Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0122

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Rothstoic Iarnróid

COM/2026/122 final

An Bhruiséil,9.3.2026

COM(2026) 122 final

2026/0071(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Rothstoic Iarnróid


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta a bhunaítear de bhun Airteagal 17 den Choinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste (‘Coinbhinsiún Cape Town’) agus Airteagal XII den Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Cape Town ar nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoic Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’), i gceangal leis na nithe seo a leanas atáthar ag brath a ghlacadh:

(1)Togra chun leagan nua de na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid a thabhairt dá aire (dá ngairtear ‘na Rialacha Samhla’ anseo feasta); agus

(2)Athbhreithniú ar Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta

Tá sé beartaithe go mbeidh an tríú seisiún d’Údarás Maoirseachta Phrótacal Lucsamburg ar siúl an 14 Aibreán 2026 i mBeirn na hEilvéise.

2.Comhthéacs an Togra

2.1.Prótacal Lucsamburg a ghabhann le Coinbhinsiún Cape Town.

2.1.1.Cúlra

Glacadh an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid (‘Prótacal Lucsamburg’) trí Chomhdháil taidhleoireachta, a reáchtáladh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007, faoi choimirce na hInstitiúide Idirnáisiúnta um Aontú an Dlí Phríobháidigh (UNIDROIT) agus na hEagraíochta Idir-Rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF). Tháinig sé i bhfeidhm an 8 Márta 2024.

Le Prótacal Lucsamburg, bunaítear creat dlíthiúil ar bhonn domhanda maidir le haithint agus forfheidhmiú ceart creidiúnaithe agus léasóirí agus tosaíochtaí ina leith, atá le clárú i gClárlann Idirnáisiúnta, de bhun Airteagal 16 de Choinbhinsiún Cape Town.

Rud atá tábhachtach, déantar foráil le hAirteagal XIV de Phrótacal Lucsamburg maidir le córas a bhunú chun go leithdháilfidh an Cláraitheoir uimhreacha aitheantais lena mbeifear in ann míreanna rothstoic iarnróid a shainaithint go huathúil.

Leis an bPrótacal, cruthaítear comhchóras freisin chun an tsócmhainn a athshealbhú 1 i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an fhéichiúnaí, faoi réir coimircí leasa poiblí. Is cuidiú é sin i ndáil le trealamh soghluaiste a thrasnaíonn teorainneacha, lena seachnaítear éiginnteachtaí dlíthiúla i gcás ina mbeidh agóid in aghaidh dlí amháin faoinar maoiníodh an tsócmhainn á déanamh i gcúirteanna dlínse eile, ina bhfuil an tsócmhainn lonnaithe. Trí rioscaí d’airgeadaithe trealaimh iarnróid a laghdú, ba cheart go dtarraingeodh Prótacal Lucsamburg níos mó iasachtóirí príobháideacha, rud a mbeidh maoiniú níos saoire mar thoradh air agus a chruthóidh roghanna d’oibreoirí i ndáil le costais agus cineálacha maoinithe.

Ba cheart go spreagfadh sé infheistíocht chaipitil freisin, rud a chothaíonn táirgeadh rothstoic agus a éascaíonn léasú ar rothstoc úr nua-aimseartha ar a sheal. Sna conclúidí uaithi an 3 Meitheamh 2021 2 , d’aithin Comhairle an Aontais Eorpaigh ‘go bhfuil gá le hinfheistíocht mhór san earnáil i rothstoc fadraoin idirnáisiúnta’ agus ‘go bhfuil infheistíocht ón earnáil phríobháideach ag teastáil go práinneach’, agus mheabhraigh sí ‘do na Ballstáit go bhfuil comhaontuithe agus conarthaí idirnáisiúnta ann lena n-éascaítear an infheistíocht phríobháideach, amhail Prótacal Iarnróid Lucsamburg a ghabhann le Coinbhinsiún Cape Town [ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste]’.

2.1.2.Aontachas an Aontais Eorpaigh

Rinne an tAontas Eorpach, i ndáil lena inniúlachtaí, Prótacal Lucsamburg a fhormheas de bhun Chinneadh 2014/888/AE ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 maidir le formheas a dhéanamh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoic Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 3 , a bhfuil stádas Eagraíochta Réigiúnaí um Chomhtháthú Eacnamaíochta aige (de bhun Airteagal XXII de Phrótacal Lucsamburg).

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/888/AE ón gComhairle tá Dearbhú maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh ar ábhair a rialaítear le Prótacal Lucsamburg, ar ina leith a d’aistrigh na Ballstáit a n-inniúlacht chuig an Aontas. Tagraíonn sé sin do roinnt réimsí a bhaineann le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, imeachtaí dócmhainneachta agus an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, agus do roinnt réimsí den acquis iompair d’iarnród, go háirithe d’idir-inoibritheacht an chórais iarnróid, oibriú Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, an córas uimhrithe rothstoic iarnróid agus clárú feithiclí laistigh den Aontas Eorpach, a chumhdaítear leis an reachtaíocht seo a leanas de chuid an Aontais:

Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach 4 ;

Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh 5 ;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach 6 ;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 .

Go dtí seo, i dteannta an Aontais Eorpaigh, is iad Lucsamburg, an tSualainn agus an Spáinn amháin atá ar na Ballstáit den Aontais Eorpaigh ar páirtithe iad freisin i bPrótacal Lucsamburg faoi láthair.

