Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026DC0116

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan

COM/2026/116 final

Strasbourg, 10.3.2026

COM(2026) 116 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan
















































































1Réamhrá

Baineann ríthábhacht leis aistriú chuig fuinneamh glan le haghaidh uathriail straitéiseach, iomaíochas agus rathúnas inbhuanaithe na hEorpa. Is deis é an dícharbónú le haghaidh fás geilleagrach agus fostaíochta ar fud na hEorpa. Mar a chuirtear i dtábhacht i dtuarascáil Draghi 1  , má tá muid lenár gcuid uaillmhianta a bhaint amach tá gá le leibhéil infheistíochta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus go háirithe le cur chuige níos comhtháite chun caipiteal poiblí agus príobháideach a shlógadh.

Chun go mbainfear amach ár gcuspóirí maidir leis an aistriú fuinnimh agus chun fuinneamh inacmhainne, éifeachtúil, agus glan a áirithiú do gach Eorpach, measann an Coimisiún 2 go gcaithfear leibhéal thart ar EUR 660 billiún a infheistiú in earnáil an fhuinnimh in aghaidh na bliana idir 2026 agus 2030, agus go gcaithfear an leibhéal sin a ardú go EUR 695 bhilliún in aghaidh na bliana ó 2031 go 2040. Is méadú substaintiúil é sin i gcomparáid le suim EUR 240 billiún a chonacthas mar mheán bliantúil idir 2011 agus 2021. Ní mór infheistíochtaí ar thaobh an tsoláthair (giniúint), ar thaobh an éilimh (éifeachtúlacht fuinnimh), agus i mbonneagar (eangacha) a bheith san áireamh sna hinfheistíochtaí sin.

Feidhmíonn Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) mar mhaoinitheoir lárnach i ndáil le haistriú na hEorpa chuig fuinneamh glan, agus é ag gabháil do ghníomhaíochtaí iasachtaithe, do ráthaíochtaí, do ghníomhaíochtaí infheistíochta agus do thacaíocht chomhairleach ar fad in éindí chun dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh atá slán, iomaíoch agus de chineál ísealcharbóin. Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe ag an nGrúpa maoiniú os cionn EUR 75 bhilliún a chur ar fáil sna 3 bliana amach romhainn chun tacú le cuspóirí an aistrithe fuinnimh agus na Straitéise Infheistíochta um Fhuinneamh Glan seo, agus leas á bhaint aige as raon iomlán na dtáirgí airgeadais agus na seirbhísí comhairleacha atá ar fáil dó.

Thairis sin, tá tionscnaimh Eorpacha, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa-Fuinneamh (SCE), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) agus caibidlí REPowerEU, tar éis cuidiú le dlús a chur le hinfheistíochtaí. Mar sin féin, tá bacainní fós ann ar an luas agus an scála faoina ndéantar caipiteal príobháideach a shlógadh ar fud na ndeighleog fuinnimh ghlain. Cé go soláthraíonn an Eoraip intuarthacht rialála agus cobhsaíocht beartais le haghaidh slógadh fadtéarmach caipitil institiúidigh, cuireann próisis fhada cheadúcháin agus nasctha eangaí moill ar an gcur in úsáid agus méadaíonn siad rioscaí. Le margaí ilroinnte - ina mbíonn rialacha, caighdeáin agus cleachtais phleanála atá éagsúil óna chéile - ardaítear costais idirbheart agus cuirtear bac ar mhéadú. I neart réimsí ní léirítear luach córais iomlán na n‑infheistíochtaí fuinnimh ghlain, rud a laghdaíonn tarraingteacht na n‑infheistíochtaí d’infheisteoirí príobháideacha. Tugtar le fios san fhianaise is déanaí go bhfuil fás na hinfheistíochta ag moilliú agus fiú ag cúlú in earnálacha áirithe.

Tá caipiteal príobháideach ar fáil agus ní mór é a shlógadh

Mar sin féin, Is mó i bhfad scála na riachtanas infheistíochta is gá don aistriú fuinnimh ná mar is acmhainn don chistiú poiblí ó bhuiséid náisiúnta, ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus ó Grúpa BEI.  Is gá cistí poiblí a úsáid ní mar phríomhfhoinse chistiúcháin, ach mar sheift straitéiseach chun an meascán níos leithne sin de bhaincéireacht agus maoiniú ón margadh caipitil a phlódú isteach, rud a laghdóidh ar deireadh thiar costas foriomlán an aistrithe. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcóras fuinnimh a thiomáintear níos mó agus níos mó trí chaiteachas caipitil tosaigh. Thairis sin, is féidir le tacaíocht phoiblí cuidiú freisin le costais an aistrithe a shíneadh thar shaolré na sócmhainní, rud a chuireann cosc ar bhuaiceanna praghais gearrthéarmacha.

