Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0013

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le bearta simpliúcháin agus ailíniú leis an [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil]

COM/2026/13 final

Strasbourg, 20.1.2026

COM(2026) 13 final

2026/0012(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le bearta simpliúcháin agus ailíniú leis an [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil]

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2026) 11-12}
{SEC(2026) 11}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an togra seo ina chuid de phacáiste beart arb é is aidhm dó creat cibearshlándála an Aontais a ailíniú le riachtanais na bpáirtithe leasmhara i dtimpeallacht cibearbhagairtí atá ag éirí níos sofaisticiúla agus i réaltacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos casta. Is minice a dhírítear cibirionsaithe ar eintitis fhíor-riachtanacha thábhachtacha ó earnálacha criticiúla 1 agus déanann gníomhaithe bagartha stáit teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga (IS) a threisiú chun a nionsaithe a mhéadú agus a bharrfheabhsú a thuilleadh. Sa chomhthéacs sin, aithnítear athléimneacht an bhonneagair chriticiúil i bhfianaise cibearbhagairtí mar cholún straitéiseach dár ndaonlathais agus do shlándáil eacnamaíoch an Aontais. Leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta 2 agus leis an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach 3 araon, cuireadh an chibearshlándáil i gcroílár chlár oibre athléimneachta an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, sainaithnítear sa Teachtaireacht maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú 4 gur cuspóirí tosaíochta iad cosc a chur ar rochtain ar fhaisnéis íogair agus ar shonraí íogaire a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlándáil eacnamaíoch an Aontais agus suaitheadh ar bhonneagar criticiúil an Aontais a dhéanann difear do gheilleagar an Aontais a chosc agus a mhaolú, ar cuspóirí iad ina bhfuil ról ríthábhachtach ag bearta éifeachtacha cibearshlándála. Thairis sin, cuireadh i dtábhacht sa Tuarascáil maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa gur gá an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú mar phríomhréimse gníomhaíochta amháin a bhfuil gá leis san Aontas 5 . Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hEoraip níos Simplí agus níos Tapúla 6 , d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé tiomanta do chlár uaillmhianach chun beartais réamhbhreathnaitheacha nuálacha a chur chun cinn lena neartaítear iomaíochas an Aontais agus lena laghdaítear na hualaí rialála ar dhaoine, ar ghnólachtaí agus ar riaracháin, agus an caighdeán is airde á choinneáil aige an tráth céanna maidir lena luachanna a chur chun cinn.

I bhfianaise an mhéid sin, is é is aidhm don togra seo le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le bearta simpliúcháin agus ailíniú leis an [Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), leis an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus le slándáil an tslabhra soláthair TFC agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2019/881 (An Dara Gníomh um Chibearshlándáil)] aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb i ndáil le castacht agus éagsúlacht na mbeartas a bhaineann leis an gcibearshlándáil a bhfuil tionchar acu ar sheasamh cibearshlándála an Aontais, go háirithe trí shoiléirithe a thabhairt isteach agus trí chomhlíontacht le haghaidh eintitis rialáilte a dhéanamh níos éasca.

Ba cheart cuspóir na treorach seo a mheas mar chuid de spriocanna uileghabhálacha an phacáiste maidir leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil lena mbaineann an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus slándáil an tslabhra soláthair TFC agus Rialachán (AE) 2019/881 a aisghairm. Is é is aidhm don togra le haghaidh an rialacháin sin dul i ngleic leis an méid seo a leanas: (i) an mí-ailíniú idir creat beartais cibearshlándála an Aontais agus riachtanais na bpáirtithe leasmhara i dtimpeallacht na bagartha atá ag éirí níos naimhdí; (ii) cur chun feidhme stoptha an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála; (iii) castacht agus éagsúlacht na mbeartas a bhaineann leis an gcibearshlándáil a mbíonn tionchar acu ar sheasamh cibearshlándála an Aontais; agus (iv) rioscaí slándála slabhraí soláthair TFC atá ag méadú. Maidir le castacht agus éagsúlacht na mbeartas a bhaineann leis an gcibearshlándáil a bhfuil tionchar acu ar sheasamh cibearshlándála an Aontais, moltar sa phacáiste maidir leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil – mar chuid d’athchóiriú ar an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála – deimhniú a chur chun cinn mar uirlis chomhlíontachta do ghnólachtaí, agus forbairt scéime maidir le seasamh cibearshlándála eintiteas a chumasú chun costais chomhlíontachta a laghdú d’eintitis atá faoi réir an Dara Treoir NIS agus reachtaíocht ábhartha eile an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil. Leis an gcur chuige sin, simpleofar go mór na hoibleagáidí rialála atá ar eintitis atá faoi réir ceanglais chomhlíontachta iomadúla agus áiritheofar go mbainfear úsáid níos éifeachtaí as acmhainní ar fud na n‑údarás náisiúnta.

I meabhrán míniúcháin an togra le haghaidh rialachán maidir leis an Dara Gníomh um Chibearshlándáil, leagtar amach na príomh-shaincheisteanna is bonn leis an togra, chomh maith leis na cuspóirí sonracha chun aghaidh a thabhairt orthu. Leis an togra le haghaidh treorach, tabharfar aghaidh ar chuspóir sonrach 4 den mheasúnú tionchair ar athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, i.e. sásraí agus coinníollacha a bhunú chun cuidiú le comhlíontacht le ceanglais chibearshlándála a éascú agus ar an gcaoi sin a gcur chun feidhme a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos éifeachtúla. Tá sé d’aidhm ag na leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Treoir NIS comhlíontacht gnéithe sonracha den chreat cibearshlándála a shimpliú agus cur chun feidhme cuíchóirithe comhleanúnach na ngnéithe sin a áirithiú, lena n‑áirítear maidir le raon feidhme, sainmhínithe, tuairisciú bogearraí éirice agus maoirseacht ar eintitis a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann.

