AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.1.2026
COM(2026) 52 final
2026/0030(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don Liotuáin
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026PC0052
Proposal for a COUNCIL IMPLEMENTING DECISION on making the financial assistance under Regulation (EU) 2025/1106 available to Lithuania
Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don Liotuáin
Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don Liotuáin
COM/2026/52 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.1.2026
COM(2026) 52 final
2026/0030(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don Liotuáin
2026/0030 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gcúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) 2025/1106 a chur ar fáil don Liotuáin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh 1 , agus go háirithe Airteagal 8(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Sheol an Coimisiún glao ar léiriú spéise chun cúnamh airgeadais a fháil faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (‘ionstraim SAFE’), lena n‑iarrtar ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le huasmhéid táscach iasachta agus íosmhéid táscach iasachta. Faoin 29 Lúnasa 2025, chuir 19 mBallstát in iúl gur spéis leo cúnamh airgeadais a fháil faoi Rialachán (AE) 2025/1106.
(2)An 9 Meán Fómhair 2025, thug an Coimisiún fógra do na Ballstáit iarrthacha faoi leithdháileadh sealadach na méideanna iasachta in aghaidh an Bhallstáit.
(3)An 28 Samhain 2025, chuir an Liotuáin iarraidh isteach, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2025/1106, ar chúnamh airgeadais (‘an iarraidh’) a raibh plean infheistíochta um an tionscal cosanta Eorpach (‘an plean’) ag gabháil léi.
(4)Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarraidh de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2025/1106.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2025/1106, bhí réasúnú agus bunús cuí leis an bplean agus leagadh amach ann tuairisc ar na táirgí cosanta agus ar na táirgí eile chun críoch cosanta.
(6)Chinn an Coimisiún go gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2025/1106 maidir le hionstraim SAFE a úsáid. Go sonrach, áirithítear léi go ndéanfar gníomhaíochtaí, caiteachas agus bearta a bhaineann le táirgí cosanta nó táirgí eile chun críoch cosanta trí sholáthairtí comhoibríocha nó soláthairtí aonair. Tá sé de chuspóir acu freisin dlús a chur le coigeartú an tionscail cosanta i leith athruithe struchtúracha agus/nó feabhas a chur ar infhaighteacht thráthúil táirgí cosanta, agus/nó idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht a áirithiú ar fud an Aontais.
(7)Chinn an Coimisiún freisin go bhfuil tuairisc san iarraidh ar na bearta atá beartaithe arb é is aidhm dóibh comhlíonadh Airteagal 16 agus rialacha soláthair Rialachán (AE) 2025/1106 a áirithiú, lena n‑áirítear tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an comhlíonadh sin le háirithiú.
(8)Mar thoradh air sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2025/1106, tá an Coimisiún in ann a dheimhniú go gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.
(9)I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2025/1106, rinne an Coimisiún riachtanais mhaoiniúcháin reatha agus ionchasacha na Liotuáine a mheas, mar aon leis na hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun an Rialacháin sin atá curtha isteach cheana nó atá beartaithe ag Ballstáit eile a chur isteach, agus prionsabal na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm san am céanna.
(10)Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar d’oibleagáid agus toradh aon nós imeachta faoi Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle 3 .
(11)Tá an Cinneadh seo gan dochar do na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Rialacháin (AE, Euratom) 2024/2509 4 agus (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 . I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2025/1106, ba cheart na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a leagan amach sa chomhaontú iasachta,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An iarraidh ar chúnamh airgeadais faoin Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh a chuir an Liotuáin isteach an 28 Samhain 2025, comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2025/1106, go háirithe na coinníollacha sin in Airteagal 4, Airteagal 7(2) agus Airteagal 16.
Airteagal 2
1. Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Liotuáin arb é atá inti uasmhéid EUR 6 375 487 000,00.
2. Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht iasachta ar fáil don Liotuáin. Cuirfidh sé méid EUR 956 323 050,00 ar fáil mar íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na Liotuáine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán