AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.1.2026
COM(2026) 21 final
2025/3500(APP)
Togra leasaithe le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Cuirtear an togra seo le haghaidh leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 i láthair in éineacht leis an togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Iasacht Tacaíochta don Úcráin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/792 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin.
Tar éis ionradh gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, tá tacaíocht shubstaintiúil tugtha ag an Aontas don Úcráin trí shraith beart airgeadais. Beidh cúnamh leanúnach de dhíth ar an Úcráin, cúnamh ba cheart a chur ar fáil faoin Rialachán nua atá beartaithe lena mbunaítear an Iasacht Tacaíochta don Úcráin.
Leis an leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, cuirfear leathnófar an ráthaíocht bhuiséadach atá i bhfeidhm faoi láthair, mar riail, maidir le hiasachtaí don Úcráin faoin ionstraim MFA+. faoin tSaoráid don Úcráin agus faoin gcúnamh macrairgeadais don Úcráin faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin chun an cúnamh airgeadais don Úcráin faoi Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumhdach. Ba cheart a áirithiú leis an ráthaíocht sin go mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil i gcónaí in am chun go mbeidh an tAontas in ann a oibleagáidí airgeadais uile i leith a chreidiúnaithe a chomhlíonadh. Dá réir sin, má tá ar an Aontas cloí leis na hoibleagáidí aisíocaíochta ó acmhainní bhuiséad an Aontais – i gcás nach ndéanfadh stát is tairbhí an íocaíocht chuí in am – dhéanfaí na méideanna is gá a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI suas le teorainneacha uasteorainn na n‑acmhainní dílse (ón ‘lamháil’ mar a thugtar air).
Ba cheart feidhm a bheith ag an gcumhdach buiséadach ón lamháil maidir le cúnamh airgeadais i bhfoirm iasacht don Úcráin ar luachEUR 90 000 000 000 atá le cur chun feidhme faoi chomhar feabhsaithe.
Tacaíocht lamháltais don Úcráin
Chun tacaíocht lamháltais a sholáthar don Úcráin agus chun nach gcuirfear brú ar airgeadas poiblí na hÚcráine, cumhdófar le buiséad an Aontais na costais a eascraíonn as iasacht a fháil trí fhóirdheontas i leith costais iasachtaíochta. I measc na gcostas sin tá costais seirbhísithe fiachais (costas an chistiúcháin agus costais na heisiúna agus na bainistíocha leachtachta) agus na costais riaracháin ghaolmhara. Maoineofar na costais seirbhísithe fiachais faoi ionstraim speisialta théamach nua, is é sin an Ionstraim Iasachta don Úcráin, de bhreis ar uasteorainneacha CAI. Agus an Ionstraim Iasachta don Úcráin á slógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh, breithneofar infhaighteachtaí buiséadacha in ionstraimí speisialta eile, na rialacha earnála is infheidhme, aon oibleagáid dhlíthiúil nó aon oibleagáid eile lena n‑áirítear faoi Ionstraim EURI, tosaíochtaí, buiséadú stuama agus bainistíocht fhónta airgeadais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 312 CFAE an bunús dlí chun an Creat Airgeadais Ilbhliantúil a ghlacadh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann an tionscnamh faoi réimse beartais ina bhfuil cumhachtaí eisiacha ag an Aontas (faoi Airteagal 312 CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Tá na hathruithe comhréireach leis an ngá práinneach atá ann ionstraim a bhunú chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin, nach féidir a chur chun feidhme go dtí go mbunófar an cumhdach buiséadach maidir le hiasachtaí don Úcráin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Caibidil I – Forálacha Ginearálta
Airteagal 2 – Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh
Faoi fhorálacha Airteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 atá ann cheana, dhéanfaí na méideanna is gá a shlógadh chun oibleagáidí aisíocaíochta an Aontais faoi oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a chomhlíonadh i gcás nach bhfaigheadh an tAontas ón stát is tairbhí an íocaíocht chuí in am (i.e. ráthaíocht le haghaidh cúnamh airgeadais a shlógadh do na Ballstáit agus don Úcráin) de bhreis ar uasteorainneacha CAI.
Ní fhéadfaidh sárú uasteorainn na n‑acmhainní dílse a bheith mar thoradh ar an méid a shlógfar. Dá bhrí sin, tá an fhoráil lena leathnófar an cumhdach buiséadach ón lamháil chuig an ráthaíocht le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin faoin Rialachán maidir le hIasacht Tacaíochta don Úcráin comhoiriúnach le míreanna 1 agus 3 d’Airteagal 312 CFAE, faoina áiritheoidh CAI ‘go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse’, agus ‘leagfar síos ... aon fhorálacha eile is gá chun go n‑oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh’.
Caibidil 3 – Ionstraimí Speisialta
Roinn 1 – Ionstraimí Speisialta Téamacha
Airteagal 10c – An Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin
Tugtar isteach an tAirteagal nua seo chun foráil a dhéanamh maidir leis an ‘Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin’, ar ionstraim speisialta théamach nua í.
Is iad na míreanna sonracha caiteachais a bhféadfar an Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin a úsáid ina leith na costais seirbhísithe fiachais, lena gcuimsítear costais chistiúcháin agus costais eisiúna agus bainistíocha leachtachta, atá dlite i leith na gcistí a fhaightear ar iasacht ar na margaí caipitil le haghaidh iasacht don Úcráin atá le cur chun feidhme faoi chomhar feabhsaithe.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Trí shlógadh ráthaíochta le haghaidh cúnamh airgeadais de bhreis ar uasteorainneacha CAI a leathnú chuig an Úcráin le haghaidh an chúnaimh airgeadais atá beartaithe sa bhreis ar an gcúnamh airgeadais do Bhallstáit an Aontais agus don Úcráin faoin ionstraim MFA+, faoin tSaoráid don Úcráin agus faoin gcúnamh macrairgeadais don Úcráin faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, leis an togra beifear in ann úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní buiséadacha faoi uasteorainneacha CAI. Leis an bhféidearthacht an ráthaíocht a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI, chumhdófaí go hiomlán an cúnamh airgeadais atá ar fáil don Úcráin i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sna blianta amach romhainn, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.
Déanfar an ionstraim speisialta ‘Ionstraim Iasachta don Úcráin’ a áirítear sa togra seo a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE, le haghaidh méideanna arna suí i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme a leagtar síos sna bunghníomhartha ábhartha. Le linn thréimhse reatha CAI, meastar go n‑eascróidh costais seirbhísithe fiachais as na cistí a fhaightear ar iasacht chun an iasacht don Úcráin a mhaoiniú, costais a shonrascfar in 2027, agus d’fhéadfadh sé gur ghá an ionstraim speisialta ‘Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin’ a shlógadh chun iad a chumhdach. Agus an Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin á slógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, breithneofar infhaighteachtaí buiséadacha in ionstraimí speisialta eile, na rialacha earnála is infheidhme, aon oibleagáid dhlíthiúil nó aon oibleagáid eile lena n‑áirítear faoi Ionstraim EURI, tosaíochtaí, buiséadú stuama agus bainistíocht fhónta airgeadais.
Ós rud é go ndéantar caiteachas i ndáil le hionstraimí speisialta a iontráil sa bhuiséad ‘de bhreis’ ar uasteorainneacha ábhartha CAI, níl tionchar ag an togra seo ar uasteorainneacha CAI.
2025/3500 (APP)
Togra leasaithe le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa6,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tar éis an chogaidh fhoghaigh gan chúis gan údar tá an Rúis a chur ar an Úcráin, tá an tAontas ag tacú leis an Úcráin le sraith beart airgeadais.
(2)Beidh cúnamh airgeadais agus eacnamaíoch leanúnach de dhíth ar an Úcráin ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil, solúbtha agus tráthúil lena gcumhdófar a riachtanais mhaoiniúcháin a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise go sonrach. Chuige sin, tá ionstraim nua bunaithe ag an Aontas faoi Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Faoin ionstraim sin, tá an cúnamh airgeadais atá beartaithe le soláthar i bhfoirm iasachtaí.
(3)Le Cinneadh (AE) XXX ón gComhairle údaraíodh comhar feabhsaithe chun Iasacht Tacaíochta don Úcráin a bhunú ar luach EUR 90 000 000 000. . De bhun Airteagal 332 CFAE, is iad na Ballstáit rannpháirteacha a íocfaidh an caiteachas a eascróidh as cur chun feidhme an chomhair fheabhsaithe. Ba cheart na costais riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme aon chomhair fheabhsaithe a íoc as buiséad an Aontais.
(4)Chuige sin, bBa cheart ráthaíocht bhuiséadach an Aontais a leathnú chun an cúnamh airgeadais i bhfoirm iasachta don Úcráin ar luach EUR 90 000 000 000 a chuirfear chun feidhme faoi chomhar feabhsaithe faoi Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumhdach. Ba cheart a áirithiú leis an ráthaíocht sin go mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil i gcónaí in am chun go mbeidh an tAontas in ann a oibleagáidí airgeadais uile i leith a chreidiúnaithe a chomhlíonadh.
(5)Ba cheart é a bheith indéanta na leithreasuithe is gá a shlógadh i mbuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh cúnamh airgeadais breise don Úcráin. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith gan dochar don oibleagáid uasteorainn na n‑acmhainní dílse a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle a urramú.
(6)D’fhonn tacaíocht a thabhairt don Úcráin ar bhonn ardleibhéal lamháltais, is iomchuí ionstraim speisialta théamach nua a bhunú – ‘an Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin’, lena bhféadfaí na costais seirbhísithe fiachais a mhaoiniú. Is éard atá sna costais seirbhísithe fiachais costas an chistiúcháin agus costais na heisiúna agus na bainistíocha leachtachta, atá dlite i leith na gcistí a fhaightear ar iasacht ar na margaí caipitil le haghaidh iasacht don Úcráin atá le cur chun feidhme faoi chomhar feabhsaithe. Ós rud é go bhfuil coinne leis go dtosóidh sonrasc na gcostas seirbhísithe fiachais a bhaineann leis an iasacht don Úcráin sa bhliain dheireanach den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, is iomchuí infhaighteachtaí buiséadacha in ionstraimí speisialta eile a bhreith agus na rialacha earnála is infheidhme, aon oibleagáid dhlíthiúil nó aon oibleagáid eile, lena n‑áirítear faoi Airteagal 10a de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, tosaíochtaí, buiséadú stuama agus bainistíocht fhónta airgeadais á gcur san áireamh an tráth céanna, agus an Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin á slógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh.
(7)I bhfianaise na práinne a bhaineann le riachtanais eisceachtúla na hÚcráine i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt.
(8)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a leasú dá réir sin.
(9)I bhfianaise na staide san Úcráin agus chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart é a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 mar a leanas:
(1)leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘2. I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ó na hionstraimí speisialta dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10, 10a, 10b, 10c agus 12, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI.’
(b)i mír 3In Airteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais i bhfoirm iasachta don Úcráin atá le cur chun feidhme faoi chomhar feabhsaithe faoi Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 223(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI. ‘
(2)cuirtear isteach an tAirteagal 10c seo a leanas:
‘Airteagal 10c
An Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin
Féadfar an Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin a úsáid chun na costais seirbhísithe fiachais a bhaineann le hiasacht don Úcráin a mhaoiniú, ar iasacht í atá le cur chun feidhme faoi chomhar feabhsaithe, agus chun na críche sin amháin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim um Iasacht Tacaíochta don Úcráin a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán