025, ghlac NAFO TAC le haghaidh an stoic sin agus na tréimhse sin, agus cionroinnt ar Pháirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO, a chomhfhreagraíonn do 5 % den TAC, lena n‑áirítear cuóta de chuid an Aontais, atá le hiascach i Limistéar Rialála NAFO. Ina theannta sin, choinnigh NAFO na bearta téarnaimh le haghaidh an stoic sin ar bun le haghaidh na tréimhse sin. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.]
(9)[Déanfar an aithris a thabhairt cothrom le dáta tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin tharmligthe dá dtagraítear inti.] Tar éis ghlacadh Mholadh 25-04 ó ICCAT lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil um an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ag an 29ú cruinniú bliantúil den Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) i mí na Samhna 2025, glacadh Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún an 4 Márta 2026 de bhun Airteagal 66(1)(a) de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Airteagal 8(2) de d’fhonn an moladh sin a ionchorprú i ndlí an Aontais. Meastar go dtiocfaidh an rialachán tarmligthe sin i bhfeidhm an 14 Bealtaine 2026. Mar thoradh air sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh anois 20 % ar a mhéad dá gcuóta bliantúil le haghaidh tuinníní gorma i limistéar Choinbhinsiún ICCAT lastoir de 45°I a aistriú ón mbliain roimhe sin go bliain ar leith. D’iarr an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, Málta agus an Phortaingéil aistrithe den sórt sin ó 2025 le haghaidh 2026. Ar bhonn na n‑iarrataí sin, chuir an Coimisiún plean bliantúil athbhreithnithe de chuid an Aontais faoi bhráid Rúnaíocht CICTA, de bhun Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2023/2053. Dá bhrí sin, ba cheart cuótaí na mBallstát sin le haghaidh tuinníní gorma i limistéar Choinbhinsiún CICTA lastoir de 45°I le haghaidh 2026 a leasú dá réir sin.
(10)Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige i mí Aibreáin 2026, bhunaigh Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC) teorainneacha gabhála le haghaidh ronnaigh sheapánacha (Scomber japonicus) agus ronnaigh ghorma (Scomber australasicus) a bheidh ar fáil do Pháirtithe Conarthacha uile NPFC le haghaidh trálaer agus soithí peas-saighne faoi seach le haghaidh na tréimhse ón 1 Meitheamh 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026. Ina theannta sin, bhunaigh NPFC méid breise de na stoic sin don Aontas le haghaidh na tréimhse céanna sin. Bhunaigh sé teorainneacha iarrachta gaolmhara freisin. Thairis sin, bhunaigh NPFC bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na teorainneacha gabhála sin agus leis an méid breise sin, agus gan na bearta sin: (i) ní fhéadfaí na teorainneacha gabhála sin a bhunú le haghaidh Pháirtithe Conarthacha uile NPFC; ná (ii) níor mhór na deiseanna iascaireachta le haghaidh ronnaigh sheapánacha agus ronnaigh ghorma i limistéar Choinbhinsiún NPFC a laghdú chun na speicis nach spriocspeicis iad a chosaint. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin agus na bearta sin atá nasctha go feidhmiúil leo a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2026/249 a leasú dá réir sin.
(12)Chun na tréimhsí tuairiscithe le haghaidh na TACanna arna leasú leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun, agus toisc go bhfuil feidhm ag cuid de na TACanna sin ón 1 Eanáir 2026, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na TACanna leasaithe ón dáta sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla ná na n‑ionchas dlisteanach toisc go gcoinnítear na TACanna lena mbaineann ar bun nó go dtagann méadú orthu.
(13)I bhfianaise na práinne a bhaineann le briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2026/249
Leasaítear Iarscríbhinn IA, Codanna A agus B, agus Iarscríbhinní IB, IC, ID agus IM a ghabhann le Rialachán (AE) 2026/249 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán