AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.2.2026
COM(2026) 101 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
ProtectEU: Clár Oibre chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac
1.Réamhrá
Leis an gClár Oibre seo, a fógraíodh in ProtectEU: an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach
, cuirtear tús le hiarracht athnuaite chun an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chomhrac, iarracht nach bhfuil aon teorainn léi, bíodh na teorainneacha sin fisiceach nó digiteach. Tá an sceimhlitheoireacht
agus an t‑antoisceachas foréigneach
fós ina ndúshlán leanúnach don Aontas agus dá Bhallstáit. Is dúshlán ar leith iad na naisc atá ag méadú idir an sceimhlitheoireacht agus réimsí coireachta eile, líonraí níos sreabhánaí agus gníomhaithe nach bhfuil chomh dírithe céanna ar an idé‑eolaíocht, chomh maith leis na línte doiléire idir oibríochtaí ar líne agus oibríochtaí fisiceacha, maidir le cionta sceimhlitheoireachta a shainiú agus a shainaithint. I bhfianaise thimpeallacht chasta na bagartha sin, is é an cur chuige is fearr gníomhaíocht aontaithe a dhéanamh, agus cé gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as an tslándáil náisiúnta
, ní mór don Aontas oibriú i gcomhar leo.
Cé go bhfuil níos lú ionsaithe sceimhlitheoireachta comhordaithe ar mhórscála feicthe ag an Aontas, níl an bhagairt imithe i léig ‑ tá forbairt tagtha uirthi. Idir 2019 agus 2023, tháinig méadú níos mó ná faoi dhó ar líon na dteagmhas sceimhlitheoireachta (ó 57 go 120), sular thit sé go 58 in 2024
. Ba iad aisteoirí aonair agus mionchealla is mó a bhí freagrach as ionsaithe a rinneadh le déanaí. Tá leibhéal foriomlán na bagartha fós ard, agus tá sé á mhúnlú ag tionscnóirí bagartha atá ag iolrú
. Cé gurb í an sceimhlitheoireacht jiohádach an bhagairt sceimhlitheoireachta is suntasaí agus is marfaí fós
, tá sceimhlitheoirí agus antoiscigh fhoréigneacha á spreagadh ag raon cúiseanna atá ag leathnú, ar cúiseanna iad nach mbíonn baint acu i gcónaí le hidé‑eolaíocht shonrach, lena n‑áirítear diúltú do luachanna daonlathacha Eorpacha, an frithsheimíteachas, nó an fuath frith‑Mhoslamach
.
Tá gníomhaíocht déanta ag an Aontas cheana féin chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus leis an antoisceachas foréigneach, agus úsáid á baint aige as Clár Oibre 2020 an Aontais Eorpaigh don Fhrithsceimhlitheoireacht
mar threochlár chun Aontas níos sábháilte a chruthú. Ó tharla na hionsaithe gránna ar fud na hEorpa 10 mbliana ó shin, lena n‑áirítear i bPáras agus sa Bhruiséil, tá creat dlíthiúil cuimsitheach curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun cionta sceimhlitheoireachta a choiriúlú, chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne agus chun srian a chur leis an rochtain ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta, ar airm thine agus ar phléascáin. Neartaíomar ár gcumas taisteal sceimhlitheoireachta ag teorainneacha seachtracha a bhrath agus a stop a chur leis le córais nuachóirithe don tslándáil agus do bhainistiú teorainneacha, le comhroinnt faisnéise níos fearr agus le comhar níos dlúithe laistigh den Aontas agus le tíortha nach Ballstát den Aontas iad chomh maith.
Tá tacaíocht oibríochtúil agus uirlisí curtha ar fáil ag gníomhaireachtaí an Aontais do na Ballstáit agus tá imscrúduithe agus ionchúisimh sceimhlitheoireachta níos éifeachtaí a bhuí leo, rud a d'fhág gur gabhadh níos mó ná 2,000 duine agus gur ciontaíodh os cionn 1,800 duine as cionta sceimhlitheoireachta
le 5 bliana anuas. Chuir struchtúir tacaíochta ar leibhéal an Aontais, amhail Mol Eolais an Aontais maidir le Radacú a Chosc agus an Clár Comhairleach um Shlándáil Cosanta, ar a gcumas do na Ballstáit tairbhe a bhaint as cleachtais agus saineolas comhroinnte, rud a mhéadaíonn athléimneacht ar fud an Aontais. Le cur leis na héachtaí sin, sainaithnítear sa Chlár Oibre seo, a forbraíodh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, na bearnaí atá fós ann agus leagtar amach ann céimeanna nithiúla chun aghaidh a thabhairt orthu.
Cruthaíonn forbairtí geopholaitiúla agus coinbhleachtaí seachtracha tuilleadh rioscaí agus bíonn tionchar acu ar shlándáil an Aontais. Spreag ionsaithe Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus an choinbhleacht ina dhiaidh sin in Gaza fuath agus gríosú méadaithe chun foréigin ar fud an speictrim idé‑eolaíoch. Tá gníomhaithe jiohádacha tar éis na himeachtaí sin a ionstraimiú trí mhífhaisnéis ar líne agus trí ghlaonna sainráite ar fhoréigean. Tá gníomhaithe antoisceacha na heite clé agus na heite deise tar éis leas as insintí comhchosúla freisin. Cuireann sé sin leis an riosca go ndéanfaí ionsaithe. Tá an Stát Ioslamach agus a chleamhnaithe fós ar cheann de na príomhbhagairtí seachtracha ar an Aontas mar gheall ar a gcumas ionsaithe a spreagadh. Is ábhar imní slándála í an staid luaineach sa tSiria mar gheall ar an mborradh a d’fhéadfadh teacht arís ar eagraíocht an Stáit Ioslamaigh agus todhchaí éiginnte na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta i saoráidí coinneála agus i gcampaí in Oirthuaisceart na Siria. Tá eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ag díriú níos minice ar phearsanra daonnúil agus ar oibríochtaí daonnúla trí fhoréigean, imeaglú agus bac.
Ina theannta sin, i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tá réimse sabaitéireachta agus gníomhaíochtaí hibrideacha atá ag dul i méid déanta ag an Rúis in aghaidh an Aontais. Sáraíonn na gníomhaíochtaí sin ceannasacht chríochach na mBallstát, baineann siad an bonn de shláine institiúidí daonlathacha, agus is bagairt dhíreach iad ar shábháilteacht agus ar shlándáil an phobail shibhialtaigh. Ina theannta sin, tá gníomhaíochtaí tionchair comhordaithe á ndéanamh ag gníomhaithe atá nasctha leis an Rúis, lena n‑áirítear scaipeadh insintí antoisceacha foréigneacha agus insintí deighilteacha eile san Eoraip. Chuir an choinbhleacht i dtábhacht freisin na rioscaí slándála a d’fhéadfadh a bheith ag baint le filleadh saorálaithe eachtracha agus iarchomhraiceoirí Rúiseacha a bhfuil taithí chomhraic acu.
Bhí ar an Aontas aghaidh a thabhairt freisin ar bhagairtí casta atá urraithe ag grúpaí sceimhlitheoireachta agus ag gníomhaithe eachtracha stáit agus neamhstáit. Tá gníomhaithe naimhdeacha ag dul i muinín modi operandi sceimhlitheoireachta amhail gairis loiscneacha seiftithe a chur in aerlasta, cibirionsaithe agus sabaitéireacht ar bhonneagar criticiúil, chomh maith le sceimhlitheoirí agus antoiscigh fhoréigneacha a úsáid mar ionadaithe. Tá naisc faille fós ann idir an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe agus an chibearchoireacht, nithe a bhaineann úsáid as samhlacha coir mar sheirbhís, comhthiomsuithe earcaíochta coiteanna, margaí coiriúla agus líonraí baincéireachta faoi thalamh
. Na naisc a bhfuil méadú tagtha orthu idir an sceimhlitheoireacht, an chibearchoireacht, trasnaíocht eachtrach naimhdeach agus an choireacht eagraithe, tá dúshláin ag baint leo ó thaobh freagracht choiriúil a shannadh agus freagairtí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chomhordú.
Tá méadú mór tagtha ar an líon mionaoiseach atá páirteach sa sceimhlitheoireacht agus san antoisceachas foréigneach ar fud na hEorpa. In 2024, bhí beagnach trian de na daoine faoi dhrochamhras sceimhlitheoireachta san Aontas faoi bhun 20 bliain d’aois, agus ní raibh an duine is óige acu ach 12 bhliain d’aois. Tá an chuid is mó de na mionaoisigh sin nasctha leis an sceimhlitheoireacht jiohádach, cé go bhfuil antoisceachas foréigneach na heite deise ag teacht chun cinn, go háirithe trí líonraí luasghéaraithe, ‘clubanna gníomhacha’
agus líonraí antoisceacha ar líne
a scaipeann ábhar foréigneach agus a chomhéigníonn mionaoisigh leochaileacha chun gníomhartha féindíobhála agus foréigin a dhéanamh. Tá idé‑eolaíochtaí measctha tar éis a bheith feiceálach, agus tá spéis san fhoréigean ina phríomhchúis le go leor ionsaithe a dhéanann ghníomhaithe aonair.
Tá méadú ag teacht ar an leas a bhaineann sceimhlitheoirí agus antoiscigh fhoréigneacha as an éiceachóras ar líne, teicneolaíochtaí nua, na meáin shóisialta agus ardáin cluichíochta chun ábhar díobhálach a chomhroinnt, bréagaisnéis a scaipeadh, radacú a dhéanamh, cistí a thiomsú agus daoine a earcú. Cuireann an méadú algartamach ar ábhar antoisceach leis an radacú. Comhordaíonn gníomhaithe sceimhlitheoireachta pleananna ar ardáin chumarsáide chriptithe ó cheann go ceann agus maoiníonn siad a líonraí agus a n‑ionsaithe le criptea‑airgeadraí, le sócmhainní digiteacha neamh‑idirmhalartacha agus le ‘hawala digiteach’
. Baintear mí‑úsáid as IS giniúnach chun lámhleabhair treoracha a chruthú le haghaidh ionsaithe. Cuireann teicneolaíocht priontála 3T (e.g. chun airm thine a mhonarú) agus an méadú atá tagtha ar úsáid córas aerárthaí gan foireann (dróin) leis an mbagairt a thuilleadh.
Le cur le comhairliúcháin fhorleathana le páirtithe leasmhara agus leis na Conclúidí ón gComhairle le déanaí maidir leis
an sceimhlitheoireacht, comhcheanglaítear leis an gClár Oibre gníomhaíochtaí tábhachtacha leanúnacha le tionscnaimh nua chun coinneáil suas le timpeallacht na bagartha atá ag athrú go tapa. Leagtar amach ann gníomhaíochtaí sonracha chun bagairtí a thuar, an radacú a chosc, daoine a chosaint ar líne agus as líne araon, freagairtí tapa comhordaithe ar ionsaithe a áirithiú, agus an comhrac domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta á neartú an tráth céanna i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an dlí um chearta an duine agus an dlí daonnúil.
Is í an fhreagairt is éifeachtaí ar an sceimhlitheoireacht freagairt a léiríonn an tiomantas dár luachanna atá faoi ionsaí; dá bhrí sin, tá gach gníomhaíocht fréamhaithe san urraim do chearta bunúsacha. Chun an fhreagairt sin a chomhlánú agus a thabhairt chun críche, iarrtar ar na Ballstáit a straitéisí náisiúnta a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus an creat straitéiseach a leagtar amach sa Chlár Oibre seo á leanúint acu.
2.Colúin chun an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chomhrac
2.1 Bagairtí a réamh‑mheas
Tosaíonn an tslándáil le réamhaíocht agus fadbhreathnaitheacht éifeachtach. Tá acmhainneachtaí láidre maidir le feasacht staide frithsceimhlitheoireachta forbartha ag an Aontas. Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise an Aontais (SIAC), arb é an pointe iontrála aonair é le haghaidh rannchuidithe faisnéise ó na Ballstáit, soláthraíonn sé measúnuithe tráthúla ar bhagairtí, agus cuireann Europol tuarascálacha rialta ar fáil maidir le treochtaí bunaithe ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí.
Tabharfaidh an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) tús áite do SIAC a neartú ó thaobh acmhainní agus acmhainneachtaí de. Chomh maith le bealaí cumarsáide slána a chur i bhfeidhm agus bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht i ndáil leis an Rialachán atá beartaithe maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais, oibreoidh an Coimisiún agus an tArdionadaí chun feasacht fhoireann an Aontais a neartú a thuilleadh chun cultúr ‘ar bhonn riachtanais comhroinnte’ a chothú agus an prionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’ maidir le faisnéis rúnaicmithe á chaomhnú an tráth céanna.
Mar gheall ar chineál dinimiciúil dothuartha na mbagairtí atá ag teacht chun cinn, tá gá le hacmhainneachtaí réamh‑mheasta neartaithe i dtaobh fhorfheidhmiú an dlí. Mar a leagtar amach in Protect EU: an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, molfaidh an Coimisiún feabhas a chur ar thacaíocht anailíseach Europol, lena n‑áirítear acmhainneachtaí faisnéise foinse oscailte (OSINT). I gcás inar féidir, d’fhéadfaí tuarascálacha treochtaí, coimrí staide agus anailísí téamacha Europol a sholáthar i bhformáidí neamhaicmithe chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn chun tacú le hiarrachtaí luathbhraite agus coiscthe. Ina theannta sin, cuideoidh na hanailísí ar bhagairtí atá á n‑ullmhú ag an gCoimisiún mar a fógraíodh in ProtectEU: an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach freisin leis na bagairtí atá ag teacht chun cinn agus na freagairtí beartais a shainaithint chun an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chomhrac.
Tá an fhadbhreathnaitheacht chomh riachtanach céanna chun na rioscaí agus na deiseanna a eascraíonn as teicneolaíochtaí nua a shainaithint
. Leanfaidh obair an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde de thaighde slándála a threorú. Chun leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí nua ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí agus chun ullmhú chun cur in aghaidh na mí‑úsáide a bhaineann sceimhlitheoirí agus antoiscigh fhoréigneacha astu, treiseoidh an Coimisiún taighde slándála faoin gclár Fís Eorpach agus faoin gcistiú Slándála Inmheánaí le glaonna tiomnaithe in 2026 agus ina dhiaidh sin. Ar na tosaíochtaí taighde, beidh acmhainneachtaí luathbhraite agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí, amhail IS, dul i ngleic le húsáid antoisceach ardán ar líne, modhanna nua maoinithe sceimhlitheoireachta (e.g. cripteashócmhainní), agus saoránaigh agus spásanna poiblí a chosaint ar bhagairtí a bhaineann le húsáid pléascán, drón agus arm priontáilte 3T, chomh maith le hairm lannacha agus pulcadh feithiclí. Chun a áirithiú go nglacfar le torthaí taighde, tacóidh an Coimisiún freisin le réitigh arna gcistiú ag an Aontas a thástáil agus a chur in úsáid chun uirlisí agus modheolaíochtaí úrscothacha a thabhairt d’fhorfheidhmiú an dlí chun an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chosc, a bhrath agus chun freagairt dóibh go héifeachtach.
|
PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Tacú le bealaí cumarsáide slána a chur i bhfeidhm idir institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais
·Taighde slándála faoin gclár Fís Eorpach agus faoi chistiú na Slándála Inmheánaí a threisiú
·Tacú le réitigh arna gcistiú ag an Aontas a thástáil agus a chur in úsáid chun uirlisí úrscothacha a thabhairt d’fhorfheidhmiú an dlí
Déanfaidh an tArdionadaí an méid seo a leanas:
·SIAC a neartú mar ábhar tosaíochta i gcomhréir le Páipéar Comhpháirteach an Ardionadaí agus na mBallstát
Déanfaidh Europol an méid seo a leanas:
·Tacaíocht anailíseach agus acmhainneachtaí faisnéise foinse oscailte (OSINT) a fheabhsú
Moltar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:
·An chaibidlíocht faoin Rialachán maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thabhairt chun críche
|
2.2 An radacú a chosc
Is éard atá i gceist leis an radacú a chosc dul i ngleic le cúiseanna an radacaithe sula dtagann siad i réim. Chuige sin, tá gá le cur chuige uile‑shochaí, ina mbeidh páirtithe leasmhara rannpháirteach san oideachais, i seirbhísí sóisialta, seirbhísí culturtha agus seirbhísí don óige, i bhforfheidhmiú an dlí, sna príosúin agus sna seirbhísí promhaidh, sna pobail áitiúla, in eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus i dtimpeallachtaí ar líne. Ba chéim chun cinn i mbeartas coiscthe an Aontais é Mol Eolais an Aontais Eorpaigh maidir le Radacú a Chosc (‘Mol Eolais’)
a bhunú i mí an Mheithimh 2024 agus EUR 60 milliún a leithdháileadh thar thréimhse 4 bliana.
Nascann an Mol Eolais breis agus 6,000 lucht ceaptha beartas, taighdeoir agus cleachtóir ar fud na hEorpa le chéile agus forbraíonn sé treoraíocht do lucht ceaptha beartas agus do chleachtóirí, uirlisí praiticiúla, oiliúint agus seirbhísí tacaíochta saincheaptha. Feidhmíonn sé faoi na Treoshuíomhanna Straitéiseacha
arna leagan síos ag na Ballstáit agus a thabharfar cothrom le dáta in 2027. Leagtar amach sa Chlár Oibre seo cúraimí nithiúla don Mhol Eolais agus áirithítear leis go gcomhlíonfaidh sé a shainordú go hiomlán trí na cúraimí sin a aistriú ina dtacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit, rud a chuideoidh leo rioscaí atá ag teacht chun cinn a réamh‑mheas agus freagairtí tírshonracha ar an radacú a shainaithint.
2.2.1. Bosca uirlisí um chosc a fhorbairt do mhionaoisigh
Tá iarmhairtí forleathana ag baint le rannpháirtíocht mionaoiseach sa radacú agus sa sceimhlitheoireacht, rud a dhéanann difear ní hamháin do na mionaoisigh lena mbaineann, ach do phobail agus do shochaithe ina n‑iomláine freisin. Chun aghaidh a thabhairt ar ráta imníoch na mionaoiseach atá á radacú ar fud na hEorpa, cuirfidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí an Mhoil Eolais agus cuirfidh sé treoraíocht straitéiseach ar fáil maidir le radacú mionaoiseach a chosc. Díreoidh sé ar luathbhrath, tosca cosantacha a neartú, athléimneacht trí oideachas
agus lánpháirtiú sóisialta, go háirithe i gcás mionaoisigh leochaileacha, tacaíocht do theaghlaigh agus do phobail, rannpháirtíocht shábháilte ar líne, agus comhar ar fud na n‑earnálacha, agus cuirfidh sé le hobair líonraí de chuid na nIonad um Idirlíon Níos Sábháilte atá ann cheana sna Ballstáit agus sna tíortha is iarrthóirí.
Aithníonn an Coimisiún gur féidir le dúshláin mheabhairshláinte mionaoisigh a dhéanamh níos leochailí i leith insintí antoisceacha, foréigin agus earcaíochta. Dá bhrí sin, cuirfidh sé comhar níos dlúithe chun cinn idir gníomhaithe coisctheacha agus seirbhísí meabhairshláinte i gcur chuige comhtháite maidir le cosaint leanaí
. Ar an gcaoi sin, moltar do na Ballstáit saineolas agus tacaíocht shíceasóisialta a chomhtháthú ina gcreataí coisctheacha.
2.2.2.
Sochaithe athléimneacha a thógáil
Chun athléimneacht na bpobal a neartú, tá an Clár um Rannpháirtíocht agus Cumhachtú Pobail á sheoladh ag an gCoimisiún lena leithdháiltear EUR 5 mhilliún chun scileanna digiteacha a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do chleachtóirí le haghaidh idirghabhálacha éifeachtacha ar líne agus chun guthanna na hóige atá rannpháirteach i gcosc a mhéadú.
Is príomhghealltanas Eorpach i gcónaí é gach pobal creidimh a chosaint ar an bhfuath, ar an idirdhealú agus ar an bhforéigean. Cuirfidh an Coimisiún dlús le cur chun feidhme Straitéis an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a chothú
agus bunóidh sé líonra chun an fhuathchaint fhrithsheimíteach ar líne a chomhrac. I gcomhréir leis an Straitéis sin, leanfaidh Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise an Aontais d’anailísí ar bhagairtí sonracha ar dhaoine Giúdacha, ar phobail Ghiúdacha agus ar ionaid adhartha Ghiúdacha a chuimsiú ina measúnuithe rialta ar bhagairtí. Moltar do na Ballstáit na moltaí ón gComhar Tionscadalbhunaithe maidir leis an bhfrithsheimíteachas agus an tAntoisceachas Foréigneach a Chosc agus a Chomhrac a leanúint
.
