AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.5.2026
COM(2026) 186 final
2026/0101(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena gcinntear na critéir agus an nós imeachta chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle na hEorpa a bhunú a mhéid a bhaineann leis na hiarrataí ar aontachas tríú páirtithe le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (‘Coinbhinsiún Bhúdaipeist’)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, i ndáil le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (‘Coinbhinsiún Bhúdaipeist’) arna ndéanamh ag stáit nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad agus nár ghlac páirt i bhforbairt Choinbhinsiún Bhúdaipeist, de bhun Airteagal 37 den Choinbhinsiún sin.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Bhúdaipeist
Síníodh Coinbhinsiún Bhúdaipeist (CETS 185) an 23 Samhain 2001 i mBúdaipeist na hUngáire agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2004. Tá Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh ina bpáirtithe conarthacha sa choinbhinsiún sin seachas Éire, a shínigh an Coinbhinsiún ach nár dhaingnigh go fóill é. Tá an caidreamh idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa bunaithe ar Mheabhrán Tuisceana 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach; tá stádas breathnóra ag an Aontas i gCoiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY).
Tá 48 n-airteagal i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist lena bhforáiltear (i) maidir le hiompar ábhartha a choiriúlú – idir rochtain neamhdhleathach, chur isteach ar shonraí agus ar chórais agus chalaois atá bainteach le ríomhaireacht agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí; (ii) maidir le cumhachtaí nós imeachta chun imscrúdú a dhéanamh ar chibearchoireacht agus chun fianaise leictreonach a dhaingniú i ndáil le haon choir, agus (iii) maidir le comhar idirnáisiúnta éifeachtúil. Forlíontar Coinbhinsiún Bhúdaipeist leis an gCéad Phrótacal Breise lena gcumhdaítear coiriúlú gníomhartha de chineál ciníoch agus seineafóbach a dhéantar trí chórais ríomhaireachta (CETS 189) agus an Dara Prótacal Breise maidir le comhar idirnáisiúnta feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí (CETS 224).
2.2.Coiste Airí Chomhairle na hEorpa agus a comhlachtaí ullmhúcháin agus Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht
Is é Coiste Airí Chomhairle na hEorpa comhlacht cinnteoireachta reachtúil Chomhairle na hEorpa. Déantar a ról agus ar a fheidhmeanna a shainiú go mion i gCaibidil IV de Reacht Chomhairle na hEorpa. Tá sé comhdhéanta d’Airí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát. Tagann Coiste Airí Chomhairle na hEorpa le chéile uair sa bhliain ar leibhéal na n-airí agus gach seachtain ar leibhéal na n-ionadaithe (Buanionadaithe na mBallstát chuig Comhairle na hEorpa).
Faigheann Coiste Airí Chomhairle na hEorpa cúnamh ó bhiúró agus ó fhoghrúpaí a thagann le chéile go tráthrialta chun saincheisteanna áirithe a mheas go mion sula ndéantar cinntí. Is struchtúir oibre neamhfhoirmiúla de chuid na n-ionadaithe iad na foghrúpaí sin agus níl aon chumhacht chinnteoireachta acu. Ullmhaíonn siad cinntí do Choiste Airí Chomhairle na hEorpa lena nglacadh, gan díospóireacht go hidéalach. Is é GR-J (Grúpa Rapóirtéir maidir le Comhar Dlíthiúil) a ullmhaíonn cinntí maidir le hiarrataí ar aontú le Coinbhinsiún Bhúdaipeist.
Déanann Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) ionadaíocht do na Páirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist. Ar bhonn Airteagal 46 de Choinbhinsiún Bhúdaipeist, is é is aidhm don chomhairliúchán leis an gcoiste sin úsáid agus cur chun feidhme éifeachtach Choinbhinsiún Bhúdaipeist, malartú faisnéise agus breithniú ar aon leasú a dhéanfar amach anseo a éascú.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa agus ag Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis san Aontas
De réir Airteagal 37(1) de Choinbhinsiún Bhúdaipeist, féadfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Stáit Chonarthacha sa Choinbhinsiún agus toiliú d’aon toil a fháil uathu - trí Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) -, a iarraidh ar aon stát nach comhalta den Chomhairle é, agus nár ghlac páirt i bhforbairt Choinbhinsiún Bhúdaipeist, aontú leis.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa agus ina chomhlachtaí ullmhúcháin chomh maith le Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) a mhéid a bhaineann le haontachas na Stát le Coinbhinsiún Bhúdaipeist, tá sé beartaithe é a bhunú de réir cur chuige dhá shraith. Ar an gcéad dul síos, leis an gCinneadh seo, ina leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na treoirphrionsabail agus na treoirchritéir atá le cur i bhfeidhm agus seasamh an Aontais á mholadh, sa dara céim, maidir le hiarrataí sonracha ar aontachas arna ndéanamh ag tríú Stáit. Sa dara céim sin, molfaidh an Coimisiún seasamh mionsonraithe maidir le gach iarraidh ar aontachas Stát nach Páirtithe iad i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist i gcomhréir leis na treoirphrionsabail agus na treoirchritéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. Tarchuirfidh an Coimisiún an seasamh mionsonraithe sin chuig an gComhairle, i bhfoirm doiciméad i scríbhinn, lena phlé agus lena fhormheas.
Tá cur chuige den sórt sin á chur i bhfeidhm ag an Aontas faoi láthair i gcomhthéacs nósanna imeachta cinnteoireachta inmheánacha eagraíochtaí idirnáisiúnta áirithe eile, go háirithe san earnáil iompair laistigh de Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt agus laistigh de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Molann an Coimisiún an nós imeachta thuasluaite mar gheall ar shaintréithe an phróisis i gComhairle na hEorpa a mhéid a bhaineann le hiarrataí ar stáit nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad agus nár ghlac páirt i bhforbairt Choinbhinsiún Bhúdaipeist, aontú leis, de bhun Airteagal 37 den Choinbhinsiún.
Go háirithe, le rialacha inmheánacha Chomhairle na hEorpa, ceadaítear do na Stáit is Páirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist 2 mhí a bheith acu de ghnáth a n-agóidí a chur in iúl maidir le hiarraidh ar aontú leis an gcoinbhinsiún sin, tar éis do Rúnaíocht T-CY an iarraidh a scaipeadh ar na Stáit uile is Páirtithe. Mar gheall ar an tréimhse an-ghearr idir an tráth a fhaigheann na Stáit is Páirtithe iarraidh ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist agus an tráth a cheanglaítear orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar, is féidir go gcuirfí i mbaol ullmhú agus glacadh tráthúil Cinnidh ag an gComhairle maidir le seasamh an Aontais de bhun Airteagal 218(9) den Chonradh.
Chun comhleanúnachas sheasamh an Aontais a áirithiú le linn an phróisis, ba cheart feidhm a bheith ag an bpróiseas dhá shraith atá beartaithe maidir le cinntí maidir le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist, de bhun Airteagal 37 den choinbhinsiún sin.
Dá bhrí sin, tá sé beartaithe leis seo Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh ar bhonn Airteagal 218(9) CFAE, lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le glacadh cinntí den sórt sin.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le Cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú faoi thrácht.
Cuimsítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Na gníomhartha a iarrtar ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, i gcomhar lena chomhlachtaí ullmhúcháin agus le Coiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist a ghlacadh, i.e. cinneadh maidir le hiarraidh Stáit nach comhalta de Chomhairle na hEorpa é agus nár ghlac páirt i bhforbairt Choinbhinsiún Bhúdaipeist ar aontú leis an gcoinbhinsiún sin, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Thairis sin, agus gan dochar d’inniúlacht an Aontais i réimsí eile a chumhdaítear le Coinbhinsiún Bhúdaipeist amhail coiriúlú cineálacha áirithe iompair, i gcomhréir le forálacha Airteagal 23 de Chaibidil III (‘comhar idirnáisiúnta’) de Choinbhinsiún Bhúdaipeist, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile, i gcomhréir le forála a mhéid is féidir chun críoch imscrúduithe nó imeachtaí a bhaineann le cionta coiriúla a bhaineann le córais agus sonraí ríomhaireachta, nó chun fianaise a bhailiú i bhfoirm leictreonach ar chion coiriúil. Tugtar le tuiscint leis sin oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit i réimsí a thagann faoi inniúlacht an Aontais.
Leis an gníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach Coinbhinsiún Bhúdaipeist a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218 (9) CFAE bunús dlí nós imeachta an Chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús substaintiúil dlí maidir le Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó ceann de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Saothraítear cuspóirí leis an ngníomh atá beartaithe agus tá comhpháirteanna iontu i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus bunú rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú i réimse na cibearchoireachta.
Dá bhrí sin, is iad Airteagail 82(1) agus 83(1) CFAE bunús substaintiúil dlí an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagail 82(1) agus 83(1) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2026/0101 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena gcinntear na critéir agus an nós imeachta chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle na hEorpa a bhunú a mhéid a bhaineann leis na hiarrataí ar aontachas tríú páirtithe le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (‘Coinbhinsiún Bhúdaipeist’)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 82(1) agus 83(1) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (‘Coinbhinsiún Bhúdaipeist’) i bhfeidhm an 1 Iúil 2004.
(2)Tá na Ballstáit ina gComhaltaí de Chomhairle na hEorpa; tá na Ballstáit uile seachas Éire ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist. Ní dhéantar foráil i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh an tAontas ina Pháirtí sa choinbhinsiún sin.
(3)De réir Airteagal 37(1) de Choinbhinsiún Bhúdaipeist, féadfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Stáit Chonarthacha sa Choinbhinsiún agus toiliú d’aon toil a fháil uathu, a iarraidh ar aon stát nach comhalta de Chomhairle na hEorpa é, agus nár ghlac páirt i bhforbairt Choinbhinsiún Bhúdaipeist, aontú leis.
(4)Leis an nós imeachta a leantar i gComhairle na hEorpa, leagtar amach comhairliúchán leis na Páirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le cinntí a bhaineann le hiarrataí ar aontachas leis an gcoinbhinsiún sin. Tá toiliú d’aon toil na bPáirtithe le fáil, trí Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY), sula ndéanfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa cinneadh maidir leis na hábhair sin. Is comhlacht ullmhúcháin ar a dtugtar GR-J (Grúpa Rapóirtéir maidir le Comhar Dlíthiúil) a ullmhaíonn na cinntí ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa. Chun páirt iomlán a thabhairt do Pháirtithe nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad sa nós imeachta maidir le haontachas Stát eile le Coinbhinsiún Bhúdaipeist, is gnáthchleachtas é go n-iarrtar ar na Páirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist aon agóid nó ceist a tharraingt aníos a bhaineann le cinntí maidir le hiarrataí ar aontachas ag céim an chomhairliúcháin leis na Páirtithe. Formheasann Coiste Airí Chomhairle na hEorpa cinntí den sórt sin ina dhiaidh sin gan díospóireacht i gcás comhthola.
(5)De bhun an nós imeachta sin, is féidir le haon Stát is Páirtí i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist agóid a chur in iúl i gcoinne iarraidh ar aontachas leis an gcoinbhinsiún sin, rud a chuireann cosc go héifeachtach ar stát iarrthach a bheith rannpháirteach i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist. Ní gá na cúiseanna le hagóid a chur in iúl a mhíniú.
(6)De ghnáth, le rialacha inmheánacha a bhunaítear go neamhfhoirmiúil i gComhairle na hEorpa, ceadaítear do na Páirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist 2 mhí a bheith acu a n-agóidí in aghaidh iarraidh ar aontú leis an gCoinbhinsiún sin a chur in iúl, tar éis do Rúnaíocht Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) an iarraidh a scaipeadh ar na Páirtithe uile. Mar gheall ar an tréimhse an-ghearr idir an tráth a fhaigheann na Stáit is Páirtithe iarraidh ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist agus an tráth a cheanglaítear orthu cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar, is féidir go gcuirfí i mbaol ullmhú agus glacadh tráthúil cinnidh ag an gComhairle maidir le seasamh an Aontais de bhun Airteagal 218(9) den Chonradh.
(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa agus i gCoiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) a bhunú maidir le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist ós rud é go gcumhdaítear ábhair a bhaineann le hinniúlacht an Aontais leis an gcoinbhinsiún sin.