2.2.An tÚdarás Maoirseachta

Bunaítear an tÚdarás Maoirseachta de bhun Airteagal 17 de Choinbhinsiún Cape Town agus Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg. Maidir lena chúraimí agus a fheidhmeanna, mar a dhíorthaítear ó fhorálacha Phrótacal Lucsamburg agus Airteagal 17(2) de Choinbhinsiún Cape Town, liostaítear iad in Airteagal 5 dá Reachtanna 8 , is cúraimí riaracháin agus oibríochta atá iontu go bunúsach.

Ag an 7ú (Beirn, 23/24 Samhain 2005) agus ag an 12ú (Beirn, 29/30 Meán Fómhair 2015) Comhthionól Ginearálta de OTIF 9 , chinn an eagraíocht sin cúraimí Rúnaíocht an Údaráis Maoirseachta a ghlacadh ar láimh, i gcomhréir le hAirteagal XII(6) de Phrótacal Lucsamburg.

Cinntear comhaltas an Údaráis Maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal XII(1) de Phrótacal Lucsamburg. Foráiltear i bhfomhír (a) go mbeidh gach Stát is Páirtí ina chomhalta de agus go bhféadfaidh gach Stát is Páirtí aon ionadaí amháin a cheapadh. Foráiltear i bhfomhíreanna (b) agus (c) go n-ainmneoidh UNIDROIT agus OTIF faoi seach trí Stát eile ar a mhéad go rachaidh a dtéarmaí ceapacháin in éag tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm Phrótacal Lucsamburg.

2.2.1.Seisiún tionscnaimh Choimisiún na Saineolaithe

Ag a chéad seisiún, bhunaigh an tÚdarás Maoirseachta Coimisiún Saineolaithe chun cúnamh a thabhairt dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, de réir Airteagal XII(5)(b) de Phrótacal Lucsamburg agus Airteagal 6 de Reachtanna an Údaráis Maoirseachta. Tá an Coimisiún Saineolaithe comhdhéanta de dhaoine aonair a measann an tÚdarás Maoirseachta go bhfuil na cáilíochtaí, an saineolas agus an taithí is gá acu le haghaidh an phoist sin. Roghnaíodh iad as measc daoine arna n-ainmniú ag Stáit is Páirtithe, Stáit Sínithe agus na daoine arna n-ainmniú ag an gCathaoirleach.

Tionóladh seisiún tionscnaimh an Choimisiúin Saineolaithe i mí na Samhna 2025. Le linn an tseisiúin sin, toghadh an Cathaoirleach agus an bheirt Leas-Chathaoirleach. Phléigh an Coimisiún Saineolaithe a chreat oibríochtúil freisin, lena n-áirítear a shainordú agus a shocruithe oibre, rinne sé athbhreithniú ar na Rialacháin agus ar na Nósanna Imeachta maidir leis an gClárlann Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoc, agus bhreithnigh sé feasacht a mhúscailt ar Phrótacal Lucsamburg.

Le linn a sheisiúin tionscnaimh, thug an Coimisiún Saineolaithe dá aire freisin gur ar bhonn deonach a glacadh Athbhreithniú 3 de na Rialacha Samhla agus chomhaontaigh sé gur cheart Athbhreithniú 3 de na Rialacha Samhla a chur faoi bhráid an Údaráis Maoirseachta lena thabhairt dá aire, ós rud é gur mheas sé nach raibh gá le haon chéim fhoirmiúil ón Údarás Maoirseachta i ndáil leis an athbhreithniú sin.

2.3.Gníomhartha beartaithe an Údaráis Maoirseachta

Le linn an tríú seisiún sin, agus i measc míreanna eile ar an gclár oibre, tá coinne leis go dtabharfaidh an tÚdarás Maoirseachta leagan nua de na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid (Athbhreithniú 3) dá aire, agus go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar a Reachtanna agus a Rialacha Nós Imeachta féin i gcomhréir le hAirteagal 12 den chéad cheann agus le hAirteagal 18 den dara ceann.

2.3.1.Rialacha samhla

Leagtar síos leis na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid na modhanna agus na freagrachtaí maidir le sainaitheantóir an Chórais Uathúil Aitheantais d’Fheithiclí Iarnróid (URVIS) a ghreamú de rothstoc iarnróid mar a bheartaítear le Prótacal Lucsamburg. Leagtar síos seasamh an Aontais i ndáil lena bhformheas sa leagan tosaigh i gCinneadh (AE) 2024/851 10 ón gComhairle, agus i ndáil lena bhformheas sa dara leagan, i gCinneadh (AE) 2025/853 ón gComhairle 11 .

Is rialacha deonacha iad sin ach amháin i gcás ina gceanglaítear le dlíthe sonracha go gcloífear leo; in aon chás, ní mór do pháirtí comhlíonadh na rialacha sin a dheimhniú más mian leis aon leas inchláraithe a tugadh isteach i gClárlann Idirnáisiúnta Phrótacal Lucsamburg a chlárú, nó a bheith ina thairbhí d’aon leas den sórt sin. De bhun pointe 4.2 de na Rialacha Samhla, ceanglaítear ar pháirtí ar mian leis a bheith faoi cheangal ag na Rialacha sin dearbhú a dhéanamh 12 , agus fógra a thabhairt don chláraitheoir faoi sin.

Eisítear na Rialacha Samhla faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) — Meitheal SC.2 um Iompar d’Iarnród. Ag an tríú seisiún a bhí aige (Meán Fómhair 2025), phléigh agus chomhaontaigh an Coiste Athbhreithnithe ar na Rialacha Samhla Foscríbhinn 3 nua maidir le Réitigh Dhigiteacha a chur i bhfeidhm ar sholáthar faisnéise do chreidiúnaí faoi rothstoc iarnróid faoi threoir an Aitheantóra URVIS. Níos déanaí, ag an naoú seisiún is seachtó a bhí aici (an 12-14 Samhain 2025), ghlac Meitheal SC.2 um Iompar d’Iarnród na leasuithe dá dtagraítear thuas agus chomhaontaigh sí gur cheart na leasuithe a theacht i bhfeidhm tráth a fhoilseofar an tuarascáil ón 97ú seisiún de SC.2, agus d’iarr sí ar an rúnaíocht Athbhreithniú comhdhlúite 3, nach athbhreithniú oifigiúil fós é ar na Rialacha Samhla, a ullmhú.

Is é an moladh ón Rúnaíocht go dtabharfaidh an tÚdarás Maoirseachta na hathruithe sin dá aire agus go dtabharfaidh sé treoir don Chláraitheoir Athbhreithniú 3 ar na Rialacha Samhla a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Chláraitheora lena n-áirítear ansin Athbhreithniú 2 agus Athbhreithniú 3.

Rialaítear an t‑ábhar sin – marcáil na rothstoc iarnróid – ar leibhéal an Aontais le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún, go háirithe in Aguisín H Uimhir Eorpach Feithiclí agus marcáil aibítre nasctha ar an gcabhail. D’fhéadfadh formheas na Rialacha Samhla sin tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, agus de réir mar a thagraítear dó i gCinneadh (AE) 2024/851 ón gComhairle agus i gCinneadh (AE) 2025/853 ón gComhairle, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach i leith na Rialacha Samhla, de bhun Airteagal 3(2) CFAE.

2.3.2.Athbhreithniú ar Reachtanna an Údaráis Maoirseachta

Le linn a chéad seisiúin, tháinig an Coimisiún Saineolaithe ar chomhaontuithe maidir lena shainordú, agus d’ordaigh sé don Rúnaíocht an togra seo a chur faoi bhráid an Údaráis Maoirseachta lena fhormheas. Chomh maith leis sin, mhol an Coimisiún go gcuirfeadh an tÚdarás Maoirseachta de chúram air a rialacha nós imeachta féin a leagan síos, ag brath ar an Údarás Maoirseachta gnéithe sonracha amhail córam, comhaltas, próisis vótála, agus fógra cruinnithe a fhormheas.

Chun cur chun feidhme na moltaí sin a éascú, tá leasuithe curtha ar aghaidh ag an Rúnaíocht ar Reachtanna an Údaráis Maoirseachta. Leis na leasuithe sin, tugtar isteach sainordú cuimsitheach don Choimisiún Saineolaithe faoi Airteagal 6, lena n-éilítear freisin an téarma Nósanna Imeachta don Chlárlann a shainiú agus a áireamh in Airteagal 1, chun soiléireacht a áirithiú, agus an téarma Rialacháin a athrú le Rialacháin don Chlárlann ar fud na Reachtanna.

Leagtar amach in Airteagal 6 den togra sainordú Choimisiún na Saineolaithe, a thabharfaidh cúnamh don [Údarás Maoirseachta] i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna trí chomhairle agus moltaí a chur ar fáil, lena n-áirítear ar a thionscnamh féin. Cumhdaítear leis sin comhairle agus moltaí in ábhair amhail gearáin a bhaineann le hoibriú na Clárlainne, comhaontuithe stát conarthach, athbhreithnithe ar na Rialacha Samhla, maidir le ‘haon ábhar eile a dteastaíonn comhairle faoi ón Údarás Maoirseachta ’, nó maidir le ‘haon ábhar eile a tharchuireann an Cathaoirleach chuig an gCoimisiún [,] nó [an ceathrú cuid ar a laghad de na comhaltaí agus iad ag gníomhú le chéile]’.

Maidir le comhdhéanamh agus oibríochtaí an Choimisiúin, moltar sa togra comhaltas íosta a shocrú, a bheidh comhdhéanta de thriúr nó cúigear comhaltaí ar a laghad, ionas nach mbeidh sé comhdhéanta de dhuine amháin. Ina theannta sin, cuirtear de chúram ar an gCoimisiún a Rialacha Nós Imeachta féin a bhunú, faoi réir ceanglais reachtúla fhíor-riachtanacha maidir le córam, vótáil, fógraí cruinnithe agus tuairisciú. Cuirtear forálacha isteach freisin chun ionadaíocht na Rúnaíochta i seisiúin a áirithiú agus chun stádas breathnóra a thabhairt don Chláraitheoir agus don Taiscí, agus ar an gcaoi sin rialachas cuimsitheach a chur chun cinn laistigh de chreat an Choimisiúin.

Áirítear sa togra freisin roinnt mionathruithe eile, lena n-áirítear athruithe ar an téarmaíocht, chun comhleanúnachas sa téacs a áirithiú, agus athfhriotal a chur ar fhorálacha áirithe chun críocha soiléirithe.

2.3.3.Athbhreithniú ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta

Ar nós na Reachtanna, baineann Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta le raon feidhme iomlán ghníomhaíochtaí an Údaráis Maoirseachta, lena n-áirítear, dá bhrí sin, ábhair a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ina leith, de bhun an dearbhaithe a rinneadh san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/888/AE ón gComhairle, agus déanfaidh na leasuithe orthu difear díreach do rannpháirtíocht an Aontais sa chomhlacht sin.

Le comhaontú an Chathaoirligh, chuir an Rúnaíocht leasuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta ar aghaidh, chun comhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha atá ann cheana agus na nósanna imeachta is infheidhme a áirithiú, agus chun feabhas a chur ar na rialacha sin i bhfianaise na taithí a fuair an tÚdarás Maoirseachta. Tugtar isteach leis an togra nós imeachta i scríbhinn, lena mbaintear an leas is fearr is féidir as an bpróiseas chun miontuairiscí agus cinntí a ullmhú agus a fhormheas, agus lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht agus soiléireacht fhoriomlán mhodhanna oibre an Údaráis Maoirseachta.

I measc na mórathruithe, scriostar leis na Rialacha Nós Imeachta atá beartaithe an sainiú ar Thromlach Cáilithe, arb é atá i gceist leis tromlach dhá thrian de vótaí na gComhaltaí atá i láthair agus a vótálfaidh, agus laghdaítear na cinntí atá faoi réir an mhodha vótála sin, trí thromlach simplí a shainiú mar an rogha réamhshocraithe. Maítear gur cosúil go bhfuil an ceanglas maidir le tromlach cáilithe do gach cinneadh díréireach, agus gur cheart an creat cinnteoireachta a shimpliú.

Rinneadh athdhréachtú cuimsitheach ar Airteagal 3 (Cruinnithe a rinneadh roimhe seo agus cinntí atá beartaithe faoi láthair mar Sheisiúin agus tionól) chun é a dhéanamh níos soiléire.

Maidir le seisiúin urghnácha, soiléirítear sa téacs athbhreithnithe go dtionólfar na seisiúin sin, i bprionsabal, de réir na dtréimhsí fógra a bhaineann le gnáthsheisiúin. Más cruinniú práinneach an seisiún sin, féadfaidh feidhm a bheith ag sprioc-amanna níos giorra. Fágtar faoin gCathaoirleach é cinneadh a dhéanamh an bhfuil ábhar práinneach i gceist nó nach bhfuil.

Tá ábharthacht ar leith don Aontas ag baint le hAirteagal 4 maidir le hIonadaíocht na gComhaltaí, mar go bhfuil an mhír maidir le cearta vótála eagraíochta réigiúnaí (an tAontas Eorpach sa chás seo) aistrithe, go hAirteagal 14, agus athbhreithnithe.

Maidir le hAirteagal 5 (Breathnóirí), molann an Rúnaíocht catagóir phribhléideach breathnóirí ina bhfuil eintitis a bhfuil ról sonrach acu faoi Phrótacal Lucsamburg, amhail an Cláraitheoir, an Taiscí agus an Coimisiún Saineolaithe. Bheadh siad sin ina mbreathnóirí buana, a mbeadh sé d’acmhainn acu freastal ar chruinnithe uile an Údaráis Maoirseachta, faoi rialú an Chathaoirligh i gcónaí.

Maidir le hoifigigh an Údaráis Maoirseachta (Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach) (Airteagal 9), soiléirítear sa togra fad a thréimhse sainordúcháin agus cuirtear deireadh leis an gceanglas go dtacóidh Comhalta eile le hainmniúcháin do phoist mar Oifigigh, chun an nós imeachta ainmniúcháin a shimpliú.

In Airteagal 14 den togra, cumhdaítear an ceart vótála. Tá vóta amháin ag gach Comhalta. I gcás eagraíochtaí réigiúnacha, amhail an tAontas, tá sé beartaithe ‘I gcúrsaí a thagann faoina inniúlacht, feidhmeoidh eagraíocht réigiúnach an líon vótaí atá cothrom leis an líon dá Bhallstáit atá ina gComhaltaí freisin. Nuair a vótálfaidh eagraíocht réigiúnach, ní vótálfaidh a Ballstáit, agus vice versa.

Tá baint ag na hathruithe a mholtar don chóram (Airteagal 15) le deireadh a chur leis an sainmhíniú ar Thromlach cáilithe. De réir an togra, baintear córam amach anois le tromlach simplí de na Comhaltaí, seachas le tromlach cáilithe. Luaitear an méid seo a leanas sa togra freisin, go háirithe a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí réigiúnacha: ‘Chun córam a chinneadh le haghaidh ábhair a thagann faoi inniúlacht eagraíochta réigiúnaí, áireofar an eagraíocht sin de réir líon na vótaí a bhfuil sí i dteideal iad a chaitheamh i gcomhréir le hAirteagal 14(2)’.

Le hAirteagal 16, Vótáil agus formheas intuigthe, cuirtear an t-athrú chun feidhme ó thromlach cáilithe na gComhaltaí a bheidh i láthair agus ag vótáil go tromlach simplí na gComhaltaí a bheidh i láthair agus ag vótáil 13 . Ina theannta sin, agus tá tábhacht ar leith ag baint leis seo, tugtar isteach leis an airteagal nós imeachta mionsonraithe maidir le vótáil faoinós imeachta i scríbhinn agus formheas intuigthe. Meastar go gcuireann na sásraí sin le solúbthacht agus éifeachtúlacht an Údaráis Maoirseachta. Tá an nós imeachta formheasa intuigthe nasctha le formheas dhréachtbhuiséad an Chláraitheora agus le formheas an tsonraisc arna chur isteach ag an Rúnaíocht chun feidhmeanna rúnaíochta a sholáthar. I gcás an dá nós imeachta, is é 2 sheachtain ar a laghad an t-achar ama chun freagra a thabhairt. Maidir leis an nós imeachta i scríbhinn, mura gcomhlíonfaí an córam maidir le líon na bhfreagraí, dhiúltófaí don togra. Maidir leis an bhformheas intuigthe, mar is intuigthe as a ainm, murar leor an freasúra faoi dheireadh na tréimhse chun freagra a thabhairt, mheasfaí an togra a bheith glactha.

Is é an t-athrú substainteach deireanach a áirítear sa togra an t-athrú a bhaineann leis an leasú ar na Reachtanna agus ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta (Airteagal 21, lena leasaítear na Reachtanna agus na Rialacha). I gcás na n-ionstraimí dlí bunúsacha sin, tá sé beartaithe ceanglas maidir le tromlach cáilithe (dhá thrian) a choinneáil chun iad a leasú.

Mar a thagraítear dó i gCinneadh (AE) 2024/851 ón gComhairle agus i gCinneadh (AE) 2025/853 ón gComhairle, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach i leith Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta, de bhun Airteagal 3(2) CFAE.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Maidir leis an leagan is déanaí de na Rialacha Samhla

Mar a luadh roimhe seo, ní mór Prótacal Lucsamburg a bheith ag brath ar chóras soiléir aitheanta agus marcála rothstoic iarnróid bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta. Aithnítear amhlaidh in Airteagal XIV — Sainaithint Rothstoic Iarnróid chun críoch clárúcháin Phrótacal Lucsamburg, a thagraíonn é féin d’Airteagal 18(1)(a) de Choinbhinsiún Cape Town. Soláthraítear sna Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid creat chun an sainaitheantóir URVIS a shannadh agus é a mharcáil ar rothstoc iarnróid. Tá an sainaitheantóir URVIS agus a mharcáil ar rothstoc iarnróid sa bhreis ar na córais uimhrithe atá ann cheana agus ní dhéanann siad difear do na córais sin, ar córais iad a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le rothstoc iarnróid a ligean isteach nó a oibriú agus ní chuirtear iad in ionad na clárlainne ná na gcóras faisnéise atá ann cheana a úsáidtear i Stáit nó i ngrúpaí Stát chun rothstoc iarnróid a oibriú, amhail, i gcás an Aontais Eorpaigh, an Clár Eorpach Feithiclí (‘EVR’) agus an uimhir Eorpach feithiclí (‘EVN’) arna rialáil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún.

Leis na leasuithe a tugadh isteach in Athbhreithniú 3 de na Rialacha Samhla, tugtar isteach coincheap an Réitigh Dhigitigh mar chóras roghnach lena gceadaítear do chreidiúnaithe agus d’fhéichiúnaithe faisnéis an rothstoic a ionchorprú i réiteach digiteach, rud a chumasaíonn rochtain ar an bhfaisnéis sin. Is é is rún do na leasuithe rianú sócmhainní iarnróid a bharrfheabhsú trí mhodhanna digiteacha a úsáid. Níl aon tionchar ag na leasuithe sin ar an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach: bunaítear leo creat deonach a d’fhéadfadh a bheith ina cheangal ar pháirtithe príobháideacha ina gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích faoi Phrótacal Lucsamburg, má chinneann siad amhlaidh.

Mar sin féin, ní thacaíonn an creat dlíthiúil is infheidhme leis an gcinneadh atá beartaithe ag an Rúnaíocht maidir leis an bpointe seo (atá le tabhairt ar aire agus le foilsiú 14 ), ós rud é go n-ordaítear don Údarás Maoirseachta le hAirteagal 5(8) dá Reachtanna ‘na Rialacha Samhla agus a leasuithe a fhormheas.’ Ós rud é go bhfuil Athbhreithniú 3 de na Rialacha Samhla fós neamhoifigiúil, ba cheart don Aontas Eorpach cur i gcoinne an togra maidir leis na Rialacha Samhla a fhoilsiú agus, ina ionad sin, ba cheart dó tacú le hAthbhreithniú 3 nua a thabhairt dá aire, agus a mholadh aon ghníomhaíocht a chur siar go dtí go dtiocfaidh Athbhreithniú 3 i bhfeidhm. Má thagann Athbhreithniú 3 ar na Rialacha Samhla i bhfeidhm, áfach, go dtí go mbeidh an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta ann, agus má fhreagraíonn sé don leagan neamhoifigiúil a foilsíodh in https://unece.org/sites/default/files/2026-02/ECE-TRANS-SC.2-337-Rev.3EFR_Unofficial.pdf, ba cheart don Aontas Eorpach a mholadh go nglacfadh an tÚdarás Maoirseachta na Rialacha Samhla sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(8) de na Reachtanna Reachtanna.

3.2.Athbhreithniú ar Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta

Tá na leasuithe atá beartaithe ar na Reachtanna teoranta den chuid is mó do shoiléiriú obair an Choimisiúin Saineolaithe, mar chomhlacht comhairleach ag an Údarás Maoirseachta. Is chun leas an Aontais Eorpaigh iad na leasuithe sin, ós rud é go soiléiríonn siad ról an chomhlachta sin agus go n-éascaíonn siad obair an Údaráis Maoirseachta. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe tacú leis na leasuithe sin.

Maidir le Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta, is líonmhar na hathruithe atá beartaithe agus tá tionchair éagsúla acu. Áirítear ar na hathruithe tábhachtacha deireadh a chur le vótáil trí thromlach cáilithe san Údarás Maoirseachta mar an rogha vótála réamhshocraithe — lena n-áirítear an iarmhairt a bheadh aici ar an gcóram —, deireadh a chur leis an gceanglas oifigeach de chuid na hOifige Maoirseachta a bheith ann nach mór tacaíocht a bheith faighte aige ó Chomhalta amháin eile ar a laghad, agus cearta vótála an Aontais a athlonnú agus a shoiléiriú go córasach. Is cosúil go dtugann formhór na leasuithe atá beartaithe soiléirithe tábhachtacha isteach agus go gcuireann siad feabhas ar nósanna imeachta oibre an Údaráis Maoirseachta agus, dá bhrí sin, is féidir tacú leo.

A mhéid a bhaineann le vótáil trí nós imeachta i scríbhinn agus formheas intuigthe, áfach, ní leor na tréimhsí chun freagra a thabhairt (‘2 sheachtain ar a laghad’) chun go leanfadh an tAontas na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun cinneadh a ghlacadh.

A mhéid atá an nós imeachta intuigthe teoranta d’fhormheas dhréachtbhuiséad an Chláraitheora agus an tsonraisc a bhaineann le luach saothair as feidhmeanna rúnaíochta a sholáthar, ba cheart a thabhairt ar aire nach mbaineann ábhair bhuiséadacha an Údaráis Maoirseachta leis an Aontas; dá bhrí sin, meastar gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh ina leith sin. Ar an taobh eile, má choinníonn an togra le haghaidh formheas cinntí faoi fhormheas intuigthe an nath ‘i gcás ina gcinnfidh an tÚdarás Maoirseachta amhlaidh’, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar chinntí a thagann faoina inniúlacht nárbh fhéidir iad a dhiúltú; thairis sin, ba cheart glacadh cinntí faoi fhormheas intuigthe a theorannú do chásanna eisceachtúla.

Ar na cúiseanna sin, ba cheart tréimhsí an nós imeachta i scríbhinn a athrú go ‘10 seachtaine ar a laghad’, agus ba cheart na féidearthachtaí maidir le cinntí a ghlacadh faoi fhormheas intuigthe a theorannú d’fhormheas dhréachtbhuiséad an Chláraitheora agus don sonrasc a bhaineann le luach saothair as feidhmeanna rúnaíochta a sholáthar.

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe tacú le formheas na leasuithe ar Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta, faoi réir na modhnuithe a thuairiscítear thuas.

4.BUNÚS DLÍ

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 15 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an tÚdarás Maoirseachta a bunaíodh le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún Cape Town (Airteagal 17) agus Prótacal Lucsamburg, i gcomhréir le hAirteagal XII de.

Na gníomhartha a n-iarrtar ar an Údarás Maoirseachta iad a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh aon ghníomhaíocht maidir leis na Rialacha Samhla tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, mar atá Treoir (AE) 2016/797, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún. Ar an dara dul síos, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag formheas Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta athbhreithnithe an Údaráis Maoirseachta toisc go mbeidh tionchar suntasach acu ar rannpháirtíocht an Aontais i bhfeidhmiú Phrótacal Lucsamburg, a dheonaítear le Cinneadh 2014/888/AE ón gComhairle.

Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.

4.2.Bunús substainteach dlí

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid ann agus más féidir ceann amháin de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt, agus nach bhfuil sa cheann eile ach cuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach amháin, eadhon an bunús sin a éilítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is le hiompar d’iarnród a bhaineann príomhchuspóirí agus príomhábhair na ngníomhartha atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 91 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 91 CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2026/0071 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Rothstoic Iarnróid

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)D’fhormheas an tAontas an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a Bhaineann go Sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid (‘Coinbhinsiún Cape Town’), a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’), de bhun Chinneadh 2014/888/AE ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 16 (1), agus bhain sé amach stádas mar Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta faoin bPrótacal sin.

(2)Féadfaidh Údarás Maoirseachta Phrótacal Lucsamburg athbhreithniú a dhéanamh ar a Reachtanna agus a Rialacha Nós Imeachta féin, i gcomhréir le hAirteagal 12 den Phrótacal sin agus le hAirteagal 18 de. Ceanglaítear ar an Údarás Maoirseachta freisin na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(8) dá Reachtanna.

(3)Le linn an tríú seisiún dá chuid an 14 Aibreán 2026, i measc míreanna eile ar an gclár oibre, tá coinne leis go ndéanfaidh Údarás Maoirseachta Phrótacal Lucsamburg athbhreithniú ar a Reachtanna agus ar a Rialacha Nós Imeachta, agus go dtabharfaidh sé dá aire na Rialacha Samhla nuashonraithe (Athbhreithniú 3) maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid, a forbraíodh faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) — Meitheal SC.2 um Iompar d’Iarnród.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Údarás Maoirseachta a bhunú, ós rud é go bhféadfadh aon ghníomhaíocht i dtaca leis na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid ag an Údarás Maoirseachta tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, mar atá Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach 17 (2), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach 18 (3) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 (4). Thairis sin, d’fhéadfadh na leasuithe ar na Reachtanna agus ar na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh ag an Údarás Maoirseachta tionchar cinntitheach a imirt ar rannpháirtíocht an Aontais sa chomhlacht sin.

(5)Maidir leis an gcinneadh atá beartaithe ag an Rúnaíocht leagan nua de na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid a thabhairt dá haire agus a fhoilsiú 20 , ní mór a thabhairt ar aire nach dtacaíonn creat dlíthiúil an Údaráis Maoirseachta leis an togra seo, ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 5(8) dá Reachtanna ar an Údarás Maoirseachta ‘na Rialacha Samhla agus a leasuithe a fhormheas.’ Ós rud é nár tháinig Athbhreithniú 3 ar na Rialacha Samhla i bhfeidhm go fóill, níor cheart tacú leis an togra chun na Rialacha Samhla sin a fhoilsiú. Ina ionad sin, níor cheart don Aontas Eorpach tacú ach le hAthbhreithniú 3 nua a thabhairt dá aire agus a mholadh go gcuirfí aon ghníomhaíocht siar go dtí go dtiocfaidh Athbhreithniú 3 i bhfeidhm. Má thagann Athbhreithniú 3 ar na Rialacha Samhla i bhfeidhm go dtí go mbeidh an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta ann agus má fhreagraíonn sé don leagan neamhoifigiúil a foilsíodh ar shuíomh gréasáin UNECE 21 , ba cheart don Aontas Eorpach a mholadh go nglacfadh an tÚdarás Maoirseachta na Rialacha Samhla sin.

(6)Tá na leasuithe atá beartaithe ar Reachtanna an Údaráis Maoirseachta teoranta den chuid is mó do shoiléiriú obair an Choimisiúin Saineolaithe, mar chomhlacht comhairleach don Údarás Maoirseachta. Is chun leas an Aontais Eorpaigh iad na leasuithe sin, ós rud é go soiléirítear leo ról an chomhlachta sin agus go n-éascaítear leo obair an Údaráis Maoirseachta, agus ba cheart tacú leo dá bhrí sin.

(7)Is líonmhar na modhnuithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta agus tá tionchair éagsúla acu. Áirítear ar na hathruithe tábhachtacha deireadh a chur le vótáil trí thromlach cáilithe san Údarás Maoirseachta mar an rogha vótála réamhshocraithe, lena n-áirítear an iarmhairt a bheadh aici ar an gcóram, deireadh a chur leis an gceanglas oifigeach de chuid na hOifige Maoirseachta a bheith ann nach mór tacaíocht rúin a bheith faighte aige ó Chomhalta amháin eile ar a laghad ina leith, agus cearta vótála an Aontais a athlonnú agus a shoiléiriú go córasach. Tagann soiléirithe tábhachtacha as formhór na leasuithe atá beartaithe agus cuireann siad feabhas ar nósanna imeachta oibre an Údaráis Maoirseachta. Mar sin féin, leis na rialacha maidir le vótáil trí nós imeachta i scríbhinn agus formheas intuigthe, bunaítear tréimhsí an-ghearr, ar léir nach leor iad chun na nósanna imeachta inmheánacha is gá a cheadú chun cinneadh a ghlacadh, agus ba cheart na hábhair ar féidir cinneadh a ghlacadh ina leith faoi fhormheas intuigthe a shainiú go soiléir agus go sainráite. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Údaráis Maoirseachta, faoi réir modhnuithe áirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le vótáil faoi nós imeachta i scríbhinn agus formheas intuigthe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta um an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoc Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007, leagtar amach é san Iarscríbhinn.

Maidir le mionathruithe ar na seasaimh arna léiriú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, féadfaidh na hionadaithe ón Aontas iad a chomhaontú ag cruinniú an Údaráis Mhaoirseachta gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    De réir Chaibidil III de Choinbhinsiún Cape Town agus Chaibidil II de Phrótacal Lucsamburg.
(2)    An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 3 Meitheamh 2021: Putting Rail at the Forefront of Smart and Sustainable Mobility [‘An tIarnród a chur ar Thús Cadhnaíochta sa tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste’] (ST 8790/21)
(3)    IO L 353, 10.12.2014, lch. 9, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2014/888/oj .
(4)    Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (athmhúnlú) (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj ).
(5)    Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/796/oj).
(6)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/773/oj ).
(7)    Cinneadh Cur Chun Feidhme  (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh cláir feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1614/oj ).
(8)    Reachtanna an Údaráis Maoirseachta (Prótacal Lucsamburg) arna nglacadh ag an Údarás Maoirseachta ag an gcéad seisiún dá chuid an 8 Márta 2024.
(9)    Assemblée générale AG 12/21 30.09.2015 FINAL DOCUMENT – Point 7.5 [Comhthionól ginearálta 12/21 30.09.2015 DOICIMÉAD CRÍOCHNAITHEACH – Pointe 7.5]( https://otif.org/fileadmin/user_upload/otif_verlinkte_files/04_recht/02_Generalversammlung/AG_12_21_document_final_e____add_1-4_.pdf )
(10)    Cinneadh (AE) 2024/851 ón gComhairle an 4 Márta 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 12ú seisiún den Choimisiún Ullmhúcháin chun an Chlárlann Idirnáisiúnta um Rothstoic Iarnróid a bhunú agus ag an chéad seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Rothstoic Iarnróid (IO L, 2024/851, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/851/oj .
(11)    Cinneadh (AE) 2025/853 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Cúrsaí Rothstoic Iarnróid (IO L, 2025/853, 5.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/853/oj .
(12)    ‘Geallaimid leis seo go mbeimid faoi cheangal ag na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid (eagrán Béarla) de réir mar a leasófar iad ó am go chéile, arna n-eisiúint faoi choimirce na Meithle um Iompar ar Iarnród, ar dháta an dearbhaithe seo’.
(13)    Tá eisceacht ón riail sin ann i gcás ina mbeidh Reachtanna nó Rialacha Nós Imeachta nua á nglacadh mar a leagtar amach in Airteagal 21.
(14)    An tÚdarás Maoirseachta (1) ag tabhairt dá aire na modhnuithe ar na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid atá in athbhreithniú 3 ar na Rialacha Samhla sin agus nach bhfuil aon tionchar ag na modhnuithe sin ar oibriú na Clárlainne Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoc; (2) á threorú don Chláraitheoir tagairtí don dara agus don tríú leagan de na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, mar aon le míniú lena léireofar gur fhormheas an tÚdarás Maoirseachta an dara leagan ag a dhara seisiún agus gur tugadh an tríú leagan ar aire ag a thríú seisiún, ar an mbonn nach bhfuil aon tionchar ag na modhnuithe a glacadh sa tríú leagan ar oibriú na Clárlainne Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoic.
(15)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:AE:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(16) (1)    Cinneadh 2014/888/AE ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 maidir leis an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a Bhaineann go Sonrach le Cúrsaí Rothstoc Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007, a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 353, 10.12.2014, lch. 9, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2014/888/oj .
(17) (2)    Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (athmhúnlú) (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj ).
(18) (3)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/773/oj ).
(19) (4)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 ina leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1614/oj ).
(20)    An tÚdarás Maoirseachta (1) ag tabhairt dá haire na modhnuithe ar na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan an Rothstoic Iarnróid atá in athbhreithniú 3 de na Rialacha Samhla sin agus nach bhfuil aon tionchar ag na modhnuithe sin ar oibriú na Clárlainne Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoc; (2) á threorú don Chláraitheoir tagairtí don dara agus don tríú leagan de na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, mar aon le míniú lena léirítear gur fhormheas an tÚdarás Maoirseachta an dara leagan ag a dhara seisiún agus gur tugadh an tríú leagan ar aire ag a thríú seisiún, ar an mbonn nach bhfuil aon tionchar ag na modhnuithe a glacadh sa tríú leagan ar oibriú na Clárlainne Idirnáisiúnta Leasanna i Rothstoic.
(21)     https://unece.org/sites/default/files/2026-02/ECE-TRANS-SC.2-337-Rev.3EFR_Unofficial.pdf
Top

An Bhruiséil,9.3.2026

COM(2026) 122 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal XII de Phrótacal Lucsamburg a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste ar Nithe a bhaineann go sonrach le Rothstoic Iarnróid


Iarscríbhinn

1.Réamhrá

Reáchtálfar an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta um an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste maidir le Nithe a Bhaineann go Sonrach le Rothstoc an Iarnróid, a glacadh i Lucsamburg an 23 Feabhra 2007 (‘Prótacal Lucsamburg’) an 14 Aibreán 2026.

2.Inniúlacht an Aontais

Is páirtí conarthach é an tAontas Eorpach i bPrótacal Lucsamburg. Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i leith na míreanna ar chlár oibre an chruinnithe sin, mar a n‑iarrfar ar an Údarás Maoirseachta gníomhartha a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE – is é sin Míreanna 9 agus 10.

3.Barúlacha ar mhíreanna de chlár oibre an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta

Mír 9 ar an gclár oibre. Rialacha samhla

Doiciméad/Doiciméid

LUX-26011-SA3-09-Model Rules.pdf

Feidhmiú ceart vótála

an tAontas Eorpach

Post

Chun athrú a dhéanamh ar an gcinneadh atá le glacadh ag an Údarás Maoirseachta: ‘An tÚdarás Maoirseachta

- tabharfaidh sé ar aire na modhnuithe ar na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid (Athbhreithniú 3) a pléadh ag an tríú seisiún den Choiste Athbhreithnithe a ghabhann leis na Rialacha Samhla maidir le Sainaitheantas Buan Rothstoic Iarnróid, a tionóladh i mí Mheán Fómhair 2025;

Mura dtiocfaidh na Rialacha Samhla i bhfeidhm go dtí go mbeidh an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta aann:

- tabharfaidh sé ar aire nár cheart do na modhnuithe ar na Rialacha Samhla sin teacht i bhfeidhm go dtí tráth foilsithe na tuarascála ón naoú seisiún is seachtó de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) Meitheal SC.2 um Iompar d’Iarnród;

- cuirfidh sé siar aon chaingean maidir le hAthbhreithniú 3 de na Rialacha Samhla sin a fhormheas go dtí go dtiocfaidh na rialacha sin i bhfeidhm.

Má thagann na Rialacha Samhla i bhfeidhm go dtí go mbeidh an tríú seisiún den Údarás Maoirseachta ann, agus má fhreagraíonn siad don leagan neamhoifigiúil a foilsíodh ar shuíomh gréasáin UNECE 1 :

‘- na Rialacha Samhla a fhormheas (Athbhreithniú 3)

Mír 10 ar an gclár oibre. Reachtanna agus Rialacha Nós Imeachta

Doiciméad/Doiciméid

LUX-26012-SA3-10-Statutes and Rules of Procedure (&ad).pdf

Feidhmiú ceart vótála

an tAontas Eorpach

Post

I bhfabhar fhormheas na leasuithe atá beartaithe ar na Reachtanna.

I bhfabhar fhormheas na leasuithe atá beartaithe ar na Rialacha Nós Imeachta, faoi réir na leasuithe seo a leanas:

- in Airteagal 16(6), pointe (c), cuirtear ‘2 sheachtain’ in ionad ‘coicís’;

- in Airteagal 16(7), baintear ‘nó i gcás ina gcinnfidh an tÚdarás Maoirseachta amhlaidh’ den mhír thosaigh.

Top