Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0141

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena n údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Cóiré le haghaidh comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta

COM/2026/141 final

An Bhruiséil,1.4.2026

COM(2026) 141 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Cóiré le haghaidh comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Leis an moladh seo, iarrann an Coimisiún Eorpach ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an méid seo a leanas a dhéanamh: a údarú tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré; an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais; treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí; agus coiste speisialta nach mór an chaibidlíocht a dhéanamh i gcomhairle leis a ainmniú.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach (CAFPanna) tugtha i gcrích ag an Aontas le roinnt tíortha nach tíortha den Aontas iad, lena náirítear an Astráil, Ceanada, Iosrael, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Eilvéis, agus na Stáit Aontaithe, ina nglacann gach páirtí le torthaí ó mheasúnuithe comhréireachta arna gcur ar fáil ag comhlachtaí ainmnithe an pháirtí eile chun comhlíontacht lena rialacháin theicniúla a léiriú 1 .

Faoi na CAFPanna sin, tugtar aitheantas frithpháirteach do chomhlachtaí ainmnithe um measúnú comhréireachta (CMCanna), lena n‑áirítear saotharlanna, comhlachtaí cigireachta agus eintitis deimhniúcháin. Coinnítear liostaí de na comhlachtaí sin agus cuirtear ar fáil iad trí stórtha oifigiúla amhail bunachar sonraí NANDO an Aontais (Cur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dTugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe) nó iarscríbhinní a bhaineann go sonrach le comhpháirtithe.

Le CAFP idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, dhéanfaí rochtain ar an margadh a éascú trína chur ar a chumas do gach páirtí glacadh le tuarascálacha tástála, deimhnithe agus marcálacha comhréireachta arna n‑eisiúint ag CMCanna ainmnithe de chuid an pháirtí eile le haghaidh earnálacha sonraithe, agus ar an gcaoi sin dúbailt nósanna imeachta tástála agus deimhniúcháin a sheachaint.

Cuidíonn CAFPanna ó thaobh trádáil a éascú trí bhacainní neamhtharaife a laghdú. Glacann na páirtithe le tuarascálacha tástála, deimhnithe agus marcálacha comhréireachta arna neisiúint ag CMCanna a chéile, agus ar an gcaoi sin déantar imréiteach custaim a chuíchóiriú agus moilleanna nós imeachta ag teorainneacha a laghdú. Léiríonn fianaise eimpíreach go gcuireann CAFPanna borradh faoi onnmhairí, go méadaíonn siad líon na ngnólachtaí onnmhairiúcháin, agus go leathnaíonn siad punanna táirgí chuig margaí comhpháirtíochta, go háirithe in earnálacha a bhfuil thart ar 30 % d’onnmhairí iomlána an Aontais i gceist leo, agus go laghdaíonn siad freisin an tam agus na costais loingseoireachta a bhaineann le dúbailt tástála 2 .

Cruthaíonn CAFPanna éifeachtúlachtaí costais trí chead a thabhairt do chuideachtaí brath ar CMCanna intíre i gcás onnmhairí, rud a laghdaíonn an t‑ualach airgeadais a bhaineann le deimhniú a fháil i dtír eile. Is minic a thiteann an t‑ualach sin go díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chostais chomhlíontachta níos airde freisin. Cothaíonn CAFPanna muinín fhrithpháirteach i gcórais chomhréireachta agus ní éilíonn siad comhchuibhiú rialála. Cuireann siad ar a gcumas d’onnmhaireoirí nósanna imeachta tástála aonfhoirmeacha a leanúint i margaí an Aontais agus i margaí nach margaí de chuid an Aontais iad araon. Cuireann siad rochtain níos leithne ar an margadh chun cinn freisin agus neamhspleáchas rialála ceannasach á chaomhnú ag an am céanna.

Shínigh Poblacht na Cóiré CAFPanna den sórt sin le Ceanada, leis an tSile, leis an Indinéis, leis an Ríocht Aontaithe, leis na Stáit Aontaithe agus le Vítneam. Trí chead a thabhairt do chuideachtaí na Cóiré Theas brath ar thorthaí tástála agus ar dheimhnithe arna n‑eisiúint i dtíortha comhpháirtíochta, cuidíonn na comhaontuithe sin ó thaobh dúbláil nósanna imeachta tástála agus deimhniúcháin i bPoblacht na Cóiré a sheachaint, rud a laghdaíonn go mór an t‑am, an t‑ualach riaracháin agus na costais d’onnmhaireoirí na Cóiré Theas. Mar sin féin, ós rud é nach dtairbhíonn cuideachtaí an Aontais de CAFPanna coibhéiseacha le Poblacht na Cóiré i roinnt earnálacha, is minic a bhíonn costais chomhlíontachta níos airde orthu, lena n‑áirítear tástáil nó deimhniú áitiúil arís agus arís eile. Mar thoradh air sin, cuirtear onnmhaireoirí an Aontais faoi mhíbhuntáiste iomaíoch i gcomparáid le gnólachtaí ó thíortha a bhfuil CAFPanna tugtha i gcrích acu le Poblacht na Cóiré, go háirithe i dtionscail rialáilte amhail leictreonaic.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse ábhartha cheana

Chuirfeadh CAFP maidir le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré atá ann cheana, lenar cuireadh deireadh cheana le 98,7 % de tharaifí 3 agus lenar baineadh bacainní neamhtharaife maidir le leictreonaic, cógaisíocht, mótarfheithiclí agus ceimiceáin, ach nach bhfuil aitheantas frithpháirteach iomlán ann do thorthaí comhréireachta. Dá bhrí sin, thairbheodh trádáil dhéthaobhach, a shroich EUR 123,7 billiún in earraí in 2024, de mhoilleanna laghdaithe ar theorainneacha, de dhoiciméadacht chomhchuibhithe, agus de chomhtháthú níos fearr ar an slabhra soláthair, go háirithe i bhfianaise ról Phoblacht na Cóiré mar an tochtú ceann scríbe onnmhairiúcháin is mó atá ag an Aontas le haghaidh earraí 4 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an moladh comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.

Tacaíonn CAFP leis an gcomhbheartas tráchtála trí bhacainní trádála a laghdú agus trí rochtain ar an margadh a éascú trí chomhaontuithe déthaobhacha earnáilsonracha le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a ghlacann le tástáil choibhéiseach a dhéantar i dtíortha eile, agus seachnaítear ar an gcaoi sin dúbláil measúnuithe. Seachnaítear leis na comhaontuithe d’aon turas sainordú a thabhairt athruithe a dhéanamh ar rialacháin theicniúla, ar chaighdeáin nó ar cheanglais theicniúla na bpáirtithe, agus ar an gcaoi sin caomhnaítear ceart gach páirtí chun rialála agus ní cheadaítear ach tuarascálacha tástála eachtracha nó deimhnithe eachtracha a ghlacadh mar chruthúnas ar chomhlíontacht.

Tá an moladh sin i gcomhréir freisin le prionsabail Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil, ós rud é go gcuireann sé comhar rialála maidir le measúnú comhréireachta chun cinn, go laghdaíonn sé bacainní neamhtharaife agus go seasann sé le ceanglais fhíor-riachtanacha an Aontais, amhail caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil.

Ar deireadh, is gníomhaíocht straitéiseach é caibidlíocht CAFP a dhéanamh atá ailínithe go hiomlán le tosaíochtaí an Aontais chun iomaíochas domhanda a fheabhsú agus deiseanna nua margaidh a chothú do chuideachtaí an Aontais. Sa chomhthéacs idirnáisiúnta atá ann faoi láthair ina bhfuil bacainní trádála agus bearta cosantacha ag dul in olcas i measc príomh‑chomhpháirtithe trádála, fónann CAFPanna chun deireadh a chur le bacainní teicniúla agus rialála, agus ar an gcaoi sin rochtain níos rianúla ar an margadh a éascú agus costais a laghdú do chuideachtaí an Aontais. Tá an cur chuige sin comhsheasmhach le clár oibre an Choimisiúin don iomaíochas. Mar a cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil Draghi maidir le hiomaíochas an Aontais agus i gCompás Iomaíochais an Choimisiúin, tá sé ríthábhachtach an ilroinnt agus bacainní rialála a shárú chun na bearnaí infheistíochta agus táirgiúlachta a chuireann bac ar fhás eacnamaíoch an Aontais a dhúnadh. Leagtar béim i dtuarascáil Draghi freisin ar a thábhachtaí atá comhaontuithe trádála straitéiseacha agus fabhracha chun slabhraí soláthair criticiúla a dhaingniú agus chun iomaíochas an Aontais a neartú. Sa chomhthéacs sin, is uirlisí fíor-riachtanacha iad CAFPanna chun trádáil a éascú agus chun bacainní i margaí seachtracha a laghdú. Dá bhrí sin, tá saothrú CAFPanna ag teacht go láidir le cuspóirí iomaíochais inmheánaigh an Aontais agus lena chlár oibre maidir leis an mbeartas trádála seachtrach araon.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí don nós imeachta 

Foráiltear le hAirteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcás nach mbaineann an comhaontú atá beartaithe go heisiach ná go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, go gcuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht agus lena n‑ainmneofar idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais.

Foráiltear le hAirteagal 218(4) CFAE go bhféadfaidh an Chomhairle treoracha caibidlíochta a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú chun dul i gcomhairle leis an idirbheartaí. 

Molann an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le comhaontú idirnáisiúnta a bhaineann le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta. Ainmneofar an Coimisiún mar idirbheartaí. 

Is é Airteagal 218(3) agus (4) CFAE bunús dlí an chinnidh atá beartaithe lena n‑údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú atá beartaithe. 

Bunús dlí substainteach 

Is iad Airteagal 207(3) agus (4) agus Airteagal 218(3) agus (4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí.

Rogha an idirbheartaí

Ós rud é nach gcumhdaítear leis an gcomhaontú atá beartaithe ach ábhair seachas an comhbheartas eachtrach agus slándála, ní mór an Coimisiún a ainmniú mar an t‑idirbheartaí de bhun Airteagal 218(3) CFAE.

Inniúlacht an Aontais

Tagann an gníomh seo faoin gcomhbheartas tráchtála faoi Airteagal 207 CFAE. Dá bhrí sin, tagann sé faoi inniúlacht eisiach an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 3(1) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Faoi Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Liostaítear an comhbheartas tráchtála i measc na réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas in Airteagal 3 CFAE. Áirítear leis an mbeartas sin comhaontuithe trádála a chaibidliú de bhun Airteagal 207 CFAE, i measc forálacha eile.

Comhréireacht

Tá an moladh ón gCoimisiún i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus tá gá leis i bhfianaise chuspóir an Aontais comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a úsáid chun iomaíochas, slándáil, inbhuanaitheacht agus trádáil iltaobhach riailbhunaithe a chur chun cinn.

An rogha ionstraime

Cuirtear an moladh sin le haghaidh cinneadh ón gComhairle isteach i gcomhréir le hAirteagal 218(3) agus (4) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht agus lena n‑ainmneofar idirbheartaí an Aontais. Féadfaidh an Chomhairle treoracha caibidlíochta a dhíriú chuig an idirbheartaí freisin. Níl aon ionstraim dlí eile ann a d’fhéadfaí a úsáid chun an cuspóir a chuirtear in iúl sa mholadh sin a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar.

Measúnú tionchair

Is céim ullmhúcháin é an moladh seo don Chomhairle an Coimisiún a údarú le caibidlíocht dhéthaobhach a dhéanamh le Poblacht na Cóiré gan ‘aon tionchar suntasach eacnamaíoch, comhshaoil ná sóisialta’ de bhun na dTreoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh.

Tá coinne leis go ndéanfaidh an comhaontú nua rochtain ar an margadh a chuíchóiriú trína chur ar a chumas do gach páirtí glacadh le tuarascálacha tástála, deimhnithe agus marcálacha comhréireachta arna n‑eisiúint ag CMCanna ainmnithe de chuid an pháirtí eile le haghaidh earnálacha sonraithe, agus ar an gcaoi sin dúbailt nósanna imeachta tástála agus deimhniúcháin a sheachaint. Chuirfeadh an comhaontú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré atá ann cheana, lenar cuireadh deireadh cheana le 98,7 % de tharaifí agus lenar baineadh bacainní neamhtharaife maidir le leictreonaic, cógaisíocht, mótarfheithiclí agus ceimiceáin, ach nach bhfuil aitheantas frithpháirteach iomlán ann do thorthaí comhréireachta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Tá an moladh comhsheasmhach le Conarthaí an Aontais Eorpaigh agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon tionchar diúltach ag CAFP maidir le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré ar bhuiséad an Aontais. Tá coinne le tionchair dhearfacha indíreacha ó shreafaí trádála méadaithe.

5.EILIMINTÍ EILE

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Moltar sa togra seo go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar an Coimisiún leis an méid seo a leanas a dhéanamh: tús a chur le caibidlíocht le haghaidh CAFP i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré; an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais; treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí; agus coiste speisialta nach mór an chaibidlíocht a dhéanamh i gcomhairle leis a ainmniú.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Cóiré le haghaidh comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3) agus (4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bhrí gur cheart tús a chur le caibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú idirnáisiúnta maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4 

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an gCoiste Speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 207(3), an tríú mír, CFAE.