(8)I bhfianaise na tréimhse giorra ama atá ar fáil idir iarraidh ar aontachas a fháil agus an cinneadh atá le glacadh ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa agus ag Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) ar an iarraidh sin, ba cheart nós imeachta éifeachtúil agus na cuspóirí agus na critéir atá le cur i bhfeidhm a chur i bhfeidhm chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú maidir le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist, gan dochar do chearta agus oibleagáidí na mBallstát mar Pháirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist.
(9)Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ba cheart é a bheith bunaithe ar dhoiciméad a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle in am trátha lena phlé agus lena fhormheas. Ba cheart don Choimisiún an doiciméad sin a ullmhú bunaithe ar na cuspóirí agus ar na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn agus ba cheart dó na hábhair arna soláthar ag Comhairle na hEorpa a chur san áireamh, chomh maith leis an bhfaisnéis arna soláthar ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), i gcás inarb infheidhme.
(10)Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh tús a chur le hullmhú an doiciméid sin a luaithe a gheobhaidh sé deimhniú ó Rúnaíocht Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (‘T-CY’) go bhfuarthas iarraidh ar aontachas chun aon chomhairliúchán iomchuí sa Chomhairle a cheadú freisin. Ba cheart a léiriú sa doiciméad ón gCoimisiún an n-iarrtar ar na Ballstáit, thar ceann an Aontais, tacú le hiarraidh ar aontachas ó Stát nach Páirtí i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist nó agóid a dhéanamh ina coinne, agus ar an gcaoi sin seasamh a chur in iúl maidir le cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh Comhairle na hEorpa cuireadh a sheoladh chun aontú do Choinbhinsiún Bhúdaipeist chuig an Stát sin, agus ba cheart é a thíolacadh in am trátha chun go bhféadfar é a phlé agus a fhormheas. Ar bhonn an doiciméid sin ón gCoimisiún, ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais a bhunú a mhéid a bhaineann le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist.
(11)Tá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist le cur in iúl ag na Ballstáit den Aontas atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist i gCoiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, agus ag na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí de Chomhairle na hEorpa i gComhairle Airí Chomhairle na hEorpa agus ina comhlachtaí ullmhúcháin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
(12)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.
(13)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, i litir dar dáta …,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo]. NÓ
[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.]
(14)Tá an Cinneadh seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gComhairle cinntí a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, bunaithe ar Airteagal 218(9) de CFAE lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle na hEorpa, go háirithe i réimsí nach dtagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo, lena n-áirítear i gcás nár feidhmíodh inniúlacht chomhroinnte an Aontais go fóill.
(15)Chun críocha chur chun feidhme an Chinnidh seo, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún gníomhú i ndlúthchomhar le chéile i gcomhréir lena ndualgas maidir le comhar dílis,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY) agus i gCoiste Airí Chomhairle na hEorpa agus ina chomhlachtaí ullmhúcháin, nuair a iarrtar ar na comhlachtaí sin cinntí a ghlacadh maidir le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist ó Stáit nach bhfuil ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin go fóill, bunófar é i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 2 den Chinneadh seo agus leis na cuspóirí agus na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1.
I gcás ina rachfar i gcomhairle le Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY), i gcomhréir le hAirteagal 37 de Choinbhinsiún Bhúdaipeist, i gcomhar le Coiste Airí Chomhairle na hEorpa cinneadh a ghlacadh maidir le hiarrataí ar aontachas le Coinbhinsiún Bhúdaipeist arna ndéanamh ag Stáit dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha roimh dheireadh an chomhairliúcháin sin, doiciméad a chur faoi bhráid na Comhairle, lena phlé agus lena fhormheas, ar doiciméad é ina leagfar amach an dréachtsheasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1.
2.
Beidh na doiciméid a chuirfidh an Coimisiún isteach de bhun mhír 1 bunaithe ar na cuspóirí agus ar na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus cuirfear san áireamh iontu an fhaisnéis agus na hábhair ábhartha uile a sholáthróidh Comhairle na hEorpa roimh aon phlé agus, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis a sholáthróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).
3. Is iad na Ballstáit den Aontas atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Bhúdaipeist i gCoiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht (T-CY), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, agus na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí de Chomhairle na hEorpa i gComhairle Airí Chomhairle na hEorpa agus ina comhlachtaí ullmhúcháin, a chuirfidh in iúl an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán