This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026IE0549
Opinion of the European Economic and Social Committee – Strategic standardisation for a stronger single market (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Caighdeánú straitéiseach d’fhonn an Margadh Aonair a neartú (tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Caighdeánú straitéiseach d’fhonn an Margadh Aonair a neartú (tuairim féintionscnaimh)
EESC 2026/00549
IO C, C/2026/3538, 22.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3538/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3538 |
22.7.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Caighdeánú straitéiseach d’fhonn an Margadh Aonair a neartú
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2026/3538)
Rapóirtéir:
Angelo PAGLIARA|
Comhairleoir |
Silvia BORELLI (thar ceann an rapóirtéara) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
19.2.2026 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
15.4.2026 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
29.4.2026 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
605 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
184/0/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil an chuimsitheacht ríthábhachtach do dhlisteanacht agus d’éifeachtacht an chórais Eorpaigh um chaighdeánú agus, dá bhrí sin, iarrann sé go neartófaí rannpháirtíocht FBManna, ceardchumann agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus go mbeadh tacaíocht airgeadais leordhóthanach ar fáil agus rochtain níos fearr ar ghníomhaíochtaí caighdeánaithe. San am céanna, is gá éifeachtúlacht an chórais a fheabhsú agus inbhuanaitheacht airgeadais an chórais a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta. |
|
1.2. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 (1) atá ar na bacáin, a athdhearbhú go soiléir nach mór an caighdeánú Eorpach leanúint de bheith ina ionstraim theicniúil lena dtacaítear le reachtaíocht an Aontais agus nár cheart é a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an idirphlé shóisialta ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, earnála, réigiúnach (cúigeach nó áitiúil), cuideachta nó bunaíochta (2). |
|
1.3. |
Molann CESE prionsabal sainráite neamhchúngaithe a thabhairt isteach leis an Rialachán athbhreithnithe chun a áirithiú nach rialóidh caighdeáin ábhair a bhaineann leis an idirphlé sóisialta agus nach ndéanfaidh siad difear dóibh go hindíreach (3). |
|
1.4. |
Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach sásra measúnaithe ex ante le haghaidh iarrataí uile an Choimisiúin Eorpaigh ar chaighdeánú, chun a raon feidhme agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta bunúsacha, ar reachtaíocht shóisialta agus ar shainchumais comhpháirtithe sóisialta a fhíorú sula gcuirfear tús leis an bpróiseas caighdeánaithe. |
|
1.5. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh trédhearcacht agus inrochtaineacht bhreise ann laistigh den chóras Eorpach um chaighdeánú, lena n-áirítear rochtain phoiblí níos fearr ar chaighdeáin chomhchuibhithe agus faisnéis níos soiléire maidir le comhdhéanamh agus feidhmiú na gcoistí teicniúla. Dá dhroim sin, ní mór do na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú (ESOnna) trédhearcacht, inbhuanaitheacht airgeadais an chórais agus cosaint ceart maoine intleachtúla a áirithiú. |
|
1.6. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le comhordú níos láidre a dhéanamh ar sheasamh an Aontais i gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú chun a áirithiú go leanfaidh caighdeáin dhomhanda de bheith ag teacht le reachtaíocht, cuspóirí beartais agus ardleibhéil chosanta an Aontais. |
|
1.7. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach inrochtaineacht iomlán a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas i ngníomhaíochtaí na gcomhlachtaí Eorpacha agus náisiúnta um chaighdeánú, lena n-áirítear nósanna imeachta, ábhair, saoráidí agus córais TFC, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 (4). San am céanna, is gá sláine agus comhdhéanamh Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán 1025/2012 a choinneáil. |
|
1.8. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór an caighdeánú Eorpach a bheith ina uirlis lárnach i gcónaí chun borradh a chur faoin margadh aonair, faoin iomaíochas tionsclaíoch agus faoi uathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Ba cheart a áirithiú leis an athbhreithniú go leanfaidh an córas de bheith á threorú ag an tionscal, agus rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí sóisialta agus sochaíocha agus FBManna á háirithiú san am céanna trí nósanna imeachta simplithe, fothú acmhainneachta feabhsaithe agus ionadaíocht níos fearr ar choistí teicniúla. Is féidir le caighdeáin deiseanna eacnamaíocha urghnácha a sholáthar do FBManna agus don mhargadh aonair ina iomláine, ní hamháin mar uirlisí ríthábhachtacha le haghaidh comhlíontachta, ach mar infheistíocht don fhás. |
2. Cúlra
|
2.1. |
Is é is aidhm don tuairim féintionscnaimh seo rannchuidiú go réamhghníomhach leis an athbhreithniú ar chreat an Aontais um chaighdeánú atá ar na bacáin a d’fhógair an Coimisiún Eorpach. Táthar ag súil le togra reachtach sa tríú ráithe de 2026. Measann CESE gur deis thráthúil é an t-athbhreithniú seo chun an margadh aonair agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a neartú agus chun a áirithiú, ag an am céanna, go leanfaidh an caighdeánú de bheith ina uirlis theicniúil iontaofa, thrédhearcach agus chuimsitheach. |
|
2.2. |
Ba cheart do chaighdeáin leanúint de thacaíocht a thabhairt d’iomaíochas agus nuálaíocht na hEorpa, agus go háirithe do FBManna, agus iad go hiomlán i gcomhréir le luachanna an Aontais, le acquis an Aontais agus le struchtúr institiúideach an idirphlé shóisialta i gcónaí. Ag an am céanna, ba cheart, leis na caighdeáin forbartha agus cur i bhfeidhm, go gcuirfear le hardleibhéal cosanta d’oibrithe, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. |
|
2.3. |
Tá an t-iomaíochas tionsclaíoch á mhúnlú de réir a chéile ag caighdeáin, rud a mhéadaíonn athléimneacht shlabhraí luacha na hEorpa agus a bhfuil tionchar aige ar eagrú na hoibre. I bhfianaise an tionchair mhéadaithigh a bhíonn acu ar eagrú na hoibre, ar thabhairt isteach teicneolaíochtaí digiteacha agus ar idirghníomhaíocht duine le meaisín, ba cheart, agus caighdeáin á bhforbairt, aird chuí a thabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar dhálaí oibre, ar shábháilteacht agus scileanna oibrithe, ar thomhaltóirí, ar an gcomhshaol agus ar acmhainní agus scileanna FBManna. |
|
2.4. |
Sa mheastóireacht uaidh ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 (SWD(2025)170 final), cuireann an Coimisiún Eorpach i dtábhacht go bhfuil athrú suntasach tagtha ar thimpeallacht caighdeánaithe na hEorpa ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm. Tá dúshláin nua tagtha chun cinn mar gheall ar athruithe sa chomhthéacs geopholaitiúil, forbairt theicneolaíoch thapa a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus an gá atá ann feabhas a chur ar oideachas agus ar scileanna i réimse an chaighdeánaithe. Sa chomhthéacs sin, cuireann an Coimisiún Eorpach i bhfios go láidir nach mór don Rialachán leas iomlán a bhaint as acmhainneacht straitéiseach na gcaighdeán Eorpach chun tacú le margadh aonair athléimneach, glas agus digiteach agus chun a chur ar chumas an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta i bpróisis chaighdeánaithe ar an leibhéal domhanda an athuair. Ciallaíonn sé sin freisin nach mór cumas na bpáirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar cheardchumainn agus ar FBManna páirt éifeachtach a ghlacadh i bpróisis chaighdeánaithe a neartú i gcás inarb iomchuí. |
3. Barúlacha ginearálta: na dúshláin a bhaineann leis an bpróiseas Eorpach um chaighdeánú
|
3.1. |
Le 20 bliain anuas, tá córais chaighdeánaithe náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta ina n-éiceachóras atá ag éirí níos comhtháite (ina bhfuil comhlachtaí caighdeánaithe náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta). Dá réir sin, tá athrú tagtha ar an scéal sa chaoi is go bhfuil caighdeáin Eorpacha á bhforbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta ar bhonn níos minice. Tá dúshláin nua ag baint leis sin, lena n-áirítear ó thaobh ‘uathriail straitéiseach’ agus ‘Déanta san Eoraip’ de. Trí cheannaireacht na hEorpa a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta, áiritheofar go gcosnófar leasanna na hEorpa. |
|
3.1.1. |
Dar le CESE, is ann do roinnt dúshláin struchtúracha ar cheart aghaidh a thabhairt orthu chun an margadh aonair a neartú agus chun dlisteanacht agus éifeachtacht an chórais Eorpaigh um chaighdeánú a fheabhsú. |
|
3.1.2. |
Ní mór tráthúlacht agus intuarthacht a fheabhsú trí mhoilleanna feadh an tslabhra iomláin a laghdú — ó chéim na n-iarrataí ón gCoimisiún Eorpach go dtí céimeanna an dréachtaithe, an mheasúnaithe agus an fhoilsithe, agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile, cothú comhdhearcaidh agus cáilíocht theicniúil á gcosaint i gcónaí. D’fhéadfaí teacht ar bhealaí féideartha chun luas agus freagrúlacht an chórais a fheabhsú tríd an ualach oibre a mheaitseáil — sula gcuirfear tús leis an obair chaighdeánaithe — leis na hacmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear acmhainní saineolaithe agus rúnaíochta. Ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar chaighdeáin chomhchuibhithe a lua sa reachtaíocht Eorpach trí nósanna imeachta trédhearcacha agus ceangailteacha a bhunú a mbeidh spriocdhátaí agus critéir shoiléire le haghaidh measúnú agus malartuithe níos dlúithe idir comhairleoirí caighdeán comhchuibhithe agus saineolaithe teicniúla ag gabháil leo. |
|
3.1.3. |
Ní mór cáilíocht dhlíthiúil agus theicniúil na gcaighdeán comhchuibhithe a áirithiú, ionas go gcomhlíonfaidh caighdeáin sainorduithe agus ceanglais dhlíthiúla an Aontais go hiomlán agus go gcuirfear teorainn le diúltuithe, athbhreithnithe agus dlíthíocht. Leis an gceanglas cáilíochta sin, ba cheart a áirithiú freisin go rannchuidíonn caighdeáin le hardleibhéal cosanta a áirithiú do leasanna na bpáirtithe leasmhara a ndéanann eagraíochtaí Iarscríbhinn III ionadaíocht orthu. |
|
3.1.4. |
Tá an chuimsitheacht agus an rannpháirtíocht chothrom ríthábhachtach i gcónaí. Dá bhrí sin, chun dlisteanacht agus infheidhmeacht na gcaighdeán a mhéadú, ba cheart rannpháirtíocht FBManna agus páirtithe leasmhara sochaíocha, lena n-áirítear ceardchumainn, tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara comhshaoil, a chothú i gcomhlachtaí Eorpacha agus náisiúnta um chaighdeánú. |
|
3.1.5. |
Ní mór trédhearcacht agus inrochtaineacht a áirithiú, i bhfianaise ábharthacht na gcaighdeán comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe. |
|
3.1.6. |
Ní mór socruithe agus dreasachtaí rialachais a fheabhsú chun cuntasacht agus freagrúlacht do thosaíochtaí polaitiúla a áirithiú, go háirithe sna hearnálacha glasa agus digiteacha atá ag athrú go tapa. |
|
3.1.7. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chaighdeáin lena dtugtar aghaidh ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga, ardáin dhigiteacha agus ard-uathoibriú, a d’fhéadfadh athrú suntasach a dhéanamh ar eagrú na hoibre agus ar an idirghníomhaíocht duine le meaisín. |
|
3.1.8. |
Ní mór don athbhreithniú an t-idirphlé sóisialta a chosaint ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Níor cheart caighdeáin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an idirphlé shóisialta. Tá na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha ar aon fhocal faoin seasamh sin agus is ar Chonarthaí an Aontais (5) atá sé bunaithe. |
4. Treoracha reachtacha a mholtar
|
4.1. |
Ní chumhdaítear le Rialachán 1025/2012 ach caighdeáin a thacaíonn le reachtaíocht agus beartais an Aontais. Ina theannta sin, is ann do roinnt caighdeáin neamh-chomhchuibhithe freisin (náisiúnta, Eorpach agus/nó idirnáisiúnta) a luaitear go díreach sa reachtaíocht Eorpach agus líon anaithnid caighdeáin neamh-chomhchuibhithe (náisiúnta, Eorpach agus/nó idirnáisiúnta) a bheidh mar chuid den rialáil náisiúnta. Tá easpa faisnéise fós ann faoin dá bhailiúchán caighdeán sin, ar bailiúcháin iad lena gcomhlánaítear bailiúchán na gcaighdeán comhchuibhithe atá sainaitheanta go soiléir. Mar thoradh air sin, is suntasaí i bhfad na héifeachtaí atá ag caighdeánú agus caighdeáin ar an Margadh Aonair ná mar a aithnítear faoi láthair. |
|
4.2. |
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach ionstraimí a cheapadh chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na gcaighdeán neamh-chomhchuibhithe arna dtáirgeadh ag comhlachtaí um chaighdeánú. Go deimhin, déanann na caighdeáin sin difear don mhargadh inmheánach agus bíonn tionchar acu ar iompar cuideachtaí laistigh de. Thairis sin, tagraíonn roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais do chaighdeáin neamh-chomhchuibhithe, rud a fhágann go bhfuil a gcur i bhfeidhm éigeantach i gcásanna áirithe. |
|
4.3. |
Tacaíonn CESE leis an bprionsabal nach mór don chaighdeánú leanúint de bheith ina chleachtadh teicniúil agus nár cheart rialáil a dhéanamh leis ar ábhair a thagann faoi raon feidhme an idirphlé shóisialta agus na cómhargála, amhail dálaí oibre, cearta oibrithe agus bainistiú pearsanra. Ba cheart don Choimisiún Eorpach treoirlínte a chur le chéile lena dtugtar isteach prionsabal sainráite neamhchúngaithe, lena soiléirítear nach ndéanfaidh caighdeáin difear ar bhealach ar bith d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais iad ná nach ndéanfaidh siad difear don cheart comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon ábhair a chumhdaítear leis an idirphlé sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú. |
|
4.4. |
Athdhearbhaíonn CESE nach féidir agus nár cheart don chaighdeánú teicniúil deonach cur isteach ar réimsí a fhorchoimeádtar leis an dlí do ghairmeacha rialáilte. Go sonrach, ní féidir caighdeáin theicniúla a úsáid chun gníomhaíochtaí gairmiúla forchoimeádta, ceanglais iontrála, scileanna gairmiúla ná caighdeáin eiticiúla a rialáil, ós réimsí iad sin atá fós faoi fhreagracht eisiach an reachtóra agus na rialachán gairmiúil. |
|
4.5. |
Ba cheart measúnú raon feidhme ex ante a bheith ag teastáil le haghaidh gach iarraidh ar chaighdeánú chun aon riosca ó thaobh forluí leis an idirphlé sóisialta, le cearta bunúsacha, le reachtaíocht shóisialta agus leis na réimsí a fhorchoimeádtar leis an dlí do ghairmeacha rialáilte a shainaithint. Dá réir sin, ba cheart a léiriú i ngach iarraidh ar chaighdeánú an ndéanann sí difear do na réimsí sin agus a mhéid a dhéanann sí difear dóibh. I gcás ina sainaithnítear rioscaí, ba cheart don Choimisiún Eorpach, do chomhlachtaí um chaighdeánú agus dá gcoistí teicniúla tosaíocht a thabhairt d’ionstraimí malartacha. |
|
4.6. |
Ní mór do chomhlachtaí Eorpacha agus náisiúnta um chaighdeánú, chomh maith leis na coistí teicniúla atá bunaithe iontu, rannpháirtíocht chothrom eagraíochtaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, páirtithe leasmhara comhshaoil, ceardchumainn agus FBManna a áirithiú. Chun rannpháirtíocht fhóinteach a ráthú, ba cheart do chomhlachtaí um chaighdeánú deireadh a chur le bacainní airgeadais agus riaracháin a oiread is féidir trí shaor-rochtain ar ghníomhaíochtaí caighdeánaithe agus rannpháirtíocht iontu a cheadú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do cheardchumainn agus do FBManna. Ba cheart inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú freisin. Ina theannta sin, ba cheart acmhainní airgeadais leordhóthanacha, cláir fothaithe acmhainneachta agus oiliúint sa chaighdeánú a chur ar fáil do na heagraíochtaí sin, chun a saineolas teicniúil a neartú, agus sin a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Chuige sin, ba cheart sásraí a chur chun feidhme chun na táillí a íoctar chun páirt a ghlacadh i gcomhlachtaí um chaighdeánú a athdháileadh ar eagraíochtaí Iarscríbhinn III. |
|
4.7. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór an caighdeánú Eorpach a bheith ina uirlis lárnach i gcónaí chun borradh a chur faoin margadh aonair, faoin iomaíochas tionsclaíoch agus faoi uathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Leis an athbhreithniú, ba cheart rannpháirtíocht éifeachtach FBManna a áirithiú trí nósanna imeachta simplithe, fothú acmhainneachta feabhsaithe agus ionadaíocht níos fearr ar choistí teicniúla. Is féidir le caighdeáin deiseanna eacnamaíocha urghnácha a sholáthar do FBManna agus don mhargadh aonair ina iomláine, ní hamháin mar uirlisí ríthábhachtacha le haghaidh comhlíontachta, ach mar infheistíocht don fhás. |
|
4.8. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh nósanna imeachta trédhearcacha ann maidir le caighdeánú. Ba cheart comhdhéanamh na gcoistí teicniúla laistigh de chomhlachtaí um chaighdeánú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin. |
|
4.9. |
Mar gheall ar ról méadaitheach na gcaighdeán, is smachta reachta agus trédhearcachta anois í an tsaor-rochtain neamhshrianta. Molann CESE go ráthófaí go mbeadh an rochtain ar chaighdeáin saor in aisce, furasta, inléite amháin agus saor ó bhacainní, ar a laghad, agus go soiléireofaí freagrachtaí maidir le hinrochtaineacht phoiblí a áirithiú. Ag an am céanna, ba cheart inbhuanaitheacht airgeadais an chórais agus cosaint ceart maoine intleachtúla a áirithiú. |
|
4.10. |
Ba cheart don Aontas athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis idirnáisiúnta um chaighdeánú, go háirithe san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) agus sa Choimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC), lena n-áiritheofar nach n-ísleoidh caighdeáin idirnáisiúnta creat an Aontais maidir le sábháilteacht, sláinte agus inbhuanaitheacht. Mar chuid de sin, ba chóir a áirithiú go bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta ag teacht le caighdeáin saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta agus le cosaint sláinte agus sábháilteachta oibrithe. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas cosc a chur ar chaighdeáin atá ar neamhréir lena luachanna agus lena reachtaíocht dul isteach sa mhargadh aonair gan cosaint a bheith ann. Chun an riosca sin a laghdú, ba cheart a shonrú sa Rialachán nach féidir táirge nó seirbhís a thairiscint sa mhargadh inmheánach ach amháin má urramaíonn sé caighdeáin arna ndréachtú, arna vótáil agus arna bhfoilsiú ag comhlachtaí um chaighdeánú a chomhlíonann Rialachán an Aontais maidir le caighdeánú. |
5. Treoirlínte maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán 1025/2012
|
5.1. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart do chaighdeáin chomhchuibhithe tacú le cur chun feidhme teicniúil na reachtaíochta ach nár chóir dóibh a bheith ina n-uirlis rialála. Níor cheart do chaighdeáin chomhchuibhithe teacht in ionad na reachtaíochta sóisialta ná na gcomhaontuithe comhchoiteanna, an bonn a bhaint díobh ná cur isteach orthu. Dá réir sin, níor cheart don Choimisiún Eorpach, trí iarraidh ar chaighdeán Eorpach amháin nó níos mó, difear a dhéanamh don cheart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú ná don cheart gníomhaíocht thionsclaíoch a dhéanamh. Níor cheart dó idirghabháil a dhéanamh in ábhair a rialáiltear trí idirphlé sóisialta ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal náisiúnta. |
|
5.2. |
Chun a áirithiú go leanfaidh caighdeáin chomhchuibhithe de bheith teicniúil, ba cheart a áireamh i ngach iarraidh ón gCoimisiún Eorpach ar chaighdeán comhchuibhithe measúnú ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an caighdeán sin difear don idirphlé sóisialta, do chearta bunúsacha nó don reachtaíocht shóisialta. Ba cheart don choiste a bhunaítear le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 1025/2012 an measúnú sin a athbhreithniú ansin. Ba cheart don choiste eagraíochtaí Iarscríbhinn III a chur ar an eolas agus an deis a thabhairt dóibh tuairim a thíolacadh maidir le raon feidhme na hiarrata ón gCoimisiún Eorpach. |
|
5.3. |
I dtaca le réimsí beartais criticiúla, amhail cosaint na hEorpa, ar cheart a rialáil a scagadh le tionchair sheachtracha agus inar cheart neamhspleáchas na straitéise Eorpaí a chur chun feidhme go docht, ní mór don Choimisiún Eorpach a bheith in ann sonraíochtaí coiteanna a fhorbairt seachas caighdeáin Eorpacha a iarraidh ar chomhlachtaí Eorpacha um chaighdeáin. Agus sonraíochtaí coiteanna á ndréachtú aige, ní mór don Choimisiún Eorpach a chinntiú go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach sa phróiseas. |
|
5.4. |
Ba cheart tús áite a thabhairt don cháilíocht seachas don luas i gcónaí. Cé nach mór nósanna imeachta a chuíchóiriú tríd an digiteáil agus trí phleanáil fheabhsaithe, níor cheart d’amlínte níos giorra cur isteach ar an bplé cúramach is gá chun caighdeáin ardcháilíochta atá ag teacht le beartais agus luachanna an Aontais a tháirgeadh. Dá bhrí sin, níor cheart tosaíocht a thabhairt don seachas don chuimsitheacht agus don chomhdhearcadh. Thairis sin, le caighdeáin a dhéanann difear do threalamh san ionad oibre, do chórais dhigiteacha nó don idirghníomhaíocht duine le meaisín, ba cheart a áirithiú go ndéanfar breithnithe sábháilteachta, sláinte agus eirgeanamaíocha oibrithe a chomhtháthú go hiomlán ó chéim an deartha. |
|
5.5. |
Ní mór déileáil leis an gcuimsitheacht mar choinníoll dlisteanachta, lena n-áirithítear rannpháirtíocht chothrom na hearnála tionsclaíochta (FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, geallsealbhóirí comhshaoil agus ceardchumainn san áireamh) le tacaíocht ó acmhainní leordhóthanacha. Dá réir sin, ba cheart tacaíocht airgeadais d’eagraíochtaí Iarscríbhinn III a mhéadú agus ról na n-eagraíochtaí sin a áirithiú agus a chaomhnú. Is lárnach an ról atá ag eagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha sa chóras seo agus ní mór iad a chosaint ar mhaithe leis na srianta agus na ceartúcháin dhaonlathacha is gá agus ar mhaithe le cur chun cinn luachanna an Aontais. Ní foláir a áirithiú nach ndéanfaidh caighdeáin atá fréamhaithe go hidirnáisiúnta agus a bheidh ina gcaighdeáin Eorpacha cuspóirí an Aontais a shárú ná an bonn a bhaint de bheartas nó reachtaíocht an Aontais. |
|
5.6. |
