AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.2.2026
COM(2026) 80 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh
Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE
(An tAthbhreithniú ar na ÚMEnna)
IARSCRÍBHINN
DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE
Uimh [...]
an [...]
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(2)Rialachán (AE) 2019/2176 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(3)Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II), Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(4)Tá na Páirtithe Conarthacha ar aon intinn go gcuirtear chun feidhme leis an gCinneadh seo an comhaontú a léiríodh i mír 2 de na Conclúidí ón gComhairle - Airí Airgeadais agus Geilleagair an Aontais Eorpaigh agus CSTE LEE an 14 Deireadh Fómhair 2014 maidir le Rialacháin na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ÚMEnna) de chuid an Aontais a ionchorprú i gComhaontú LEE agus gur cheart, dá bhrí sin, é a léirmhíniú i gcomhréir leis na prionsabail a léiríonn na Conclúidí.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘-
32019 L 2177: Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 155).’
Airteagal 2
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 23b (Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘-
32019 L 2177: Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 155).’
Airteagal 3
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 23ba (Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
-
32019 R 2175: Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1) arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9.’
Airteagal 4
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31ba (Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘-
32019 L 2177: Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 155).’
Airteagal 5
Leasaítear pointe 31baa (Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:
‘-
32019 R 2175: Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9.’
2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (a):
‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’
3.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (e):
‘(ea)
Glacfar cinntí, cinntí eatramhacha, fógraí, iarrataí simplí, cúlghairm cinntí agus bearta eile de chuid Údarás Faireacháin CSTE faoi Airteagail 27d(2) agus (3), 27e(1), 38b(1), 38c(3), 38d(5), 38g(1), 38h(1), 38i(1) agus 38k(8), gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag ÚEUM ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’
4.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
‘(fa)
In Airteagal 2(1)(18), cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’.’
5.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
‘(ha)
Sa chéad abairt den chéad fhomhír agus sa dara fomhír agus sa tríú fomhír d’Airteagal 27(4), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’.
(hb)
In Airteagal 27b:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás ina mbeidh na hoibríochtaí sin bunaithe i Stát CSTE, ag Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 2, cuirfear na focail ‘nó, a mhéid a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil ionad trádála á oibriú acu agus atá bunaithe i Stát CSTE, ag Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
sa dara fomhír de mhír 3 agus i mír 4, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’.
(hc)
In Airteagal 27c:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 2, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’.
(hd)
I míreanna 1 go 3 d’Airteagal 27d agus mír 4 d’Airteagal 27f, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’.
(he)
In Airteagal 27e:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’.’
6.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (j):
‘(ja)
Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 38a:
‘Maidir leis na cumhachtaí a thugtar d’Údarás Faireacháin CSTE nó d’aon oifigeach de chuid Údarás Faireacháin CSTE nó d’aon duine eile arna údarú ag Údarás Faireacháin CSTE le hAirteagal 38b go Airteagal 38e, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.’.
(jb)
In Airteagal 38b:
(i)
cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Féadfaidh ÚEUM nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE, a cheangal ar na daoine seo a leanas, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun é a chur ar a chumas do ÚEUM nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE, a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo:
(a)APA, CTP, ARM, i gcás inarb é ÚEUM nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE, a dhéanann maoirseacht orthu, agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála chun seirbhísí tuairiscithe sonraí APA, CTP nó ARM a oibriú, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;
(b)(b)
bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)(c)
iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);’;
(ii)
i míreanna 3 agus 5, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i dtéacs phointe (g) de mhír 3:
‘an ceart a shonrú chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’;
(iv)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 5:
‘Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis arna fáil faoin Airteagal seo ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig ÚEUM.’.
(jc)
In Airteagal 38c:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás ina mbeidh duine atá faoi réir an imscrúdaithe bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM, beidh siad i dteideal cúnamh a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Airteagal seo agus beidh sé de cheart acu páirt a ghlacadh in imscrúduithe arna iarraidh sin do ÚEUM.’;
(iii)
i míreanna 2 go 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara habairt:
‘Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá bhforáiltear in Airteagal 38i agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’;
(v)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i mír 6:
‘6.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
(a)gur cinneadh barántúil é an cinneadh a ghlac Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear i mír 3;
(b)go bhfuil aon bheart atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil sé treallach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag Údarás Faireacháin CSTE amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál rannpháirtíochta an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM ná Údarás Faireacháin CSTE a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh Údarás Faireacháin CSTE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’.
(jd)
In Airteagal 38d:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis arna fáil faoin Airteagal seo ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig ÚEUM.’;
(iii)
i míreanna 2 go 8, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
i mír 5, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara habairt:
‘Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, socrófar ann an dáta a bheidh sí le tosú agus léireofar ann na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, mar aon leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’;
(v)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i mír 10:
‘10.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
(a)gur cinneadh barántúil é an cinneadh a ghlac Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear i mír 5;
(b)go bhfuil aon bheart atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil sé treallach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag Údarás Faireacháin CSTE amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál rannpháirtíochta na ndaoine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM ná Údarás Faireacháin CSTE a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh Údarás Faireacháin CSTE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’.
(je)
In Airteagal 38e, cuirfear na focail ‘, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’.
(jf)
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs Airteagal 38f:
‘Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir le ÚEUM agus maidir le hÚdarás Faireacháin CSTE agus leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚEUM nó d’Údarás Faireacháin CSTE nó d’aon duine eile a ndearna ÚEUM nó Údarás Faireacháin CSTE cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE.’.
(jg)
In Airteagal 38g:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
sa chéad fhomhír de mhír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
i bpointe (h) de mhír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
cuirfear an méid seo a leanas isteach i mír 3:
‘Tabharfaidh Údarás Faireacháin CSTE fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún. Déanfaidh ÚEUM aon ghníomhaíocht den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a rinneadh í. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon cheann dá ghníomhaíochtaí féin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin freisin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a rinneadh iad.
Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa tríú fomhír:
(a)ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú an cinneadh arna ghlacadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú;
(b)i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur tionscnaíodh imeachtaí den sórt sin agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag caingne a thugtar os comhair Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE;
(c)ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE in ann cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 40 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’.
(jh)
In Airteagal 38h:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’.
(ji)
In Airteagal 38i:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’’
(jj)
In Airteagal 38j:
(i)
i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas isteach:
‘Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a d’fhorchuir sé de bhun Airteagail 38h agus 38i a nochtadh don phobal freisin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo a mhéid a bhaineann le nochtadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ag ÚEUM.’;
(ii)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘ÚEUM, Buanchoiste na Stát CSTE’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle,’;
(iv)
i mír 5, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Cinnfidh Buanchoiste na Stát CSTE leithdháileadh mhéideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna mbailiú ag Údarás Faireacháin CSTE.’.
(jk)
In Airteagal 38k:
(i)
sa chéad abairt i mír 1, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 1, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘ceapfaidh Údarás Faireacháin CSTE oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh d’Údarás Faireacháin CSTE chun an t-ábhar a imscrúdú tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh do ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú’;
(iii)
i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Ní ghlacfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a cheap Údarás Faireacháin CSTE páirt i bpróiseas maoirseachta ná formheasta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Choláiste Údarás Faireacháin CSTE agus Bord Maoirseoirí ÚEUM, ná ní bheidh páirt glactha aige iontu, go díreach ná go neamhdhíreach.’;
(iv)
i míreanna 2, 4, 5 agus 7, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(v)
i mír 8, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(vi)
i mír 8, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis agus na comhaid ar fad is gá ar fáil do ÚEUM chun a oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.’;
(vii)
i mír 9, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘nó Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(viii)
i mír 11, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’.
(jl)
In Airteagal 38l:
(i)
i mír 1, cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:
‘Sula n-ullmhóidh ÚEUM aon dréacht le haghaidh Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 38g, Airteagal 38h agus Airteagal 38i, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí barúlacha a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a ndréachtaí.
Is ar na torthaí sin a raibh an deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a mbarúlacha a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh Údarás Faireacháin CSTE a chinntí de bhun Airteagail 38g, 38h agus 38i.
Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír ná ag an gceathrú fomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. I gcás den sórt sin, féadfaidh ÚEUM dréacht a ullmhú agus féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh eatramhach a ghlacadh. Tabharfaidh ÚEUM deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dréacht den sórt sin a ullmhú.’;
(ii)
i mír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘chomhad ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘chomhad ÚEUM’ agus cuirfear na focail ‘doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM’.
(jm)
In Airteagal 38n(1), cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:
‘A mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí atá bunaithe i Stát CSTE, gearrfaidh Údarás Faireacháin CSTE táillí ar an mbonn céanna le táillí a ghearrfar ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí eile i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3.
Déanfar na méideanna arna mbailiú ag Údarás Faireacháin CSTE i gcomhréir leis an mír seo a chur ar aghaidh chuig ÚEUM gan mhoill.’.
(jn)
In Airteagal 38o:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach roimh na focail ‘cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean’;
(ii)
i míreanna 2 go 5, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
i mír 5, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
cuirfear an mhír seo a leanas isteach:
‘6.
Rachaidh ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE i gcomhairle le chéile roimh aon chúram a tharmligean de bhun an Airteagail seo.’.’
7.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (m):
‘(n)
In Airteagal 54a, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:
(i)
cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
is iad na focail ‘ar dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE an [an Cinneadh seo]’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘an 1 Eanáir 2022’;
(iii)
is iad na focail ‘níos mó ná trí mhí roimh dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE an [an Cinneadh seo]’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘1 Deireadh Fómhair 2021’;
(iv)
cuirfear an mhír seo a leanas isteach:
‘6.
Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE, i gcás inarb iomchuí agus gan moill mhíchuí, cóipeanna d’aon chomhad, doiciméad oibre, taifead agus páipéar oibre a fuarthas de bhun an Airteagail seo a chur ar aghaidh chuig ÚEUM.’.’
Airteagal 6
Leasaítear pointe 31f (Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1.Cuirtear an méid seo a leanas isteach:
‘, arna leasú le:
-
32019 R 2176: Rialachán (AE) 2019/2176 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 146).’
2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b):
‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’, ‘údaráis inniúla’, agus ‘údaráis mhaoirseachta’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n‑údaráis inniúla agus a n-údaráis mhaoirseachta ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán. Ní bheidh feidhm ag an méid sin a mhéid a bhaineann le hAirteagal 5(2), 9(5) agus 11(1) (c).’
3.Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (c):
‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 6(2):
‘(e)
Gobharnóirí bhainc cheannais Stáit CSTE nó, a mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, ionadaí ardleibhéil ón Aireacht Airgeadais;
(f)
Comhalta Coláiste d’Údarás Faireacháin CSTE, aon uair is ábhartha dá chúraimí.’’
4.Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (d):
‘Cuirfear an pointe seo a leanas isteach in Airteagal 13(1):
‘(i)
ionadaí amháin ó gach banc ceannais náisiúnta Stáit CSTE nó, a mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, ón Aireacht Airgeadais.’’
5.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (d):
‘(da)
In Airteagal 8(2a), cuirfear na focail ‘forálacha Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘dlí an Aontais’.’
6.Cuirfear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
‘(ga)
In Airteagal 17(1), cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Má dhírítear moladh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) chuig ceann de na seolaithe a liostaítear in Airteagal 16(2) ar Stát CSTE nó údarás náisiúnta de Stát CSTE é, cuirfidh an seolaí in iúl do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus do BERS na gníomhaíochtaí arna ndéanamh mar fhreagairt ar an moladh agus tabharfaidh sé bunús le haon easpa gníomhaíochta uaidh. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, na freagraí a fuair sé a chur in iúl do na ÚMEnna gan mhoill.’.’
(gb)
In Airteagal 17(2), cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Má chinneann BERS nár gníomhaíodh de réir a mholta a dhírigh sé chuig Stát CSTE nó chuig údarás inniúil Stát CSTE, nó gur mhainnigh na seolaithe údar leordhóthanach a thabhairt i leith a neamhghníomhaíochta, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, an méid sin a chur in iúl do na seolaithe, do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus do na ÚMEnna lena mbaineann.’.’
7.In oiriúnú (g), scriostar na focail ‘Airteagal 17(1) agus (2) agus in’.
Airteagal 7
Leasaítear pointe 31g (Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:
‘-
32019 R 2175: Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1), arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9.’