Chun freagairt an dlí choiriúil ar gach cineál fuatha a neartú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear fuath frith‑Mhoslamach atá ag dul i méid, tá tionscnamh reachtach á mheas ag an gCoimisiún chun an sainmhíniú ar chionta fuatha a dhéantar ar líne a chomhchuibhiú
. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le Europol chun feabhas a chur ar bhrath ábhair antoiscigh le cúnamh na hintleachta saorga, ar tháscairí bagartha comhroinnte, agus ar chomhar níos tapúla idir ardáin, forfheidhmiú an dlí agus taighdeoirí chun bolscaireacht a ghintear leis an intleacht shaorga agus feachtais radacaithe chomhordaithe a shainaithint.
2.2.3. Aghaidh a thabhairt ar an radacú i bpríosúin, radacú lucht fágála príosúin agus filleadh Trodaithe Eachtracha Sceimhlitheoireachta agus a mball teaghlaigh a bhainistiú
I bhfianaise go bhféadfaí príosúnaigh a bhfuil a bpianbhreith curtha isteach acu ach a d’fhéadfadh a bheith radacaithe
a scaoileadh saor, is gá comhordú níos láidre agus bearta athimeasctha saincheaptha a bheith ann. Ba cheart do na Ballstáit comhroinnt faisnéise idir údaráis phríosúin, phromhaidh agus forfheidhmithe dlí a neartú agus cláir dhíscoir agus ath‑imeasctha fhianaisebhunaithe a chur chun feidhme.
Tacóidh an Mol Eolais leis na hiarrachtaí sin trí uirlisí a fhorbairt chun rioscaí a mheasúnú agus a bhainistiú sa chéim réamheisiúna, agus soláthróidh an Coimisiún treoraíocht chun tacú le cuir chuige náisiúnta maidir le lucht fágála príosúin radacaithe.
Chun bainistiú a dhéanamh ar na dúshláin chasta a bhaineann le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus a dteaghlaigh a fhilleadh, moltar do na Ballstáit leanúint de chosc a chur ar imeachtaí chuig limistéir choinbhleachta agus ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh ar throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a fhilleann. Tacóidh an Mol Eolais leis na Ballstáit le huirlisí chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus chun fillithe a bhainistiú go sábháilte, maille le hoiliúint maidir le hathshlánú agus ath‑imeascadh, agus leagfar béim ar leanaí a chosaint chun a leasa.
2.2.4. Tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta
Bíonn iarmhairtí fadtéarmacha ann d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta agus bíonn tacaíocht speisialaithe de dhíth orthu. Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú le déanaí maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach
lena neartófar cosaint chearta íospartaigh na sceimhlitheoireachta, arna chomhlánú le Straitéis an Aontais Eorpaigh nua um Chearta Íospartach. Cuirfidh an Coimisiún feabhas freisin ar infheictheacht Lá Cuimhneacháin an Aontais ar íospartaigh na sceimhlitheoireachta agus tacóidh sé le comhlachais íospartach trína ról gníomhach i gcláir choisc a chur chun cinn.
|
PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Mol Eolais an Aontais, an méid seo a leanas:
·Bosca Uirlisí um Chosc a fhorbairt do Mhionaoisigh, lena n‑áirítear Treoraíocht do Thuismitheoirí maidir le Muilte Óga a Chosaint ón Radacú sa timpeallacht ar líne agus samhlacha praiticiúla do bheolínte agus d’ionaid glaonna chun comharthaí radacaithe a thuairisciú agus chun gníomhú ina leith
·Nósanna imeachta caighdeánaithe agus modheolaíocht chomhchoiteann meastóireachta riosca a fhorbairt le haghaidh príosúnaigh radacaithe sa chéim réamheisiúna
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Clár Rannpháirtíochta agus Cumhachtaithe an Chomhphobail a sheoladh in éineacht leis an gClár Oibre seo
·Moltaí a fhorbairt maidir le radacú mionaoiseach agus lucht fágála príosúin a chosc
·Straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta íospartach a thíolacadh
·Oibriú i gcomhar le Europol chun feabhas a chur ar bhrath ábhar feachtais antoiscigh agus radacaithe le cúnamh ón intleacht shaorga
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Cosc an radacaithe a leabú san oideachas agus sa spórt, agus leas á bhaint as na moltaí, na huirlisí agus na dea‑chleachtais a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais
·Feachtais straitéiseacha chumarsáide agus feasachta a neartú, agus leas á bhaint as an tacaíocht a chuireann Mol Eolais an Aontais ar fáil
·Comhroinnt faisnéise a neartú agus cláir dhíscoir agus ath‑imeasctha a chur chun feidhme do lucht fágála príosúin
·Imeachtaí chuig limistéir choinbhleachta a chosc agus trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a fhilleann a ionchúiseamh
|
2.3 Daoine a chosaint ar líne
Le blianta beaga anuas, tá ceann de na creataí rialála is forbartha ar domhan forbartha ag an Aontas chun gníomhaíocht sceimhlitheoireachta ar líne a chomhrac, arna chomhlánú le comhar deonach ó na Ballstáit, ó na hardáin ar líne agus ó Europol.
Mar sin féin, bíonn an bhagairt ag forbairt i gcónaí. Téann líonraí antoisceacha in oiriúint do chúrsaí go tapa, baineann siad leas as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus aistríonn siad ó ardáin oscailte go leas a bhaint as comhráite dúnta agus seirbhísí criptithe. D’fhéadfadh sé sin dúshláin thromchúiseacha a chruthú maidir le pleananna sceimhlitheoireachta a bhrath agus a chosc, líonraí sceimhlitheoireachta agus a lucht tacaíochta a mhapáil, agus gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ina theannta sin, tagann méadú níos éasca ar ábhair sceimhlitheoireachta, rud a éilíonn uirlisí braite níos cliste chun a áirithiú nach dtiocfaidh ábhar sceimhlitheoireachta sainaitheanta chun cinn arís in áiteanna eile. Neartóidh an Coimisiún forfheidhmiú an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) agus tacóidh sé le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, dúnfaidh sé na bearnaí atá fós ann, agus áiritheoidh sé freagairtí níos tapúla agus níos comhordaithe chun an spás ar líne a choinneáil sábháilte agus athléimneach in aghaidh mí‑úsáide, agus urraim do chearta bunúsacha á háirithiú an tráth céanna. Mar a fógraíodh in Protect EU: an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, cuirfidh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta ar aghaidh freisin um Leanaí a Chosaint ar an gCoireacht, ina mbeidh bearta chun aghaidh a thabhairt ar radacú agus ar earcaíocht sa choireacht ar líne agus as líne araon.
2.3.1. Leas iomlán a bhaint as creataí rialála chun dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta agus antoisceach ar líne
Tá ról lárnach tar éis a bheith ag an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne maidir le cur i gcoinne scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, ós rud é gur féidir ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas go tapa a bhuí leis. Léiríodh a thábhachtaí atá sé tar éis ionsaithe Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023, nuair a eisíodh na céadta ordú baint anuas i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta
.
Faoi mhí na Nollag 2025, bhí 2 032 ordú baint anuas agus níos mó ná 97 900 tarchur le haghaidh baint dheonach seolta cheana féin ag údaráis na mBallstát
. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don chur chun feidhme, forbróidh Europol bunachar sonraí Eorpach um chomhroinnt haiseanna (bunachar sonraí de loirg dhigiteacha (‘haiseanna’)) le haghaidh ábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar antoisceach foréigneach. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do na Ballstáit agus na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar a mharcáil, a mheaitseáil agus a bhaint anuas go slán ar fud na n‑ardán, lena n‑áirítear ábhar a bhaintear faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne.
Tabharfaidh an Coimisiún an mheastóireacht ar an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne i gcrích faoi dheireadh 2026. Ar bhonn na meastóireachta, féachfaidh an Coimisiún ar an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne a neartú a thuilleadh chun é a choinneáil oiriúnach dá fheidhm agus déanfaidh sé é a shimpliú i gcás inar féidir, agus coimircí á gcaomhnú an tráth céanna chun cearta bunúsacha a chosaint go héifeachtach. Áiritheoidh an Coimisiún go comhthreomhar go ndéanfar reachtaíocht ábhartha eile lena gcosnaítear an spás digiteach a fhorfheidhmiú go dian, amhail an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) agus an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc.
Is ollstruchtúr treisithe agus comhthacúil
iad an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne agus GSD chun gníomhaíocht sceimhlitheoireachta agus antoisceachas foréigneach ar líne a chomhrac. Cé go mbunaítear leis an GSD creat cothrománach d’oibleagáidí díchill chuí d’idirghabhálaithe ar líne chun aghaidh a thabhairt ar ábhar neamhdhleathach ar líne agus ar a aimpliú algartamach, agus chun rioscaí sistéamacha a bhaineann lena seirbhísí a mhaolú, leagtar síos sa Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne ceanglais earnáilsonracha maidir le hábhar sceimhlitheoireachta agus mear‑uirlisí oibríochtúla chun ábhar a bhaint. Tá an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach ar líne aitheanta cheana féin ag ardáin agus innill chuardaigh an‑mhór ar líne mar rioscaí sistéamacha
. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar na bearta maolaithe a cuireadh chun feidhme agus forfheidhmeoidh sé an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha i gcás inar gá.
Ina theannta sin, tá ról lárnach ag an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha maidir le forfheidhmiú éifeachtach comhsheasmhach an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a áirithiú ar fud na mBallstát, lena n‑áirítear oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse aghaidh a thabhairt ar radacú neamhdhleathach agus ar ábhar antoisceach foréigneach. Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga
, comhchuibhítear na rialacha maidir leis an intleacht shaorga, lena n‑áirítear na rialacha maidir le huirlisí intleachta saorga ardriosca. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun tacú le forfheidhmiú an dlí agus leis na breithiúna feabhas a chur ar a gcumas bagairtí a bhrath agus a chosc le córais IS iontaofa dheimhnithe le haghaidh úsáidí ardriosca, agus cearta bunúsacha á n‑urramú an tráth céanna. Leis an Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga, tacófar a thuilleadh le réitigh intleachta saorga a fhorbairt agus a ghlacadh chun críocha na slándála inmheánaí. Ó mhí Lúnasa 2026 ar aghaidh, cuirfear toirmisc an Ghnímh um an Intleacht Shaorga i bhfeidhm, lena gcuirfear toirmeasc ar chórais intleachta saorga ar mhargadh an Aontais agus ar bhotaí comhrá lena ndéantar ionramháil ar úsáideoirí, lena n‑áirítear i gcás ina n‑eascraíonn radacú as cúbláil den sórt sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó díobháil mhór eile a dhéanamh. Thairis sin, má mhéadaíonn samhlacha móra intleachta saorga giniúnaí ionramháil dhíobhálach as a n‑eascraíonn radacú úsáideoirí, beidh ar sholáthraithe measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sin agus iad a mhaolú, agus rachaidh an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga i dteagmháil leo chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.
2.3.2.
Ag obair le hearnáil na tionsclaíochta
Tá comhar deonach le soláthraithe seirbhíse ar líne fíor‑riachtanach chun freagairt do threochtaí atá ag teacht chun cinn agus do thimpeallacht bhagartha ar líne atá ag athrú. Chuige sin, is é Fóram Idirlín an Aontais príomhbhealach an Choimisiúin, agus neartófar a thuilleadh é. Is sampla den scoth é an Fóram seo den chomhar príobháideach‑poiblí lena dtugtar le chéile aireachtaí Bhallstáit an Aontais, údaráis forfheidhmithe dlí, an tsochaí shibhialta agus soláthraithe seirbhíse ar líne, lena n‑áirítear ardáin na meán sóisialta. Fágann sé sin gur féidir tosaíochtaí a mhalartú agus tacaíonn sé le freagairtí comhordaithe cuimsitheacha maidir leis an radacú a chomhrac agus leathadh ábhair sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha a theorannú.
Oibreoidh an Coimisiún freisin leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, i gcomhar le páirtithe leasmhara agus cuideachtaí ábhartha forfheidhmithe dlí, chun iarrachtaí a threisiú i gcoinne scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta agus antoiscigh fhoréignigh, chomh maith le radacú ar líne, faoi GSD. D’fhéadfaí a chuimsiú leis sin, i gcás inar gá, gníomhaíochtaí sonracha lena dtacaítear le soláthraithe seirbhíse ar líne GSD a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin bearta maolaithe éifeachtacha a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha, treoirlínte deonacha agus cód iompair nó creataí comhair dheonaigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist leo freisin moltaí nó comhairle a eisiúint do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun tacú le gníomhaíocht chomhordaithe ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe maidir le seirbhísí nach gcáilíonn mar ardáin nó innill chuardaigh an‑mhór ar líne. Féadfaidh siad díriú freisin ar mhalartú faisnéise ábhartha a fheabhsú agus a chuíchóiriú maidir le treochtaí agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn idirghabhálaithe ar líne.
Cuireann teoiricí comhcheilge, insintí antoisceacha agus ábhar an‑fhoréigneach agus teorannach le radacú agus polarú. Faoi chuimsiú Fhóram Idirlín an Aontais, éascóidh Europol comhar le soláthraithe seirbhíse ar líne chun feabhas a chur ar láimhseáil ábhair den sórt sin, nuair a ionchorpraítear é in insintí a ghríosaíonn sceimhlitheoireacht nó a earcaíonn lena aghaidh
, agus cearta bunúsacha á gcaomhnú an tráth céanna.
Tá méadú ag teacht ar an leas a bhaineann sceimhlitheoirí agus gníomhaithe antoisceacha as cluichíocht ar líne chun bolscaireacht a scaipeadh, chun daoine a dhí‑íogrú i leith foréigin, agus chun lucht leanúna, lena n‑áirítear mionaoisigh, a earcú. Chun cur ina choinne sin, cothóidh Fóram Idirlín an Aontais comhar idir earnáil na cluichíochta agus forfheidhmiú an dlí atá dírithe ar mhionaoisigh a chosaint agus fiosróidh sé treoraíocht a fhorbairt chun earcaíocht sna spásanna sin a chosc. Forbróidh Europol cumas tiomnaithe chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar mhí‑úsáid den sórt sin. Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar ghnéithe slándála na cluichíochta ar líne mar chuid dá straitéis fhoriomlán maidir le físchluichí, straitéis atá le heisiúint in 2026.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán go comhthreomhar go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhíse ar líne a ngealltanais faoin gCód Iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne+ a chomhrac.
2.3.3.
Freagairt éifeachtach chomhordaithe ar ghéarchéimeanna a áirithiú ar líne
Le Prótacal Géarchéime an Aontais, cuirtear creat deonach ar fáil le haghaidh comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí agus soláthraithe seirbhíse ar líne tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta a bhfuil tionchar mór aige ar líne. Déanfar é a athbhreithniú ina Chreat Freagartha ar Ghéarchéimeanna ar Líne an Aontais agus cuirfidh sé ar chumas na mBallstát é a úsáid i gcás ina mbeidh gníomhaíocht mhéadaithe ar líne a bhaineann le hionsaí mar thoradh ar theagmhas, agus é a dhaingniú i GSD, agus ar an gcaoi sin freagairt chomhordaithe a áirithiú lena ngiarálfar forálacha géarchéime GSD. Éascóidh Europol freagairt oibríochtúil ar ghéarchéimeanna le hardán teicniúil lena gcumasófar comhordú tapa. Forbróidh an Coimisiún treoraíocht freisin d’fhorfheidhmiú an dlí agus do sholáthraithe seirbhíse ar líne maidir le píosaí scannánaíochta d’ionsaithe sceimhlitheoireachta arna dtaifeadadh ag duine ar an láthair a láimhseáil, rud a chosnóidh dínit na n‑íospartach.
Tá an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha ag obair ar chomhairle phraiticiúil chun tacú le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí ábhartha. Leis na hoibleagáidí sin, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí óstála údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas go pras. Tá feidhm aige sin nuair a thagann soláthraithe ar an eolas faoi fhaisnéis as a n‑eascraíonn amhras go bhfuil cion coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó do shábháilteacht duine ag tarlú, gur tharla sé nó gur dócha go dtarlóidh sé. Féadfar cineálacha sceimhlitheoireachta agus antoisceachas foréigneach neamhdhleathach a áireamh sna cionta sin freisin.
|
PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·An t‑athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a fhiosrú, bunaithe ar an meastóireacht a rinneadh air
·Leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na n‑oibleagáidí atá ar ardáin an‑mhór ar líne agus ar innill chuardaigh faoi GSD agus dlús a chur leis na hoibleagáidí sin chun rioscaí sistéamacha a mhaolú a bhaineann le hábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar antoisceach foréigneach a scaipeadh
·Comhar níos dlúithe a éascú idir an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha agus údaráis forfheidhmithe dlí agus cuideachtaí maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach ar líne a chomhrac
·Sruth oibre nua a fhorbairt i bhFóram Idirlín an Aontais chun sásraí tacaíochta d’úsáideoirí soláthraithe seirbhíse ar líne agus idirghabhálacha dearfacha a neartú chun radacú ar líne a chosc
·Creat Freagartha ar Ghéarchéimeanna ar Líne an Aontais a chomhtháthú faoi GSD
·Treoraíocht a fhorbairt maidir le píosaí scannánaíochta d’ionsaithe sceimhlitheoireachta arna dtaifeadadh ag duine ar an láthair a láimhseáil
Déanfaidh Europol an méid seo a leanas:
·Bunachar sonraí Eorpach um chomhroinnt haiseanna a fhorbairt le haghaidh ábhar sceimhlitheoireachta agus antoisceach
·Comhar ar leibhéal an Aontais le soláthraithe seirbhíse ar líne a éascú chun feabhas a chur ar láimhseáil cineálacha ábhair neamhdhleathaigh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus le hábhar díobhálach eile
·Faireachán a dhéanamh ar mhí‑úsáid antoisceach ardán cluichíochta agus measúnuithe rialta a sholáthar
·Ardán freagartha ar ghéarchéimeanna a bhunú
Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne agus GDS a áirithiú
Iarrtar ar sholáthraithe seirbhíse ar líne an méid seo a leanas a dhéanamh:
·A dtéarmaí agus coinníollacha a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun bagairtí atá ag athrú a léiriú
·A sásraí faireacháin a neartú chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath agus a bhaint anuas go tapa
·Dlús a chur leis an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus le Europol chun malartuithe tráthúla agus freagairtí comhordaithe a áirithiú
|
2.4 Daoine a chosaint sa timpeallacht fhisiciúil
Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn nach beag déanta ar fud an Aontais chun daoine, spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint ar ionsaithe sceimhlitheoireachta. Cuireann an tAontas tacaíocht phraiticiúil ar fáil trí Chomhairleoirí Slándála Cosanta an Aontais, ar féidir leo comhairle a thabhairt maidir le leochaileachtaí agus moltaí sonracha a sholáthar maidir le feabhas a chur orthu. Tá clár comhraic drón an Aontais
ag cur le cumais forfheidhmithe dlí go comhthreomhar chun dul i ngleic leis an mbagairt a bhaineann le dróin neamh‑chomhoibríocha. Ba chéim thábhachtach é glacadh na Treorach maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil
in 2022, lenar aistríodh an tAontas ó chur chuige ‘cosanta’ go cur chuige ‘athléimneachta’.
Mar sin féin, lean sceimhlitheoirí de bheith ag cur lena n‑acmhainní chun ionsaithe a dhéanamh: ó theicneolaíochtaí nua, amhail dróin agus airm phriontáilte 3T, go modhanna neamhshofaisticiúla ar chostas íseal, amhail airm lannacha agus pulcadh feithiclí. Ní mór rochtain ar na modhanna chun ionsaithe a dhéanamh a shrianadh a thuilleadh agus na huirlisí chun spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint a leathnú. Go comhthreomhar, chun aghaidh a thabhairt ar thaisteal sceimhlitheoireachta agus ar fhilleadh féideartha trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, ní mór dúinn bearta an Aontais atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus chun bac a chur ar thaisteal sceimhlitheoireachta.
2.4.1. Bac a chur ar thaisteal sceimhlitheoireachta
Is é cosaint láidir na dteorainneacha seachtracha an chéad líne chosanta atá ag an Aontas i gcoinne taisteal sceimhlitheoireachta. A luaithe a bheidh siad ag feidhmiú go hiomlán, soláthróidh córais faisnéise mhórscála nua an Aontais, go háirithe an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Eorpach um Údarú Taistil (ETIAS), an Córas Faisnéise Víosaí athbhreithnithe (VIS) agus an creat idir‑inoibritheachta, faisnéis bhunriachtanach do na Ballstáit maidir le daoine aonair ó thríú tíortha a thagann isteach san Aontas. Tacóidh na córais sin freisin leis na húdaráis náisiúnta stop a chur le daoine aonair a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo, lena n‑áirítear daoine atá faoi dhrochamhras sceimhlitheoireachta.
Tá gá freisin le rochtain thráthúil ar shonraí chun trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus daoine atá faoi dhrochamhras sceimhlitheoireachta a shainaithint ag teorainneacha. Chuige sin, neartóidh an Coimisiún, in éineacht le Europol, an comhar le tríú tíortha iontaofa chun sonraí beathaisnéiseacha agus bithmhéadracha a fháil maidir le daoine aonair a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt sceimhlitheoireachta, lena gcur isteach i gCóras Faisnéise Schengen (CFS) i gcomhréir iomlán le creataí dlíthiúla an Aontais agus na creataí dlíthiúla náisiúnta is infheidhme. Chun an sreabhadh faisnéise sin a neartú, tá sé beartaithe go dtiocfaidh ‘foláireamh faisnéise’ CFS
i bhfeidhm in 2026. Ar bhonn thogra ó Europol agus faisnéis ó thríú tíortha, beidh na Ballstáit in ann foláirimh ábhartha a iontráil i CFS, lena n‑áiritheofar go mbeidh rochtain ag údaráis teorann agus údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis faoi sceimhlitheoirí agus faoi amhrastaigh
.
I bhfianaise na gConclúidí ón gComhairle le déanaí maidir le tosaíochtaí amach anseo chun iarrachtaí comhpháirteacha frithsceimhlitheoireachta a neartú
, i gcomhthéacs na meastóireachta foriomláine ar Chóras Faisnéise Schengen, molfaidh an Coimisiún bealach chun cinn maidir le ‘nós imeachta iar‑amais’ chun amais ar fholáirimh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a chomhroinnt a thuilleadh leis na Ballstáit a dhéanann obair dheonach. Déanfaidh sé measúnú freisin ar chur i bhfeidhm foláireamh maidir le teacht isteach a dhiúltú
agus tabharfaidh sé Lámhleabhar CFS cothrom le dáta de réir mar is gá. Thairis sin, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun comhar agus comhroinnt faisnéise a chur chun cinn maidir le daoine aonair a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt sceimhlitheoireachta nó ina mbagairt antoisceach fhoréigneach (‘Gefährder’)
.
Mar a fógraíodh in Protect EU: an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhearta chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise le tríú tíortha iontaofa chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chun críoch bainistithe teorainneacha. Chun críoch slándála agus bainistithe teorainneacha, d’fhéadfaí é sin a chur chun feidhme trí réiteach teicniúil chun malartú rialaithe theoranta a cheadú ar fhothacar roghnaithe sonraí ó bhunachair sonraí an Aontais, ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta agus ar bhealach cómhalartach. Chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, d’fhéadfaí é sin a chur chun feidhme trí chreat uathoibrithe an Aontais um malartú faisnéise póilíneachta (Prüm) agus Córas Faisnéise Schengen (CFS) a leathnú chuig tríú tíortha iontaofa, rud a fheabhsódh imscrúduithe trasteorann agus cearta bunúsacha, caighdeáin cosanta sonraí agus slándála an Aontais á gcaomhnú go hiomlán an tráth céanna.
Leis an bpróiseas scagtha
nua, a thiocfaidh i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2026, éascófar sainaithint náisiúnach tríú tír a bhfuil na teorainneacha seachtracha trasnaithe go neamhdhleathach acu nó atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát gan seiceálacha ar dhul isteach a bheith déanta orthu. Ní mór seiceálacha córasacha a dhéanamh chun a mheas an bhfuil riosca slándála ag baint leo. I gcás daoine aonair ar bagairt sceimhlitheoireachta iad, féadfar an dlí coiriúil agus nósanna imeachta eiseachadta a sheoladh. Cuirfidh an Coimisiún filleadh éifeachtúil daoine aonair a bhfuil riosca slándála ag baint leo chun cinn, trí ghlacadh tapa rialacha níos déine sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Filleadh
a éascú agus trí obair an Chomhordaitheora um Fhilleadh agus an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh. Molann an Coimisiún do na Ballstáit freisin leanúint d’fheabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir na húdaráis frithsceimhlitheoireachta agus na húdaráis imirce agus tearmainn.
Ina theannta sin, tá réamhfhaisnéis taistil (amhail Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí (API) agus sonraí maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí fíor‑riachtanach d’údaráis forfheidhmithe dlí chun iarrachtaí frithsceimhlitheoireachta a phleanáil agus a chur in úsáid go héifeachtúil ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch an Aontais araon. Tá creat reatha an Aontais teoranta d’aeriompar tráchtála, rud a fhágann go bhfuil bealaí éalaithe dlíthiúla agus oibríochtúla ann a bhféadfadh sceimhlitheoirí leas a bhaint astu chun gluaiseacht ar fud an Aontais. Tá an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an tionscal iompair, ag féachaint ar roghanna chun an creat atá ann faoi láthair a leathnú chuig modhanna eile iompair amhail iompar muirí agus de thalamh, agus chuig eitiltí príobháideacha, agus chun an Treoir maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí a neartú, faoi réir a meastóireachta
.
2.4.2. Srian a chur le rochtain ar na modhanna a úsáidtear chun ionsaithe a dhéanamh
Tá sé ríthábhachtach srian breise a chur leis an rochtain ar na modhanna a úsáidtear chun ionsaithe a dhéanamh. Léiríonn urghabhálacha a rinneadh le déanaí, lena n‑áirítear urghabhálacha ar airm thine phriontáilte 3T, go bhfuil airm ar fáil go leanúnach, go háirithe i measc sceimhlitheoirí na heite deise agus antoiscigh fhoréigneacha
. Tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chun coiriúlú na gáinneála ar airm thine agus cionta eile a bhaineann le hairm thine a chomhchuibhiú go luath in 2026, lena n‑áirítear treoirphleananna a chruthú, a shealbhú agus a scaipeadh go haindleathach chun airm thine phriontáilte 3T a mhonarú.
Leanann sceimhlitheoirí agus antoiscigh fhoréigneacha de spéis a léiriú i bpléascáin bhaile, mar is léir ó lámhleabhair agus ábhar teagaisc atá i gcúrsaíocht ar líne. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar Rialachán an Aontais maidir le réamhtheachtaithe pléascán
. Sa mheastóireacht a tugadh i gcrích le déanaí ar an Treoir maidir le Piriteicnic
, sainaithníodh easnaimh sa tslándáil phoiblí, go háirithe inrochtaineacht leathan tinte ealaíne gairmiúla ardriosca d’úsáideoirí neamhúdaraithe. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar roghanna, lena n‑áirítear athbhreithniú féideartha ar an Treoir.
Is teagmhais ísealdóchúlachta iad rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) i gcomhthéacs na sceimhlitheoireachta, ach teagmhais ardtionchair a bhfuil ullmhacht ar fud an Aontais ríthábhachtach ina leith. Cuirfidh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta nua um Ullmhacht agus Freagairt CBRN i láthair in 2026. Molfaidh sé, i measc nithe eile, clár níos láidre ar leibhéal an Aontais le haghaidh oiliúna agus cleachtaí, agus fiosróidh sé na féidearthachtaí chun aghaidh a thabhairt ar mhí‑úsáid teicneolaíochtaí núíosacha amhail sintéis aigéid núicléasaigh agus biteicneolaíocht atá cumasaithe leis an Intleacht Shaorga. Le Straitéis AE um stoc‑charnadh agus le Straitéis Frithbheart Leighis an Aontais, cothófar go comhthreomhar ullmhacht sláinte chun tionchar rioscaí CBRN a mhaolú.
2.4.3. Aghaidh a thabhairt ar an mbagairt a bhaineann le dróin
Ní mór don Aontas a bheith ullamh freisin chun dul i ngleic le bagairtí a eascraíonn as úsáid teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail gníomhaithe sceimhlitheoireachta dróin a úsáid go mailíseach. Tá dúshláin nach beag ag baint le dróin, bídís san aer, ar an dromchla muirí, faoi uisce nó ar tír, maidir le bonneagar criticiúil agus spásanna poiblí a chosaint. Le cur le Teachtaireacht 2023 maidir le cur in aghaidh na mbagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le dróin
chomh maith leis an Straitéis um Dhróin 2.0
, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta cuimsitheach trasearnála an Aontais um Shlándáil Drón agus Slándáil Frith‑Dhrón chun cinn le déanaí. Leis an bPlean Gníomhaíochta nua, cuirfear tuilleadh feabhais ar chumais na ngardaí forfheidhmithe dlí, teorann agus cósta chun cur in aghaidh bagairtí a bhaineann le dróin, agus déanfar é sin le hoiliúint speisialaithe frith‑dhrón, le hardán teagmhas drón a d’fhéadfaí a fhorbairt, chomh maith le comhthiomsú agus comhroinnt acmhainní.
2.4.4. Spásanna poiblí a chosaint
Bíonn spásanna poiblí fós ina bpríomhspriocanna i gcás ionsaithe sceimhlitheoireachta. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, prionsabal na slándála trí dhearadh a ghlacadh agus limistéir uirbeacha, spásanna poiblí agus ionaid adhartha ar fud na hEorpa á bpleanáil.
Ba cheart an tslándáil trí dhearadh a bheith ina freagracht chomhroinnte atá bunaithe ar chomhar láidir poiblí‑príobháideach. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus scrúdú ar roghanna chun ‘gealltanas cosanta’ a thabhairt isteach le haghaidh oibreoirí spásanna poiblí (e.g. ionaid spóirt, hallaí ceoil, ionaid adhartha) chun bearta slándála rioscabhunaithe a chur chun feidhme in aghaidh bagairtí sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann in ionaid phoiblí.
Tá an Coimisiún ag infheistiú go comhthreomhar EUR 30 milliún i dtionscadail atá dírithe ar shlándáil fhoriomlán spásanna poiblí a fheabhsú agus tá béim á leagan ar ionaid adhartha de gach creideamh, bagairtí CBRN, gáinneáil ar airm thine, madraí braite pléascán agus dróin neamh‑chomhoibríocha. Tá EUR 5 mhilliún de sin curtha i leataobh chun ionaid adhartha Ghiúdacha a chosaint, agus tá tionscadail beartaithe chun torthaí a bhaint amach faoi 2027.
Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do chosaint ionad adhartha mar chuid den mhéadú faoi thrí atá beartaithe ar chistiú do bheartais Gnóthaí Baile faoin gcéad CAI eile.
Chun an comhar poiblí‑príobháideach a neartú a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún uasghrádú ar Fhóram an Aontais maidir le spásanna poiblí a chosaint
chun comhlacht comhairleach a chruthú chun tacú le ceapadh beartas. In éineacht leis an bhFóram, tabharfaidh an Coimisiún Treoirlínte an Aontais maidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí cothrom le dáta chun spásanna poiblí agus dea‑chleachtais náisiúnta maidir le bearta cosanta spáis phoiblí a chosaint, agus leagfar béim ar leith ar ionaid adhartha a chosaint, rud a chuirfidh le torthaí tionscadal arna gcistiú ag an Aontas sa réimse sin.
Bhí ról lárnach ag an gclár Comhairleach um Shlándáil Chosanta maidir le cumais a fhorbairt chun measúnuithe leochaileachta a dhéanamh ar spásanna poiblí agus ar bhonneagair chriticiúla, agus rinneadh níos mó ná 50 misean comhairleach ó bhí 2022 ann. Chun freastal ar éileamh na mBallstát atá ag dul i méid, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár in 2026 agus tá sé d’aidhm aige é a neartú ó thaobh airgeadais agus oibríochta araon faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua.
Tar éis na Moltaí ón gCoimisiún maidir le x‑ghathú agus brath miotail
, forbróidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, ceanglais feidhmíochta dheonacha bhreise maidir le trealamh braite lasmuigh den eitlíocht agus seolfaidh sé scéimeanna deonacha fíorúcháin agus deimhniúcháin le haghaidh ceimiceán, pléascán agus brath arm tine, chomh maith le madraí braite.
2.4.5. Athléimneacht eintiteas criticiúil, slándáil an iompair agus an tslabhra soláthair
Cé nár thuairiscigh na Ballstáit ach ceithre ionsaí a aicmíodh mar ‘sceimhlitheoireacht’ in aghaidh bonneagar criticiúil in 2024
, tá imní ann atá ag dul i méid faoi theagmhais a bhaineann le feachtais hibrideacha agus gníomhartha sabaitéireachta a d’fhéadfadh gníomhaithe stáit naimhdeacha agus a n‑ionadaithe a dhéanamh. Chun athléimneacht a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit uile an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Dara Treoir NIS a thrasuí agus a chur chun feidhme go práinneach.
I gcomhar leis na Ballstáit, eagrófar cleachtaí ar leibhéal an Aontais chun tástáil a dhéanamh ar athléimneacht fhisiciúil agus cibear‑athléimneacht an bhonneagair chriticiúil i dteagmhais mhóra trasteorann. Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus chun athléimneacht trasteorann agus trasearnála an bhonneagair chriticiúil in aghaidh bagairtí de dhéantús an duine a neartú, cuirfidh an Coimisiún EUR 15 mhilliún ar fáil do thionscadail agus glacfaidh sé treoirlínte chun tacú le heintitis chriticiúla arna sainaithint ag na Ballstáit ina mbearta feabhsaithe athléimneachta. Ina theannta sin, mhol an Coimisiún tuilleadh feabhais a chur ar chosaint agus athléimneacht eintiteas criticiúil sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus sa Chiste Eorpach um Iomaíochas faoin gcéad CAI eile.
Is sprioc ardphróifíle fós é an t‑iompar, agus tá coinne leis go leanfaidh an bhagairt de bheith ag forbairt le modi operandi éagsúla chun ionsaithe a dhéanamh. Bunaithe ar mhapáil chuimsitheach rioscaí slándála eitlíochta, forbróidh an Coimisiún bonnlíne nua slándála eitlíochta an Aontais a sheasfaidh an aimsir, inter alia tríd an reachtaíocht slándála eitlíochta a neartú
chun freagairt láithreach a chumasú agus an limistéar slándála ilfhreastail laistigh den Aontas á choinneáil ar bun an tráth céanna. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin córas tuairiscithe tarluithe slándála eitlíochta an Aontais a bhunú chun comhroinnt faisnéise maidir le tarluithe agus teagmhais slándála a éascú, lena gcuirfear leis na sásraí atá ann cheana, agus chun sásra foláirimh ilghníomhaireachta de chuid an Aontais maidir le bagairtí a fhorbairt chun freagairt do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i slabhraí iompair agus soláthair.
Mar thoradh ar theagmhais aerlasta, modhnaíodh rialacha slándála eitlíochta sibhialta an Aontais
chun athléimneacht agus cosaint shlabhra soláthair an aerlasta agus an aerphoist a fheabhsú. Chun ionsaithe agus sabaitéireacht lena ndírítear ar iarnróid a mhaolú, neartóidh an Coimisiún agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh stóinseacht an chórais bainistithe tráchta iarnróid chun oibríochtaí leanúnacha a áirithiú i gcás teipeanna ar fud an chórais.
Faoin Straitéis Eorpach um Chalafoirt, neartóidh an Coimisiún an reachtaíocht slándála muirí a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, chun slándáil shlabhra soláthair an Aontais a fheabhsú, agus chun measúnú a dhéanamh ar sheiceálacha cúlra a thabhairt isteach d’oibrithe calafoirt. Oibreoidh an Coimisiún freisin le húdaráis forfheidhmithe dlí agus chustaim, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le tríú tíortha agus leis an earnáil phríobháideach chun bagairtí CBRN i slabhraí soláthair muirí a mhaolú.
|
PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Bealach chun cinn a mholadh maidir le ‘nós imeachta iar‑amais’ i meastóireacht CFS
·Tacú le teacht i bhfeidhm foláireamh faisnéise in CFS
·Féachaint ar roghanna chun creat an Aontais maidir le faisnéis taistil (API/Taifead Ainmneacha Paisinéirí) a neartú agus a leathnú
·Togra reachtach a thíolacadh chun coiriúlú cionta a bhaineann le hairm thine a chomhchuibhiú
·Athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le réamhtheachtaithe pléascán
·Plean Gníomhaíochta nua um Ullmhacht agus Freagairt CBRN a thíolacadh
·Plean Gníomhaíochta an Aontais um Shlándáil drón agus Slándáil Frithdhrón a chur chun feidhme
·Measúnú agus scrúdú a dhéanamh ar roghanna chun ‘gealltanas cosanta’ a thabhairt isteach d’oibreoirí spásanna poiblí
·An Clár Comhairleach um Shlándáil Chosanta a uasghrádú faoin CAI nua
Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht le Europol, an méid seo a leanas:
·An comhar le tríú tíortha iontaofa a neartú chun sonraí ar cháilíocht leordhóthanach a fháil (sonraí beathaisnéiseacha, bithmhéadracha agus comhthéacsúla) maidir le daoine aonair a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt sceimhlitheoireachta.
Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Leas iomlán a bhaint as na nósanna imeachta agus na córais teorann atá ann cheana maidir le slándáil agus bainistiú teorainneacha
·Seiceálacha bithmhéadracha a fheabhsú agus seiceálacha córasacha éigeantacha a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais
·EES a thabhairt isteach ina iomláine agus dlús a chur leis na hullmhúcháin do theacht i bhfeidhm ETIAS
·Moltaí ó shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen a chur chun feidhme
·An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Dara Treoir NIS a thrasuí agus a chur chun feidhme go tapa
|
2.5 Freagairt do bhagairtí agus d’ionsaithe
Cuireann Europol agus Eurojust tacaíocht agus saineolas oibríochtúil luachmhar ar fáil do na Ballstáit maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh sceimhlitheoireachta. Mar sin féin, chun freagairt thapa chomhordaithe ar bhagairtí agus ionsaithe sceimhlitheoireachta a áirithiú, ní mór forfheidhmiú an dlí agus an fhreagairt bhreithiúnach a neartú a thuilleadh ar fud na hEorpa. Ina theannta sin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun na bearnaí atá fós ann a dhúnadh chun maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do bhac a chur le hairgead poiblí a úsáid chun an t‑antoisceachas agus an sceimhlitheoireacht a chur chun cinn.
2.5.1. Maoiniú na sceimhlitheoireachta agus maoiniú an antoisceachais fhoréignigh a chomhrac
Tá an bhagairt maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta ag athrú go tapa, agus tá sí ag baint tairbhe as modhanna maoinithe atá ag leathnú, amhail criptea‑shócmhainní, hawala digiteach, agus seirbhísí íocaíochta ar líne. An tráth céanna, mar gheall ar chineál domhanda na seirbhísí airgeadais, tá gá le freagairt dhinimiciúil Eorpach ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Tá creat cuimsitheach curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, leis an nuashonrú is déanaí in 2024. Iarrtar ar na Ballstáit an 6ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac a thrasuí faoin 10 Iúil 2027, in am do theacht i bhfeidhm Rialachán an Aontais maidir leis an Sciúradh Airgid. Le hidirnascadh na gclár cuntas bainc faoi 2029, neartófar an creat sin a thuilleadh. Thairis sin, ó 2010 i leith, le Comhaontú Chlár AE‑SAM um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú (TFTP), ceadaítear do na Ballstáit, do Europol agus do Eurojust a iarraidh ar Státchiste na Stát Aontaithe sonraí teachtaireachtaí airgeadais a chuardach, lena gcuirtear leideanna luachmhara ar fáil chun sceimhlitheoirí agus a gcuid airgeadaithe a shainaithint.
Chun na bearnaí atá ann faoi láthair a dhúnadh maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta a rianú, seolfaidh an Coimisiún staidéar go luath in 2026 chun measúnú agus sainaithint a dhéanamh ar na bearta is gá chun córas nua uile‑Aontais a bhunú amach anseo chun gur féidir sonraí airgeadais a aisghabháil chun maoiniú sceimhlitheoireachta agus fáltais ón gcoireacht eagraithe a rianú. Ba cheart an córas sin a bhunú faoi 2030 agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige idirbhearta laistigh den Aontas agus sa Limistéar Eorpach Aonair d’Íocaíochtaí, aistrithe criptea‑shócmhainní, íocaíochtaí nó aistrithe ar líne agus de dhroim sreinge a chumhdach.
Cuireann Líonra na n‑imscrúdaitheoirí airgeadais frithsceimhlitheoireachta ardán ar fáil le haghaidh malartuithe maidir le himscrúduithe agus dea‑chleachtais i ndáil le raon leathan modhanna maoinithe sceimhlitheoireachta agus treochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail úsáid cripteashócmhainní, mí‑úsáid eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ardáin na meán sóisialta, hawala agus córais baincéireachta neamhfhoirmiúla eile. Leis an líonra, forbraítear comhpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha agus le tíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Aontas agus tá sé d’aidhm aige ranníocaíochtaí córasacha a fháil ó Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Europol um Fhaisnéis Airgeadais.
Tacóidh an Coimisiún freisin le comhar agus comhroinnt faisnéise níos dlúithe idir aonaid um fhaisnéis airgeadais (AFAnna), forfheidhmiú an dlí, institiúidí airgeadais, cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, agus soláthraithe seirbhíse ar líne. Go háirithe, chun dul i ngleic le Cistiú Eachtrach Neamh‑inmhianaithe
, tá gá le comhar níos dlúithe idir AFAnna agus seirbhísí faisnéise, ag tógáil ar na prótacail atá ann cheana maidir le malartú faisnéise. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an sainordú agus an acmhainneacht ag AFAnna cásanna a bhaineann le Cistiú Eachtrach Neamh‑inmhianaithe a bhrath agus a chomhroinnt. Ba cheart Cistiú Eachtrach Neamh‑inmhianaithe a chumhdach freisin le Measúnuithe Riosca Náisiúnta maidir le rioscaí frithsciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, ionas gur féidir le AFAnna iad a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu go comhsheasmhach.
Níor cheart mí‑úsáid a bhaint as buiséad an Aontais choíche chun tionscadail a chuireann tuairimí radacacha nó antoisceacha chun cinn a chistiú. Leis an Rialachán Airgeadais athbhreithnithe
, is foras soiléir é an rannpháirtíocht in aon iompar éagórach as a n‑eascraíonn “gríosú chun idirdhealaithe, fuatha nó foréigin” le haghaidh eisiamh ó chistiú ón Aontas. Áiritheoidh an Coimisiún cur chun feidhme éifeachtach, lena n‑áirítear trí fheasacht a mhúscailt, trí líonra inmheánach a bhunú chun faisnéis a mhalartú, agus trí phróisis a threisiú chun faisnéis ó na Ballstáit agus ó fhoinsí eile a chur san áireamh i gcás inar féidir í a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar urraim na dtairbhithe agus na dtionscadal do luachanna an Aontais.
Braitheann cosaint éifeachtach bhuiséad an Aontais freisin ar fhaisnéis a bheith á cur ar fáil go gníomhach ag na Ballstáit chun tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin. Le toradh an athbhreithnithe ar an Struchtúr Frithchalaoise in 2026, neartófar maoirseacht agus cuntasacht chun cosaint níos éifeachtúla ar leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú.
2.5.2. An fhreagairt i bhforfheidhmiú an dlí a neartú
Mar a fógraíodh in ProtectEU: an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, molfaidh an Coimisiún athchóiriú uaillmhianach ar shainordú Europol, rud a threiseodh a ról mar mhol lárnach faisnéise, teicneolaíochta agus nuálaíochta d’fhorfheidhmiú an dlí, chun tacaíocht níos láidre a thabhairt do na Ballstáit ó thaobh na hoibríochta agus na fóiréinsice de araon.
Faoi réir an athbhreithnithe ar shainordú Europol, ba cheart do Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa (ECTC) faisnéis oibríochtúil frithsceimhlitheoireachta le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí a chomhdhlúthú agus a fhorbairt a thuilleadh ina mhol lárnach faisnéise maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht. D’fhéadfadh an mol sin malartú faisnéise fíor‑ama a chumasú freisin idir údaráis forfheidhmithe dlí agus comhar a chothú idir forfheidhmiú an dlí agus an earnáil phríobháideach. Ó thaobh na fóiréinsice de, cuirfidh ECTC, in éineacht le Saotharlann Nuálaíochta Europol, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE) agus ionaid ábhartha eile, feabhas ar thacaíocht oibríochtúil, anailíseach agus theicniúil do na Ballstáit. Cuirfidh siad leis na hacmhainneachtaí chun tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil agus chun uirlisí a fhorbairt chun ábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar antoisceach ar líne a bhrath agus cur isteach air, chomh maith le maoiniú na sceimhlitheoireachta.
Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do Líonraí Eorpacha um Fhorfheidhmiú an Dlí.
Oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis na Ballstáit freisin chun an Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí a thabhairt cothrom le dáta
, chun cúnamh oibríochtúil a éascú i gcásanna trasteorann, lena n‑áirítear foirne oibríochtúla agus trealamh a bhogadh le haghaidh freachnamh, ní hamháin le linn géarchéimeanna.
2.5.3. An comhar breithiúnach a neartú
Chun cur in aghaidh bhagairt na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh sa ré dhigiteach seo, tá rochtain dhleathach ar shonraí d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha ríthábhachtach. Le cur chun feidhme Threochlár 2025 um rochtain éifeachtach dhleathach ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí
, rannchuideofar le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra atá sa bhealach ar imscrúduithe agus ionchúisimh rathúla. Beidh feidhm ag rialacha an Aontais maidir le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach
i mí Lúnasa 2026, rud a chuirfidh ar chumas na n‑údarás breithiúnach fianaise a chaomhnú agus a fháil go díreach ó sholáthraithe seirbhíse a thairgeann a gcuid seirbhísí san Aontas. Ag tógáil ar an tionscadal SIRIUS arna chistiú ag an Aontas
agus ar theacht i bhfeidhm Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta agus an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht amach anseo, treiseofar an comhar idirnáisiúnta chun fianaise leictreonach a fháil trí oiliúint thiomnaithe agus trí mhalartú faisnéise tiomnaithe.
Tá comhar breithiúnach agus comhroinnt faisnéise maidir le cásanna sceimhlitheoireachta ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt na sceimhlitheoireachta ag na céimeanna coisc agus freagartha. Chun sainaithint nasc trasteorann idir cásanna sceimhlitheoireachta a éascú, déanfaidh Eurojust uasghrádú ar an gClár Breithiúnach Eorpach Frithsceimhlitheoireachta bunaithe ar chóras nua úrscothach bainistithe cásanna a bheidh i bhfeidhm roimh an 1 Nollaig 2027. Iarrtar ar na Ballstáit faisnéis thráthúil maidir le cásanna sceimhlitheoireachta a tharchur chuig Eurojust. Cuideoidh an t‑athbhreithniú ar shainordú Eurojust lena chumas anailíse a threisiú agus le comhar níos dlúithe le Europol a chumasú, rud a neartóidh an tacaíocht d’imscrúduithe agus d’ionchúisimh sceimhlitheoireachta trasteorann. Thairis sin, le Treoir 2016 maidir le Coimircí Nós Imeachta do leanaí, leanfar de bhearta spriocdhírithe tacaíochta agus cosanta a chur ar fáil do leanaí atá ag teacht isteach sa chóras ceartais choiriúil. Tá fianaise ón láthair chatha ríthábhachtach chun ionchúiseamh a dhéanamh ar throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta atá ag filleadh. Cuidíonn sonraí a dhíorthaítear ó fhianaise ón láthair chatha, a luaithe a chuirtear isteach in CFS iad, le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a bhrath ag teorainneacha an Aontais freisin. Cuireann deireadh Fhoireann Imscrúdaitheach na Náisiún Aontaithe chun Cuntasacht a Chur Chun Cinn i leith Coireanna a Rinne Da’esh/ISIL (UNITAD) teorainn le hinfhaighteacht fianaise ón láthair chatha. Fiosróidh an Coimisiún, i gcomhar le Eurojust, an bhféadfaí faisnéis arna bailiú ag údaráis na hIaráice agus UNITAD a chur ar fáil do na Ballstáit trí chomhar feabhsaithe idir Eurojust agus Lárionad Náisiúnta um Chomhar Breithiúnach Idirnáisiúnta na hIaráice agus conas a d’fhéadfaí í a chur ar fáil agus an bhféadfaí faisnéis a bhaineann le cásanna aonair a stóráil i mBunachar Sonraí Coireachta Idirnáisiúnta Lárnach Eurojust.
|
PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·Measúnú a dhéanamh ar na bearta is gá chun Córas Aisghabhála Sonraí Airgeadais an Aontais a bhunú ar mhaithe le maoiniú na sceimhlitheoireachta agus fáltais ón gcoireacht eagraithe a rianú, agus na bearta sin a shainaithint
·An córas lena gcosnaítear buiséad an Aontais ar mhí‑úsáid a neartú, lena n‑áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar Struchtúr Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh
·Athbhreithnithe ar shainorduithe Europol agus Eurojust a mholadh, lena neartófar a róil i bhforfheidhmiú an dlí agus i bhfreagairt bhreithiúnach ar an sceimhlitheoireacht
Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus Europol, an méid seo a leanas:
·Comhar agus comhroinnt faisnéise a neartú idir aonaid um fhaisnéis airgeadais (AFAnna), forfheidhmiú an dlí, institiúidí airgeadais, cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, soláthraithe seirbhíse ar líne agus ardáin na meán sóisialta
·Na gníomhaíochtaí sa Treochlár um rochtain dhleathach éifeachtach ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí a chur chun feidhme
Déanfaidh Europol an méid seo a leanas:
·A mhol lárnach faisnéise maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht a chomhdhlúthú agus a fhorbairt a thuilleadh
·Feabhas a chur ar thacaíocht oibríochtúil, anailíseach agus theicniúil d’iarrachtaí frithsceimhlitheoireachta na mBallstát i bhforfheidhmiú an dlí
In éineacht leis an gCoimisiún, déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas:
·Féachaint ar bhealaí chun faisnéis arna bailiú ag UNITAD agus ag údaráis na hIaráice a chur ar fáil do na Ballstáit
|
2.6Comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta
Tá dlúthnasc idir gnéithe seachtracha agus inmheánacha na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh
. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Ardionadaí agus le Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh, an comhar idirnáisiúnta a neartú ar fud cholúin uile an Chláir Oibre seo, agus cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine á leanúint aige.
2.6.1. Bearta sriantacha maidir leis an sceimhlitheoireacht
Is uirlis ríthábhachtach i gcónaí é daoine aonair, grúpaí agus eintitis a liostú faoi bhearta sriantacha an Aontais chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac
(‘Liosta an Aontais Eorpaigh de Sceimhlitheoirí’) chun cur isteach ar líonraí sceimhlitheoireachta. Ba cheart Liosta an Aontais Eorpaigh de Sceimhlitheoirí a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach chun bagairtí atá ag teacht chun cinn a léiriú agus chun aghaidh a thabhairt orthu, trí chur isteach ar shreafaí airgeadais agus trí thacaíocht do ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a chosc. Tá measúnú á dhéanamh ag an Ardionadaí agus ag Ballstáit an Aontais ar conas Liosta an Aontais Eorpaigh de Sceimhlitheoirí a dhéanamh níos éifeachtaí, níos oibríochtúla agus níos solúbtha. Cuirfidh leathnú raon feidhme an réimis agus comhar níos dlúithe le tríú tíortha atá ar aon intinn leis lena fheidhmiúlacht.
2.6.2. Comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun cinn
Molfaidh an Coimisiún an Prótacal nua lena leasófar an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le sceimhlitheoireacht a chosc a shíniú agus a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais. A luaithe a bheidh sé i bhfeidhm, cuirfidh an creat sainmhíniú coiteann uile‑Eorpach ar chionta sceimhlitheoireachta ar fáil do níos mó ná 40 tír.
Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún comhar seachtrach Europol agus Eurojust maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht a neartú a thuilleadh trí chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le malartú sonraí pearsanta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus béim á leagan ar phríomhréigiúin.
2.6.3. Comhar déthaobhach agus réigiúnach a dhoimhniú
Neartófar an comhar le tíortha an mhéadaithe chun a gcomhtháthú luathaithe in ailtireacht slándála an Aontais a éascú agus chun ailíniú a gcreataí dlíthiúla agus straitéiseacha le acquis agus caighdeáin an Aontais a chur chun cinn. Nuair is féidir, déanfar iad a chomhtháthú de réir a chéile i ngníomhaíochtaí an Aontais amhail an Mol Eolais maidir le radacú a chosc agus gníomhaíochtaí Europol, Eurojust agus CEPOL, agus bainfidh siad tairbhe as na huirlisí, an treoir agus an fothú acmhainneachta a sholáthraítear do na Ballstáit.
Leis an bPlean Gníomhaíochta Comhpháirteach nua um an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac do na Balcáin Thiar 2025‑2030, tacaítear freisin lena n‑ailíniú le acquis an Aontais, cuirtear comhar oibríochtúil chun cinn, agus feabhsaítear acmhainneachtaí ár gcomhpháirtithe sa réigiún. Bainfidh tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha tairbhe bhreise as cúnamh teicniúil tiomnaithe, fothú acmhainneachta agus maoiniú ón Aontas do thionscadail, mar shampla maidir le spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint nó bainistiú teorainneacha.
Tá áit straitéiseach ag an Meánoirthear agus ag an Afraic Thuaidh sa chomhrac domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Faoin gComhshocrú don Mheánmhuir, díreoidh tacaíocht an Aontais ar bhainistiú teorainneacha a neartú, ar fhorfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach a fheabhsú agus ar antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht a chosc, le tacaíocht ón Mol Eolais maidir le radacú a chosc. Cuideoidh idirphlé réigiúnach maidir leis an tslándáil inmheánach leis an gcoireacht thromchúiseach agus eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do théarnamh na Siria trí thacú le haistriú síochánta cuimsitheach agus le hathmhuintearas laistigh den tSiria, chomh maith lena hathimeascadh réigiúnach. Ina theannta sin, soláthróidh an tAontas pacáiste tacaíochta airgeadais dar luach thart ar EUR 620 milliún le haghaidh 2026 agus 2027, lena n‑áirítear cabhair dhaonnúil, tacaíocht luaththéarnaimh agus tacaíocht dhéthaobhach, agus leanfaidh sé d’iarrachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna in Oirthuaisceart na Siria agus sna campaí an tráth céanna. Molann an Coimisiún freisin d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit na Conclúidí ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025 maidir leis an tSiria a chur chun feidhme, chomh maith leis na moltaí ón bPlean Gníomhaíochta um bagairt na sceimhlitheoireachta a thagann ón tSiria a chomhrac a d’eisigh Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh.
San Afraic, go háirithe san Afraic Fho‑Shahárach, tá grúpaí éagsúla sceimhlitheoireachta ag dul i gcumhacht. Is gá dlúthfhaireachán a dhéanamh freisin ar an staid san Áise Láir agus Theas, mar gheall ar theannas réigiúnach atá ag dul i méid agus tionchar méadaitheach Stát Ioslamach‑Cúige Khorasan. Neartóidh an tAontas a fhreagairt chomhtháite trí bhreithnithe slándála a leabú i gcur chuige 360 Global Gateway agus trí thacaíocht dhíreach d’fhothú acmhainneachta a neartú. Leis na cláir, treiseofar slándáil teorann, tacófar le comhar oibríochtúil, neartófar acmhainneachtaí chun sreafaí aindleathacha airgeadais a bhrath agus a shuaitheadh, tabharfar aghaidh ar bholscaireacht antoisceach agus fhoréigneach, rachfar i ngleic le mí‑úsáid teicneolaíochtaí nua agus leis an nasc atá ag dul i méid idir an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe i roinnt réigiún, cothófar athléimneacht an phobail in aghaidh an radacaithe agus na hearcaíochta i ngrúpaí sceimhlitheoireachta, agus éascófar athshlánú agus ath‑imeascadh iarthrodaithe agus iartheaghlach.
Tá tábhacht ar leith ag baint le comhordú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus na mBallstát i dtríú tíortha chun dúbláil a sheachaint. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tionscadail arna gcistiú ag an Aontas agus ag na Ballstáit a mhapáil go rialta, tionscnaimh nua Fhoireann na hEorpa a chothú, agus sineirgí a chothú idir gníomhaíocht an Aontais agus misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta i dtíortha a ndéanann an sceimhlitheoireacht difear mór dóibh.
Le hidirphlé frithsceimhlitheoireachta, éascaítear malartuithe straitéiseacha le tríú tíortha agus ba cheart conclúidí soiléire inghníomhaithe a bheith mar thoradh air a chuirfear chun feidhme go héifeachtach. Tá Líonra Saineolaithe Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh ríthábhachtach chun faisnéis a chomhroinnt maidir leis an staid slándála i dtríú tíortha. Oibreoidh an tArdionadaí chun an Líonra a neartú, lena n‑áiritheofar cumhdach réigiúnach níos leithne agus comhar níos dlúithe, lena dtabharfar aghaidh ar an nasc idir an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe, ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus ar bholscaireacht.
2.6.4. Ról an Aontais ar an leibhéal iltaobhach a threisiú
Áiritheoidh an tArdionadaí, an Coimisiún agus Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh dlúthchomhordú an Aontais agus ceannaireacht níos láidre ón Aontas i bhfóraim iltaobhacha. Leanfaidh an tAontas dá chomhchathaoirleacht ar an bhFóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda a ghiaráil chun gníomhaíocht frithsceimhlitheoireachta faoi stiúir sibhialtach a chur chun cinn agus chun iarrachtaí iltaobhacha inbhuanaithe comhordaithe a chur chun cinn.
Bainfidh an tAontas leas freisin as an ról atá aige sa Chomhghuaillíocht Dhomhanda in aghaidh Da’esh chun an comhordú sa réigiún a neartú. Beidh ról tábhachtach ag an Aontas, in éineacht leis na Ballstáit, san athbhreithniú ar Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta in 2026 chun luachanna agus tosaíochtaí an Aontais a chur chun cinn, agus leanfaidh sé de bheith ag rannchuidiú le próiseas leanúnach athchóirithe na Náisiún Aontaithe, tionscnamh NA80, lena n‑áirítear struchtúr frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe.
Coinneofar rannpháirtíocht le Comhairle na hEorpa, leis an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (TFGA), le Interpol agus le ECAT ar bhonn téamach. Trí chomhoibriú le fóraim amhail an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais agus an Fóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda, tabharfaidh an tAontas aghaidh freisin ar na dúshláin idirnasctha a bhaineann le maoiniú, earcaíocht agus bolscaireacht sceimhlitheoireachta, go háirithe ar na meáin shóisialta. Beidh an Fóram Domhanda Idirlín chun an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac ina phríomh‑chomhpháirtí ag an gCoimisiún freisin. Agus ar deireadh, leanfaidh an Coimisiún dá rannpháirtíocht i bhFondúireacht Ghlao chun Gnímh Christchurch.
|
PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTAÍ
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·A mholadh go síneofaí agus go dtabharfaí i gcrích an Prótacal lena leasaítear an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le sceimhlitheoireacht a chosc
·A mholadh don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú le tríú tíortha eile maidir le comhar le Eurojust agus Europol
·Tacú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Chomhpháirtigh um an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac sna Balcáin Thiar 2025‑2030
·Gníomhaíochtaí an Mhoil Eolais a leathnú chuig tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus chuig réigiún sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh
·Breithnithe slándála a leabú i gcláir faoin Straitéis Global Gateway agus tacaíocht dhíreach d’fhothú acmhainneachta a neartú
Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht le Ballstáit an Aontais, an méid seo a leanas:
·Mapáil rialta a dhéanamh ar an bhfrithsceimhlitheoireacht agus ar thionscadail an antoisceachais fhoréignigh arna gcistiú ag an Aontas agus ag na Ballstáit a chosc agus a chomhrac
Déanfaidh an tArdionadaí an méid seo a leanas:
·I gcomhar leis an gCoimisiún, le Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh agus leis na Ballstáit, an t‑idirphlé frithsceimhlitheoireachta a oibríochtú a thuilleadh
·Líonra Saineolaithe Frithsceimhlitheoireachta an Aontais a neartú
·I gcomhar leis an gCoimisiún agus le Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh, dlúthchomhordú an Aontais agus ceannaireacht láidir an Aontais a áirithiú i bhfóraim iltaobhacha
Ba cheart don Ardionadaí agus don Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Athbhreithniú rialta a dhéanamh ar Chomhsheasamh 2001/931/CBES (‘Liosta an Aontais Eorpaigh de Sceimhlitheoirí’)
|
3.Conclúid
Tá an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach fós ina ndúshlán do shlándáil na hEorpa. Leagtar amach sa Chlár Oibre seo freagairt an Aontais: gealltanas comhchoiteann chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin le fadbhreathnaitheacht, aontacht agus diongbháilteacht. Tugann sé treoir dár n‑iarrachtaí go léir: cosc sula dtagann an foréigean i réim, cosaint sna háiteanna is leochailí, agus ceartas in aghaidh na ndaoine sin a lorgaíonn díobháil.
Tríd an gClár Oibre sin, cuirfidh an tAontas Eorpach lena chumas comhchoiteann bagairtí a thuar, an radacú a chosc, a mhuintir a chosaint ar líne agus as líne araon, agus freagairt dhaingean a thabhairt nuair a tharlaíonn ionsaithe, agus an cur chuige sin a chuíchóiriú laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha. Leis an gClár Oibre, soláthrófar gníomhaíocht uaillmhianach ar fud na gcolún uile, agus tosaíocht á tabhairt do roinnt tionscnamh lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, amhail:
·bosca uirlisí um chosc chun radacú mionaoiseach a chomhrac;
·an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne a neartú;
·nós imeachta ‘iar‑amais’ chun faisnéis amais faoi fholáirimh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a chomhroinnt i gCóras Faisnéise Schengen; agus
·córas nua Aisghabhála Sonraí Airgeadais an Aontais.
Spreagfaidh an Coimisiún seachadadh ar fud na gcolún uile, déanfaidh sé cur chun feidhme a rianú, agus áiritheoidh sé go mbainfear leas iomlán as ionstraimí, reachtaíocht agus cistiú an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh, na Ballstáit, an earnáil phríobháideach agus an tsochaí shibhialta ar an eolas agus tabharfaidh sé ról dóibh maidir leis an gClár Oibre sin a chur i gcrích.