Chun cuimsitheacht éifeachtach a bhaint amach agus dlisteanacht an chórais um chaighdeánú a áirithiú, ba cheart Airteagal 6.1 den Rialachán (‘Rochtain FBManna ar chaighdeáin’) a leasú. Faoi láthair, is éard atá sa mhír sin liosta neamhchuimsitheach neamhcheangailteach de bhearta is féidir le comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú a dhéanamh chun tacú le cuimsitheacht, rochtain agus rannpháirtíocht éifeachtach FBManna sa chaighdeánú ar an leibhéal náisiúnta. Sa chleachtas, is é an toradh ar Airteagal 6.1 go bhfuil dálaí míchothroma ann maidir le rannpháirtíocht FBManna ar fud na mBallstát éagsúil. Ba cheart liosta na mbeart atá ann cheana agus na forálacha uile lena mbaineann a dhéanamh éigeantach do FBManna agus d’eagraíochtaí tomhaltóirí, do gheallsealbhóirí comhshaoil agus do cheardchumainn. Ina theannta sin, ba cheart ról na gcatagóirí geallsealbhóirí sin ar an leibhéal Eorpach a áirithiú agus a chaomhnú, agus leas á bhaint as ról eagraíochtaí Iarscríbhinn III. |
|
5.7. |
I gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (6), molann CESE go ráthófaí go mbeadh an rochtain ar chaighdeáin saor in aisce, furasta, inléite amháin agus saor ó bhacainní, ar a laghad — trí thairseach idirlín inrochtana — agus go soiléireofaí freagrachtaí maidir le hinrochtaineacht phoiblí a áirithiú, sin agus go n-áiritheofaí inbhuanaitheacht airgeadais an chórais agus cosaint ceart maoine intleachtúla ag ESOnna. |
|
5.8. |
Leis an gcaighdeánú, ba cheart rannchuidiú leis an iomaíochas inbhuanaithe, an nuálaíocht, an táirgiúlacht agus an athléimneacht a chur chun cinn agus an tsábháilteacht, an tsláinte agus an comhshaol a chomhtháthú i gcaighdeáin. |
|
5.9. |
I gcás ina ndréachtaíonn nó ina bhfoilsíonn comhlachtaí um chaighdeánú caighdeáin a bheidh ina gcaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha, nó i gcás ina gcaitheann siad vóta orthu, tá CESE ag iarraidh go n-áireofaí sa Rialachán athbhreithnithe ceanglas go mbeidh ar na comhlachtaí sin an rialachán Eorpach maidir le caighdeánú a chomhlíonadh. |
|
5.10. |
Ba cheart faireachán agus cuntasacht a mhéadú trí tháscairí soiléire maidir le hamlínte, cáilíocht, cuimsitheacht agus tionchar, mar aon le sásraí ceartaitheacha nuair is gá. Chuige sin, d’fhéadfaí bearta a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta trí leasú a dhéanamh ar Airteagal 6.3 den Rialachán, lena sainordaítear go mbaileoidh agus go gcuirfidh comhlachtaí um chaighdeáin náisiúnta sonraí ar fáil maidir le rochtain agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí sa chaighdeánú ar an leibhéal náisiúnta. |
An Bhruiséil, an 29 Aibreán 2026.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Séamus BOLAND
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).
(2) Féach an Litir Chomhpháirteach: Standardisation bodies must refrain from issuing social standards, arna síniú ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, Business Europe, SMEunited, SGI Europe an 27 Meitheamh 2025.
(3) Féach an Litir Chomhpháirteach: Standardisation bodies must refrain from issuing social standards, arna síniú ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, Business Europe, SMEunited, SGI Europe an 27 Meitheamh 2025.
(4) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(5) Féach an Litir Chomhpháirteach: Standardisation bodies must refrain from issuing social standards, arna síniú ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, Business Europe, SMEunited, SGI Europe an 27 Meitheamh 2025.
(6) Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, C-588/21 P (Malamud); C-160/20; C-613/14 (James Elliott).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3538/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)