2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b):
‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán seo.’
3.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
‘(fa)
In Airteagal 3(3), cuirfear na focail ‘chuig Údarás Faireacháin CSTE, chuig Buanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gCoimisiún,’;
(fb)
A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i dtéacs phointe (v) d’Airteagal 4(2):
‘maidir le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, na húdaráis réitigh a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE;’.’
4.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (g)(ii):
‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara agus sa tríú fomhír:
‘Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.
Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír ag eatraimh iomchuí agus gach 6 mhí ar a laghad.
A luaithe is féidir i ndiaidh ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an dáta éaga in iúl don Údarás. In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo. Féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon fhorbairt a mheasann sé a bheith ábhartha don athbhreithniú a chur in iúl don Údarás.
Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad, agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.
Féadfaidh Ballstát CSTE a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh sin ar aghaidh chuig an Údarás. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), breithneoidh an tÚdarás dréacht nua a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.
I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás aon chinneadh atá comhthreomhar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Údarás Faireacháin CSTE a leasú nó a chúlghairm, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, dréacht a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.’.’
5.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
‘(ga)
Na tagairtí do dhlí an Aontais in Airteagal 9b, in Airteagal 9c agus in Airteagal 17a, tuigfear go dtagraíonn siad do Chomhaontú LEE.’
6.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
‘(ha)
In Airteagal 16a:
(i)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 1:
‘Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Bhuanchoiste na Stát CSTE nó d’Údarás Faireacháin CSTE, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus d’Údarás Faireacháin CSTE ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.’;
(ii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 4:
‘Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Bhuanchoiste na Stát CSTE nó d’Údarás Faireacháin CSTE, comhairle theicniúil a thabhairt do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus d’Údarás Faireacháin CSTE sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).’.
(hb)
In Airteagal 16b:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘Buanchoiste na Stát CSTE agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘institiúidí agus comhlachtaí an Aontais,’;
(ii)
i mír 1, cuirfear na focail ‘na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘an Aontais’;
(iii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 5:
‘Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig Údarás Faireacháin CSTE, ceisteanna a dteastaíonn léirmhíniú maidir le Comhaontú LEE ina leith. Rachaidh an Coimisiún agus Údarás Faireacháin CSTE i gcomhairle le chéile maidir le ceisteanna a dteastaíonn léirmhíniú maidir le Comhaontú LEE ina leith d’fhonn freagra comhpháirteach a chur isteach. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagra a sholáthróidh an Coimisiún agus/nó Údarás Faireacháin CSTE.’.’
7.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i):
‘In Airteagal 17:
(i)
cuirfear na focail ‘Comhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘dlí an Aontais’;
(ii)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(iii)
i mír 2, cuirfear na focail ‘, ó Bhuanchoiste na Stát CSTE, ó Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘ón gCoimisiún’;
(iv)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:
‘I gcás ina leagann an tÚdarás amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh le cás agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfaidh sé imscrúdú ar shárú líomhnaithe nó ar neamhchur i bhfeidhm Chomhaontú LEE maidir le húdarás inniúil Stát CSTE, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas maidir le cineál agus cuspóir an imscrúdaithe agus cuirfidh sé an fhaisnéis nuashonraithe is gá faoina bhráid go tráthrialta ina dhiaidh sin chun go ndéanfaidh Údarás Faireacháin CSTE a chúraimí mar is cuí faoi mhíreanna 4 agus 6.’;
(v)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara fomhír de mhír 3:
‘Cuirfidh an t-údarás inniúil an tÚdarás agus Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas, laistigh de 10 lá oibre ón moladh a fháil, faoi na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh chun comhlíontacht le Comhaontú LEE a áirithiú.’;
(vi)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i míreanna 4 agus 5:
‘4.
I gcás nár chomhlíon an t-údarás inniúil Comhaontú LEE laistigh de mhí ó mholadh an Údaráis a fháil, eiseoidh Údarás Faireacháin CSTE tuairim fhoirmiúil lena gceanglaítear ar an údarás inniúil an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun Comhaontú LEE a chomhlíonadh. Cuirfear moladh an Údaráis san áireamh i dtuairim fhoirmiúil Údarás Faireacháin CSTE.
Déanfaidh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil den sórt sin a eisiúint tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis ghlacadh an mholta. Féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE síneadh aon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin.
Glacfar tuairimí foirmiúla ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.
Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá faoi bhráid an Údaráis agus Údarás Faireacháin CSTE.
5.
Cuirfidh an t-údarás inniúil an tÚdarás agus Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas, laistigh de 10 lá oibre ón tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 a fháil, faoi na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh chun an tuairim fhoirmiúil sin a chomhlíonadh.’;
(vii)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, sa chéad fhomhír de mhír 6, cuirfear na focail ‘Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ in ionad na bhfocal ‘Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE’, agus cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(viii)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara fomhír de mhír 6:
‘I ngnóthaí a bhaineann le cosc ar chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, sa chás nach infheidhme go díreach maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais do cheanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a chomhlíonadh sula mbeidh an tréimhse a shonraítear ann istigh. Mura gcomhlíonann an t-údarás an cinneadh sin, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a ghlacadh freisin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Chun na críche sin, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE forálacha ábhartha uile Chomhaontú LEE i bhfeidhm, agus, i gcás ina bhfuil na forálacha sin de chuid Chomhaontú LEE comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm an dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. I gcás ina bhfuil forálacha ábhartha Chomhaontú LEE comhdhéanta de Rialacháin, agus i gcás ina dtugann na Rialacháin sin roghanna do Stáit CSTE go sainráite, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an dlí náisiúnta i bhfeidhm, ina theannta sin, sa mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.’;
(ix)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa tríú fomhír de mhír 6:
‘Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’;
(x)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i mír 8:
‘8.
Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE faisnéis a fhoilsiú gach bliain maidir leis na húdaráis inniúla agus na hinstitiúidí airgeadais sna Stáit CSTE nár chomhlíon na tuairimí foirmiúla nó na cinntí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6.’.’