Chun bheith inchurtha le scála agus le raon feidhme na riachtanas infheistíochta táthar ag brath ar fhoinsí cistiúcháin a éagsúlú chun slógadh iomlán a dhéanamh ar chaipiteal institiúideach, caipiteal fiontair agus cothromas príobháideach, chomh maith le tuilleadh foinsí traidisiúnta. Ag breathnú chun cinn, bainfidh ríthábhacht le rath a bheith ar an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta chun na margaí caipitil doimhne agus leachtacha is gá a bhunú chun na críche sin.

Leis an straitéis sin táthar ag féachaint le slógadh na hinfheistíochta príobháidí san earnáil fuinnimh a éascú trí fheabhas a chur ar an nasc idir an caipiteal príobháideach atá ar fáil agus píblíne na dtionscadal fuinnimh san Eoraip. Meastar go bhfuil sócmhainní dar luach EUR 33,7 trilliún faoi bhainistíocht phríobháideach san Eoraip  3 . Tá sócmhainní san Eoraip dar luach os cionn EUR 12 thrilliún 4 faoi rialú infheisteoirí institiúideacha (e.g. árachóirí agus cistí pinsin) agus lorgaíonn siad na torthaí fadtéarmacha cobhsaí atá tionscadail fuinnimh in ann a sholáthar, ach creat iomchuí a bheith i bhfeidhm.

Leis an Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan comhlánaítear tionscnaimh de chuid an Aontais, chomh maith le gníomhaíochtaí na mBallstát arb é is aidhm dóibh riosca agus éiginnteacht a laghdú, agus dálaí infheistíochta cobhsaí tarraingteacha a chruthú, agus ar an gcaoi sin iomaíochas agus slándáil fuinnimh na hEorpa a threisiú.

2Caipiteal príobháideach a scaoileadh de réir an scála is gá chun an taistriú fuinnimh a bhaint amach

Dá bhrí sin, tá an Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan ceaptha chun slógadh an chaipitil phríobháidigh, laghdú riosca spriocdhírithe na n‑infheistíochtaí, agus comhar struchtúrtha leis an bpobal airgeadais a chur chun cinn.

TACÚ LE ROCHTAIN AR MHARGAÍ CAIPITIL DON BHONNEAGAR FUINNIMH

Is den ríthábhacht é d’iomaíochas agus do shlándáil na hEorpa go méadófar agus go gcuirfear dlús le hinfheistíochtaí in eangacha agus i líonraí, cnámh droma an chórais fuinnimh. Tugtar rabhadh i dtuarascáil Draghi nach leor gan ach infheistíocht a dhéanamh i nginiúint leictreachais ghlain; chun rath an aistrithe fhuinnimh a áirithiú baineann ríthábhacht freisin leis na hiarrachtaí atá ar siúl i gcomhthráth chun bonneagar gréasáin agus comhtháthú córas a neartú agus a nuachóiriú. Mar sin féin, níl ag éirí leis na sásraí maoiniúcháin atá ann faoi láthair caipiteal a shlógadh de réir an scála ná an luais is gá.

Chun na bearnaí sin a dhruidim, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le Grúpa BEI, cur chuige spriocdhírithe a chur chun feidhme chun na cearta airgeadais ar shreafaí airgid amach anseo a bhaineann le sócmhainní fuinnimh a chlaochlú ina n‑urrúis leachtacha de ghrád infheistíochta, ar chur chuige é lena gcomhlánófar an Pacáiste um na hEangacha Eorpacha a cuireadh i láthair le déanaí.

Thairis sin, beidh ag cláir reachtacha ról lárnach maidir le caipiteal príobháideach a scaoileadh, chomh maith le hathchóirithe eile ar an gcreat stuamachta le haghaidh árachóirí faoinar tugadh faoin athbhreithniú ar an Rialachán Tarmligthe maidir le Sócmhainneacht II. Féadfaidh na hathchóirithe sin infheistíochtaí san fhuinneamh glan a spreagadh tríd an gcostas a bhaineann le infheistíochtaí cothromais fadtéarmacha agus urrúsuithe a laghdú agus trí aitheantas a thabhairt d’éifeacht an laghdaithe riosca a bhaineann le ráthaíochtaí AE nó náisiúnta i gceanglais chaipitil. Ceanglófar ar árachóirí cásanna aeráide réamhbhreathnaitheacha a chomhtháthú ina gcuid gníomhaíochtaí bainistithe riosca, ar rud é trína bhíthin ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’aistriú infheistíochtaí de réir a chéile i dtreo fuinneamh glan.

Gníomhaíocht 1: Cláir Chomhardaithe na nOibreoirí Eangaí a Neartú

Chun a áirithiú gur féidir le hoibreoirí (OCDanna agus OCTanna) uasghráduithe bonneagair ollmhóra a mhaoiniú agus rátálacha creidmheasa arda a choinneáil ag an am céanna, cuirfear chun feidhme sraith saoráidí atá saincheaptha i gcomhair riachtanais éagsúla oibreoirí:

a) Ciste Infheistíochta Bonneagair Straitéisigh

Is iomaí tionscadal ríthábhachtach um aistriú fuinnimh nach n‑éiríonn leis dúnadh airgeadais a bhaint amach mar gheall ar bhearnaí cothromais nach féidir le cistí speisialaithe, nó infheisteoirí príobháideacha, a chumhdach ina n‑aonar. Chun aghaidh a thabhairt air sin, feidhmeoidh an Ciste Infheistíochta Bonneagair Straitéisigh mar Ardán Cothromais lena n‑éascófar Comhinfheistíocht spriocdhírithe i dteannta cistí bonneagair.

Tabharfaidh Grúpa BEI gealltanas ina mbeidh méid táscach suas le EUR 500 milliún, lena soláthrófar an caipiteal ancaire is gá chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail shonracha bonneagair fuinnimh. Leis an tsamhail chomhoibríoch sin, is féidir le bainisteoirí príobháideacha tréimhse infheistíochta ionchasach fhadtéarmach agus saineolas teicniúil BEI a ghiaráil, rud a áirithíonn go slógtar cothromas príobháideach mórscála isteach sna codanna is criticiúla d’eangach fuinnimh na Eorpa.

Le comhinfheistíochtaí, táthar in ann tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do na tionscadail nó do na cuideachtaí sin nach bhfuil cistiú acu nó a bhfuil deacrachtaí acu caipiteal leordhóthanach a thiomsú chun a bpleananna infheistíochta a chur i gcrích. Áirithítear leis sin go n‑imríonn Grúpa BEI an tionchar is mó is féidir leis, trí straitéisí spriocdhírithe lena dtugtar aghaidh ar réimsí tosaíochta beartais atá sainithe go soiléir, rud a bheadh deacair a chothromú trí na straitéisí ginearálaithe traidisiúnta atá ar fáil sa mhargadh.

(b) Saoráid um Urrúsú Oibreoirí

Ag tógáil ar an ról bunaithe atá ag Grúpa BEI maidir le bonneagar fuinnimh na hEorpa a mhaoiniú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún agus ag Grúpa BEI comhoibriú ar an tSaoráid um Urrúsú Oibreoirí. Leis an tionscnamh sin bheifí ag féachaint le hionstraimí BEI atá ann cheana a chomhlánú trí mheastóireacht a dhéanamh ar struchtúir mhaoiniúcháin atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus a d’fhéadfadh sruthanna ioncaim rialáilte amach anseo a thiontú ina leachtacht láithreach. Is é an príomhchuspóir atá ann measúnú a dhéanamh ar conas is féidir caipiteal institiúideach a shlógadh go héifeachtach agus a áirithiú ag an am céanna go bhfanfaidh sócmhainní fisiceacha faoi úinéireacht phoiblí. Trí thréimhsí maoiniúcháin a ailíniú leis an tsaolré fhada a bhíonn ag sócmhainní eangaí, d’fhéadfadh an tSaoráid um Urrúsú Oibreoirí cuidiú le rioscaí athmhaoiniúcháin a mhaolú agus costas iomlán an chaipitil a ísliú, rud a thacódh le forbairt na heangaí gan brú míchuí a chur ar tharaifí fuinnimh. Tá an creat atá beartaithe fós solúbtha ionas go bhfreastalaítear ar riachtanais éagsúla an mhargaidh agus ar phróifílí éagsúla oibreoirí. Cé go bhféadfadh oibreoirí eangaí mórscála úsáid a bhaint as eisiúintí neamhspleácha, tá an tsaoráid sásta freisin iniúchadh a dhéanamh ar oibreoirí eangaí éagsúla a chomhthiomsú mar rogha fhéideartha amháin i measc roghanna eile, go háirithe i gcás eintitis bheaga.

c) Bannaí Hibrideacha

Tacaíonn BEI le hinfheistíochtaí ó fhóntais rialáilte trí bhannaí hibrideacha a cheannach 5 . Tugann rannpháirtíocht Ghrúpa BEI mar infheisteoir ancaire comhartha dearfach d’infheisteoirí eile agus cuirtear borradh faoin spéis sa phróiseas tiomsaithe airgid. Ina theannta sin, neartaíonn sé staid airgeadais na noibreoirí toisc go gcaitear leis na hionstraimí a úsáidtear mar chothromas, rud a théann chun tairbhe dá gcláir chomhardaithe.

Gníomhaíocht 2: Tacú le rochtain ar mhaoiniú d’oibreoirí trí urrúsú iasachta agus iasachtú idirghafa d’oibreoirí beaga

In éineacht le BEI féachfaidh an Coimisiún ar conas is fearr is féidir tacaíocht a thabhairt do rochtain ar mhaoiniú le haghaidh oibreoirí eangaí trí acmhainneacht iasachtaithe na mbanc a shaoradh, rud a chuirfidh ar a gcumas do na bainc iasachtaí nua a dheonú d’oibreoirí eangaí gan spleáchas díreach ar fhóirdheontais phoiblí ná ar bhuiséid stáit, agus caipiteal institiúideach príobháideach á phlódú isteach ag an am céanna.

Is é an sprioc atá ann bainc thráchtála a dhreasú chun iasachtaí nua a dheonú d’oibreoirí eangaí, lena n‑áirítear trí thacaíocht a chur ar fáil chun urrúsú punann iasachtaí atá ann cheana a chur chun cinn, i gcomhréir le creat urrúsaithe an Aontais, ionas go n‑úsáidfidh na bainc rannpháirteacha acmhainneacht shaortha an chláir chomhardaithe chun iasachtaí nua a leathnú chuig oibreoirí eangaí. D’fhéadfadh Grúpa BEI rannchuidiú leis an tionscnamh trí na táirgí atá aige cheana, lena n‑áirítear urrúsú – ag brath ar éileamh léirithe. 

Ina theannta sin, agus é á aithint go bhfuil i dtírdhreach OCDanna an Aontais líon mór éagsúil oibreoirí a bhfuil méideanna, timpeallachtaí dlíthiúla agus córais rialála éagsúla ag gabháil leo, is féidir bainc thráchtála réigiúnacha agus áitiúla ról tábhachtach a imirt chun ilroinnt na hearnála a shárú agus chun tacú le comhiomlánú tionscadal i gcomhair oibreoirí beaga. Tar éis an fhógra a rinneadh le déanaí maidir leis an gcéad oibríocht ‘Fás le haghaidh Fuinnimh’ 6 , déanfaidh BEI méadú ar an tionscnamh seo, bunaithe ar shainiúlachtaí agus ar riachtanais gach Ballstáit. Neartóidh an tionscnamh seo cumas na líonraí baincéireachta áitiúla iasachtaí a thabhairt d’oibreoirí beaga.

Laghdú riosca trí Úsáid Straitéiseach Cistí Poiblí

Tá ról ríthábhachtach ag caipiteal poiblí maidir le rioscaí a laghdú agus maoiniú príobháideach a shlógadh don aistriú chuig fuinneamh glan. Is príomhuirlis é an CAI chun an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfuinneamh glan a laghdú, lena gcuirtear cistiú poiblí ríthábhachtach ar fáil, lena n‑áirítear tríd an gclár InvestEU, clár infheistíochta suaitheanta an Aontais Eorpaigh. Le InvestEU tacaítear le hinfheistíochtaí fuinnimh ghlain ar bhealach trasnaí trí ráthaíochtaí, rud a chumasaíonn infheistíocht i dtionscadail agus i bhfiontair a dhíríonn ar gach céim den fhorbairt, lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta chuig céim an mhéadaithe chomh maith le cur in úsáid. Go dtí seo, tá InvestEU tar éis níos mó ná EUR 57 mbilliún a shlógadh in infheistíochtaí a bhaineann le fuinneamh.

Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh an chéad CAI eile athdhearbhaítear an tacaíocht leanúnach atáthar a thabhairt do mhonaraíocht teicneolaíochta glaine agus dá tionscadail slabhra soláthair 7 agus dá tionscadail aistrithe fuinnimh, lena náirítear ag céim an Taighde agus an Nuálachta, trí ionstraimí airgeadais a neartú chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh, i measc gníomhaíochta eile. Tá maoiniú le haghaidh infheistíochtaí san fhuinneamh ar fáil go háirithe faoi na pleananna CNR, faoin CEI, agus faoin gclár Fís Eorpach, agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) – Fuinneamh, a bhfuiltear tar éis a bhuiséad a mhéadú faoi chúig go dtí thart ar EUR 30 billiún. Leanfaidh Clár Taighde agus Oiliúna Euratom de bheith ina phríomhionstraim chun tacú le taighde agus nuálaíocht núicléach.

I mí an Mheithimh 2025, ghlac an Coimisiún Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CSCCTG) 8 , lena leagtar síos na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar thograí cabhrach na mBallstát le haghaidh tacaíocht airgeadais chun cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus an taistriú glan-nialasach a bhaint amach. Le CSCCTG beifear in ann cabhair a dheonú go tapa do thionscadail. Cuireann sé le hathléimneacht an Aontais trí dhlús a chur leis an neamhspleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise, le dícharbónú earnáil na tionsclaíochta agus le hinfheistíochtaí nua i monaraíocht teicneolaíochta glaine, agus sláine an Mhargaidh Aonair á caomhnú ag an am céanna.

