AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.7.2026
COM(2026) 395 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le tarmligean na cumhachta, chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, a bronnadh ar an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lenar bunadh réimeas an Aontais chun onnmhairiú, bróicéaracht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú)
1.Réamhrá
Glacadh Rialachán (AE) 2021/821 (dá ngairtear ‘an Rialachán maidir le Dé-Úsáid’ nó ‘an Rialachán’ anseo feasta) an 20 Bealtaine 2021. Leis an Rialachán sin, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle, agus déantar creat an Aontais maidir le rialú onnmhairí dé-úsáide a uasghrádú chun aghaidh a thabhairt ar dhul chun cinn teicneolaíoch, chun gnéithe a bhaineann le cearta an duine agus leis an tslándáil a fheabhsú agus chun cur chuige níos aontaithe ar fud Bhallstáit an Aontais a chinntiú, arb é is cuspóir dó freagairt do thírdhreach geopholaitiúil atá ag athrú.
In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le Dé-Úsáid, liostaítear ítimí nach mór do na Ballstáit a chur faoi réir rialuithe onnmhairí, lena n‑ailínítear an Rialachán leis na cinntí a ghlactar sna córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí. Cuimsítear earraí áirithe, a mheastar a bheith an‑íogair, in Iarscríbhinn IV agus ceanglaítear údarú chun iad a aistriú laistigh den Aontas. In Iarscríbhinn II leagtar amach údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas chun earraí áirithe a onnmhairiú chuig cinn scríbe áirithe.
De bhun Airteagal 17 den Rialachán maidir le Dé-Úsáid, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18 chun liosta na n‑ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus IV a leasú agus chun Iarscríbhinn II a leasú trí ítimí a bhaint agus trí chinn scríbe a chur le raon feidhme na n‑údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas, nó iad a bhaint de.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 9 Meán Fómhair 2021.
2.Bunús dlí
Le hAirteagal 18(2) den Rialachán maidir le Dé-Úsáid, ceanglaítear ar an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta.
3.Feidhmiú tharmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
Idir an 9 Meán Fómhair 2021 agus an 9 Nollaig 2025, d’fheidhmigh an Coimisiún a údarás chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar sheacht n‑ócáid chun a áirithiú go raibh liosta ítimí dé-úsáide an Aontais fós ailínithe le cinntí a glacadh laistigh de chórais iltaobhacha rialaithe onnmhairí, agus le gealltanais a rinne Ballstáit, mar chomhaltaí de Chomhshocraíocht Wassenaar, chun ítimí sa bhreis a rialú go haonfhoirmeach.
Ina theannta sin, mar fhreagairt ar an gcogadh foghach neamhdhleathach atá Cónaidhm na Rúise a chur ar an Úcráin, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe chun Cónaidhm na Rúise a eisiamh ó raon feidhme na n‑údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas.
I gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán maidir le Dé-Úsáid, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr sular ghlac sé na gníomhartha tarmligthe.
Ghlac an Coimisiún na seacht ngníomh tarmligthe seo a leanas:
-Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2003 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n‑ítimí dé-úsáide
-Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2547 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n‑ítimí dé-úsáide,
-Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n‑ítimí dé-úsáide,
-Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/996 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n‑ítimí dé-úsáide
-Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/66 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n‑ítimí dé-úsáide,
-Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/699 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an Rúis, ina cáil mar cheann scríbe, a bhaint de raon feidhme na n‑údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas,
-Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n‑ítimí dé-úsáide.
4. Conclúid
I bhfianaise an mhínithe a thugtar i Roinn 3, measann an Coimisiún go bhfuil gá soiléir le síneadh intuigthe a chur le tarmligean na cumhachta dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Rialachán maidir le Dé-Úsáid go ceann tréimhse bhreise 5 bliana eile.
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.