8.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
‘(ia)
i míreanna 1 agus 3 d’Airteagal 17a, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
9.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (k):
‘In Airteagal 19:
(i)
i míreanna 1, 1a agus 3a, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(ii)
i mír 3, cuirfear na focail ‘sna Ballstáit’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann’;
(iii)
cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach i mír 3:
‘Más rud é go mbaineann sé le húdaráis inniúla eisiacha de chuid Stáit CSTE atá i gceist, agus más rud é nár tháinig na húdaráis sin ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, nó staonadh ó ghníomhaíocht áirithe chun an t-ábhar a réiteach, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar Comhaontú LEE. Beidh cinneadh Údarás Faireacháin CSTE ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi fhorálacha ábhartha Chomhaontú LEE.
Más rud é go mbaineann sé le húdaráis inniúla Ballstáit amháin nó níos mó den Aontas agus Stát CSTE amháin nó níos mó, agus más rud é nár tháinig na húdaráis sin ar chomhaontú laistigh den chéim idir‑réitigh dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an tÚdarás agus Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais agus Stáit CSTE lena mbaineann faoi seach gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, nó staonadh ó ghníomhaíocht, chun an t-ábhar a réiteach agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar Comhaontú LEE. Beidh cinntí ón Údarás agus ó Údarás Faireacháin CSTE ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sna cinntí ón Údarás agus ó Údarás Faireacháin CSTE gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi fhorálacha ábhartha Chomhaontú LEE.
Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’;
(iv)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, sa chéad fhomhír de mhír 4, cuirfear na focail ‘Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ in ionad na bhfocal ‘Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE’, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘an tÚdarás’ agus cuirfear na focail ‘Comhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘dlí an Aontais’;
(v)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara fomhír de mhír 4:
‘I ngnóthaí a bhaineann le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn airgead a sciúradh nó sceimhlitheoirí a mhaoiniú, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE, ina theannta sin, cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, sa chás nach infheidhme go díreach maidir le hoibreoirí san earnáil airgeadais do cheanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Chun na críche sin, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE forálacha ábhartha uile Chomhaontú LEE i bhfeidhm, agus i gcás ina bhfuil na forálacha sin de chuid Chomhaontú LEE comhdhéanta de Threoracha, cuirfidh sé i bhfeidhm dlí náisiúnta sa mhéid go dtrasuitear na Treoracha sin léi. I gcás ina bhfuil forálacha ábhartha Chomhaontú LEE comhdhéanta de Rialacháin, agus i gcás ina dtugann na Rialacháin sin roghanna do Stáit CSTE go sainráite, cuirfidh an tÚdarás an dlí náisiúnta i bhfeidhm, ina theannta sin, sa mhéid a feidhmíodh roghanna den sórt sin.’;
(vi)
i mír 4, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’.’
10.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (o):
‘In Airteagal 22(4), cuirfear na focail ‘, Údarás Faireacháin CSTE nó Buanchoiste na Stát CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún’.’
11.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (o):
‘(oa)
In Airteagal 28(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘I gcás ina bhfuil cúraimí agus freagrachtaí tarmligthe ag na húdaráis inniúla chuig an Údarás de bhun mhír 1 atá dírithe ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá bunaithe i Stát CSTE, agus a bhfuil oibleagáid dhíreach ar na heintitis sin mar thoradh orthu, iarrfaidh an tÚdarás ar Údarás Faireacháin CSTE bearta den chineál sin a dhéanamh. Cinntí, cinntí eatramhacha, fógraí, iarrataí simplí, cúlghairm cinntí agus bearta eile de chuid Údarás Faireacháin CSTE faoin mír seo, beidh siad bunaithe ar dhréacht ón Údarás.
(ob)
In Airteagal 30(7), cuirfear na focail ‘, chuig Buanchoiste na Stát CSTE agus chuig Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gCoimisiún’.’
12.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (p):
‘(pa)
In Airteagal 33(3):
(i)
sa tríú fomhír, cuirfear na focail ‘, Bhuanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an Choimisiúin’;
(ii)
sa cheathrú fomhír, cuirfear na focail ‘agus Buanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an Coimisiún’.’
13.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (r):
‘In Airteagal 36(5), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Buanchoiste na Stát CSTE agus Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún’.’
14.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (t):
‘In Airteagal 39:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(ii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:
‘Agus dréacht á ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE i gcomhréir leis an Rialachán, cuirfidh an tÚdarás an cinneadh atá le déanamh in iúl d’Údarás Faireacháin CSTE i dteanga oifigiúil an tseolaí, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh Údarás Faireacháin CSTE ligean d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údarás inniúil, arb é seolaí an chinnidh atá le déanamh é, a bharúlacha a thabhairt ar ábhar an chinnidh, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán.’;
(iii)
cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach i mír 5:
‘I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 18(3) nó (4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon athbhreithniú amach anseo a chur in iúl don Údarás, mar aon le haon fhorbairt atá ábhartha don athbhreithniú.
Déanfar Údarás Faireacháin CSTE an cinneadh maidir le cinneadh a leasú nó a chúlghairm ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás. In am trátha roimh aon athbhreithniú beartaithe, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo.’;
(iv)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, i mír 6, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
15.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (v):
‘In Airteagal 43:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘, dréachtaí a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘cinntí an Údaráis,’;
(ii)
i míreanna 4, 5 agus 6, cuirfear na focail ‘, chuig Údarás Faireacháin CSTE, chuig Buanchoiste na Stát CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gComhairle’.’
16.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (z):
‘(zaa)
Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 62(1)(b):
‘Glacfaidh Stáit CSTE páirt sa ranníocaíocht ón Aontas dá dtagraítear sa phointe seo. Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 82(1)(a) de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE.’.’
17.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (za):
‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 67:
‘Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Údarás agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo siúd atá i bPrótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE.’.’
Airteagal 8
Leasaítear pointe 31h (Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:
‘-
32019 R 2175: Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1) arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9.’
2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b):
‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’
3.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
‘(fa)
In Airteagal (3)3, cuirfear na focail ‘chuig Údarás Faireacháin CSTE, chuig Buanchoiste na Stát CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gCoimisiún,’.’
4.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (g)(ii):
‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara agus sa tríú fomhír:
‘Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.
Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír ag eatraimh iomchuí agus gach 6 mhí ar a laghad.
A luaithe is féidir i ndiaidh ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an dáta éaga in iúl don Údarás. In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo. Féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon fhorbairt a mheasann sé a bheith ábhartha don athbhreithniú a chur in iúl don Údarás.
Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad, agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.
Féadfaidh Ballstát CSTE a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh sin ar aghaidh chuig an Údarás. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), breithneoidh an tÚdarás dréacht nua a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.
I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás aon chinneadh atá comhthreomhar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Údarás Faireacháin CSTE a leasú nó a chúlghairm, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, dréacht a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.’.’
5.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
‘(ga)
Na tagairtí do dhlí an Aontais in Airteagal 9a agus Airteagal 17a, tuigfear go dtagraíonn siad do Chomhaontú LEE.’
6.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
‘(ha)
In Airteagal 16a:
(i)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 1:
‘Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Bhuanchoiste na Stát CSTE nó d’Údarás Faireacháin CSTE, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus d’Údarás Faireacháin CSTE ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.’;
(ii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 4:
‘Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Bhuanchoiste na Stát CSTE nó d’Údarás Faireacháin CSTE, comhairle theicniúil a thabhairt do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus d’Údarás Faireacháin CSTE sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).’.
(hb)
In Airteagal 16b:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘Buanchoiste na Stát CSTE agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘institiúidí agus comhlachtaí an Aontais,’;
(ii)
i mír 1, cuirfear na focail ‘na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘an Aontais’;
(iii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 5:
‘Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig Údarás Faireacháin CSTE, ceisteanna a dteastaíonn léirmhíniú maidir le Comhaontú LEE ina leith. Rachaidh an Coimisiún agus Údarás Faireacháin CSTE i gcomhairle le chéile maidir le ceisteanna a dteastaíonn léirmhíniú maidir le Comhaontú LEE ina leith d’fhonn freagra comhpháirteach a chur isteach. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagra a sholáthróidh an Coimisiún agus/nó Údarás Faireacháin CSTE.’.’
7.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(iv):
‘cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:
‘I gcás ina leagann an tÚdarás amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh le cás agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfaidh sé imscrúdú ar shárú líomhnaithe nó ar neamhchur i bhfeidhm Chomhaontú LEE maidir le húdarás inniúil Stát CSTE, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas maidir le cineál agus cuspóir an imscrúdaithe agus cuirfidh sé an fhaisnéis nuashonraithe is gá faoina bhráid go tráthrialta ina dhiaidh sin chun go ndéanfaidh Údarás Faireacháin CSTE a chúraimí mar is cuí faoi mhíreanna 4 agus 6.’.’
8.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(vii):
‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, sa chéad fhomhír de mhír 6, cuirfear na focail ‘Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ in ionad na bhfocal ‘Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE’, agus cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
9.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
‘(ia)
i míreanna 1 agus 3 d’Airteagal 17a, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
10.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (k):
‘In Airteagal 19:
(i)
i míreanna 1, 1a agus 3a, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(ii)
i mír 3, cuirfear na focail ‘sna Ballstáit’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann’;
(iii)
cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach i mír 3:
‘I gcás ina bhfuil údaráis inniúla eisiacha de chuid Stáit CSTE i gceist, agus i gcás nár tháinig na húdaráis sin ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, nó gan gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun an t-ábhar a réiteach, agus chun comhlíontacht le Comhaontú LEE a áirithiú. Beidh cinneadh Údarás Faireacháin CSTE ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi fhorálacha ábhartha Chomhaontú LEE.
I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Ballstáit amháin nó níos mó de chuid an Aontais agus Stát CSTE amháin nó níos mó i gceist, agus i gcás nár tháinig na húdaráis sin ar chomhaontú laistigh den chéim idir‑réitigh dá dtagraítear i mír 2, féadfar an tÚdarás agus Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar ar údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais agus Stáit CSTE lena mbaineann faoi seach gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, nó gan gníomhaíocht áirithe a dhéanamh, chun an t-ábhar a réiteach agus chun comhlíontacht le Comhaontú LEE a áirithiú. Beidh cinntí ón Údarás agus ó Údarás Faireacháin CSTE ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sna cinntí ón Údarás agus ó Údarás Faireacháin CSTE gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.
Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’;
(iv)
i mír 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ in ionad na bhfocal ‘Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE’, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘an tÚdarás’ agus cuirfear na focail ‘Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘dhlí an Aontais’;
(v)
i mír 4, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’.’
11.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (n):
‘In Airteagal 22(4), cuirfear na focail ‘, Údarás Faireacháin CSTE nó Buanchoiste na Stát CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún’.’
12.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (n):
‘(na)
In Airteagal 28(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘I gcás ina bhfuil cúraimí agus freagrachtaí tarmligthe ag na húdaráis inniúla chuig an Údarás de bhun mhír 1 atá dírithe ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá bunaithe i Stát CSTE, agus a bhfuil oibleagáid dhíreach ar na heintitis sin mar thoradh orthu, iarrfaidh an tÚdarás ar Údarás Faireacháin CSTE bearta den chineál sin a dhéanamh. Cinntí, cinntí eatramhacha, fógraí, iarrataí simplí, cúlghairm cinntí agus bearta eile de chuid Údarás Faireacháin CSTE faoin mír seo, beidh siad bunaithe ar dhréacht ón Údarás.
(nb)
In Airteagal 30(7), cuirfear na focail ‘, chuig Buanchoiste na Stát CSTE agus chuig Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gCoimisiún’.
(nc)
In Airteagal 33(3):
(i)
sa tríú fomhír, cuirfear na focail ‘, Bhuanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an Choimisiúin’;
(ii)
sa cheathrú fomhír, cuirfear na focail ‘agus Buanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an Coimisiún’.’
13.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (o):
‘(oa)
‘In Airteagal 36(5), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Buanchoiste na Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún’.’
14.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (q):
‘In Airteagal 39:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(ii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:
‘Agus dréacht á ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an tÚdarás an méid sin in iúl d’Údarás Faireacháin CSTE i dteanga oifigiúil an tseolaí, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh Údarás Faireacháin CSTE ligean d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údarás inniúil, arb é seolaí an chinnidh atá le déanamh é, a bharúlacha a thabhairt ar ábhar an chinnidh, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán.’;
(iii)
cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach i mír 5:
‘I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 18(3) nó (4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon athbhreithniú amach anseo a chur in iúl don Údarás, mar aon le haon fhorbairt atá ábhartha don athbhreithniú.
Déanfar Údarás Faireacháin CSTE an cinneadh maidir le cinneadh a leasú nó a chúlghairm ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás. In am trátha roimh aon athbhreithniú beartaithe, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo.’;
(iv)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, i mír 6, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
15.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (s):
‘In Airteagal 43:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘agus ullmhóidh sé dréachtaí d’Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘cinntí an Údaráis,’;
(ii)
i míreanna, 4, 5 agus 6, cuirfear na focail ‘, chuig Údarás Faireacháin CSTE, chuig Buanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gComhairle’.’
16.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (w):
‘(wa)
Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 62(1)(b):
‘Glacfaidh Stáit CSTE páirt sa ranníocaíocht ón Aontas dá dtagraítear sa phointe seo. Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 82(1)(a) de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE.’.’
17.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (x):
‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 67:
‘Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Údarás agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo siúd atá i bPrótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE.’.’
Airteagal 9
Leasaítear pointe 31i (Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:
‘-
32019 R 2175: Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1) arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9.’
2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b):
‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’
3.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
‘(fa)
In Airteagal (3)3, cuirfear na focail ‘chuig Údarás Faireacháin CSTE, chuig Buanchoiste na Stát CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gCoimisiún,’.’
4.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (g)(ii):
‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara agus sa tríú fomhír:
‘Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.
Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír ag eatraimh iomchuí agus gach 6 mhí ar a laghad.
A luaithe is féidir i ndiaidh ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an dáta éaga in iúl don Údarás. In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo. Féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon fhorbairt a mheasann sé a bheith ábhartha don athbhreithniú a chur in iúl don Údarás.
Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad, agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.
Féadfaidh Ballstát CSTE a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh sin ar aghaidh chuig an Údarás. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), breithneoidh an tÚdarás dréacht nua a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.
I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás aon chinneadh atá comhthreomhar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Údarás Faireacháin CSTE a leasú nó a chúlghairm, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, dréacht a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.’.’
5.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
‘(ga)
Na tagairtí do dhlí an Aontais in Airteagal 9a agus Airteagal 17a, tuigfear go dtagraíonn siad do Chomhaontú LEE.’
6.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
‘(ha)
In Airteagal 16a:
(i)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 1:
‘Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Bhuanchoiste na Stát CSTE nó d’Údarás Faireacháin CSTE, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus d’Údarás Faireacháin CSTE ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.’;
(ii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 4:
‘Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin do Bhuanchoiste na Stát CSTE nó d’Údarás Faireacháin CSTE, comhairle theicniúil a thabhairt do Bhuanchoiste na Stát CSTE agus d’Údarás Faireacháin CSTE sna réimsí a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)’.
(hb)
In Airteagal 16b:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘Buanchoiste na Stát CSTE agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘institiúidí agus comhlachtaí an Aontais,’;
(ii)
i mír 1, cuirfear na focail ‘na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘an Aontais’;
(iii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 5:
‘Cuirfidh an tÚdarás ceisteanna ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig Údarás Faireacháin CSTE, ceisteanna a dteastaíonn léirmhíniú maidir le Comhaontú LEE ina leith. Rachaidh an Coimisiún agus Údarás Faireacháin CSTE i gcomhairle le chéile maidir le ceisteanna a dteastaíonn léirmhíniú maidir le Comhaontú LEE ina leith d’fhonn freagra comhpháirteach a chur isteach. Foilseoidh an tÚdarás aon fhreagra a sholáthróidh an Coimisiún agus/nó Údarás Faireacháin CSTE.’.’
7.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(iv):
‘cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:
‘I gcás ina leagann an tÚdarás amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh le cás agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfaidh sé imscrúdú ar shárú líomhnaithe nó ar neamhchur i bhfeidhm Chomhaontú LEE maidir le húdarás inniúil Stát CSTE, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas maidir le cineál agus cuspóir an imscrúdaithe agus cuirfidh sé an fhaisnéis nuashonraithe is gá faoina bhráid go tráthrialta ina dhiaidh sin chun go ndéanfaidh Údarás Faireacháin CSTE a chúraimí mar is cuí faoi mhíreanna 4 agus 6.’.’
8.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(vii):
‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, sa chéad fhomhír de mhír 6, cuirfear na focail ‘Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ in ionad na bhfocal ‘Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE’, agus cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
9.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
‘(ia)
i míreanna 1 agus 3 d’Airteagal 17a, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
10.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (k):
‘In Airteagal 19:
(i)
i míreanna 1, 1a agus 3a, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(ii)
i mír 3, cuirfear na focail ‘sna Ballstáit’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann’;
(iii)
cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach i mír 3:
‘I gcás ina bhfuil údaráis inniúla eisiacha de chuid Stáit CSTE i gceist, agus i gcás nár tháinig na húdaráis sin ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, nó gan gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun an t-ábhar a réiteach, agus chun comhlíontacht le Comhaontú LEE a áirithiú. Beidh cinneadh Údarás Faireacháin CSTE ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi fhorálacha ábhartha Chomhaontú LEE.
I gcás ina bhfuil údaráis inniúla Ballstáit amháin nó níos mó de chuid an Aontais agus Stát CSTE amháin nó níos mó i gceist, agus i gcás nár tháinig na húdaráis sin ar chomhaontú laistigh den chéim idir‑réitigh dá dtagraítear i mír 2, féadfar an tÚdarás agus Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar ar údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais agus Stáit CSTE lena mbaineann faoi seach gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, nó gan gníomhaíocht áirithe a dhéanamh, chun an t-ábhar a réiteach agus chun comhlíontacht le Comhaontú LEE a áirithiú. Beidh cinntí ón Údarás agus ó Údarás Faireacháin CSTE ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sna cinntí ón Údarás agus ó Údarás Faireacháin CSTE gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.
Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’;
(iv)
i mír 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ in ionad na bhfocal ‘Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE’, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘an tÚdarás’ agus cuirfear na focail ‘Comhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘dlí an Aontais’;
(v)
i mír 4, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.’.’
11.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (n):
‘In Airteagal 22(4), cuirfear na focail ‘, Údarás Faireacháin CSTE nó Buanchoiste na Stát CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún’.’
12.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (n):
‘(na)
In Airteagal 28(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘I gcás ina bhfuil cúraimí agus freagrachtaí tarmligthe ag na húdaráis inniúla chuig an Údarás de bhun mhír 1 atá dírithe ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá bunaithe i Stát CSTE, agus a bhfuil oibleagáid dhíreach ar na heintitis sin mar thoradh orthu, iarrfaidh an tÚdarás ar Údarás Faireacháin CSTE bearta den chineál sin a dhéanamh. Cinntí, cinntí eatramhacha, fógraí, iarrataí simplí, cúlghairm cinntí agus bearta eile de chuid Údarás Faireacháin CSTE faoin mír seo, beidh siad bunaithe ar dhréacht ón Údarás.
(nb)
In Airteagal 30(7), cuirfear na focail ‘, chuig Buanchoiste na Stát CSTE agus chuig Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gCoimisiún’.
(nc)
In Airteagal 33(3):
(i)
sa tríú fomhír, cuirfear na focail ‘, Bhuanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an Choimisiúin’;
(ii)
sa cheathrú fomhír, cuirfear na focail ‘agus Buanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an Coimisiún’.’
13.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (o):
‘(oa)
‘In Airteagal 36(5), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Buanchoiste na Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún’.’
14.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (q):
‘In Airteagal 39:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’;
(ii)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:
‘Agus dréacht á ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an tÚdarás an méid sin in iúl d’Údarás Faireacháin CSTE i dteanga oifigiúil an tseolaí, agus leagfaidh sé teorainn ama síos ar faoina ceann a fhéadfaidh Údarás Faireacháin CSTE ligean d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údarás inniúil, arb é seolaí an chinnidh atá le déanamh é, a thuairimí a chur i láthair maidir le hábhar an chinnidh, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán.’;
(iii)
cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach i mír 5:
‘I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 18(3) nó (4), déanfaidh sé an cinneadh sin a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon athbhreithniú amach anseo a chur in iúl don Údarás, mar aon le haon fhorbairt atá ábhartha don athbhreithniú.
Déanfar Údarás Faireacháin CSTE an cinneadh maidir le cinneadh a leasú nó a chúlghairm ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás. In am trátha roimh aon athbhreithniú beartaithe, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo.’;
(iv)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, i mír 6, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an tÚdarás’.’
15.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (s):
‘In Airteagal 43:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘agus ullmhóidh sé dréachtaí d’Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘cinntí an Údaráis,’;
(ii)
i míreanna, 4, 5 agus 6, cuirfear na focail ‘, chuig Údarás Faireacháin CSTE, chuig Buanchoiste na Stát CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘chuig an gComhairle’.’
16.Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (w):
‘(wa)
Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 62(1)(b):
‘Glacfaidh Stáit CSTE páirt sa ranníocaíocht ón Aontas dá dtagraítear sa phointe seo. Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 82(1)(a) de Phrótacal 32 a ghabhann le Comhaontú LEE.’.’
17.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (x):
‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 67:
‘Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Údarás agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo siúd atá i bPrótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE.’.’
Airteagal 10
Leasaítear pointe 31l (Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:
‘-
32019 R 2175: Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1) arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9.’
2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (a):
‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’
3.Athuimhrítear oiriúnuithe (b) go (e) mar oiriúnuithe (f) go (i), faoi seach.
4.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (a):
‘(b)
Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, comhoibreoidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) agus Údarás Faireacháin CSTE, malartóidh siad faisnéis agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile chun críocha an Rialacháin, go háirithe sula ndéanfar aon ghníomhaíocht.
(c)
Glacfar cinntí, cinntí eatramhacha, fógraí, iarrataí simplí, cúlghairm cinntí agus bearta eile de chuid Údarás Faireacháin CSTE faoi Airteagail 34, 35, 48b(1), 48c(3), 48d(5), 48e(1), 48f(1), 48g(1) agus 48i(8), gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag ÚEUM ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE.
(d)
In Airteagal 34(1a), cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’.
(e)
In Airteagal 40, cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 1:
‘1a.
Chun críocha an Rialacháin seo, is é an t-údarás inniúil a bheidh in Údarás Faireacháin CSTE le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(1) atá bunaithe i Stát CSTE.’.’
5.Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
‘(j)
Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 48a:
‘Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar d’Údarás Faireacháin CSTE, d’aon oifigeach de chuid Údarás Faireacháin CSTE nó d’aon duine a arna údarú ag Údarás Faireacháin CSTE le hAirteagal 48b go hAirteagal 48d, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléide dlíthiúla.’.
(k)
In Airteagal 48b:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 1, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara fomhír:
‘Arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE, cuirfidh údaráis inniúla an iarraidh ar fhaisnéis chuig rannchuiditheoirí le tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(1) den Rialachán seo agus roinnfidh siad gan moill mhíchuí an fhaisnéis a fhaightear le hÚdarás Faireacháin CSTE.’;
(iii)
i míreanna 3 agus 5, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i dtéacs phointe (g) de mhír 3:
‘an ceart a shonrú chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’;
(v)
cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 5:
‘Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis arna fáil faoin Airteagal seo ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig ÚEUM.’.
(l)
In Airteagal 48c:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás ina mbeidh duine atá faoi réir an imscrúdaithe bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM, beidh siad i dteideal cúnamh a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Airteagal seo agus beidh sé de cheart acu páirt a ghlacadh in imscrúduithe arna iarraidh sin do ÚEUM.’;
(iii)
i míreanna 2 go 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara habairt:
‘Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá bhforáiltear in Airteagal 48g agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’;
(v)
i mír 6, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara fomhír:
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag Údarás Faireacháin CSTE amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál rannpháirtíochta an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM ná Údarás Faireacháin CSTE a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh Údarás Faireacháin CSTE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’.
(m)
In Airteagal 48d:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis arna fáil faoin Airteagal seo ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig ÚEUM.’;
(iii)
i míreanna 2 go 8, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
i mír 5, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara habairt:
‘Sonrófar sa chinneadh sin ábhar agus cuspóir na cigireachta, socrófar ann an dáta a bheidh sí le tosú agus léireofar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g, mar aon leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’;
(v)
a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh i mír 10:
‘10.