Airteagal 5

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Áirítear iarscríbhinní earnálacha sonracha sna CAFPanna sin. Mar shampla, cuimsíonn an CAFP idir an tAontas agus an Astráil táirgí mótarfheithiclí, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach, trealamh ísealvoltais, innealra, feistí leighis, brú-threalamh, trealamh teirminéil teileachumarsáide, agus dea-chleachtas monaraíochta. Ar an gcaoi chéanna, cumhdaítear leis an CAFP idir an tAontas agus an Eilvéis 20 earnáil, amhail innealra, trealamh cosanta pearsanta, bréagáin, feistí leighis, fearais gháis, árthaí brú, trealamh raidió, trealamh leictreach, táirgí foirgníochta, ardaitheoirí agus táirgí bithicídeacha. Cumhdaítear leis an CAFP idir an tAontas agus Ceanada faoin gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA), trealamh leictreach, bréagáin, táirgí foirgníochta, innealra, ionstraimí tomhais, trealamh le haghaidh atmaisféir pléascacha, etc. Tá feidhm ag an CAFP idir an tAontas agus an tSeapáin maidir le táirgí leictreacha, trealamh teirminéil raidió agus teileachumarsáide, dea-chleachtas monaraíochta agus dea-chleachtas saotharlainne, agus pléann an CAFP idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach, trealamh ísealvoltais, innealra, feistí leighis, brú-threalamh, trealamh teirminéil teileachumarsáide, agus dea-chleachtas monaraíochta. Tá an CAFP idir an tAontas agus an Iosrael teoranta do dhea-chleachtas saotharlainne, agus foráiltear leis an CAFP idir an tAontas agus na Stát Aontaithe maidir le haitheantas frithpháirteach do chomhoiriúnacht leictreamaighnéadach, do threalamh teirminéil teileachumarsáide agus do threalamh muirí, agus ar an gcaoi sin seachnaítear dúbláil measúnuithe le haghaidh na dtáirgí a chumhdaítear.
(2)    Féach Cernat, L., How important are mutual recognition agreements for trade facilitation? [Cé chomh tábhachtach agus atá comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach le haghaidh héascú trádála?] Achoimre Bheartais Uimh. 10, An Lárionad Eorpach um an Eacnamaíocht Pholaitiúil Idirnáisiúnta (ECIPE), 2022.    Féach freisin: AS TRADE, Suirbhé ar Chomhaontuithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach (CAFPanna), Tuarascáil Achomair, Iúil 2023, https://trade.ec.europa.eu/access‑to-markets/en/assets/Report%20on%20the%20Survey%20on%20Mutual%20Recognition%20Agreements%202023.pdf .
(3)    An Coimisiún Eorpach, Rochtain ar mhargaí, ‘an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré’, suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, arna rochtain an 25 Feabhra 2026, https://trade.ec.europa.eu/access‑to-markets/en/content/eu-south‑korea-free-trade-agreement .
(4)    An Coimisiún Eorpach, an Trádáil agus an tSlándáil Eacnamaíoch, ‘An Chóiré Theas. Caidreamh Trádála an Aontais le Poblacht na Cóiré. Fíorais, figiúirí agus na forbairtí is déanaí’, suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, arna rochtain an 25 Feabhra 2026, https://policy.trade.ec.europa.eu/eu-trade-relationships‑country-and‑region/countries‑and‑regions/south‑korea_en .
Top

An Bhruiséil,1.4.2026

COM(2026) 141 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Poblacht na Cóiré le haghaidh comhaontú maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnuithe comhréireachta, deimhnithe comhréireachta agus marcálacha comhréireachta


IARSCRÍBHINN

TREORACHA LE hAGHAIDH COMHAONTÚ MAIDIR LE hAITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH A CHAIBIDLIÚ LE POBLACHT NA CÓIRÉ I nDÁIL LE MEASÚNUITHE COMHRÉIREACHTA

Cineál agus raon feidhme an Chomhaontaithe

1.Ba cheart forálacha a bheith sa Chomhaontú lena náiritheofar go nglacfaidh gach páirtí, mar chruthúnas leordhóthanach ar chomhlíontacht leis na dlíthe is infheidhme a shonraítear san Iarscríbhinn Earnála ábhartha, le torthaí na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta arna seoladh ag comhlachtaí cláraithe um measúnú comhréireachta an pháirtí eile. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, deimhnithe agus marcálacha comhréireachta.

2.Ba cheart an Comhaontú a bheith go hiomlán comhsheasmhach le rialacha agus oibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).

3.Ba cheart foráil a dhéanamh sa Chomhaontú maidir le gealltanais chómhalartacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach maidir le measúnuithe comhréireachta.

Cuspóirí

4.Is é is cuspóir don chaibidlíocht trádáil idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a éascú agus rochtain ar an margadh a éascú trína chur ar a chumas do gach páirtí glacadh le tuarascálacha tástála, deimhnithe agus marcálacha comhréireachta arna neisiúint ag comhlachtaí ainmnithe um measúnú comhréireachta (CMCanna) eile le haghaidh earnálacha sonraithe, agus ar an gcaoi sin dúbailt nósanna imeachta tástála agus deimhniúcháin a sheachaint.

Inneachar

5.Leis an gComhaontú, ba cheart ceangal a chur ar na páirtithe glacadh le fianuithe comhréireachta, lena náirítear tuarascálacha tástála, deimhnithe, údaruithe agus marcálacha comhréireachta, mar a cheanglaítear le reachtaíocht agus rialacháin a shonraítear sna hIarscríbhinní Earnála a ghabhann leis an gComhaontú agus ós rud é gurb iad CMCanna ainmnithe i gcríocha an pháirtí eile a eisíonn fianuithe den sórt sin.

6.Ba cheart raon feidhme earnála agus críochach a sholáthar leis an gComhaontú, ina sonrófar na táirgí agus na hearnálacha a chumhdaítear mar aon le críoch iomlán gach páirtí chun saorghluaiseacht táirgí deimhnithe a áirithiú.

7.Ba cheart na gnéithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith i ngach Iarscríbhinn Earnála a ghabhann leis an gComhaontú:

·ráiteas maidir lena raon feidhme agus lena chumhdach;

·na ceanglais reachtacha, rialála agus riaracháin a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta;

·liosta de na CMCanna ainmnithe;

·na húdaráis ainmniúcháin;

·sraith nósanna imeachta chun CMCanna a ainmniú.

8.Leis an gComhaontú, ba cheart a cheangal ar pháirtithe a CMCanna ainmnithe a chur ar fáil chun inniúlacht theicniúil agus comhlíontacht a fhíorú, agus san am céanna an ceart a dheonú don pháirtí eile agóid a dhéanamh in aghaidh na gcomhlachtaí sin in imthosca eisceachtúla amháin.

9.Ba cheart clásal a bheith sa Chomhaontú nach gceanglófaí le comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach (CAFPanna) le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad ar na páirtithe glacadh le measúnuithe comhréireachta ó na tíortha sin nach Ballstáit den Aontas iad, mura dtabharfaí comhaontú foirmiúil i gcrích.

10.Ba cheart do na páirtithe Comhchoiste a bhunú chun iarscríbhinní a leasú, díospóidí a réiteach, inniúlacht CMC a fhíorú, agus cumhdach a leathnú.

11.Féadfar a cheangal leis an gComhaontú ar na páirtithe faisnéis a mhalartú maidir leis na gnéithe seo a leanas, i measc nithe eile:

·cur chun feidhme na bhforálacha reachtacha, rialála agus riaracháin a shonraítear sna hIarscríbhinní Earnála;

·na hathruithe reachtacha, rialála agus riaracháin atá beartaithe acu i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ar Chomhaltaí EDT fógra a thabhairt faoin gComhaontú maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil;

·ainmniú CMC a chur ar fionraí nó an fhionraíocht sin a bhaint;

·na nósanna imeachta a úsáidtear chun a áirithiú go gcomhlíonann CMCanna ainmnithe de chuid na bpáirtithe na ceanglais reachtacha, rialála agus riaracháin a leagtar amach sna hIarscríbhinní Earnála agus na ceanglais inniúlachta a shonraítear san Iarscríbhinn.

12.Ba cheart a lua sa chomhaontú, de réir mar is iomchuí, an caidreamh atá aige leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré.

13.Ba cheart clásal a bheith sa chomhaontú lena sonraítear nár cheart a fhorléiriú go mbeidh glacadh frithpháirteach le caighdeáin nó rialacháin theicniúla na bpáirtithe i gceist leis.

Forálacha críochnaitheacha

14.Ba cheart forálacha a bheith sa Chomhaontú maidir le foirceannadh an Chomhaontaithe agus maidir leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Chomhaontú a chur ar fionraí.

15.Ba cheart comhúdarás a bheith ag an gComhaontú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus ba cheart clásal teanga a chuimsiú ann chuige sin.

Top