Tagann an togra le haghaidh treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 maidir le bearta simpliúcháin agus ailíniú leis an [Dara Gníomh um Chibearshlándáil] faoi shainchúram an chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála. In éineacht leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, rannchuidíonn sé go mór le feabhas a chur ar shoiléireacht, neamhéifeachtúlachtaí a bhaint agus nósanna imeachta a ailíniú ar fud creataí dlíthiúla. Cuireann sé le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus slándáil agus uathriail straitéiseach an Aontais á n‑áirithiú an tráth céanna.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leathnaigh an tAontas a uirlisí dlí agus beartais le glacadh roinnt ionstraimí dlí agus bearta beartais: (i) leis an Dara Treoir NIS, neartaítear an chibearshlándáil le haghaidh bonneagar criticiúil; (ii) sainmhínítear bearta slándála fisiciúla ina ‘chomhthreoir’, an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil; (iii) leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht, feabhsaítear cibearshlándáil táirgí; (iv) leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cuirtear le cumais freagartha ar fud an Aontais; (v) Le Cibir-Threoirphlean an Aontais 7 tacaítear le comhar ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú géarchéime; (vi) leis an mBosca Uirlisí Cibearshlándála 5G (Bosca Uirlisí 5G), tacaítear leis an gcibearshlándáil i líonraí 5G; (vii) leis an bplean gníomhaíochta Eorpach maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte 8 , cuidítear le feabhas a chur ar a gcibearshlándáil; agus (viii) leis an Acadamh Scileanna Cibearshlándála 9 , tugtar aghaidh ar dhúshlán na bearna tallainne cibearshlándála atá ag dul i méid.

Comhlánaíodh an creat dlíthiúil cibearshlándála thuasluaite le reachtaíocht earnáilsonrach, i.e. an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil don earnáil airgeadais, cód gréasáin maidir le rialacha earnáilsonracha le haghaidh gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann d’fho-earnáil an leictreachais, rialacha slándála faisnéise (Cuid-IS 10 ) d’fho-earnáil an aeriompair.

Tá an togra seo le haghaidh treorach, ar an gcaoi chéanna leis an togra le haghaidh rialacháin a ghabhann leis, mar chuid de shraith níos leithne tionscnamh dlíthiúil agus beartais arna nglacadh ag an Aontas chun feabhas a chur ar athléimneacht eintiteas in aghaidh bagairtí slándála agus cibearbhagairtí. Tá sé dírithe ar leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Treoir NIS a bhfuil sé d’aidhm acu inter alia gnéithe áirithe maidir le raon feidhme, sainmhínithe agus rialacha dlínse a shoiléiriú, an t‑ualach maoirseachta ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a laghdú agus maoirseacht ar eintitis trasteorann a éascú trí ról ENISA sa tacaíocht do chomhar oibríochtúil a neartú. Thairis sin, i gcomhpháirt leis an togra le haghaidh rialacháin, cruthaítear leis an togra seo sineirge láidir a eascraíonn as forbairt an deimhnithe seasaimh cibearshlándála don Dara Treoir NIS agus d’fhéadfadh sé comhlíontacht gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais a éascú freisin, amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gan dochar dá gceanglais shonracha deimhniúcháin. Leis na bearta simpliúcháin sin, ba cheart acmhainní a scaoileadh chun ullmhacht cibearshlándála oibríochtúil eintiteas in earnálacha criticiúla an Aontais a neartú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an togra seo, neartaítear na ceanglais slándála d’eintitis a sholáthraíonn Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa mar a leagtar amach sa togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa 11 . Thairis sin, áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht le tionscnaimh atá ar na bacáin, amhail an Gníomh um Líonraí Digiteacha. Tá an togra seo ailínithe leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le simpliú na reachtaíochta digití (Omnibus Digiteach) ina bhfuil inter alia leasuithe ar an Dara Treoir NIS, mar aon le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais. Beartaítear leis an Omnibus Digiteach comhlíontacht na gceanglas tuairiscithe cibearshlándála a éascú, i measc nithe eile faoin Dara Treoir NIS, trí thuairisciú a dhéanamh trí phointe teagmhála aonair le haghaidh an tuairiscithe ar theagmhais, a bheidh le forbairt agus le coinneáil ar bun ag ENISA. Thairis sin, tá an togra seo ailínithe leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí Spáis san Aontas 12 .

Ina theannta sin, tá an togra i gcomhréir leis an tuarascáil maidir le Todhchaí Iomaíochas na hEorpa ó Mario Draghi, mar a cuireadh i dtábhacht thuas.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an bunús dlí leis an treoir seo Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena bhféachtar leis feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú agus a áirithiú trí bhearta a fheabhsú chun rialacha náisiúnta a chomhfhogasú. Leasaítear leis an togra seo Treoir (AE) 2022/2555 a glacadh faoi Airteagal 114 CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ceanglaítear le prionsabal na coimhdeachta go ndéanfar measúnú ar an ngá a bheidh le gníomhaíocht ón Aontas agus ar bhreisluach na gníomhaíochta sin. Aithníodh comhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta sa réimse sin cheana féin agus Treoir (AE) 2022/2555, a leasaítear leis an togra seo, á glacadh.

Leis an togra seo, éascaítear comhlíonadh reachtaíocht chibearshlándála an Aontais, laghdaítear costais chomhlíontachta agus éiginnteacht dhlíthiúil d’eintitis dá ndéantar difear dóibh, agus éascaítear agus cuirtear feabhas ar an ráta comhlíontachta le ceanglais chibearshlándála. Cuidítear leis freisin cothrom iomaíochta a bhaint amach maidir le cuir chuige i leith maoirseachta agus seiceálacha comhlíontachta ó Bhallstát go chéile. 

Comhréireacht

Ní théann na rialacha a bheartaítear sa Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sonracha sin a ghnóthú go sásúil. Baineann an t‑ailíniú agus an cuíchóiriú atá beartaithe ar raon feidhme, ar bhearta slándála agus ar oibleagáidí tuairisciúcháin le hiarrataí ó na Ballstáit agus ó ghnólachtaí chun feabhas a chur ar an gcreat atá ann faoi láthair. 

An rogha ionstraime

Leis an togra, leasófar an Dara Treoir NIS atá ann cheana agus déanfar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnólachtaí a chuíchóiriú a thuilleadh, agus dá bhrí sin áiritheofar leibhéal níos airde comhchuibhithe ar fud an Aontais. Tá rogha na hionstraime dlí don togra seo comhsheasmhach le rogha an téacs dlí a leasaítear leis, i.e. an Dara Treoir NIS. Leis an togra seo, cuirtear le haidhm an Dara Treoir NIS an tsolúbthacht is gá a sholáthar do na Ballstáit chun sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Féach meabhrán míniúcháin [an togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Féach meabhrán míniúcháin [an togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

Bailiú agus úsáid saineolais

Féach meabhrán míniúcháin [an togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

Measúnú tionchair

Féach an meabhrán míniúcháin chomh maith leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an [togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Féach meabhrán míniúcháin [an togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

Cearta bunúsacha

 Féach meabhrán míniúcháin [an togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Féach an ráiteas reachtach agus airgeadais sa [togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

De réir Airteagal 40 den Dara Treoir NIS, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na Treorach agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach 36 mhí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá sé d’aidhm ag an togra comhlíontacht le hoibleagáidí cibearshlándála a éascú agus acmhainní a scaoileadh chun ullmhacht cibearshlándála oibríochtúil eintiteas in earnálacha criticiúla an Aontais a neartú. 

Tugtar isteach leis an togra leasuithe spriocdhírithe ar an Dara Threoir NIS chun gnéithe sonracha den chreat cibearshlándála a shimpliú, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus cur chun feidhme a chomhchuibhiú.

Chun é a dhéanamh níos éasca d’eintitis agus do sholáthróirí comhlíontacht an Dara Treoir NIS a léiriú, i gcomhréir leis an togra le haghaidh rialacháin a ghabhann leis an togra seo, beidh eintitis a rialaítear leis an Dara Treoir NIS in ann deimhnithe a fháil faoi scéimeanna eagraíochtúla um dheimhniú cibearshlándála arna bhforbairt laistigh den Chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

Chun comhlíontacht beart bainistithe riosca cibearshlándála a éascú a thuilleadh le haghaidh eintitis ilnáisiúnta atá faoi réir maoirseacht ag údaráis inniúla ó roinnt Ballstát, cuirtear ról nua de chúram ar ENISA lena dtacaítear leis na Ballstáit maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis sin, rud a éascaítear cúnamh frithpháirteach agus a chruthaítear forléargas níos fearr ar eintitis faoi raon feidhme an Dara Treoir NIS.

Thairis sin, beartaítear leis an togra go nglacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm cheanglais slándála sa slabhra soláthair a chuireann eintitis faoi raon feidhme an Dara Treoir NIS ar aghaidh chuig a soláthróirí, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun cosc a chur ar oibleagáidí ar eintitis nach dtagann faoi raon feidhme an Dara Treoir NIS a chur ar aghaidh go míchuí.

Áirítear an méid seo a leanas leis na leasuithe spriocdhírithe eile ar an Dara Treoir NIS:

·soiléirithe ar an raon feidhme agus ar na sainmhínithe;

·soláthraithe seirbhísí DNS micrimhéide agus beagmhéide a bhaint den raon feidhme;

·comhchuibhiú uasta a thabhairt isteach le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme faoi Airteagal 21(5) (lena sonraítear bearta bainistithe riosca cibearshlándála) chun comhlíontacht a éascú d’eintitis agus maoirseacht a éascú d’údaráis;

·catagóir nua cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a thabhairt isteach, i gcomhréir le Moladh ón gCoimisiún in 2025, maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga18; eintitis a cháilíonn mar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga, tá siad le hainmniú mar eintitis thábhachtacha, rud a laghdóidh a nualach rialála agus an tualach maoirseachta ar údaráis inniúla;

·an ceanglas atá ar na Ballstáit beartais a ghlacadh maidir leis an ascnamh chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach mar chuid dá straitéis náisiúnta chibearshlándála; agus

·bailiú comhchuibhithe sonraí a thabhairt isteach maidir le hionsaithe bogearraí éirice.

2026/0012 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le bearta simpliúcháin agus ailíniú leis an [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil]

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , leagtar síos bearta arb é is aidhm dóibh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a áirithiú ar fud an Aontais, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2555, rinneadh dul chun cinn maidir le leibhéal cibear-athléimneachta an Aontais a mhéadú. An tráth céanna, tháinig dúshláin áirithe chun cinn le linn do na Ballstáit an Treoir a chur chun feidhme, lena náirítear i ndáil le raon feidhme na Treorach, cur chun feidhme na noibleagáidí bainistíochta riosca cibearshlándála agus na noibleagáidí maidir le tuairisciú teagmhas agus maoirseacht ar eintitis trasteorann. Ag cur leis an [togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil], ba cheart leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar Threoir (AE) 2022/2555 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, trí ghnéithe sonracha a shimpliú chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus cur chun feidhme aonfhoirmeach Threoir (AE) 2022/2555 a áirithiú.

(2)Chun an tualach comhlíontachta ar eintitis agus an tualach maoirseachta ar údaráis inniúla a laghdú, ba cheart catagóir nua d’fhiontair mheánchaipitlithe bheaga a thabhairt isteach i dTreoir (AE) 2022/2555, i gcomhréir le Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún 16 . Mar phríomhriail, ba cheart eintitis de chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, a cháilítear mar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga faoin Moladh sin, a ainmniú mar eintitis thábhachtacha. Thairis sin, chun tacú le sprioc an Choimisiúin costais riaracháin a laghdú 25 % ar an iomlán agus 35 % i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide, ba cheart an riail ghinearálta maidir le caidhp mhéide a leagtar amach i dTreoir (AE) 2022/2555, trína dtagann gach eintiteas a cháilítear mar fhiontair mheánmhéide faoi Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 17 , nó a sháraíonn na huasteorainneacha d’fhiontair mheánmhéide dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin, faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555, a chur i bhfeidhm maidir le soláthraithe seirbhíse an Chórais Ainmneacha Fearainn.

(3)Le linn chur chun feidhme Threoir (AE) 2022/2555, bhí dúshláin ann maidir le léirmhíniú na bhforálacha maidir lena raon feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha áirithe a bhaineann le raon feidhme agus a bhaineann le soláthraithe cúraim sláinte, táirgeoirí leictreachais, gnóthais hidrigine agus eintitis in earnáil na gceimiceán a shoiléiriú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun an tualach rialála ar eintitis agus ar údaráis náisiúnta araon a laghdú.

(4)Chun comhréireacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le táirgeoirí leictreachais de réir bhrí Airteagal 2, pointe (38), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , níor cheart ach na táirgeoirí leictreachais sin ag a bhfuil toilleadh giniúna iomlán is mó ná 1 MW a mheas mar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha faoi Threoir (AE) 2022/2555, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an riail maidir le caidhp mhéide. Ba cheart táirgeoirí leictreachais a chuimsiú leis sin i gcás inar mó saoráid giniúna leictreachais aonair ná 1 MWm, chomh maith le táirgeoirí leictreachais a oibríonn roinnt saoráidí giniúna a bhfuil toilleadh giniúna is mó ná 1 MW acu le chéile. Le cur chuige den sórt sin, cumasaítear cothromaíocht idir an gá na heintitis sin a ghabháil i gcás ina bhféadfadh caillteanas, neamh-inrialaitheacht nó rialú seachtrach ar thoilleadh giniúna a bheith i gceist le cur isteach ar a gcóras gréasán agus faisnéise, ar caillteanas, neamh-inrialaitheacht nó rialú seachtrach é atá ábhartha ann féin maidir le slándáil agus cobhsaíocht na heangaí leictreachais, agus an gá gan ualach riaracháin díréireach a chur ar ghnóthais faoi Threoir (AE) 2022/2555.

(5)Is cuid fhíor-riachtanach de bhonneagar digiteach an Aontais iad Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , lena gcumasaítear sainaithint agus fíordheimhniú slán agus malartú doiciméad leictreonach, lena náirítear ríomhdhearbhuithe tréithe. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá acu don phobal agus chun seirbhísí poiblí agus príobháideacha a sholáthar, d’fhéadfadh tionchar leathan a bheith ag aon chibirtheagmhas a dhéanann difear do na Tiachóga sin. Chun soláthar a seirbhísí a áirithiú, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun rioscaí cibearshlándála a bhainistiú, chun teagmhais a chosc agus chun freagairt orthu agus chun oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555. Dá bhrí sin, ba cheart iad a áireamh i measc na neintiteas a chumhdaítear leis an Treoir sin gan beann ar a méid agus ba cheart iad a aicmiú mar eintitis fhíor-riachtanacha. Le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, cuirtear feidhmiúlachtaí agus seirbhísí comhchosúla ar fáil atá saincheaptha do riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus udaráis phoiblí, ag tógáil ar Chreat an Aontais um Chéannacht Dhigiteach, agus tá siad chomh criticiúil céanna do shlándáil agus do shláine an gheilleagair dhigitigh. Dá bhrí sin, ba cheart soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa arna mbunú i gcomhréir leis an [Togra le haghaidh Rialachán maidir le bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa] 20 a bheith faoi réir na gceanglas agus na noibleagáidí cibearshlándála céanna le soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, chun ardleibhéal comhsheasmhach slándála a áirithiú ar fud éiceachóras iomlán na céannachta digití.

(6)Áirítear le bonneagar tarchurtha sonraí fomhuirí cáblaí agus aon bhonneagar a bhaineann lena noibriú freisin. Áirítear leis an mbonneagar sin stáisiúin talún agus codanna talún den chábla fomhuirí a nascann leo, amhail bealaí talún ó dhúnpholl trá go stáisiún talún, lárionad sonraí nó pointe rochtana Idirlín. Is iondúil go noibríonn eintitis a chumhdaítear cheana le Treoir (AE) 2022/2555 bonneagar tarchurtha sonraí fomhuirí, lena náirítear soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí nó soláthraithe néalseirbhíse. Mar sin féin, féadfaidh cineálacha eile eintiteas nach dtagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555 faoi láthair bonneagar tarchurtha sonraí fomhuirí a oibriú freisin, amhail bonneagar tarchurtha sonraí fomhuirí arna oibriú ag soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil poiblí, nó féadfaidh eintitis a léasaíonn oibriú bonneagair tarchurtha sonraí fomhuirí go hiomlán nó go páirteach le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí é a oibriú. I bhfianaise na rioscaí méadaitheacha do bhonneagar tarchurtha sonraí fomhuirí agus i bhfianaise ardchriticiúlacht an bhonneagair sin mar thoradh air sin, is gá a áirithiú go gcumhdófar gach cineál oibreora bonneagair tarchurtha sonraí fomhuirí le Treoir (AE) 2022/2555. Is iondúil go gcumhdaítear bonneagair chriticiúla mhuirí eile, amhail cáblaí leictreachais fomhuirí chomh maith le píblínte gáis, hidrigine agus ola, le Treoir (AE) 2022/2555 cheana, ós rud é go bhfuil siad á noibriú ag oibreoirí córais tarchurtha sna fo-earnálacha leictreachais, gáis, hidrigine agus ola.

(7)Chun é a chur ar a gcumas d’eintitis a sholáthraíonn seirbhísí ar fud roinnt Ballstát tairbhiú de chuir chuige mhaoirseachta atá níos comhleanúnaí agus nach bhfuil an tualach céanna ag baint leo ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart d’eintitis den sórt sin a bheith in ann a léiriú go bhfuil oibleagáidí bainistíochta riosca cibearshlándála sonracha nó na hoibleagáidí bainistíochta riosca cibearshlándála uile a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2555 á gcomhlíonadh acu trí dheimhniú a fháil maidir leis an seasamh cibearshlándála faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Tairbheoidh forbairt scéime den sórt sin de ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta chomh maith le ceanglais earnála a bhaineann leis na bearta bainistíochta riosca cibearshlándála faoi Threoir (AE) 2022/2555 atá bunaithe ar chomhchuibhiú uasta.