I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:
(a)
gur cinneadh barántúil é an cinneadh a ghlac Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear i mír 5;
(b)
go bhfuil aon bheart atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil sé treallach ná iomarcach.
Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag Údarás Faireacháin CSTE amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál rannpháirtíochta na ndaoine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM ná Údarás Faireacháin CSTE a thabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh Údarás Faireacháin CSTE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE i gcomhréir leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’.
(n)
In Airteagal 48e:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
sa chéad fhomhír de mhír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
i bpointe (h) de mhír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
cuirfear an méid seo a leanas isteach i mír 3:
‘Tabharfaidh Údarás Faireacháin CSTE fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún. Déanfaidh ÚEUM aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon cheann dá ghníomhaíochtaí féin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin freisin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a glacadh í.
Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa tríú fomhír:
(a)
ráiteas lena ndearbhófar ceart an duine atá freagrach as an sárú an cinneadh arna ghlacadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE lena athbhreithniú;
(b)
i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur tionscnaíodh imeachtaí den sórt sin agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag caingne a thugtar os comhair Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE;
(c)
ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil Cúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE in ann cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 40 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú.’.
(o)
In Airteagal 48f:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear ‘forálacha Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘dlí an Aontais’;
(iii)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’.
(p)
In Airteagal 48g:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, i gcás daoine atá bunaithe i Stát CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’.
(q)
In Airteagal 48h:
(i)
i mír 1, cuirfear an méid seo a leanas isteach:
‘Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a d’fhorchuir sé de bhun Airteagail 48f agus 48g a nochtadh don phobal freisin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo a mhéid a bhaineann le nochtadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ag ÚEUM.’;
(ii)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
i mír 3, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘ÚEUM, Buanchoiste na Stát CSTE’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle’;
(iv)
i mír 5, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Cinnfidh Buanchoiste na Stát CSTE leithdháileadh mhéideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna mbailiú ag Údarás Faireacháin CSTE.’.
(r)
In Airteagal 48i:
(i)
sa chéad abairt i mír 1, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ a bheidh ann in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
i mír 1, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is iad na focail ‘ceapfaidh Údarás Faireacháin CSTE oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh d’Údarás Faireacháin CSTE chun an t-ábhar a imscrúdú tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh do ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú’;
(iii)
i mír 1, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Ní ghlacfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a cheap Údarás Faireacháin CSTE páirt go díreach ná go neamhdhíreach i maoirseacht na dtagarmharcanna lena mbaineann an sárú, ná ní bheidh páirt glactha aige inti go díreach ná go neamhdhíreach, agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar Choláiste Údarás Faireacháin CSTE agus Bord Maoirseoirí ÚEUM.’;
(iv)
i míreanna 2, 5 agus 7, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘Bhord Maoirseoirí ÚEUM’;
(v)
i mír 4, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(vi)
i míreanna 8 agus 11, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(vii)
i mír 8, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an fhaisnéis agus na comhaid ar fad is gá ar fáil do ÚEUM chun a oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.’;
(viii)
i mír 9, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘nó Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘Bhord Maoirseoirí ÚEUM’.
(s)
In Airteagal 48j:
(i)
i mír 1, cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:
‘Sula n-ullmhóidh ÚEUM aon dréacht le haghaidh Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 48f, Airteagal 48g agus Airteagal 48e, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na torthaí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí barúlacha a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a ndréachtaí.
Is ar na torthaí sin a raibh an deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a mbarúlacha a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh Údarás Faireacháin CSTE a chinntí de bhun Airteagail 48f, 48g agus 48e.
Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír ná ag an gceathrú fomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 48e chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. I gcás den sórt sin, féadfaidh ÚEUM dréacht a ullmhú agus féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh eatramhach a ghlacadh. Tabharfaidh ÚEUM deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dréacht den sórt sin a ullmhú.’;
(ii)
i mír 2, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail ‘chomhad ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘chomhad ÚEUM’ agus cuirfear na focail ‘doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM’.
(t)
In Airteagal 48l(1), cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach:
‘A mhéid a bhaineann le haon riarthóir dá dtagraítear in Airteagal 40(1) atá bunaithe i Stát CSTE, gearrfaidh Údarás Faireacháin CSTE táillí ar an mbonn céanna le táillí a ghearrfar ar riarthóirí eile dá dtagraítear in Airteagal 40(1) i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3.
Déanfar na méideanna arna mbailiú ag Údarás Faireacháin CSTE i gcomhréir leis an mír seo a chur ar aghaidh chuig ÚEUM gan moill mhíchuí.’.
(u)
In Airteagal 48m:
(i)
i mír 1, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach roimh na focail ‘cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean’;
(ii)
i míreanna 2 go 5, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(iii)
i mír 5, cuirfear na focail ‘nó, de réir mar a bheidh, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh an fhocail ‘ÚEUM’;
(iv)
cuirfear an mhír seo a leanas isteach:
‘6.
Rachaidh ÚEUM agus Údarás Faireacháin CSTE i gcomhairle le chéile roimh aon chúram a tharmligean de bhun an Airteagail seo.’.
(v)
In Airteagal 48n, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:
(i)
cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad an fhocail ‘ÚEUM’;
(ii)
is iad na focail ‘ar dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE an [an Cinneadh seo]’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘an 1 Eanáir 2022’;
(iii)
is iad na focail ‘níos mó ná trí mhí roimh dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. …/… ó Chomhchoiste LEE an [an Cinneadh seo]’ a bheidh ann in ionad na bhfocal ‘1 Deireadh Fómhair 2021’;
(iv)
cuirfear an mhír seo a leanas isteach:
‘6.
Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE, i gcás inarb iomchuí agus gan moill mhíchuí, cóipeanna d’aon chomhad, doiciméad oibre, taifead agus páipéar oibre a fuarthas de bhun an Airteagail seo a chur ar aghaidh chuig ÚEUM.’.’
Airteagal 11
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2019/2175, arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9, agus (AE) 2019/2176 agus Treoir (AE) 2019/2177 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 12
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha.
Airteagal 13
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha
a ghabhann le Cinneadh Uimh. …/… lena n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Aithníonn na Páirtithe go bhfuil ionchorprú an ghnímh seo gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.