Molann an Coimisiún do na Ballstáit úsáid a bhaint as CSCTG chun dlús a chur le bearta solúbthachta agus sásraí acmhainneachta atá de chineál fuinnimh ghlain agus neamhiontaise, agus le bearta dícharbónaithe tionsclaíocha, agus molann sé dóibh rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinfheistíocht sna réimsí tosaíochta sin trí chistí infheistíochta tiomnaithe. Measann an Coimisiún go bhféadfadh CSCTG infheistíochtaí a shlógadh ar fiú thart ar EUR 100 billiún nó níos mó iad má leanann na Ballstáit de scéimeanna a chur i bhfeidhm atá cosúil leis na scéimeanna a cuireadh ar bun faoin gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe (TCTF) 9 .

Mar chuid den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, tá Moladh leagtha amach ag an gCoimisiún freisin maidir le bearta cánach costéifeachtacha, simplí agus tráthúla a dhearadh lena spreagtar infheistíocht i dteicneolaíochtaí glana agus i ndícharbónú tionsclaíoch 10 .

Gníomhaíocht 3: Laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí nuálacha giniúna fuinnimh ghlain agus stóráil fhadtréimhseach

Measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go mbeidh thart ar 35 % de na laghduithe astaíochtaí a cheanglaítear faoi 2050 ag brath ar theicneolaíochtaí nach bhfuil ar fáil ar an margadh go fóill 11 . Tá rath an aistrithe ag brath go struchtúrach ar an nuálaíocht — ar ghlúin nua teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a thabhairt ar an saol, cinn a bheidh in ann fuinneamh inacmhainne, iontaofa agus dícharbónaithe a sholáthar de réir scála. Molann an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas chun tacú leis an nuálaíocht:

a)An chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a thabhairt chuig céim an tráchtálaithe

Cuirfidh an Coimisiún, i gcomhar le Grúpa BEI, dlús leis an tacaíocht atáthar a thabhairt d’infheistíochtaí príobháideacha i dteicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh ghlain (e.g. stóráil fuinnimh fhadtréimhseach, teicneolaíocht ghaoithe ar snámh, teicneolaíocht ghréine ar snámh, fuinneamh aigéin (tonnta agus taoide), agus fuinneamh gaoithe aeriompartha; cineálacha nua cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh amhail agra-fótavoltachas, ardréitigh in-athnuaite bhithbhunaithe, gabháil agus stóráil carbóin (GSC) agus gabháil, úsáid agus stóráil carbóin (GÚSC) agus chun teicneolaíochtaí seanbhunaithe a leathnú chuig margaí nua a bhfuil rioscaí sonracha forbartha ag baint leo (e.g. éiginnteachtaí geoifisiceacha i ndáil le tionscadail gheoiteirmeacha). D’fhéadfaí a áireamh leis sin sásraí atá ann cheana a neartú nó a leathnú, amhail fiachas fiontair agus oibríochtaí cothromais a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht ó chlár InvestEU. Féachfaidh sé freisin ar infheistíocht a dhéanamh i gcistí atá dírithe ar theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, lena n‑áirítear stóráil fuinnimh fhadtréimhseach.

Ina theannta sin, ní mór treisiú leis an laghdú a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ar rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí glana, go háirithe i gcás ina mbraithimid ar sholáthraithe tríú tír ardriosca. Tá sé fíor-riachtanach anailís chríochnúil a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála le haghaidh gach cur in úsáid a mheastar lena mhaoiniú, agus bearta maolaithe riosca iomchuí a shainiú, nuair is gá.

Leis an gCóras Trádála Astaíochtaí neartaithe agus leathnaithe, méadófar dreasachtaí eacnamaíocha le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus ar an gcaoi sin laghdófar na riachtanais ó thaobh tacaíocht airgeadais de. Leanfaidh an clár Fís Eorpach agus an Ciste don Nuálaíocht de thacaíocht deontais ábhartha a sholáthar. Mar shampla, faoi chlár oibre 2026-27 de chuid Fís Eorpach, tá Glao suaitheanta dar luach EUR 600 milliún á sheoladh ag an gCoimisiún chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus chun dlús a chur le haibíocht theicneolaíoch agus ullmhacht mhargaidh na léiritheoirí ardteicneolaíochta glaine agus dícharbónaithe thionsclaíoch. Thairis sin, faoin Treochlár Straitéiseach um Dhigitiú agus Intleacht Shaorga san Fhuinneamh atá ar na bacáin, seolfaidh an Coimisiún gníomhaíocht maidir le digitiú na bpróiseas ceadúcháin chun tacú le tairseach phíolótach um próiseas ceadúcháin digiteach a fhorbairt le huirlisí GenAI.

b)Imoibreoirí Modúlacha Beaga /Ard-Imoibreoirí Modúlacha

Maidir le roinnt de na coincheapa a baineann le hImoibreoirí Modúlacha Beaga, lena náirítear dearaí ardfhorbartha modúlacha agus dearaí ardfhorbartha Ghlúin IV, tá siad ag dul chun cinn i dtreo riocht ina bhféadfaí iad a léiriú taobh istigh de na 10 mbliana atá le teacht. Tá Straitéis á glacadh ag an gCoimisiún inniu chun Imoibreoirí Modúlacha Beaga a fhorbairt agus a chur in úsáid san Eoraip 12 . Má tá i ndán is go mbainfidh na teicneolaíochtaí sin amach céim an tráchtálaithe go luath sna 2030idí, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhaoiniúcháin atá ann mar gheall ar rioscaí níos airde ó thaobh na teicneolaíochta agus cur in úsáid de.

Tacóidh Grúpa BEI, trí fhiachas fiontair agus táirgí airgeadais eile, le laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí i gcomhréir leis an straitéis maidir le hImoibreoirí Modúlacha Beaga, agus tacófar freisin leis na saoráidí gaolmhara timthrialla breosla agus an slabhra soláthair gaolmhar, a d’fhéadfadh a bheith incháilithe i leith tacaíocht faoin gclár InvestEU freisin 13 .

c)Tacú le méadú na dteicneolaíochtaí nua fuinnimh ghlain tríd an gCiste Eorpach um Méadú Gnólachtaí

Mar chuid den Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2025, sheol an Coimisiún Ciste Eorpach um Méadú Gnólachtaí chun an bhearna mhaoiniúcháin a dhruidim i gcás gnólachtaí domhainteicneolaíochta agus gnólachtaí suaiteacha atá ag méadú. Maidir le cistí fiontair corparáideacha fuinnimh agus infheisteoirí ionchasacha eile a mbeadh suim acu i bhfuinneamh glan nuálach, féadfaidh siad páirt a ghlacadh cheana sa Líonra Infheisteoirí Iontaofa atá ann cheana d’fhonn a bheith ina gcomhpháirtithe infheistíochta sa Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, rud a chomhlánóidh an Ciste Eorpach um Méadú Gnólachtaí.

d)Maoiniú na héifeachtúlachta fuinnimh a neartú

Tá an Coimisiún ag obair, in éineacht le Grúpa BEI, chun an Táirge Ráthaíochta Inbhuanaitheachta InvestEU a neartú, ar táirge é atá faoi bhainistiú CEI. Mar thoradh ar an acmhainneacht bhreise sin, mar aon leis na deiseanna nua a thabharfar isteach trí chomhinfheistíochtaí, beifear in ann rochtain bhreise a fháil ar an táirge ar mhaithe le dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh FBManna.

I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, in 2026 seolfaidh an Coimisiún agus Grúpa BEI scéim phíolótach arb é is aidhm di maoiniú EUR 500 milliún a ghiaráil chun dlús a chur freisin le cur ar fáil agus glacadh le samhlacha ‘éifeachtúlacht fuinnimh mar sheirbhís fuinnimh’, in éineacht le cistí infheistíochta speisialaithe agus le tacaíocht fhéideartha ó Mhol Comhairleach InvestEU. Comhlánóidh sé sin an tacaíocht a thugann Grúpa BEI faoi láthair do sheirbhísí fuinnimh, agus do réitigh dícharbónaithe i gcomhair FBManna.

Sa chéad CAI eile, táthar le tacaíocht a thabhairt do neartú na héifeachtúlachta fuinnimh faoin gCiste Eorpach nua um Iomaíochas. D’fhéadfadh Ionstraim Luasaire um Éifeachtúlacht Fuinnimh uirlisí CEI a úsáid (e.g. meascán de dheontais, tacaíocht inaisíoctha, seirbhísí comhairleacha amhail cúnamh forbartha tionscadail). Tacóidh sé le comhiomlánú tionscadal infheistíochta, lena n‑áirítear tionscadail téimh agus fuaraithe, chun an rochtain a bhíonn acu ar mhargaí caipitil a mhéadú, rud a éascóidh margadh éifeachtúlachta fuinnimh atá intrádála a fhorbairt.

Féadfaidh Grúpa BEI ról lárnach a bheith ag trí thairiscint chomhdhlúite cistiúcháin a mholadh (e.g. iasachtaí, ráthaíochtaí agus deontais), lena n‑áirítear trína chuid acmhainní dílse.

D’fhéadfaí tacaíocht ón Aontas a threorú trí Ionstraim InvestEU CEI agus trí ionstraimí amhail an Tionscnamh um Éifeachtúlacht Fuinnimh do FBManna, agus d’fhéadfadh an tacaíocht a bheith i bhfoirm tacaíocht inaisíoctha, tacaíocht chomhairleach agus deontas.

e)Sineirgí a áirithiú agus cistiú poiblí éifeachtach a uasmhéadú le haghaidh an aistrithe chuig fuinneamh glan

Úsáideann na Ballstáit cistí náisiúnta freisin chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le infheistíochtaí i bhfuinneamh glan; mar sin féin, d’fhéadfadh neamhéifeachtúlachtaí eascairt as an easpa comhordaithe a bhíonn eatarthu. Trí leas a bhaint as creataí atá ann cheana amhail an Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh agus Comhairle Infheistíochta an Aistrithe Fuinnimh (féach Gníomhaíocht 4), éascóidh an Coimisiún malartú faisnéise agus comhar i measc na mBallstát maidir le cur chun feidhme a scéimeanna náisiúnta maoinithe phoiblí (e.g. trí bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh). Is é an aidhm atá ann treoraíocht pholaitiúil a chur ar fáil maidir le tosaíochtaí comhchoiteanna agus úsáid acmhainní a bharrfheabhsú, deireadh a chur le dúbailt oibre i réimsí an taighde agus na forbartha agus sna tionscadail trasteorann, agus comhar trasteorann, comhroinnt dea-chleachtas agus treoirthionscadail a spreagadh.

Idirphlé Infheistíochta Uasghrádaithe & Cistiú Straitéiseach

Gníomhaíocht 4: Comhairle Infheistíochta an Aistrithe Fuinnimh a bhunú

Bunóidh an Coimisiún Comhairle Infheistíochta an Aistrithe Fuinnimh, ar a mbeidh ionadaithe ó institiúidí infheistíochta (lena n‑áirítear infheisteoirí institiúideacha) agus ó institiúidí airgeadais eile, na Ballstáit agus oifigigh an Choimisiúin. Beidh sé ina ardán tiomnaithe, atá dírithe ar chúrsaí fuinnimh, i gcomhair aiseolas straitéiseach, agus cuideoidh sé lena áirithiú go mbeidh beartais agus cistiú an Aontais ag teacht le riachtanais infheisteoirí agus go dtacóidh siad le hinfheistíocht phríobháideach fhadtéarmach in earnáil an fhuinnimh, ag tógáil ar an taithí a fuarthas i gcomhthéacs Idirphlé na nInfheisteoirí maidir le Fuinneamh a bunaíodh in 2022. Áiritheoidh sé go rachaidh a chuid gníomhaíochtaí ar aghaidh gan bheith ag forluí ná ag cur isteach ar struchtúir rialachais CEI amach anseo. Ina theannta sin, cuimseofar leis gné a bhaineann leis an nuálaíocht agus leis an nglacadh sa mhargadh i gcomhar le Plean SET (an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh) agus fiosrófar sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hArdán an Tionscnaimh t‑MM.

Beidh foghrúpa ag Comhairle Infheistíochta an Aistrithe Fuinnimh ina mbeidh ionadaithe ó Ghrúpa BEI, ó Institiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais, ó Bhainc agus Institiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh agus ó bhainc phoiblí náisiúnta eile chun plé a dhéanamh ar ról na n‑institiúidí sin maidir leis na sreafaí maoinithe le haghaidh tionscadail fuinnimh a neartú agus maidir le slógadh caipitil phríobháidigh a fheabhsú.

3Conclúidí agus an bealach chun cinn 

Is ionann infheistíocht a dhéanamh san aistriú chuig fuinneamh glan agus infheistíocht a dhéanamh inár slándáil, inár n‑iomaíochas agus inár n‑inbhuanaitheacht. Is é is aidhm don Straitéis seo agus dá spriocghníomhaíochtaí cuidiú le caipiteal príobháideach institiúideach mórscála a shlógadh, ar an mbonn go n‑aithnítear go bhfuil gá le hinfheistíocht phríobháideach bhreise san aistriú chuig fuinneamh glan ar mhaithe le hiomaíochas, slándáil agus dícharbónú na hEorpa.

Cuireann an Straitéis leis an gcreat beartais agus airgeadais atá ann cheana. Tá creat dlíthiúil láidir intuartha ag an Aontas Eorpach, agus tá a chlár oibre beartais leagtha síos go soiléir. Leis an gcreat fuinnimh agus aeráide do na 10 mbliana amach romhainn atá ar na bacáin, déanfar raon feidhme agus cineál na n‑infheistíochtaí riachtanacha a shoiléiriú a thuilleadh. I R4 2026, cuirfidh an Coimisiún i láthair Measúnú ar Riachtanais Córais Fuinnimh le haghaidh an Aistrithe Ghlain (ENACT) agus an pacáiste reachtach iar-2030, a bheidh bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, chun méid agus cineál na riachtanas infheistíochta a thabhairt cothrom le dáta agus chun tuilleadh gráinneachta agus léargas a sholáthar chun tacú le cinnteoireacht infheisteoirí agus riarachán poiblí.   

Sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a fhoilseofar amach anseo, ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir an rannchuidiú ó cistiú poiblí agus an deis atá ann infheistíochtaí príobháideacha a dhéanamh. Cuideoidh sé sin le feabhas a chur ar an tuiscint atá ann ar dheiseanna cistiúcháin phoiblí agus ar an infheistíocht phríobháideach ar fud na mBallstát, rud a áiritheoidh úsáid spriocdhírithe acmhainní. Beidh CAI 2028-2034 agus scéimeanna tacaíochta poiblí náisiúnta ríthábhachtach mar luamhán chun maoiniú príobháideach a chur ar fáil.

Chun an Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan a chur chun feidhme go rathúil, is gá ailíniú straitéiseach a dhéanamh ar chistí an Aontais agus ar bheartais chumasúcháin, in éineacht le rannpháirtíocht chomhchoiteann institiúidí an Aontais, na mBallstát, an chaipitil institiúidigh agus eintiteas airgeadais príobháideach. Is príomh-chomhpháirtí é Grúpa BEI i gcur chun feidhme na Straitéise seo lena mbeartaítear gealltanas maoinithe foriomlán EUR 75 bhilliún a dhéanamh sna 3 bliana amach romhainn chun tacú le cuspóirí an aistrithe fuinnimh agus na straitéise. Cuirfidh an clár InvestEU go mór le neart Ghrúpa BEI agus comhpháirtithe cur chun feidhme eile maidir le hoibríochtaí ardriosca.

Nuair a chuirfear chun feidhme an Straitéis go hiomlán agus go héifeachtach is cinnte go mbeidh sí in ann torthaí fónta a sholáthar. Déanfaidh an Coimisiún an dul chun cinn i dtreo spriocanna na Straitéise a chur i gcrích agus déanfaidh sé faireachán air trí Chomhairle Infheistíochta an Aistrithe Fuinnimh a sholáthraíonn comhpháirtíocht struchtúrtha leis an bpobal infheistíochta. Tionólfaidh an Coimisiún Eorpach an chéad chruinniú de Chomhairle Infheistíochta an Aistrithe Fuinnimh in R2 2026. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn freisin laistigh de chomhthéacs an Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh.

Is mór an dúshlán a bhaineann le scála na hinfheistíochta. Ach is mór é, leis, méid an chaipitil phríobháidigh atá ar fáil agus a d’fhéadfaí a shlógadh le haghaidh an aistrithe fuinnimh. Tá sé ríthábhachtach don Aontas dlús a chur le luas na hinfheistíochta chun iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus chun a bhfuil sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne a bhaint amach.

(1)

  https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/draghi-report_en .

(2)

Na figiúirí uile a bhaineann le riachtanais infheistíochta sa doiciméad seo, tá siad bunaithe ar an samhaltú do Mheasúnú Tionchair 2040 (SWD/2024/63 final), mura sonraítear a mhalairt.

(3)

EFAMA Bainistiú Sócmhainní san Eoraip (16ú hEagrán, 2024) & EFAMA: Ár dTionscal de réir na nUimhreacha (An Leathanach Sonraí Beo)

(4)

ÚEÁPC: ÚEÁPC agus Institiúidí an Aontais - an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde

(5)

Caitear le bannaí hibrideacha go páirteach mar chothromas, rud a fhágann go mbíonn oibreoirí in ann a n‑acmhainneacht fiachais a mhéadú, agus dá bhrí sin a n‑acmhainneacht infheistíochta a mhéadú, gan teorainneacha creidmheasa a shárú ná an úinéireacht agus an rialú atá ann cheana a lagú.

(6)

San oibríocht seo, cumhdaíonn BEI céatadán de neamhchosaint riosca an bhainc thráchtála ar iasachtaí le haghaidh tionscadail fuinnimh incháilithe ar leibhéal an fhóntais bhardasaigh, rud a chuireann ar a gcumas do na bainc níos lú caipitil a leithdháileadh ar gach fo-iasacht, rud a mhéadaíonn a chumas iasachtaithe, féach https://www.eib.org/en/press/all/2025-469-eib-and-commerzbank-join-forces-for-eur1-2-billion-energy

(7)

I gcomhréir le Rialacháin faoin nGníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta agus faoin nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla

(8)

Chun cúlra breise a fháil féach: https://competition-policy.ec.europa.eu/about/contribution-clean-just-and-competitive-transition/clean-industrial-deal-state-aid-framework-cisaf_ga .

(9)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, (SWD(2025) 850 final, 4.11.2025), lch. 22.

(10)

Moladh an 2.7.2025 ón gCoimisiún maidir le dreasachtaí cánach chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus i bhfianaise Chreat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (C(2025 4319 final)

(11)

An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, Net Zero by 2050 – A Roadmap for the Global Energy Sector, 2021.

(12)

Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Imoibreoirí modúlacha beaga – forbairt agus cur in úsáid amach anseo san Eoraip’, COM(2026) 117.

(13)

Ní féidir ráthaíocht InvestEU a úsáid le haghaidh oibríochtaí a dhíríonn ar dhíchoimisiúnú, oibriú, oiriúnú nó tógáil stáisiún cumhachta núicléiche.

Top