Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026DC0043

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le straitéis AE um beartas víosaí

COM/2026/43 final

An Bhruiséil,29.1.2026

COM(2026) 43 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le straitéis AE um beartas víosaí


I.Straitéis víosaí an Aontais: Eoraip atá nasctha, slán agus láidir 

Is léiriú é beartas víosaí an Aontais ar leasanna agus luachanna an Aontais. Tá i bhfad níos mó i gceist leis ná sraith rialacha agus nósanna imeachta riaracháin: is droichead é a nascann an Eoraip le deiseanna domhanda. Agus méadú ag teacht ar an tsoghluaisteacht, ar an éagobhsaíocht réigiúnach agus ar an iomaíocht gheopholaitiúil sa lá atá inniu ann, is rogha straitéiseach é an bealach a mbainistímid rochtain ar an Eoraip. Le beartas víosaí an Aontais, ní mór an Eoraip atá uainn a léiriú: Eoraip atá tiomanta go daingean do shlándáil ár saoránach agus do shláine ár dteorainneacha seachtracha, ach atá oscailte agus a chuireann lenár rathúnas mar sin féin.

Is rud fíor-riachtanach é beartas víosaí inchreidte a bheith againn chun slándáil na hEorpa a chaomhnú 1 . Tá limistéar Schengen ar cheann de na héachtaí is inbhraite atá bainte amach againn, agus tá a shláine ag brath ar bhainistiú láidir teorainneacha agus ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha comhchoiteanna. Is é an córas víosaí an chéad líne den scagadh slándála atá ag an Eoraip, agus cuidíonn sé ó thaobh an imirce neamhdhleathach, an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chosc. Fágfaidh teicneolaíochtaí nua, comhroinnt faisnéise agus idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí an Aontais go mbeidh ár gcóras víosaí níos cliste agus níos athléimní. Bíonn an tslándáil ag brath ar chaidreamh iontaofa a choinneáil ar bun le tíortha comhpháirtíochta freisin áfach agus urraim do rialacha Eorpacha á háirithiú mar aon le hailíniú leis na rialacha sin. Le beartas víosaí slán, ní mór an mhuinín sin a neartú agus an tsaoirse gluaiseachta atá i gcroílár an Aontais a chosaint.

Ní mór an beartas víosaí a bheith ina spreagadh freisin d’fhás eacnamaíoch agus iomaíochas na hEorpa. Sa lá atá inniu ann, tarraingítear tallann, smaointe nuálacha agus infheistíochtaí chuig réigiúin a bhfuil córais víosaí dhea-fhorbartha iontaofa éifeachtúla acu. Is den riachtanas é go mbeidh an Eoraip fós ina ceann scríbe do na daoine sin a chuireann lenár ngeilleagair agus lenár sochaithe: turasóirí agus lucht gnó, mic léinn agus taighdeoirí, ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha, lúthchleasaithe, fiontraithe agus gairmithe oilte. Nósanna imeachta víosa digiteacha, cinnteoireacht níos tapúla agus próisis víosa níos éifeachtúla, féadann na nithe sin an taisteal chun na hEorpa a dhéanamh chomh saoráideach céanna agus atá sé slán. Ach an córas víosaí a nuachóiriú, déantar infheistíocht straitéiseach i neart eacnamaíoch agus tarraingteacht dhomhanda na hEorpa.

Is léiriú comhpháirtíochta agus tionchair é beartas víosaí na hEorpa freisin. Leis an gcaoi a ndéanaimid rochtain a oscailt nó a shrianadh, tugtar comhartha soiléir don saol mór faoi mhuinín, luachanna agus leasanna straitéiseacha na hEorpa. I ndomhan atá ag éirí níos iomaíche agus níos míshocra, tugann beartas víosaí soiléir fíorchumhacht mhargála don Eoraip. Is uirlis chumhachtach é lena dtreisítear ár seasamh domhanda agus lena gcuirtear ár leasanna chun cinn thar lear.

Sa straitéis seo, arb í an chéad straitéis víosaí AE riamh, leagtar amach creat le haghaidh beartas víosaí lena gcuirtear leasanna fadtéarmacha na hEorpa chun cinn. Is beartas é lena neartaítear an tslándáil ar fud limistéar Schengen, lena gcothaítear rathúnas agus iomaíochas an Aontais agus lena gcuirtear seasamh agus athléimneacht na hEorpa chun cinn ar an leibhéal domhanda. Dá bhrí sin, déanann an straitéis ról dúbailte bheartas víosaí na hEorpa a athdhearbhú, is é sin slándáil agus sláine an Aontais a chosaint agus taisteal bona fide a théann chun tairbhe don Aontas a chumasú. Is é is aidhm don straitéis an beartas víosaí a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos aontaithe, bunaithe ar chreat coiteann Eorpach a chuimseoidh rialacha agus caighdeáin chomhroinnte, córais idir-inoibritheacha agus freagairtí comhordaithe. Tá sé d’aidhm ag an straitéis freisin beartas víosaí an Aontais a dhéanamh níos cliste, níos digití agus níos fearr ó thaobh leas a bhaint as nuálaíochtaí teicneolaíochta. Trí nuachóiriú a dhéanamh ar bhainistiú na ndaoine a thagann isteach san Aontas seo againne, tá an bealach a nascann an Eoraip leis an domhan á mhúnlú againn le teann diongbháilteachta.

II.Beartas víosaí lena neartaítear ár slándáil

1.Córas nua-aimseartha chun díolúintí víosa a dheonú

An taisteal gan víosa is féidir a dhéanamh san Aontas, is uirlis chumhachtach é chun leasanna straitéiseacha an Aontais a chur chun cinn agus chun ár gcreat slándála a neartú. Tríd an bhféidearthacht maidir le tarscaoileadh víosaí a thairiscint faoi choinníollacha áirithe, bíonn cumhacht mhargála gheopholaitiúil láidir ag an Aontas ina chaidreamh le tríú tíortha. Leis an tarscaoileadh víosaí, déantar iad a fhréamhú i limistéar coiteann gluaiseachta agus tugtar rochtain phribhléideach dóibh ar ár margaí. Chun stádas saor ó víosa a fháil, ní mór do thíortha comhpháirtíochta ceanglais a chomhlíonadh maidir le saincheisteanna éagsúla, ina measc sin urraim don smacht reachta, comhar slándála agus bainistiú imirce 2 .

Is bunaithe ar shraith leathan critéar atá córas an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair chun díolúintí víosa a dheonú 3 . Toisc nach bhfuil tairseacha sainiúla ann, fágann sé sin go mbíonn a léamh féin ag an Aontas agus ag tríú tíortha, rud a chruthaíonn cuma na débhríochta sa phróiseas cinnteoireachta. Tharla sé roinnt uaireanta go mb’údar cantail do thríú tíortha í an chuma sin, rud nár chuir go héifeachtach le cuspóirí straitéiseacha na hEorpa.

Dá bhrí sin, forbróidh an Coimisiún córas nua-aimseartha chun díolúintí víosa a mholadh lena dtabharfar soiléireacht agus trédhearcacht níos fearr do thríú tíortha agus lena bhfreastalófar ar leasanna straitéiseacha an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí.

Is é príomhghné an chórais sin creat measúnúcháin nua chun meastóireacht a dhéanamh ar na tíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu faoi láthair mar iarrthóirí ionchasacha ar dhíolúintí víosa. Forbróidh an Coimisiún sraith critéar níos spriocdhírithe chun tacú leis an gcreat sin, i gcomhairle leis na Ballstáit agus ag gníomhú dó laistigh den chreat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair. Maidir le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann, breithneofar tagarmharcanna breise i dteannta na mbreithnithe cáilíochtúla atá ann cheana. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i measc na dtagarmharcanna sin: an ráta diúltaithe víosa, iarratais ar thearmann gan bhunús, an ráta fillte agus measúnú ar chomhar praiticiúil na tíre maidir le filleadh agus athligean isteach. Ba cheart critéir bhreise a bhreithniú freisin, go háirithe na cinn sin a bhaineann leis an tslándáil, lena n‑áirítear an chibearshlándáil (amhail comhar maidir le frithsceimhlitheoireacht, frithsmuigleáil agus comhrac na coireachta eagraithe). Faoin gcreat nua, leanfar de staid fhoriomlán an chaidrimh leis an tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh, mar aon le cur chun cinn leasanna straitéiseacha an Aontais. Comhaontófar na critéir tháscacha sin leis na Ballstáit in 2026 agus úsáidfear iad chun a mheasúnú an bhféadfaidh tíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu cáiliú do dhíolúine.

Ón uair a shainaithneofar tír mar iarrthóir ar thaisteal gan víosa dá saoránaigh, comhlánófar an próiseas le hidirphlé struchtúrtha maidir le léirscaoileadh víosaí, bunaithe ar thagarmharcanna comhaontaithe agus comhar léirithe i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Aontas, lena n‑áirítear slándáil, imirce agus bainistiú teorainneacha. Cuirfear toradh an idirphlé sin ar bhonn foirmiúil trí chomhaontú tarscaoilte víosaí, lena n‑áiritheofar cómhalartacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an taistil gan víosa.

I gcomhthráth leis sin agus i gcomhairle leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil gá le hathbhreithniú ar an Rialachán Víosaí chun na forais fionraíochta nua a tugadh isteach le déanaí a ailíniú leis na coinníollacha atá le comhlíonadh nuair a bhíonn deonú díolúine víosa á bhreithniú.

2.Faireachán níos láidre ar chórais taistil gan víosa

Tá méadú leanúnach tagtha ar liosta na dtíortha a dtairbhíonn a saoránaigh den taisteal gan víosa chuig an Aontas: tá 64 thír agus chríoch air anois, níos mó ná aon cheann scríbe taistil eile atá comhchosúil leis 4 . Nuair a fhaigheann tír stádas saor ó víosa dá saoránaigh, d’fhéadfadh sé tarlú nach leanann sí de na coinníollacha uile maidir le díolúine víosa a chomhlíonadh, áfach.

Leis an bhfaireachán a dhéanann an Coimisiún Eorpach ar chórais taistil gan víosa, léirítear go bhfuil dúshláin mhóra ann don Aontas a mhéid a bhaineann le bainistiú slándála, teorainneacha agus imirce mar gheall ar na cineálacha éagsúla mí‑úsáide a bhaintear as an díolúine víosa. Bíonn mí‑úsáid na nósanna imeachta tearmainn san áireamh leo sin. Beagnach an ceathrú cuid d’iarratais ar thearmann san Aontas in 2024, is ó thaistealaithe saor ó víosa a tháinig siad, agus sciar mór de na hiarratais sin gan bhunús 5 . Fadhb eile is ea náisiúnaigh saor ó víosa a fhanann níos faide ná a bhfanacht údaraithe agus a fhanann san Aontas go neamhdhleathach. Thairis sin, tá méadú ar na rioscaí slándála mar gheall ar an gcleachtas atá ag tíortha áirithe atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, is é sin go bhfuil cláir saoránachta trí infheistíocht acu lena ndeonaítear saoránacht gan scagadh slándála cuí. Ina theannta sin, mí‑ailínithe leanúnacha sna beartais víosaí atá ag roinnt comhpháirtithe saor ó víosa le beartas víosaí an Aontais, féadann siad bealaí imirce neamhdhleathacha isteach san Aontas a chruthú nó a éascú. I gcás tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, is bunriachtanas é ailíniú an bheartais víosaí agus cuireann sé le slándáil agus cosaint limistéar Schengen.

Is ionstraim láidir é an sásra athbhreithnithe lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí a ligeann don Aontas freagairt go tapa agus go comhréireach do mhí‑úsáid agus d’ábhair imní slándála. Áirítear truicir níos leithne agus níos láidre 6 leis an ionstraim anois chun taisteal gan víosa a chur ar fionraí. Beidh sé barrthábhachtach úsáid iomlán chomhordaithe a bhaint as an sásra athbhreithnithe chun a áirithiú go leanfaidh an taisteal gan víosa de bheith slán, inchreidte agus faoi choinníoll na muiníne frithpháirtí. Beidh sé ríthábhachtach idirphlé a choinneáil ar bun leis na tíortha lena mbaineann chun comhar éifeachtach a chothú i ndáil leis sin.

Sa tuarascáil maidir leis an sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí, leanfar de bheith ag díriú ar thíortha nó ar réigiúin a bhfuil dúshláin ar leith rompu a bhféadfadh sé a bheith mar thoradh orthu go gcuirfí a ndíolúintí víosa ar fionraí. Ina theannta sin, beidh forléargas ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le díolúintí víosa ag tíortha saor ó víosa san áireamh sa tuarascáil, i gcomhréir leis an gcreat measúnúcháin nua agus lena thagarmharcanna breise. Cuideoidh sé sin lena chinntiú go leanfaidh na tíortha comhpháirtíochta de na critéir a chomhlíonadh agus cosnóidh sé sláine an taistil gan víosa chuig an Aontas. Ar deireadh, i gcásanna inar cuireadh an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí i gcás sealbhóirí pasanna áirithe, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na Ballstáit agus iad ag cur na fionraí sin chun feidhme agus tacóidh sé leo leis an méid sin freisin.

3. Cumhacht mhargála mhéadaithe chun comhar ó thríú tíortha a chothú

An beartas víosaí a nascadh le comhar ó thríú tíortha maidir le filleadh agus athligean isteach a náisiúnach féin atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas, sin rud a dhéantar cheana féin i reachtaíocht an Aontais, in Airteagal 25a den Chód Víosaí 7 . Mura leor an comhar sin, ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin agus togra uaidh, is féidir leis an Aontas cur i bhfeidhm níos sriantaí a fhorchur maidir le roinnt forálacha den Chód Víosaí, mar shampla: eisiúint na víosaí il-iontrála a chur ar fionraí, agaí próiseála níos faide nó táillí víosa méadaithe. Is féidir na bearta sin a chur i bhfeidhm i gcás catagóirí áirithe iarratasóirí (e.g. sealbhóirí pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse) nó i gcás gach catagóire iarratasóra. Is uirlis chumhachtach é an sásra sin chun tionchar a imirt ar chomhar ó thríú tíortha maidir le hathligean isteach, trí chur chuige coiteann Eorpach. Bíonn an sásra níos éifeachtaí nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar bhealach dea-chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus nuair a bhíonn teachtaireachtaí comhleanúnacha chuig tríú tíortha ag gabháil leis maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le comhar neamhleor.

D’fhéadfaí an sásra a úsáid ar bhealach ní ba chomhleanúnaí agus a ról a neartú i gcur chun cinn luachanna agus leasanna an Aontais. Mar chuid den athbhreithniú reachtach atá beartaithe ar an gCód Víosaí, molfaidh an Coimisiún sásra níos straitéisí agus níos sofhreagrúla chun Airteagal 25a a chur chun feidhme.

Is é is aidhm don athbhreithniú atá beartaithe a áirithiú, ó chéim an mheasúnaithe, go mbeidh an sásra ailínithe ar bhealach níos dlúithe le cuspóir an Aontais a leasanna a chosaint agus a chur chun cinn. Is é an toradh a bheidh air sin go gcuirfear béim níos mó ar thosaíochtaí beartais an Aontais.

Leis an athbhreithniú sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta ag céim an togra ón gCoimisiún agus ag an gcéim ina dhiaidh sin nuair a bhíonn rogha ann i dtaca le bearta sriantacha maidir le víosaí. Déanfar an dá chéim den sásra atá ann cheana a athchalabrú agus díreofar iad ar na bearta is éifeachtaí sa chleachtas, mar atá mearphróiseáil víosaí agus víosaí il-iontrála a chur ar fionraí i gcás catagóirí áirithe pasanna (e.g. pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse) nó i gcás gach catagóire pas. I gcásanna fíorthromchúiseacha, ba cheart a bheith in ann eisiúint víosaí a chur ar fionraí i gcás catagóirí áirithe pasanna (e.g. pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse) nó i gcás gach catagóire pas faoin sásra freisin. Ina theannta sin, leis an sásra ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht freagairt go tapa do mheath tobann tromchúiseach ar chomhar maidir le filleadh agus athligean isteach ó thríú tír, trí ghníomhachtú díreach beart sriantach a cheadú má thugann tríú tír moratóir isteach i ndáil le filleadh éigeantach, cuir i gcás.

Chun úsáid níos straitéisí an tsásra agus cur chuige coiteann Eorpach a áirithiú, ní mór é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, beidh sé d’aidhm ag an athbhreithniú freisin comhleanúnachas uile-Aontais a neartú agus a áirithiú nach ndéanfaidh díolúintí agus córais éascaithe do chatagóirí áirithe pasanna (e.g. pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse) arna ndeonú go déthaobhach ag na Ballstáit difear do bhearta maidir le víosaí a fhorchuirtear ar thríú tír faoi shásra Airteagal 25a, rud a dhéanfadh dochar d’éifeachtacht na mbeart murach an t‑athbhreithniú.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht loighic shásra Airteagal 25a a leathnú chun réimsí beartais eile a chumhdach. Leis sin, d’fhéadfaí bearta ad hoc spriocdhírithe sofhreagrúla a fhorbairt faoin gCód Víosaí mar fhreagairt ar chomhar neamhleor ó thríú tíortha i réimsí na slándála agus an bhainistithe teorainneacha, lena n‑áirítear imirce neamhdhleathach agus smuigleáil imirceach a chomhrac. D’fhéadfadh sé sin cuidiú ó thaobh cur chuige níos cuimsithí agus níos comhtháite a chruthú i leith aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna a dhéanann dochar do bheartas víosaí éifeachtach.  

Chomh maith le hathruithe reachtacha, cuirfidh an Coimisiún bearta praiticiúla chun feidhme chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an tsásra, amhail: fad tosaigh íosta do bhearta arna nglacadh maidir le víosaí a thabhairt isteach, ar lena linn ba cheart don tríú tír lena mbaineann dul chun cinn inbhuanaithe a bhaint amach sa chomhar maidir le hathligean isteach, rud a threiseoidh éifeachtacht na mbeart agus a áiritheoidh cumarsáid níos soiléire agus intuarthacht a mhéid a bhaineann le tríú tíortha; úsáid níos córasaí an fhógra faoi Airteagal 25a(3) den Chód Víosaí a spreagadh nuair a bhíonn ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna praiticiúla substaintiúla leanúnacha le comhar; agus cur chuige córasach a shaothrú i leith athbhreithniú rialta a dhéanamh ar ábharthacht na dtograí ón gCoimisiún nár ghlac an Chomhairle agus aisghairm na mbeart a ghlac an Chomhairle.

Chun sásra Airteagal 25a a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh feabhas a chur ar chomhar tríú tíortha maidir le filleadh agus athligean isteach, ní mór don Aontas a bhosca uirlisí a leathnú chun ionstraimí i réimsí eile a chumhdach, amhail comhar idirnáisiúnta agus trádáil, agus leasanna straitéiseacha an Aontais á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh sineirgí ann leis an Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda (Airteagal 12.3) a mholtar faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua le haghaidh na clárthréimhse 2028–2034, chun cumhacht mhargála an Aontais a threisiú a mhéid a bhaineann le comhar ó thríú tíortha maidir le hathligean isteach. Le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP) athbhreithnithe lena ndeonaítear rochtain trádála fhabhrach ar mhargadh aonair an Aontais, ba cheart tacú le comhar maidir le hathligean isteach. Le cur chuige ní ba chomhtháite, bheadh tionchar ní ba shubstaintiúla ag an sásra víosaí agus chothófaí cur chuige straitéiseach ní ba chomhleanúnaí i gcaidreamh an Aontais leis na tríú tíortha lena mbaineann.

4. Bearta sriantacha spriocdhírithe maidir le víosaí a thabhairt isteach

I dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos míshocra, ní mór don Aontas Eorpach a bheith in ann freagairt go tapa agus go comhréireach do ghníomhaíochtaí naimhdeacha tríú tíortha. Tá beartas víosaí an Aontais ar cheann de na comhéadain is infheicthe agus is dírí atá ag an Aontas leis an domhan mór. Ba cheart uirlisí éifeachtacha a bheith mar chuid den chomhéadan sin a fheidhmeoidh mar dhíspreagadh agus mar shásra freagartha i gcás meath tromchúiseach ar chúrsaí polaitiúla nó slándála.

Le blianta beaga anuas, tá aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar naimhdeas atá ag dul i méid ó roinnt tríú tíortha, lena n‑áirítear ionsaithe hibrideacha, ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, ionstraimiú imirceach a bhfuil údar polaitiúil leis, an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda agus gníomhartha foghacha oscailte. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé nach measfaí eisiúint leanúnach víosaí (go háirithe chun críoch taistil neamhriachtanaigh, amhail turasóireacht, fóillíocht, nó cuairteanna neamhoifigiúla) a bheith iomchuí a thuilleadh toisc go bhféadfadh rioscaí inbhraite a bheith ag baint léi do shlándáil, beartas poiblí nó caidreamh idirnáisiúnta an Aontais.

Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus cur chuige coiteann Eorpach a chothú i réimse an bheartais víosaí i gcomhthéacsanna den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún machnamh ar mholadh a dhéanamh, mar chuid de thogra reachtach a bheidh ann amach anseo le haghaidh athbhreithniú ar an gCód Víosaí, catagóir nua beart sriantach spriocdhírithe maidir le víosaí a thabhairt isteach laistigh de chreat beartais víosaí an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh sa chatagóir nua beart sin an cumas a thabhairt don Choimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, bearta ceangailteacha a ghlacadh atá chun leas an Aontais agus lena bhféadfaí iarratais ar víosa arna gcur isteach ag náisiúnaigh na dtríú tíortha sin a chur ar fionraí, a dhiúltú nó a shrianadh tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar leasanna foriomlána an Aontais agus ar chaidreamh an Aontais leis an tír a bheadh i gceist. D’fhéadfadh na bearta sin díriú ar chatagóirí sonracha taistealaí, amhail: sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse nó oifigiúla; iarchomhraiceoirí agus comhraiceoirí reatha sainaitheanta de chuid stáit ionsaithigh; nó iarratasóirí a bhfuil a gcuspóir taistil neamhriachtanach. Sa chomhthéacs sin, déanfar breithniú cúramach ar leasanna foriomlána an Aontais agus ar chaidreamh an Aontais leis an tír atá i gceist. Chun trédhearcacht, comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart creat nós imeachta soiléir a leanúint agus bearta den sórt sin á ngníomhachtú, lena n‑áirítear comhairliúchán roimh ré leis na Ballstáit agus tréimhse athbhreithniúcháin réamhshocraithe. Ba cheart coimircí a chur isteach freisin chun go mbeidh a dhóthain solúbthachta ann víosaí a eisiúint do chosantóirí chearta an duine, easaontaigh, iriseoirí neamhspleácha, baill d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chásanna daonnúla agus eisceachtúla eile.

Chomhlánódh na bearta sin na sásraí atá ann cheana, amhail Airteagal 25a den Chód Víosaí agus an sásra lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí, trí ghlacadh srianta tapa comhréireacha in‑aisiompaithe a chumasú i gcás meath tromchúiseach ar an gcaidreamh le tríú tíortha sonracha.

Dá dtabharfaí ionstraim den sórt sin isteach, mhéadófaí uathriail straitéiseach agus comhleanúnachas an Aontais agus dhéanfaí an beartas víosaí a ailíniú ar bhealach ní ba dhlúithe le cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Thabharfadh sé teachtaireacht pholaitiúil shoiléir freisin gur saincheart de chuid an Aontais agus a Bhallstát é rochtain a thabhairt ar limistéar Schengen, saincheart atá nasctha le hurraim don dlí idirnáisiúnta, iompar síochánta agus rannpháirtíocht chuiditheach leis an Aontas. D’fhágfadh sé sin go mbeadh beartas víosaí an Aontais ina ionstraim inchreidte straitéiseach i mbosca uirlisí an Aontais um ghníomhaíocht sheachtrach.

5.Slándáil na ndoiciméad taistil a neartú

Bíonn an beartas víosaí ag brath ar úsáid doiciméad taistil atá slán agus iontaofa ar a bhfuil gnéithe slándála atá ina gcuidiú falsú agus góchumadh doiciméad a chosc. D’ainneoin iarrachtaí chun cur chuige comhchuibhithe a bhaint amach i measc na mBallstát maidir leis na doiciméid taistil arna n‑eisiúint ag tríú tír a fhéadfar a úsáid chun dul isteach san Aontas agus fanacht ann, tá éagsúlacht mhór idir na seasaimh atá glactha ar an leibhéal náisiúnta. Chun aghaidh a thabhairt air sin, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ar shásra nua a mholadh ar mhaithe le liosta a tharraingt suas de dhoiciméid taistil arna n‑eisiúint ag tríú tír a bhfuil glacadh leo chun dul isteach i limistéar Schengen. Ach cur chuige coiteann a bheith ann i leith glacadh le doiciméid den sórt sin, i gcás iarratais ar víosa agus i gcás trasnú teorainneacha, neartófaí comhleanúnachas bheartas víosaí agus bheartas teorainneacha an Aontais agus laghdófaí éiginnteachtaí oibríochtúla agus dlíthiúla. Tar éis tuilleadh comhairliúcháin leis na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún roghanna beartais i láthair chun seasaimh na mBallstát ar an tsaincheist sin a ailíniú.

Thairis sin, bhí cásanna ann inar bhain náisiúnaigh tríú tír úsáid chalaoiseach as pasanna nó ceadanna cónaithe AE chun rochtain a fháil ar limistéar Schengen. Cé go bhfuil fíorú bithmhéadrach ríthábhachtach chun bainistiú slán a dhéanamh ar dhul isteach, cuireann srianta oibríochtúla agus teicniúla bac ar rochtain trasteorann ar shonraí méarlorg atá stóráilte i ndoiciméid taistil AE. Tá sé fíor-riachtanach mar sin feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis na mBallstát méarloirg atá stóráilte i ndoiciméid taistil AE a fhíorú. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé pointe teagmhála lárnach ar leibhéal an Aontais a chruthú trína bhféadfadh na Ballstáit deimhnithe um fhíorú méarlorg a mhalartú go slán, rud a thiocfadh in ionad na 992 nasc dhéthaobhacha atá ann faoi láthair 8 (córas ina bhfuil gach Ballstát agus an Coimisiún nasctha le chéile), sin agus indéantacht aon athraithe reachtaigh is gá chun é sin a bhaint amach. Dá méadófaí idir-inoibritheacht na nasc sin, rannchuideofaí go mór le simpliú agus le coigilteas costais.

Ar deireadh, cumasaíonn calaois doiciméad an choireacht thromchúiseach agus an imirce neamhdhleathach, ach níl aon sainmhíniú coiteann AE ann faoi láthair ná smachtbhannaí coiriúla nó riaracháin íosta lena dtugtar aghaidh ar úsáid na ndoiciméad calaoiseach. In éagmais sainmhínithe, rialacha agus pionóis choiteanna maidir le calaois doiciméad, tá ilroinnt agus deiseanna mí‑úsáide ann, lena n‑áirítear siopadóireacht víosaí 9 . Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid na himeartha sna Ballstáit agus cuirfidh sé roghanna beartais i láthair maidir le cur chuige níos comhleanúnaí i leith smachtbhannaí as ucht doiciméid chalaoiseacha a úsáid. D’fhéadfaí a áireamh ar na roghanna sin tionscnamh reachtach maidir le sainmhínithe comhchuibhithe, pionóis choiriúla íosta agus leasuithe spriocdhírithe ar an acquis atá ann cheana chun smachtbhannaí riaracháin coiteanna a tharraingt suas, lena n‑áirítear toirmisc ar dhul isteach. Leis sin, d’áiritheofaí cur chuige ní ba chomhleanúnaí i leith smachtbhannaí, bheadh díspreagadh ní b’fhearr ann, d’éascófaí imscrúdú agus ionchúiseamh agus d’fhéadfaí smachtbhannaí a fhorchur fiú i gcás ina mbeadh cónaí ar dhéantóir coire lasmuigh de dhlínsí na mBallstát. Leis na bearta sin, chuirfí feabhas ar an bhfaireachán, thacófaí leis an gcomhar oibríochtúil agus neartófaí sláine fhoriomlán bheartas víosaí, bheartas teorainneacha agus bheartas imirce an Aontais.

6.Cur chuige níos straitéisí i leith oiriúnuithe áitiúla ar rialacha maidir le víosaí

Maidir le víosaí gearrfhanachta a eisiúint, déantar comhordú i measc na mBallstát trí chomhar áitiúil Schengen agus i nósanna imeachta comhairliúcháin roimh ré nó ex post 10 . Glacann an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme um oiriúnú áitiúil go rialta chun na rialacha a leagtar síos sa Chód Víosaí a oiriúnú, maidir le doiciméid tacaíochta nó eisiúint víosaí il-iontrála cuir i gcás, d’fhonn iad a dhéanamh níos fabhraí nó níos mífhabhraí, ag brath ar na comhthéacsanna réigiúnacha sonracha.

Cé go raibh na hoiriúnuithe sin úsáideach go dtí seo, ba cheart a n‑acmhainneacht i ndáil le cur chun cinn leasanna straitéiseacha an Aontais trí chur chuige coiteann Eorpach a neartú a thuilleadh trí rannpháirtíocht an Choimisiúin in ullmhú na gcinntí sin a stiúradh, chun tacú leis na Ballstáit agus treoraíocht a thabhairt dóibh, ar mhaithe le cur i bhfeidhm comhleanúnach na n‑oiriúnuithe áitiúla idir tíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu a áirithiú, mar aon le comhsheasmhacht le cuspóirí geopholaitiúla níos leithne a chosaint.

Ina theannta sin, i gcomhthéacs togra le haghaidh athbhreithniú ar an gCód Víosaí, déanfaidh an Coimisiún a mheas ar cheart critéir nua a chur leis chun na hoiriúnuithe áitiúla a threorú. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh ar na critéir nua sin cásanna ina bhfuil méadú géar neamhrialaithe ar theacht isteach náisiúnach tríú tír a bhfuil ceanglas víosa uirthi, méadú nach féidir a fhritháireamh le líon comhfhreagrach fillteacha ná leis an leibhéal comhair ón tír maidir le hathligean isteach, nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar rioscaí imirce agus slándála.

7.Beartas víosaí a chosnaíonn na daoine is leochailí

Bíonn slándáil an Aontais á neartú ag an gcomhbheartas víosaí, ach mar sin féin ceadaíonn sé solúbthacht leordhóthanach do na Ballstáit chun freastal ar iarratasóirí leochaileacha, amhail cosantóirí chearta an duine, easaontaigh, iriseoirí neamhspleácha agus baill d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar bhonn cás ar chás. Féadfaidh na Ballstáit, in imthosca eisceachtúla agus i gcás ina bhfuil údar cuí leis, víosaí gearrfhanachta a eisiúint ar fhorais dhaonnúla fiú mura gcomhlíontar coinníollacha áirithe 11 . Chun an chothromaíocht chuí a bhaint amach idir maoluithe i gcásanna aonair agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha comhchoiteanna, rinne an Coimisiún Lámhleabhar an Chóid Víosaí a thabhairt cothrom le dáta le déanaí, agus treoraíocht bhreise do na Ballstáit curtha leis maidir le forálacha solúbthachta an chreata dhlíthiúil atá ann cheana a úsáid i gcásanna den sórt sin, agus leanfaidh sé den ábhar a phlé leis na Ballstáit. Thairis sin, le digitiú na nósanna imeachta víosa, laghdófar an t‑ualach riaracháin ar na hiarratasóirí uile, lena n‑áirítear grúpaí leochaileacha. Ina theannta sin, beidh na Ballstáit fós in ann víosaí fadfhanachta a eisiúint ar chúiseanna daonnúla.

Na chéad phríomhchéimeanna eile:

·Creat measúnúcháin nua a fhorbairt in 2026 le haghaidh díolúintí víosa a mholadh.

·Athbhreithniú ar an gCód Víosaí a mholadh in 2026, lena n‑áirítear chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

Øsásra Airteagal 25a a dhéanamh níos straitéisí agus níos sofhreagrúla chun freagairt do chomhar neamhleor maidir le hathligean isteach ar bhealach níos éifeachtaí; trí dhíriú ar mhearphróiseáil víosaí agus víosaí il-iontrála a chur ar fionraí, agus trína cheadú go gcuirfí eisiúint víosaí ar fionraí i gcás catagóirí áirithe pasanna (e.g. pasanna taidhleoireachta nó seirbhíse) nó i gcás gach catagóire pas.

Øbearta ad hoc a fhorbairt faoin gCód Víosaí mar fhreagairt ar chomhar neamhleor ó thríú tíortha i réimsí na slándála agus an bhainistithe teorainneacha, lena n‑áirítear an comhrac i gcoinne imirce neamhdhleathach agus smuigleáil daoine;

Øbearta sriantacha spriocdhírithe maidir le víosaí a thabhairt isteach i gcás meath tromchúiseach ar an staid pholaitiúil nó slándála i dtríú tír;

Øcritéir nua a thabhairt isteach i ndáil le hoiriúnuithe áitiúla ar rialacha maidir le víosaí.

·Úsáid iomlán chomhordaithe a bhaint as an sásra athbhreithnithe lena gcuirtear tarscaoileadh víosaí ar fionraí.

·Sineirgí a áirithiú le Rialachán GSP agus leis an Eoraip Dhomhanda a mholtar faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua chun cumhacht mhargála an Aontais a threisiú a mhéid a bhaineann le comhar ó thríú tíortha maidir le hathligean isteach.

·Machnamh a dhéanamh ar shlándáil doiciméad taistil a neartú, lena n‑áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Øliosta aonfhoirmeach a bhunú de dhoiciméid taistil arna n‑eisiúint ag tríú tír a bhfuil glacadh leo;

Ølárphointe teagmhála ar leibhéal an Aontais a chur ar bun chun méarloirg atá stóráilte i ndoiciméid taistil AE a fhíorú;

·cur chuige níos comhleanúnaí a chur i bhfeidhm i leith smachtbhannaí as ucht doiciméid chalaoiseacha a úsáid.

III.Beartas víosaí lena gcumhachtaítear ár ngeilleagar agus ár n‑iomaíochas 

1.Taisteal chun críoch turasóireachta agus gnó a éascú

Tá limistéar Schengen ar an gceann scríbe is mó a dtugtar cuairt air ar domhan: trasnaítear a theorainneacha seachtracha i gcás 40 % den taisteal idirnáisiúnta domhanda 12 . Sa bhreis ar dhaoine ó thíortha saor ó víosa, áirítear i measc na dtaistealaithe sin na daoine a tháinig isteach le ceann de na breis agus 10 milliún víosa a d’eisigh na Ballstáit anuraidh 13 . Baineann thart ar 10 % de OTI an Aontais leis an turasóireacht, ar tionscal í a thacaíonn le thart ar 23 mhilliún post in earnálacha éagsúla 14 . Treisíonn an tionscal céanna seasamh domhanda an Aontais trínár luachanna agus ár n‑oidhreacht a thaispeáint do chuairteoirí. 40 % de thurasóireacht uile an Aontais, sin an méid atá i gceist le turasóireacht chultúrtha, agus tá tionchar eacnamaíoch tábhachtach aici ar earnálacha eile 15 . Chaith turasóirí idirnáisiúnta EUR 515 bhilliún san Aontas in 2024, agus is le taisteal gnó a bhain an caiteachas ab airde in aghaidh an turais 16 . Gineann sé sin príomhfhoinse ioncaim do gheilleagair áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.

Le beartas víosaí nua-aimseartha, ní mór taisteal dlisteanach a dhéanamh níos éasca agus níos intuartha. Bíonn turasóirí agus lucht gnó ag súil le heispéireas taistil saoráideach agus le nósanna imeachta víosa atá slán, gan pháipéar agus níos tapúla. Trí rochtain a shimpliú do na taistealaithe sin, neartóidh an tAontas a sheasamh mar mhol domhanda don turasóireacht agus don ghnó, gan a ardchaighdeáin slándála a chur i mbaol, áfach.

Sna blianta amach romhainn, beidh athchóiriú mór ar a rialacha maidir le víosaí á rolladh amach ag an Aontas lena ndéanfar athrú ó bhonn ar an gcaoi a mbíonn iarratais ar víosa á mbailiú, á bpróiseáil agus á n‑eisiúint. Leis sin, éascófar taisteal do thaistealaithe a bhfuil víosa de dhíth orthu chun dul isteach san Aontas. Beidh digitiú na nósanna imeachta víosa ina phríomhghné den athchóiriú sin. Beidh iarratasóirí in ann próiseas iomlán an iarratais ar víosa a chur i gcrích ar líne, agus cuirfear víosaí digiteacha slána in ionad na ngreamán víosa traidisiúnta 17 . Leis an athchóiriú, beidh taisteal chun na hEorpa níos sábháilte agus níos áisiúla, agus cuirfear uirlisí atá cothrom le dáta agus comhchuibhithe ar fáil do na Ballstáit chun iarratais a phróiseáil ar bhealach slán éifeachtúil.

Is uirlis iad víosaí il-iontrála a bhfuil tréimhsí bailíochta níos faide acu agus lena ndéantar luaíocht a thabhairt do thaistealaithe iontaofa, an t‑ualach riaracháin a laghdú agus gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh 18 . Chun úsáid bhreise a bhaint as an uirlis sin, breithneoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, na féidearthachtaí maidir le víosaí il-iontrála chun críoch turasóireachta agus gnó a bhfuil tréimhse bhailíochta níos faide ná 5 bliana acu a eisiúint d’iarratasóirí bona fide a bhfuil stair víosaí dhearfach acu agus nach bhfuil rioscaí imirce nó slándála ag baint leo, agus, san am céanna, na tréimhsí coinneála le haghaidh sonraí bithmhéadracha atá stóráilte i gcórais TF an Aontais um bainistiú teorainneacha á gcur san áireamh. Mar chuid d’athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an gCód Víosaí, breithneoidh an Coimisiún roghanna féideartha, amhail síneadh a chur le bailíocht na víosaí il-iontrála 5 bliana atá ann cheana tar éis measúnú nua a dhéanamh, iad a athdhearbhú go ceann líon breise blianta, nó catagóir nua víosa il-iontrála a chruthú a bheidh bailí ar feadh tréimhse níos faide.

I gcás iarratasóirí ar víosa a thaistealaíonn chun críoch gnó thar ceann cuideachtaí muiníneacha, is iondúil go mbíonn rioscaí ísle ag baint leo agus go mbíonn siad iontaofa. Níl aon chur chuige coiteann ann i leith taistealaithe iontaofa agus urraitheoirí corparáideacha den sórt sin a bhainistiú áfach agus tá scéimeanna agus éascuithe ar leith ag gach Ballstát i dtaobh an phróisis víosa. Díríonn cuid de na scéimeanna sin ar earnálacha sonracha, amhail an tionscal loingseoireachta nó an tionscal iompair ar bóthar. Fágann sé sin go mbíonn ilroinnt ann i gcás gnólachtaí atá gníomhach ar fud an Aontais. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an bhféidearthacht liosta coiteann de chuideachtaí fíoraithe a chur ar bun, lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, a ndéanfaí mearphróiseáil ar víosaí a bhfostaithe. Sin rud a d’éascódh nósanna imeachta do thaistealaithe gnó iontaofa agus bheadh tairbhí eacnamaíocha do mhargadh aonair iomlán an Aontais ag baint leis.

I gcás taistealaithe nach bhfuil víosa de dhíth orthu chun dul isteach san Aontas, seolfaidh an tAontas an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) in 2026. Trí cheangal a chur ar thaistealaithe faisnéis phearsanta agus taistil a chur isteach trí iarratas ar líne roimh imeacht dóibh, déanfaidh ETIAS seiceálacha teorann níos tapúla agus níos éifeachtúla, agus cuirfidh sé ar a gcumas do na húdaráis scagadh slándála feabhsaithe a dhéanamh sula sroichfidh taistealaithe teorainneacha na hEorpa. Bunóidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) lárionad cúnaimh ETIAS 24/7 chun tacú le taistealaithe (mar shampla trí chuidiú leo a bhfoirm iarratais a líonadh isteach), agus le hiompróirí (mar shampla trí chúnamh a thabhairt dóibh maidir le fadhbanna teicniúla) 19 .

2.Tallann a mhealladh ar mhaithe le nuálaíocht agus iomaíochas

I dtimpeallacht dhomhanda an lae inniu atá ag éirí níos iomaíche, ba cheart do bheartas víosaí an Aontais tacú le clár oibre iomaíochais an Aontais, le creat níos solúbtha chun tallann dhomhanda a mhealladh, aistriú eolais agus comhar idirnáisiúnta a chothú, agus tairbhí soiléire a chur ar fáil do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair mhóra a bhfuil lucht saothair éagsúil, ardcháilithe agus oilte á lorg acu sna hearnálacha is ábhartha don dá aistriú.

Cuireann mic léinn agus taighdeoirí idirnáisiúnta le geilleagar an Aontais trí bhearnaí scileanna a líonadh, trí thaighde agus nuálaíocht a spreagadh agus trí bheith mar chuid de lucht saothair níos oilte a bhuí lena bhfostaíocht nó lena bhfiontraíocht ag céim níos faide anonn. Oibrithe agus fiontraithe ardcháilithe ardoilte, lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil scileanna digiteacha acu, bíonn smaointe nua acu, spreagann siad infheistíochtaí agus cuidíonn siad le gnólachtaí fás. Tá ról ag acadóirí, ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha freisin maidir le hiomaíochas domhanda an Aontais a fheabhsú trí chomhar idirnáisiúnta a chothú.

Ionas go mbeidh an tAontas fós ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda i réimse na nuálaíochta, ní mór dó a bheith ina rogha cinn scríbe do na daoine is oilte agus is cruthaithí ar domhan. Le hAontas na Scileanna 20 , an Straitéis um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú 21 , an Plean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga 22 agus an tionscnamh Roghnaigh an Eoraip 23 , cuirtear i dtábhacht gur gá éascú a dhéanamh ar theacht mac léinn idirnáisiúnta, taighdeoirí, oibrithe ardcháilithe ardoilte, bunaitheoirí gnólachtaí nuathionscanta agus fiontraithe nuálacha. Ina theannta sin, le tionscnaimh shuaitheanta amhail Erasmus Mundus, na Comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, an chéim/lipéad coiteann Eorpach a bheidh ann amach anseo, an Straitéis um Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint atá ar na bacáin agus an Comhshocrú don Mheánmhuir 24 , féachtar le tallann idirnáisiúnta a mhealladh agus le tábhacht na soghluaisteachta tallainne a threisiú chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha a thógáil. Leis an 28ú córas atá ar na bacáin, beidh gnólachtaí in ann clárú agus feidhmiú go saoráideach ar fud na mBallstát, rud a chuideoidh le cuideachtaí an Aontais fás agus infheistíocht a mhealladh ó gach cearn den domhan.

Ach sa lá atá inniu ann, déanann nósanna imeachta fada ilroinnte um víosa fadfhanachta na daoine sin is mó a theastaíonn ón Eoraip a dhíspreagadh ó theacht chuig an Aontas.  

Tá creat i bhfeidhm ag an Aontas le haghaidh mic léinn agus taighdeoirí idirnáisiúnta a mhealladh, chomh maith le hoibrithe ardcháilithe ardoilte, mar atá an Treoir maidir le Mic Léinn agus Taighdeoirí 25 agus an Treoir maidir le Cárta Gorm AE 26 . Fágann bearnaí agus neamhéifeachtúlachtaí i gcur chun feidhme an chreata sin nach bhfuil an tAontas chomh tarraingteach céanna do na catagóirí daoine sin, áfach. Is minic a chuireann iarratasóirí, ollscoileanna Eorpacha agus fostóirí ábhair imní in iúl maidir le moilleanna ar phróiseáil na n‑iarratas ar víosa fadfhanachta ar thaobh consalachtaí, deacrachtaí i dtaca le coinní a chur in áirithe, easpa faisnéis shoiléir inrochtana faoin doiciméadacht is gá, sin agus nósanna imeachta víosa atá casta agus neamhréireach.

Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh ionas go n‑oibreoidh an creat atá ann cheana le haghaidh tallann a mhealladh ar bhealach níos fearr. Chuige sin, tá Moladh maidir le Tallann a Mhealladh ar mhaithe le Nuálaíocht á chur i láthair ag an gCoimisiún in éineacht leis an straitéis seo, lena spreagtar na Ballstáit nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú, acmhainní consalacha a chomhthiomsú agus a chomhordú, cearta agus coimircí comhsheasmhacha a áirithiú agus rochtain ar fhaisnéis agus comhordú a fheabhsú i measc na n‑údarás náisiúnta, na n‑institiúidí oideachais agus na n‑éiceachóras nuálaíochta. Déanfar bearta comhlántacha i gcás na dtaighdeoirí is mó clú a bhreithniú sa Ghníomh um an Limistéar Eorpach Taighde atá ar na bacáin, mar shampla chun soghluaisteacht taighdeoirí i dtreo na hEorpa a éascú mar chuid de chláir arna gcistiú ag an Aontas.

Comhlánóidh cistiú ón Aontas na hiarrachtaí sin trí thacú le consalachtaí na mBallstát iarratais ó náisiúnaigh tríú tír a bhfuil scileanna speisialaithe agus acmhainneacht láidir nuálaíochta agus taighde acu a phróiseáil, go háirithe rannpháirtithe i gcláir AE amhail Erasmus+ agus Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, agus béim á leagan freisin ar thíortha Comhpháirtíochta Tallainne 27 . Seolfar an chéad chlár píolótach den Oifig Eorpach um Thairseacha Dhlíthiúla san India ag tosú leis an earnáil TFC. Ar bhonn na gceachtanna a fhoghlaimeofar ón gclár píolótach seo, oibreoidh an Coimisiún chun an Oifig Eorpach um Thairseacha Dlíthiúla a leathnú ar mhaithe le hearnálacha agus tíortha comhpháirtíochta eile a chumhdach, amhail tíortha Comhpháirtíochta Tallainne, agus é mar aidhm aige freisin tacú le náisiúnaigh tríú tír agus le fostóirí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an bpróiseas víosa. Nuair a bheidh sé oibríochtúil, éascóidh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh 28  meaitseáil poist i bpróiseas earcaíochta na tallainne neamh‑AE ar gach leibhéal scileanna, lena n‑áirítear trí fhaisnéis faoi rialacha earcaíochta agus imirce a sholáthar, chomh maith le faisnéis faoi nósanna imeachta um aitheantas 29 . I gcur chun feidhme na dtionscnamh sin, ní mór an tionchar diúltach ar thíortha comhpháirtíochta a íoslaghdú agus an tionchar dearfach a uasmhéadú sa tslí nach mbeidh siad thíos le daoine oilte a bheith ag fágáil ach go mbainfidh siad tairbhe as an taithí a gheobhaidh na daoine sin. Thairis sin, beidh sé tábhachtach coimircí a chur ar fáil chun slándáil taighde a áirithiú agus chun rioscaí a bhaineann le comhar idirnáisiúnta i réimse na taighde agus na nuálaíochta a mhaolú 30 .

I gcomhthreo leis sin, agus cur chun feidhme an Mholta á mheas ag an gCoimisiún, déanfaidh sé measúnú in 2026 an bhfuil gá le coigeartuithe reachtacha spriocdhírithe chun nósanna imeachta víosa fadfhanachta a dhéanamh níos simplí agus níos freagrúla d’uaillmhianta iomaíochais agus nuálaíochta an Aontais, agus sin dírithe go háirithe ar dhaoine atá ag obair, ag déanamh taighde nó ag staidéar i réimsí a bhaineann le ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic). Breathnóidh an Coimisiún go sonrach ar a indéanta atá sraith leasuithe spriocdhírithe ‘Omnibus’ ar rialacha AE atá ann cheana maidir le mic léinn, taighdeoirí agus oibrithe ardcháilithe ardoilte chun iad a chur in oiriúint do na héiceachórais nuálaíochta agus taighde, sin agus ar a indéanta atá creat dlíthiúil spriocdhírithe AE do bhunaitheoirí gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú agus d’fhiontraithe nuálacha.

I dteannta a chéile, cuideoidh na bearta sin leis an Eoraip a bheith ina fíormhaighnéad tallainne, is é sin mór-roinn a chuireann fáilte roimh eolas, cruthaitheacht agus fiontraíocht mar spreagadh dá rathúnas amach anseo.

3.Castachtaí a laghdú

Faoi láthair, faoi dhlí an Aontais údaraítear do thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus do thaistealaithe a bhfuil ceanglas víosa orthu fanacht laistigh de limistéar Schengen ar feadh suas le 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá. Chun fanacht ar feadh tréimhse is faide ná 90 lá, ní mór víosa fhadtéarmach nó cead cónaithe a d’eisigh Ballstát a bheith ag duine. Maidir le roinnt gairmithe tríú tír a bhíonn ag brath go mór ar shoghluaisteacht idir na Ballstáit áfach amhail ealaíontóirí camchuairte, lúthchleasaithe a bhíonn ag freastal ar imeachtaí spóirt, saineolaithe atá ag obair ar thionscadail trasteorann, lucht saothair a thacaíonn le tionscail agus seirbhísí an Aontais nó tiománaithe trucailí a fhreastalaíonn ar ghnólachtaí an Aontais, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá acu le rochtain ar Bhallstáit éagsúla ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá, ach nach mbeadh fadfhanacht nó cónaí san Aontas ag teastáil uathu.

Cruthaíonn sé sin córas casta atá níos casta fós mar gheall ar na comhaontuithe déthaobhacha a thug roinnt Ballstát i gcrích sular tháinig acquis Schengen i bhfeidhm, lena gceadaítear do náisiúnaigh tríú tíortha sonracha fanacht níos faide ná 90 lá, ach laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann amháin, rud a dhéanann dochar do chur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis Schengen.

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun réitigh phragmatacha a shainaithint ar mhaithe le gearrfhanachtaí sínte le haghaidh catagóirí roghnaithe náisiúnach tríú tír a cheadú, rud a áiritheoidh tairbhe slándála agus eacnamaíoch don Aontas, chomh maith le soiléireacht dhlíthiúil do thaistealaithe. Mar chuid den mhachnamh sin, breathnófar ar reachtaíocht nua a thabhairt isteach freisin ina mbeidh sraith shonrach rialacha maidir le gearrfhanacht shínte ar leibhéal an Aontais. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thionchar na gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana lena gceadaítear fanachtaí sínte, d’fhonn deireadh a chur leo de réir a chéile 31 .

Na chéad phríomhchéimeanna eile:

·Digitiú na nósanna imeachta víosa a leathadh amach go tapa.

·An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a sheoladh in 2026.

·Roghanna a shainaithint maidir le víosaí il-iontrála a bhfuil bailíocht níos faide acu.

·An Moladh ón gCoimisiún maidir le Tallann a Mhealladh ar mhaithe le Nuálaíocht a chur chun feidhme.

·Breathnú ar roghanna chun creat víosaí fadfhanachta an Aontais a chur in oiriúint d’éiceachórais nuálaíochta agus taighde.

·Breathnú ar rialacha nua maidir le gearrfhanachtaí fada do chatagóirí roghnaithe de ghairmithe tríú tír, amhail ealaíontóirí camchuairte, lúthchleasaithe iomaíocha, nó tiománaithe trucailí.

IV.Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit le huirlisí nua-aimseartha víosa  

1.Córais TF chliste chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus chun mí‑úsáid víosaí a chosc

Tá ceann de na córais dhigiteacha is forbartha ar domhan le haghaidh bainistiú teorainneacha á rolladh amach ag an Aontas.

Thosaigh an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) ag feidhmiú i mí Dheireadh Fómhair 2025. Is córas TF uathoibrithe é a dhéanann taistealaithe neamh‑AE a chlárú le haghaidh gearrfhanachta gach uair a thrasnaíonn siad teorainneacha seachtracha aon chinn de na 29 dtír Schengen. Ligeann sé do thaistealaithe an tréimhse fanachta údaraithe atá fágtha acu a fhíorú tráth ar bith agus tugann sé foláireamh do na Ballstáit go huathoibríoch nuair a shainaithnítear daoine aonair mar rófhantóirí. Agus níos mó ná 20 milliún iontráil agus imeacht cláraithe ó seoladh é, tá athrú ó bhonn bainte amach ag EES cheana féin maidir le teorainneacha a bhainistiú, imirce neamhdhleathach a chosc, calaois doiciméad agus chéannachta a bhrath, agus, ar deireadh thiar, slándáil an Aontais a mhéadú. Tar éis an túis chéimnigh, beidh EES lánfheidhmeach ag gach pointe trasnaithe teorann i limistéar Schengen ó mhí Aibreáin 2026 ar aghaidh.

Thairis sin, tiocfaidh an leagan nua den chóras Eurodac i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2026, lena ndéanfar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú. Cuirfidh sé feabhas mór ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar mhí‑úsáid víosaí ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil ceanglas víosa orthu. Áireoidh sé faisnéis níos mionsonraithe faoi náisiúnaigh tríú tír, nascfaidh sé na tacair sonraí uile a chomhfhreagraíonn don duine aonair céanna, agus stórálfaidh sé sonraí faoi shealbhóirí víosa a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Méadóidh ETIAS an tslándáil inmheánach trí réamhscagadh a dhéanamh ar thaistealaithe i dtaobh rioscaí slándála, rioscaí imirce neamhdhleathaí agus ardrioscaí eipidéime féideartha roimh imeacht dóibh ón tír thionscnaimh. Trí na seiceálacha sin i mbunachair sonraí AE éagsúla a uathoibriú, déanfaidh ETIAS trasnuithe teorann níos tapúla agus níos éifeachtúla do thaistealaithe nach bhfuil riosca ag baint leo.

Áiríonn an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) sonraí faoi iarratais ar víosa ghearrfhanachta anois i gcás náisiúnaigh eachtracha ó thíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu. Is é is aidhm dó, go háirithe, an próiseas víosa a éascú do thaistealaithe dlisteanacha, agus san am céanna cuidiú leis na húdaráis calaois agus siopadóireacht víosaí a chosc. Tá sé ina chuidiú freisin maidir le seiceálacha ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha chun a chinntiú gurb é an duine a shroicheann an teorainn an sealbhóir víosa dlisteanach. Leis an VIS athbhreithnithe, comhtháthófar sonraí faoi víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe, chomh maith le faisnéis faoi víosaí gearrfhanachta. Déanfaidh sé an cuardach i mbunachair sonraí ábhartha uile an Aontais a uathoibriú freisin, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht agus comhsheasmhacht na gcinntí maidir le hiarratais ar víosa.

Nuair a chuirfear creat idir-inoibritheachta chórais faisnéise an Aontais chun feidhme go hiomlán in 2028, beifear in ann cuardach a dhéanamh san iliomad bunachar sonraí ag an am céanna trí chuardach lárnach aonair. Tabharfaidh an creat idir-inoibritheachta léargas cuimsitheach ar stádas duine trí shonraí ábhartha a tharraingt le chéile ar scáileán amháin. Ciallaíonn sé sin go mbeidh na húdaráis in ann ilchéannachtaí nó céannachtaí calaoiseacha a bhrath go huathoibríoch nó a shainaithint cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon duine rialacha a fhanachta. Ina theannta sin, ginfidh sé staitisticí traschórais a thabharfaidh léargas luachmhar ar phatrúin taistil, ar rioscaí agus ar mhí‑úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann, rud a thacóidh le beartas víosaí fianaisebhunaithe.

Amach anseo, ba cheart é a bheith d’aidhm ag córais TF an Aontais a thacaíonn le próiseáil víosaí an leas is fearr is féidir a bhaint as forbairtí teicneolaíocha, go háirithe réitigh intleachta saorga. An tráth céanna, cuirfidh teicneolaíochtaí nua deiseanna breise ar fáil chun feabhas a chur ar shlándáil na bpróiseas víosa agus chun eispéireas taistil na dtaistealaithe bona fide a dhéanamh níos rianúla agus níos éasca.

2.Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le próiseáil víosaí

Éilíonn beartas víosaí nua-aimseartha freisin go ndéanfar iarratais ar víosa a phróiseáil go héifeachtúil. Tá dúshláin ag baint le líon ard iarratas a bhainistiú agus coinní a áirithiú in am trátha ag consalachtaí, go háirithe le linn buaicthréimhsí. Méadaítear an brú sin a thuilleadh le céimeanna nós imeachta riachtanacha, amhail seiceálacha slándála críochnúla a dhéanamh, iarratasóirí a shainaithint ar bhealach cruinn agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le calaois doiciméad. D’fhéadfadh difríochtaí i gcleachtais náisiúnta agus leibhéil éagsúla digitithe ó Bhallstát go chéile eispéireas nach bhfuil chomh cuíchóirithe agus chomh trédhearcach céanna a chruthú d’iarratasóirí. Féadann na dúshláin sin dochar a dhéanamh d’éifeachtacht an chórais, iontaoibh i measc na mBallstát a laghdú agus muinín an phobail i gcothroime nósanna imeachta víosa an Aontais a laghdú.

Beidh rolladh amach na n‑uirlisí TF le haghaidh bainistiú teorainneacha dá dtagraítear thuas ríthábhachtach chun slándáil agus sláine phróiseas víosa an Aontais a neartú. Ní mór é sin a chomhlánú, áfach, le tacaíocht phraiticiúil do chur chun feidhme an bheartais víosaí ar an leibhéal consalach agus ar an leibhéal lárnach araon. Leis an tacaíocht sin, déanfar an méid seo a leanas: cur i bhfeidhm níos comhchuibhithe na rialacha maidir le víosaí a áirithiú, cáilíocht, éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht na cinnteoireachta ar fud na mBallstát a fheabhsú, feidhmiú céimneach dhigitiú an nós imeachta maidir le víosaí a éascú, agus cuidiú ó thaobh siopadóireacht víosaí a laghdú.

Cé gur cuid lárnach de bheartas bainistithe teorainneacha an Aontais é an beartas víosaí, agus cé gurb é an chéad leibhéal cosanta é atá ag an Aontas maidir le limistéar Schengen a chosaint, is é an t‑aon bheartas gnóthaí baile nach dtairbhíonn de thacaíocht struchtúrtha ó Ghníomhaireacht de chuid an Aontais. Chuige sin, leis an athbhreithniú ar sainordú Frontex atá ar na bacáin, féachfaidh ar deiseanna Oifig Tacaíochta AE um Víosaí a bhunú laistigh de Frontex chun tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil i gcáil chomhairleach. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar chúraimí na hoifige sin: oiliúint a fhorbairt agus a sholáthar d’oifigigh chonsalacha chun ardchaighdeáin sheasmhacha a áirithiú sa chinnteoireacht víosaí; tacú le consalachtaí doiciméid a fhíorú agus calaois doiciméad a bhrath trí shaineolas speisialaithe, uirlisí speisialaithe agus dea-chleachtais; agus measúnuithe riosca agus anailísí tíre a dhéanamh chun cinnteoireacht víosaí atá comhleanúnach agus fianaisebhunaithe a chur chun cinn ar fud an Aontais.

Thairis sin, mar gheall ar spleáchas méadaithe na mBallstát ar sholáthraithe seirbhíse seachtracha chun codanna den phróiseas víosa a láimhseáil, teastaíonn rialú cáilíochta agus faireachán feabhsaithe. Ar an gcúis sin, seolfaidh an Coimisiún staidéar cuimsitheach ar chleachtais seachfhoinsithe agus ar mhaoiniú na soláthraithe seirbhíse seachtracha a bhfuil sé de chúram orthu iarratais ar víosa a bhailiú, d’fhonn roghanna a tharraingt suas chun mí‑úsáid córas a chosc. 

3.Úsáid straitéiseach a bhaint as cistiú an Aontais chun an beartas víosaí a chur chun feidhme

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’úsáid straitéiseach a bhaint as an gcistiú atá ar fáil ón Aontas chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach an bheartais víosaí. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú fhorbairt na gcomhpháirteanna náisiúnta agus do mhaoiniú na n‑oiriúnuithe is gá le haghaidh an VIS athbhreithnithe agus le haghaidh dhigitiú na nósanna imeachta víosa. Leis an gcistiú, ba cheart acmhainneachtaí próiseála (foireann agus trealamh) a neartú freisin in áiteanna ina mbíonn tréimhsí feithimh fada roimh iarratasóirí le haghaidh coinní víosa Schengen. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún tacaíocht airgeadais a thabhairt do na Ballstáit i gcur chun feidhme na dtosaíochtaí beartais a bhaineann le víosaí chun aghaidh a thabhairt ar phríomhriachtanais sa bheartas víosaí. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún freisin treoraíocht spriocdhírithe, ceardlanna téamacha agus malartuithe dea-chleachtais a sholáthar ar mhaithe le tionscnaimh rathúla a chur i dtábhacht agus cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí a bhaineann le víosaí a éascú. Ag breathnú chun cinn ar an gclárthréimhse 2028–2034, tá an Coimisiún ag féachaint le ceachtanna a fhoghlaim ón gcur chun feidhme atá ann faoi láthair chun a áirithiú go ndéanfar tosaíochtaí a bhaineann le víosaí a chomhtháthú ar bhealach níos feiceálaí i gcreataí cistiúcháin amach anseo. Trí bhéim láidir a choinneáil ar an nuálaíocht, ar an idir-inoibritheacht agus ar an éifeachtacht oibríochtúil, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar beartas víosaí an Aontais atá éifeachtúil, slán agus nua-aimseartha a chur chun cinn a thuilleadh le cistiú ón Aontas. I gcomhar leis na Ballstáit, breathnóidh an Coimisiún ar a indéanta atá sé táillí víosaí le haghaidh víosaí Schengen atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais a mhéadú, agus úsáid a bhaint as ioncam ón méadú sin chun tacú le comhbheartas víosaí an Aontais a fhorbairt a thuilleadh.

Na chéad phríomhchéimeanna eile:

·É a áirithiú go ndéanfar córais TF chliste le haghaidh bainistiú teorainneacha agus an creat idir-inoibritheachta a rolladh amach.

·É a mholadh go mbunófaí Oifig Tacaíochta AE um Víosaí mar chuid den togra le haghaidh athbhreithniú ar shainordú Frontex in 2026.

·Staidéar cuimsitheach a sheoladh ar an úsáid a bhaintear as soláthraithe seirbhíse seachtracha sa phróiseas víosa.

V.Conclúid

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ní mór don Aontas oiriúnú. Tá beartas víosaí an Aontais lárnach sa chlaochlú sin, agus é suite san áit a dtagann iomaíochas, slándáil agus beartas eachtrach an Aontais le chéile.

Ar mhaithe le cur chun feidhme rathúil na straitéise seo a áirithiú, rachaidh an Coimisiún i mbun rannpháirtíochta le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus iarrfaidh sé ar an dá institiúid tacú leis an obair ar na tionscnaimh fhógartha a bheidh ann amach anseo. I bhfianaise an tionchair a bheidh ag na gníomhaíochtaí a mholtar sa straitéis seo ar chaidreamh seachtrach an Aontais, déanfar iad i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, laistigh d’fheidhmiú a feidhmeanna.

Maidir le beartas víosaí réamhbhreathnaitheach nua-aimseartha, beidh sé ar cheann de na príomhrudaí a chuideoidh le tarraingteacht dhomhanda an Aontais agus cothóidh sé acmhainneacht nuálaíochta, fás agus iomaíochas na hEorpa. Ach ní mór an oscailteacht a bheith fite fuaite leis an bhfreagracht. Dá bhrí sin, chun go mbeidh beartas víosaí inchreidte ann, ní mór mí‑úsáid a chosc, imirce neamhdhleathach a dhíspreagadh agus sláine limistéar Schengen a chosaint. Tá sé fíor-riachtanach an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an tslándáil agus an t‑éascú chun muinín na saoránach a choinneáil ar bun agus chun seasmhacht theorainneacha seachtracha na hEorpa a áirithiú mar aon lena slándáil inmheánach.

San am céanna, is ionstraim chumhachtach de chuid bheartas seachtrach agus eachtrach an Aontais é an beartas víosaí. Féadann sé comhar a chur chun cinn le tíortha comhpháirtíochta i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas ag baint leo. Leis na hathchóirithe atá beartaithe, áiritheofar nach teidlíocht bhuan é an taisteal gan víosa ach pribhléid a éilíonn iarrachtaí seasta chun go gcoinneofar ar bun é.

Chun an fhís sin a bhaint amach, tá gá le huirlisí nua-aimseartha agus cur chun feidhme éifeachtach. Le digitiú na nósanna imeachta víosa agus le simpliú na gcóras iarratais, beidh beartas víosaí na hEorpa níos éifeachtúla, níos sláine agus níos soláimhsithe, rud a rachaidh chun tairbhe do thaistealaithe agus do na Ballstáit araon. Beidh cur chun feidhme comhsheasmhach ar fud an Aontais ríthábhachtach chun torthaí inbhraite a ghnóthú as na hathchóirithe sin.

I ndeireadh na dála, ní mór an beartas víosaí, mar cholún fíor-riachtanach de acquis Schengen, a bheith ina nasc straitéiseach idir an oscailteacht agus an chosaint. Ní mór a chur in iúl do na saoránaigh tríd an mbeartas víosaí go mbainistítear teorainneacha na hEorpa ar bhealach éifeachtach, agus san am céanna a chur in iúl don saol mór gur gníomhaí domhanda teanntásach, iomaíoch, straitéiseach é an tAontas Eorpach atá réidh leis an tsoghluaisteacht a mhúnlú de réir a théarmaí féin i ndomhan atá ag éirí níos idirnasctha.

(1)

I gcomhréir le COM/2025/148/final .

(2)

Le Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú), an Iris Oifigiúil, sraith L 303, 28.11.2018, lgh. 39–58 (‘an Rialachán Víosaí’), sainaithnítear na tríú tíortha a bhfuil ceanglas víosa ar a náisiúnaigh agus iad ag taisteal chuig limistéar Schengen agus na tríú tíortha sin atá díolmhaithe ón gceanglas víosa.

(3)

Le hAirteagal 1 den Rialachán Víosaí, déantar foráil gur ar mheasúnú ar bhonn cás ar chás a bheidh díolúine víosa bunaithe, ar measúnú é ar roinnt critéar a bhaineann, inter alia, le himirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n‑áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach. Ní liosta uileghabhálach é liosta na gcritéar.

(4)

  Comhaontuithe víosaí an Aontais le tíortha nach tíortha den Aontas iad , arna rochtain an 6 Eanáir 2026.

(5)

  Na Treochtaí Tearmainn is Déanaí – Anailís Bhliantúil | Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann , arna rochtain an 6 Eanáir 2026. Sa bharrachairt idirghníomhach (sa roinn Recognition Rates, faoi Main citizenships), taispeántar na rátaí aitheantais de réir náisiúntachta idir 2015 agus 2024, rud a léiríonn go bhfuil na rátaí aitheantais an‑íseal i gcás iarratais arna gcur isteach ag náisiúnaigh na dtíortha saor ó víosa.

(6)

Íslíodh na tairseacha maidir le ráta diúltaithe cead isteach, ráta rófhanachta agus méadú substaintiúil ar iarratais ar thearmann. Cuireadh isteach forais fionraíochta nua: scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a bheith i bhfeidhm, neamhailíniú le beartas víosaí an Aontais, neamhchomhlíonadh na ngealltanas a rinneadh le linn idirphlé faoi léirscaoileadh víosaí, sin agus meath ar an gcaidreamh seachtrach idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann.

(7)

Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí, IO L 243, 15.9.2009, lgh. 1–58 (‘Cód Víosaí’).

(8)

Tá méarloirg an tsealbhóra ar na doiciméid taistil a eisíonn Ballstáit an Aontais. Faoi láthair, chun a fhíorú an bhfuil an fhaisnéis bhithmhéadrach atá stóráilte i ndoiciméad taistil den chineál sin ag teacht leis an sealbhóir, is gá deimhnithe a mhalartú go déthaobhach idir pointí teagmhála ainmnithe na mBallstát aonair (992 nasc theicniúla sa chleachtas). D’fhéadfadh difríochtaí teicniúla idir na córais tionchar a imirt ar luas na bhfíoruithe sin.

(9)

Is éard is siopadóireacht víosaí ann an cleachtas ina gcuireann iarratasóirí a n‑iarratais ar víosa isteach i gconsalacht de chuid Ballstáit arb ann don tuairim ina leith go mbíonn coinníollacha níos fabhraí á dtairiscint aige, amhail rátaí diúltaithe níos ísle, agaí próiseála níos tapúla nó teacht níos éasca ar choinne, seachas i gconsalacht an Bhallstáit is iomchuí do phríomhcheann scríbe nó do chuspóir taistil an iarratasóra, sin nó an cleachtas ina ndéanann an t‑iarratasóir iarratas i mBallstáit éagsúla tar éis gur diúltaíodh dó roimhe sin.

(10)

   Tugann comhairliúchán roimh ré an ceart do na Ballstáit agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a chéile maidir le víosaí; i gcomhairliúchán ex post is féidir na Ballstáit a chur ar an eolas faoi chinntí Ballstát eile.

(11)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní cheanglaítear ar na Ballstáit, faoi dhlí an Aontais, víosa dhaonnúil a dheonú do dhaoine ar mian leo dul isteach ar a gcríoch d’fhonn iarratas a dhéanamh ar thearmann, ach tá sé de shaoirse acu i gcónaí é sin a dhéanamh ar bhonn a ndlí náisiúnta (Breithiúnas C-638/16 PPU X agus X v État belge).

(12)

  COM/2025/185 final .

(13)

  AS HOME, Cónaí, obair agus taisteal a dhéanamh san Aontas Eorpach , arna rochtain an 6 Eanáir 2026.

(14)

Forléargas ar bheartas turasóireachta an Aontais – Soghluaisteacht agus Iompar, arna rochtain an 6 Eanáir 2026.

(15)

  COM/2025/785 final .

(16)

  Staitisticí turasóireachta , arna rochtain an 6 Eanáir 2026. Turasóireacht an Aontais in 2024: Príomh‑Nuashonraithe agus Treochtaí atá ag Teacht Chun Cinn , arna rochtain an 6 Eanáir 2026.

(17)

  Digitiú víosaí Schengen , arna rochtain an 6 Eanáir 2026.

(18)

Ceanada, an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe.

(19)

  ETIAS , arna rochtain an 6 Eanáir 2026.

(20)

  COM(2025) 90 final .

(21)

  COM(2025) 270 final .

(22)

  COM(2025) 165 final .

(23)

  Roghnaigh an Eoraip: téigh chun cinn i do ghairmréim taighde san Aontas Eorpach , arna rochtain an 6 Eanáir 2026.

(24)

  JOIN(2025) 26 final .

(25)

Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha iontrála agus cónaithe i gcás náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus socrúchán au pair, IO L 132, 21.5.2016, lgh. 21–25.

(26)

Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, IO L 382, 28.10.2021, lgh. 1–38.

(27)

 Is é is aidhm do Chomhpháirtíochtaí Tallainne creataí comhair struchtúrtha a chur chun cinn le tíortha comhpháirtíochta. Faoi láthair, tá Comhpháirtíochtaí Tallainne leis an Túinéis, Maracó, an Éigipt, an Bhanglaidéis agus an Phacastáin seolta ag an gCoimisiún, in éineacht le Ballstáit an Aontais.

(28)

  COM/2023/716 .

(29)

I gcomhthéacs na Linne Tallainne, d’fhéadfadh oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe meánoilte a d’fhéadfadh rannchuidiú ó thaobh dul i ngleic le ganntanais post tairbhiú de nósanna imeachta um iarratais ar víosaí éascaithe.

(30)

Moladh ón gComhairle an 23 Bealtaine 2024 maidir le slándáil taighde a fheabhsú, IO C, C/2024/3510, 30.5.2024.

(31)

Dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, IO L 327, 9.12.2017, lgh. 20–82.

Top