(8)I bhfianaise spleáchas méadaitheach ár sochaí agus ár ngeilleagair ar theicneolaíochtaí digiteacha, is gá bearta maolaithe a ghlacadh in aghaidh na bagartha candamaí. Leis an bhféidearthacht go mbeidh ionsaithe ‘cnuaschóipeáil anois - dhíchriptiú níos déanaí’ ann, ar dócha go bhfuil siad ag tarlú faoi láthair cheana féin, agus leis na rioscaí a bheidh ann amach anseo de dheasca ionsaithe candamacha ar riomhshínithe brionnaithe, chomh maith leis an dímheas pleanáilte ar chur chun feidhme algartam áirithe agus dícheadú iomlán algartam cripteagrafach neamhshiméadrach atá ann faoi láthair, méadaítear an phráinn a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir leis an ascnamh chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach a thosú. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de cheangal ar na Ballstáit beartais maidir leis an ascnamh chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach a ghlacadh mar chuid dá straitéis náisiúnta chibearshlándála. Le beartais den sórt sin, ba cheart éascaíocht a dhéanamh ar dhlús a chur leis an bpleanáil straitéiseach agus bearta agus uirlisí tacaíochta a chruthú chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint chripteashócmhainne ar na rioscaí a bhaineann le ríomhairí candamacha. Thairis sin, leis na beartais sin, ba cheart cuidiú le plean ascnaimh a chruthú agus le tástáil a dhéanamh ar leathadh amach na cripteagrafaíochta iar-chandamaí i bhfeidhmchláir dhigiteacha agus i líonraí digiteacha, agus teacht chun cinn agus glacadh réiteach Eorpach um chripteagrafaíocht iar-chandamach a ndearnadh meastóireacht fhoirmiúil orthu agus a chloíonn le creataí comhlíontachta i dtáirgí agus i seirbhísí a chothú go comhuaineach. Ba cheart na beartais sin a ailíniú leis na garspriocanna a leagtar amach i ngníomhartha dlí an Aontais agus i mbeartais an Aontais chomh maith le doiciméid arna nglacadh ag an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, go háirithe an Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe maidir leis an aistriú chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach, arna ghlacadh ag an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise i mí an Mheithimh 2025, agus ar an gcaoi sin an tascnamh chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach a bhaint amach faoi 2030 le haghaidh cásanna úsáide criticiúla agus faoi 2035 le haghaidh cásanna úsáide meánleibhéil agus ísle.

(9)De bhun Airteagal 21(2), pointe (d), de Threoir (AE) 2022/2555, ní mór d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a áirithiú go bhfuil leibhéal iomchuí slándála ina slabhra soláthair. Sa chleachtas, mar thoradh ar an oibleagáid sin, d’iarr go leor eintiteas faisnéis fhairsing ar a soláthróirí trí cheistneoirí, formáidí agus próisis ilchineálacha. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag iarrataí den sórt sin tacú le dícheall cuí agus bainistiú riosca, d’fhéadfaidís ualach nach beag riaracháin a chruthú freisin do sholáthróirí d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, go háirithe nuair nach mór faisnéis chomhchosúil a sholáthar arís agus arís eile i bhfoirmeacha éagsúla. Chun an tualach sin a mhaolú agus chun cur chuige comhsheasmhach, comhréireach, éifeachtúil a chur chun cinn maidir le measúnuithe ar shlándáil an tslabhra soláthair, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt chun leibhéal iomchuí mionsonraí, struchtúir agus formáide a mholadh le haghaidh na niarrataí sin ar fhaisnéis. Leis na treoirlínte sin, ba cheart comhchuibhiú a éascú, dúbailt neamhriachtanach a laghdú agus tacú le heintitis agus lena soláthróirí araon a noibleagáidí faoi Threoir (AE) 2022/2555 a chomhlíonadh go héifeachtach.

(10)Is iad ionsaithe bogearraí éirice ina ndéanann bogearraí mailíseacha sonraí agus córais a chriptiú, agus ina néilíonn siad íocaíocht fuascailte chun na sonraí agus córais sin a scaoileadh, fós ceann de na príomhbhagairtí ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. Trí fheabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le hionsaithe bogearraí éirice ó eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a ndéantar difear dóibh agus tríd an mbailiú sin a chomhchuibhiú, thabharfaí léargas d’Fhoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí agus d’údaráis náisiúnta lena gcuirfí ar a gcumas dóibh a áirithiú go mbeidh idirghabhálacha bogearraí éirice amach anseo iomchuí agus éifeachtach, chun tacú le heintitis a nathléimneacht a mhéadú agus ionsaithe amach anseo a chosc, agus chun an fhaisnéis agus an fhianaise a thiomsú nach mór do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a chur isteach ar dhronga bogearraí éirice agusdeireadh a chur leo agus smachtbhannaí a chur ar a noibrithe. I bhfianaise chineál íogair féideartha na faisnéise atá le comhroinnt maidir le hionsaithe bogearraí éirice, go háirithe cé acu a d’íoc nó nár íoc eintiteas airgead fuascailte, agus más amhlaidh gur íoc, cé mhéad agus cé dó a íocadh é, ba cheart faisnéis mar sin a chur faoi bhráid na bhFoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí nó, i gcás inarb infheidhme, faoi bhráid na núdarás inniúil, ach amháin arna iarraidh sin dóibh. Chun críoch an mhalartaithe faisnéise sin, moltar d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha duine a cheapadh a ghníomhaíonn mar phointe teagmhála agus a áirithíonn rúndacht agus iontaofacht an mhalartaithe faisnéise. I gcomhthéacs an Tionscnaimh Idirnáisiúnta Frith‑Bhogearraí Éirice, d’fhormhuinigh an tAontas ráiteas beartais idirnáisiúnta neamhcheangailteach nár cheart d’institiúidí ábhartha faoi údarás na rialtas náisiúnta rannpháirteach éilimh sractha bogearraí éirice a íoc.

(11)Níor cheart aon oibleagáid bhreise faoi Threoir (AE) 2022/2555 a fhorchur mar thoradh ar chomhlíonadh na noibleagáidí maidir le faisnéis ábhartha faoi theagmhais bogearraí éirice a thuairisciú, ar oibleagáidí iad nach mbeadh an teintiteas faoina réir, mura ndéanfadh sé an fhaisnéis a thuairisciú. Chuige sin, laistigh de theorainneacha a ndlíchórais náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as dliteanas méadaithe atá nasctha le faisnéis ábhartha faoi theagmhais bogearraí éirice a thuairisciú.

(12)I bhfianaise na gné trasteorann a bhaineann le go leor eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus an ghá atá le comhleanúnachas a áirithiú agus cóineasú agus éifeachtúlacht a chur chun cinn i ndáil le cuir chuige mhaoirseachta, ba cheart do ENISA tacú leis na Ballstáit cúnamh frithpháirteach a thabhairt d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a sholáthraíonn seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin nó a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó agus a bhfuil a gcórais gréasán agus faisnéise lonnaithe i mBallstát amháin eile nó níos mó. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis bhreise a chur faoi bhráid chlárlann na neintiteas arna coinneáil ar bun ag ENISA. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá i gclárlann na neintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach, ba cheart do ENISA anailís chuimsitheach a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála trasteorann a bhaineann le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. Ba cheart an anailís a bheith bunaithe ar mhodheolaíocht a forbraíodh i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise. Leis an modheolaíocht sin, d’fhéadfaí a chur san áireamh a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a gcuid seirbhísí ar bhonn trasteorann leathan, a mhéid a bhraitheann siad ar sheirbhísí trasteorann, a mhéid atá siad neamhchosanta ar riosca comhchruinnithe sa slabhra soláthair, a mhéid ar féidir iad a shainaithint mar fhoinse riosca comhchruinnithe sa slabhra soláthair, a mhéid atá neamhchosanta ar theagmhais a bhféadfadh éifeachtaí suaiteacha nach mór a bheith acu ar sheirbhísí trasteorann, nó a mhéid a bhraitheann siad ar chórais gréasán agus faisnéise chun a gcuid seirbhísí a sholáthar atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla agus lasmuigh den Aontas. Bunaithe ar an tuarascáil ar anailís riosca, ba cheart do ENISA a mholadh do na húdaráis inniúla ábhartha foirne scrúdúcháin comhpháirteacha a bhunú chun tacú le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis a bhfuil riosca níos airde ag baint leo maidir le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh i gcás teagmhas agus chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a chur i gcrích arna iarraidh sin dóibh.

(13)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin cur chun feidhme bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a shimpliú ar fud an Aontais agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(14)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 agus thug siad tuairim chomhpháirteach an [dáta],

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 
Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2555

Leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)i mír 2, leasaítear pointe (a) mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(ii) ‘clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil;’;

   (ii) cuirtear isteach na pointí (iv) agus (v) seo a leanas:

‘(iv) soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(v) soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) [...]*.

_______

* ‘Rialachán (AE) [...] [Togra le haghaidh Rialachán maidir le bunú Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa].’;

(b)cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

‘3a. Gan beann ar a méid, tá feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis a shainaithnítear mar úinéirí, mar bhainisteoirí agus mar oibreoirí bonneagair dé-úsáide straitéisigh faoi Rialachán (AE) [...]**.

_________

** ’ Rialachán (AE) […] [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart chun iompar trealaimh mhíleata, earraí agus pearsanra a éascú ar fud an Aontais.].’;

(2)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a) eintitis de chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a sháraíonn na huasteorainneacha le haghaidh fiontair mheánchaipitlithe bheaga;

‘(b) soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití, soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa agus clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, gan beann ar a méid;’;

(ii) cuirtear isteach pointe (h) seo a leanas:

‘(h) eintitis a shainaithnítear mar úinéirí, mar bhainisteoirí agus mar oibreoirí bonneagair dé-úsáide straitéisigh faoi Rialachán (AE) […] [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart chun iompar trealaimh mhíleata, earraí agus pearsanra a éascú ar fud an Aontais].’;

(b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Chun an liosta dá dtagraítear i mír 3 a bhunú, ceanglóidh na Ballstáit ar na heintitis dá dtagraítear sa mhír sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil:

(a) ainm an eintitis;

(b) an earnáil ábhartha, an fho-earnáil ábhartha agus an cineál eintitis ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó II, i gcás inarb infheidhme;

(c) seoladh an eintitis nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh phríomhbhunaíocht an eintitis agus a bhunaíochtaí dlíthiúla eile san Aontas nó, mura bhfuil sé bunaithe san Aontas, seoladh a ionadaí arna ainmniú de bhun Airteagal 26(3);

(d) sonraí teagmhála cothrom le dáta, lena n‑áirítear seoltaí ríomhphoist, uimhreacha teileafóin, aitheantóir uathúil agus seoltaí digiteacha na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa de chuid an eintitis, i gcás inarb infheidhme, agus a ionadaí arna ainmniú de bhun Airteagal 26(3), i gcás inarb infheidhme;

(e) na Ballstáit ina soláthraíonn an t‑eintiteas seirbhísí;

(f) raonta IP an eintitis.’;

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Comhchuibhiú íosta

Gan dochar d’Airteagal 21(5), an cúigiú fomhír, ní chuirfear bac ar na Ballstáit leis an Treoir seo forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena n‑áirithítear leibhéal cibearshlándála níos airde, ar choinníoll go bhfuil forálacha den sórt sin comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát a leagtar síos i ndlí an Aontais.’;

(4)in Airteagal 6,

cuirtear isteach na pointí (42) agus (43) seo a leanas:

‘(42) ‘ciallaíonn ‘fiontar meánchaipitlithe beag’ fiontar meánchaipitlithe beag mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún***;

(43) ciallaíonn ‘bonneagar tarchurtha sonraí fomhuirí’ cáblaí fomhuirí a tharchuireann sonraí, an bonneagar gaolmhar agus saoráidí nó eilimintí eile a bhaineann le tarchur sonraí.

__________

*** Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga (IO L, 2025/1099, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj).’;

(5)in Airteagal 7(2), cuirtear isteach an pointe (k) seo a leanas:

‘(k) maidir leis an aistriú chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach, agus na hamlínte aistrithe agus na ceanglais ábhartha a leagtar amach i ngníomhartha dlí agus beartais is infheidhme de chuid an Aontais á gcur san áireamh.’;

(6)in Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Beidh an gréasán d’Fhoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí comhdhéanta d’ionadaithe ó na Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí arna n‑ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 10, ón bhfoireann phráinnfhreagartha ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) agus ENISA.’;

(7)Leasaítear Airteagal 21(5) mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta na mbeart dá dtagraítear i mír 2, chomh maith le ceanglais earnála na mbeart sin, de réir mar is gá, maidir le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seachas na heintitis sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthrialta i dtaobh an nglacfar gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san fhomhír seo le haghaidh earnálacha sonracha nó cineálacha sonracha eintiteas chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Agus na measúnuithe sin á n‑ullmhú aige, díreoidh an Coimisiún go háirithe ar chineál trasteorann na n‑earnálacha nó na gcineálacha eintiteas agus cuirfidh sé próiseas comhairliúcháin oscailte trédhearcach cuimsitheach i gcrích leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus leis na Ballstáit.’;

(b)cuirtear isteach an cúigiú fomhír seo a leanas:

‘I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglas teicniúil, modheolaíochta nó earnála breise maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir (AE) 2022/2555 ar na heintitis a thagann faoi raon feidhme na ngníomhartha cur chun feidhme sin.’;

(8)in Airteagal 23, cuirtear isteach na míreanna 12 agus 13 seo a leanas:

‘12. Agus gníomh cur chun feidhme á ghlacadh aige de bhun mhír 11, an chéad fhomhír, áireoidh an Coimisiún ceanglais go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas a mhéid a bhaineann le hionsaithe bogearraí éirice de bhun mhír 1:

(a)cé acu a bhraith nó nár bhraith an teintiteas ionsaí bogearraí éirice;

(b)veicteoir ionsaithe an ionsaithe bogearraí éirice;

(c) cé acu a cuireadh nó nár cuireadh bearta maolaithe chun feidhme.

13. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás teagmhas suntasach arb é ionsaí bogearraí éirice is cúis leis, go gcuirfidh na heintitis lena mbaineann an méid seo a leanas in iúl, arna iarraidh sin do CSIRT nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás inniúil trí chainéal cumarsáide arna sholáthar ag CSIRT nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás inniúil:

(a)an bhfuair an teintiteas éileamh fuascailte agus, i gcás inarb infheidhme, cé uaidh a bhfuarthas é;

(b)ar íocadh airgead fuascailte agus má íocadh, cé mhéad agus cén modh íocaíochta a bhí i gceist agus cén faighteoir nó faighteoir deiridh a bhí ann, lena náirítear an chripteashócmhainn agus an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, i gcás inarb infheidhme.’;

(9)in Airteagal 24, cuirtear isteach na míreanna 4, 5 agus 6 seo a leanas:

‘4. Chun comhlíonadh Airteagal 21 a léiriú, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha deimhniú a fháil maidir leis an seasamh cibearshlándála faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) XXX/XXX **** [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil].

5. I gcás ina ndéantar seasamh cibearshlándála eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh a dheimhniú faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 74 de Rialachán (AE) XXX/XXX**** [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil] agus i gcás ina léirítear leis an deimhniú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 21(5) den Treoir seo nó de bhun an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 21(1) agus (2) den Treoir seo, ní chuirfidh údaráis inniúla an t‑eintiteas faoi réir bearta breise de bhun Airteagal 32(2), pointe (b), nó Airteagal 33(2), pointe (b), de réir mar is infheidhme maidir leis na ceanglais a chumhdaítear leis an deimhniú.

6. Ní dhéanfaidh deimhniú de bhun mhír 4 difear do fhreagracht an eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh an Treoir seo a chomhlíonadh.

_____________

**** Rialachán (AE) XXX/XXX [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil]’;

(10)Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

‘(d) aeriompróirí, a mheasfar go dtagann siad faoi dhlínse an Bhallstáit ar dheonaigh a údarás ceadúnúcháin inniúil an ceadúnas oibríochta don eintiteas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*****, nó, i gcás nár deonaíodh an ceadúnas oibríochta nó a choibhéis i gcomhréir leis an Rialachán sin, measfar go dtagann siad faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a bpríomháit ghnó san Aontas faoi mhír 2.

______________

***** Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1008/oj)’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Mura bhfuil eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach bunaithe san Aontas, ach má thairgeann sé seirbhísí laistigh den Aontas, ainmneoidh sé ionadaí san Aontas. Bunófar an t‑ionadaí i gceann de na Ballstáit sin ina dtairgtear na seirbhísí. Measfar go dtagann eintiteas den sórt sin faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t‑ionadaí bunaithe. I gcás inar eintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), é an t‑eintiteas sin, measfar go dtagann sé faoi dhlínse an Bhallstáit ina soláthraíonn sé a sheirbhísí. In éagmais ionadaí san Aontas a ainmnítear faoin mír seo, féadfaidh aon Bhallstát ina soláthraíonn an t‑eintiteas seirbhísí caingne dlí a thabhairt in aghaidh an eintitis maidir le sárú ar an Treoir seo.’;

(11)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfaidh ENISA clárlann d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, chomh maith le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn, a chruthú agus a choinneáil ar bun, ar bhonn na faisnéise a fhaightear ó na pointí teagmhála aonair i gcomhréir le mír 4. Arna iarraidh sin dó, tabharfaidh ENISA rochtain do na húdaráis inniúla ar fhaisnéis a bhaineann le soláthraithe seirbhísí DNS, clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn, soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhísí lárionaid sonraí, soláthraithe líonraí seachadta inneachair, soláthraithe seirbhísí bainistithe, soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe, chomh maith le soláthraithe margaí ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus ardán seirbhísí líonraithe shóisialta agus aeriompróirí a stóráiltear sa chlárlann sin, agus é á áirithiú an tráth céanna go gcosnófar rúndacht na faisnéise i gcás inarb infheidhme.’;

(b)scriostar mír 2;

(c)cuirtear an méid a leanas seo in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:

‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha fógra don údarás inniúil gan mhoill faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a thíolaic siad faoi Airteagal 3(4) agus in aon chás, laistigh de 2 seachtaine ó dháta an athraithe.

4. Ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a fháil, cuirfidh pointe teagmhála aonair an Bhallstáit lena mbaineann ar aghaidh chuig ENISA í, gan moill mhíchuí.

5. I gcás inarb infheidhme, tíolacfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(4), an chéad fhomhír, tríd an sásra náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(4), an ceathrú fomhír.’;

(12)cuirtear an tAirteagal 37a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 37a

Ról ENISA sa chúnamh frithpháirteach

1. Tabharfaidh ENISA cúnamh do na Ballstáit cúnamh frithpháirteach a thabhairt de réir bhrí Airteagal 37 agus éascóidh sé na próisis chomhair sin d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a sholáthraíonn seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin nó a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó agus a bhfuil a gcórais gréasán agus faisnéise lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó.

2. Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, faoin ... [15 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh ENISA anailís chuimsitheach ar rioscaí cibearshlándála trasteorann a bhaineann le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a sholáthraíonn seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin nó a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó agus a bhfuil a gcórais gréasán agus faisnéise lonnaithe i mBallstát amháin eile nó níos mó. Déanfar meastóireacht san anailís ar mhéid na n‑iarmhairtí trasteorann agus na n‑iarmhairtí ar an margadh inmheánach a d’fhéadfadh a bheith ag teagmhais a dhéanann difear d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha den sórt sin. Chun críoch na hanailíse sin, déanfaidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, modheolaíocht a fhorbairt. Bunaithe ar an anailís, déanfaidh ENISA tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála trasteorann chuimsitheach a tharraingt suas, a thabharfar cothrom le dáta go bliantúil. 

3. Bunaithe ar an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála trasteorann chuimsitheach, déanfaidh ENISA an méid seo a leanas:

(a)i gcás inarb iomchuí, a mholadh do na húdaráis inniúla ábhartha foirne scrúdúcháin comhpháirteacha a bhunú chun tacú le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis shonracha;

(b)treoirlínte a fhorbairt le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha;

(c)arna iarraidh sin d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, socruithe praiticiúla a bhunú chun gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a fhorghníomhú;

(d)arna iarraidh sin d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus faoi réir a acmhainní dílse agus i gcomhréir leo, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha;

(e)arna iarraidh sin d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, cúnamh a thabhairt maidir le measúnú a dhéanamh ar leibhéal cur chun feidhme eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála a leagtar síos in Airteagal 21.

4. Chun críoch mhír 3, pointe (e), den Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcás ina mbeidh fáil orthu, liosta de bhearta bainistíochta riosca cibearshlándála arna ndéanamh ag an eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach i gcomhréir le hAirteagal 21, liosta de ghníomhaíochtaí maoirseachta nó forfheidhmithe a rinneadh, chomh maith leis an doiciméadacht ábhartha lena n‑áirítear fianaise ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, amhail torthaí iniúchtaí slándála, atá déanta ag na húdaráis inniúla de bhun Airteagail 32 agus 33 i leith an eintitis sin, a sholáthar do ENISA.

5. I gcás ina bhfaighidh Ballstát cúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 37(1), an chéad fhomhír, pointe (c), cuirfidh an pointe teagmhála aonair ENISA ar an eolas gur tharla cúnamh frithpháirteach. I gcás inarb infheidhme, luafaidh an pointe teagmhála aonair cén teagmhas trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 23(6) a raibh baint aige le cás an chúnaimh fhrithpháirtigh.’

(13)leasaítear Iarscríbhinní I agus IV i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2 
Trasuí

1.Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin … [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta i bhfeidhm ó … [lá amháin tar éis an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír].

2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Airteagal 3 
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4 
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

[...]    [...]

(1)    ENISA, Timpeallacht na Bagartha ENISA 2025.
(2)    JOIN/2025/130 final.
(3)    COM/2025/148 final.
(4)    JOIN(2025) 977 final.
(5)    An Coimisiún Eorpach, Todhchaí Iomaíochas na hEorpa, https://commission.europa.eu/document/download/97e481fd-2dc3-412d-be4c-f152a8232961_en?filename=The%20future%20of%20European%20competitiveness%20_%20A%20competitiveness%20strategy%20for%20Europe.pdf .
(6)    COM (2025) 47 final.
(7)    COM/2025/66 final.
(8)    COM (2025) 10 final.
(9)    COM (2023) 207 final.
(10)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún.
(11)    COM/2025/838 final.
(12)    COM/2025/335 final.
(13)    IO C […], […], lch. […]
(14)    IO C […], […], lch. […]
(15)    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).
(16)    Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 maidir leis an sainmhíniú ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga (IO L, 2025/1099, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj).
(17)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).
(18)    Treoir (AE) 2019/944 an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125; ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
(20)    COM(2025) 838 final
(21)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
Top

Strasbourg, 20.1.2026

COM(2026) 13 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TOGRA LE hAGHAIDH TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2555 a mhéid a bhaineann le bearta simpliúcháin agus ailíniú leis an [Togra le haghaidh an Dara Gníomh um Chibearshlándáil]


IARSCRÍBHINN

LEASUITHE AR IARSCRÍBHINNÍ I AGUS II A GHABHANN LE TREOIR (AE) 2022/2555

1.Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)i bpointe 1(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fleasc sa tríú colún:

‘— Táirgeoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (38), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, seachas táirgeoirí nach mó a dtoilleadh giniúna iomlán ná 1 MW

__________

*Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj .).’;

(b)i bpointe 1(e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa tríú colún:

‘— Gnóthais hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14) de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** a dhéanann an fheidhm ‘táirgeadh’ chun críoch tráchtála;

— Oibreoirí storála hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6) de Threoir (AE) 2024/1788

— Oibreoirí líonra tarchurtha hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (26) de Threoir (AE) 2024/1788’

__________

** Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj);

(c)i bpointe 2(d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc sa tríú colún:

‘— Soláthraithe seirbhíse Córais Chliste Iompair mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5) de Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***

__________

*** Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/40/oj ).’;

(d)i bpointe 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce sa tríú colún:

‘— Soláthraithe cúraim sláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (g), de Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****, seachas soláthraithe seirbhísí nach bhfuil feidhm ag Treoir 2011/24/AE maidir leo de bhun Airteagal 1(3), pointe (a) di’

__________

****Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/24/oj ).;

(e)i bpointe 8, an tríú colún, cuirtear isteach na fleasca seo a leanas:

‘— Soláthraithe Tiachóg Eorpach Céannachta Digití de bhun Airteagal 5a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014

— Soláthraithe Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa de bhun Rialachán (AE) [...] [IO chun tagairt don Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a chur isteach]

— Oibreoirí bonneagair tarchurtha sonraí fomhuirí i gcás nach gcumhdaítear iad mar chineál eile eintitis’;

2.in Iarscríbhinn II, leasaítear pointe 3 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa chéad cholúin:

‘3. Monarú agus táirgeadh ceimiceán’;

(b)cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an tríú colún:

‘— Gnóthais a dhéanann substaintí a mhonarú, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*****, i gcás ina bhfuil an gnóthas faoi réir na hoibleagáide ginearálta substaintí a chlárú ina n‑aonar nó i meascáin de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

— Gnóthais a dhéanann earraí a tháirgeadh, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ó shubstaintí nó ó mheascáin, i gcás ina bhfuil an gnóthas faoi réir na hoibleagáide fógra a thabhairt faoi shubstaintí in earraí de bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006’

_________

***** Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).’

Top