AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.5.2026
COM(2026) 194 final
2026/0108(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2026-2030)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCII) atá ann faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus na Séiséil i bhfeidhm an 24 Feabhra 2020 ar feadh tréimhse 6 bliana, agus tá sé in-athnuaite go hintuigthe ar feadh tréimhsí breise 6 bliana.
Ar bhonn Chinneadh an 23 Meitheamh 2025 ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh Prótacal nua maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe le Poblacht na Séiséal a chur chun feidhme, agus na treoracha caibidlíochta atá ann, rinne an Coimisiún caibidlíocht le Poblacht na Séiséal (‘na Séiséil’ anseo feasta). Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích agus chuir na hidirbheartaithe inisealacha le Prótacal an 1 Aibreán 2026. Leis an bprótacal nua, cumhdaítear tréimhse 4 bliana ó dháta an chur i bhfeidhm sealadach a leagtar amach in Airteagal 19, i.e. an dáta a shíníonn na Páirtithe é.
Is é is cuspóir don Phrótacal nua deiseanna iascaireachta a dheonú do shoithí de chuid an Aontais sna limistéir iascaireachta atá suite in uiscí na Séiséal, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch agus le moltaí na heagraíochta réigiúnaí bainistithe iascaigh ábhartha, an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC). Déantar foráil sa Phrótacal nua maidir leis na deiseanna iascaireachta seo a leanas:
- 30 soitheach peas‐saighne tuinníní;
- 8 mbád spiléireachta dromchla.
Is é is cuspóir don togra na deiseanna iascaireachta sin a chionroinnt ar na Ballstáit.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is é is príomhaidhm don Phrótacal nua a ghabhann leis an gComhaontú creat cothrom le dáta a sholáthar lena gcuirtear san áireamh tosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh agus an ghné sheachtrach. Cuideoidh sé sin leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus na Séiséil a choinneáil ar bun agus a neartú.
Leis an bPrótacal nua, déantar foráil maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais. Tá sé bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar na moltaí a rinne IOTC.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an chaibidlíocht maidir le prótacal nua chun an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe leis na Séiséil a chur chun feidhme ina cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i leith thíortha Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), agus cuirtear san áireamh léi cuspóirí an Aontais, go háirithe maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí, ina mbunaítear go bhfuil an Chomhairle, tar éis togra ón gCoimisiún, le bearta maidir le cionroinnt deiseanna iascaireachta a ghlacadh.
•Coimhdeacht
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 3(1), pointe (d), CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir creat rialachais dhlíthiúil, chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais in uiscí tríú tír, mar a leagtar amach in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
In 2025 rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar an bPrótacal atá ann faoi láthair a ghabhann leis an CCII leis na Séiséil agus meastóireacht ex ante ar athnuachan a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bPrótacal. Leagtar amach conclúidí na meastóireachta i ndoiciméad inmheánach oibre dar dáta an 25 Meitheamh 2025.
Sa mheastóireacht thángthas ar an gconclúid gur chun leas earnálacha iascaireachta an Aontais go mór í an iascaireacht sna Séiséil agus go bhfuil athnuachan an Phrótacail chun leas an dá pháirtí. Ina theannta sin, le hathnuachan an Phrótacail chuideofaí le faireachán, rialú agus faireachas a neartú agus rannchuideofaí le rialachas feabhsaithe na hearnála iascaigh sa réigiún.
Ó thaobh an Aontais de, tá sé tábhachtach ionstraim a choinneáil ar bun lena gceadaítear comhar domhain earnála leis na Séiséil, ar gníomhaí straitéiseach iad ar an leibhéal foréigiúnach mar gheall ar an limistéar iascaireachta atá faoina ndlínse agus ar comhghuaillí tábhachtach iad faoi chuimsiú IOTC. Ina theannta sin, i gcás chabhlach an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn sé sin go gcoinneofar rochtain ar bun ar limistéar tábhachtach iascaireachta chun straitéisí saothraithe a chur in úsáid faoi chreat dlí idirnáisiúnta ilbhliantúil. Thairis sin, tábhacht na Séiséal maidir le tuinníní a ghabhtar san Aigéan Indiach a phróiseáil agus táirgí tuinníní a onnmhairiú chuig an Aontas ina dhiaidh sin, cuireann sí le hábharthacht an Phrótacail nua atá beartaithe, do thionscal iascaireachta an Aontais agus don tír chomhpháirtíochta araon. I gcás údaráis na Séiséal, is é an aidhm atá ann an caidreamh leis an Aontas a choinneáil ar bun d’fhonn, inter alia, rialachas na n‑aigéan a neartú agus, ar an gcaoi sin, tairbhiú den tacaíocht earnála thiomnaithe lena gcuirtear deiseanna cistiúcháin ilbhliantúla ar fáil.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe tionscail, le heagraíochtaí idirnáisiúnta na sochaí sibhialta, leis an riarachán iascaigh agus le hionadaithe na sochaí sibhialta sna Séiséil mar chuid den mheasúnú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le hAirteagal 31(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Áirítear clásal maidir le hiarmhairtí sáruithe ar chearta an duine agus ar phrionsabail dhaonlathacha sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar ag an Rialachán atá beartaithe ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá an nós imeachta seo á thionscnamh i gcomhthráth leis na nósanna imeachta a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an CCII idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2026-2030) agus an Chinnidh ón gComhairle maidir lena thabhairt i gcrích. Beidh feidhm ag an Rialachán ar dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail.
2026/0108 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2026-2030)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, mír 3, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thar ceann an Aontais Eorpaigh, tá Prótacal nua maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal caibidlithe ag an gCoimisiún ar feadh tréimhse 4 bliana (‘an Prótacal’).
(2)Tagann an Prótacal sin in ionad an phrótacail is déanaí lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal, a síníodh an 24 Feabhra 2020 ar feadh tréimhse 6 bliana, agus a chuaigh in éag an 23 Feabhra 2026.
(3)De thoradh na caibidlíochta sin, cuireadh inisealacha leis an bPrótacal nua an 1 Aibreán 2026.
(4)An [...], ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) [...] [fonóta tagartha] maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail nua, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
(5)Ba cheart na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal a chionroinnt ar na Ballstáit ar feadh na tréimhse iomláine a chuirfear an Prótacal i bhfeidhm.
(6)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal agus an ghá atá ann an t‑am a chuirtear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a laghdú a mhéid is féidir.
(7)Déantar foráil le hAirteagal 19 den Phrótacal maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail ó dháta a shínithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais a cheadú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar na deiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (‘an Prótacal’) a chionroinnt ar na Ballstáit mar a leanas:
(a)soithí peas-saighne tuinníní:
an Spáinn: 17 soitheach
an Fhrainc: 12 shoitheach
an Iodáil: 1 soitheach
(b) báid spiléireachta dromchla:
an Spáinn: 2 shoitheach
an Fhrainc: 4 shoitheach
an Phortaingéil: 2 shoitheach
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Beidh feidhm aige ón dáta a shíneofar an Prótacal.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán