This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52026AB0010
Opinion of the European Central Bank of 13 March 2026 on a proposal for a regulation as regards the simplification of the implementation of harmonised rules on artificial intelligence (CON/2026/10)
Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Márta 2026 maidir le togra le haghaidh rialachán a mhéid a bhaineann le simpliú cur chun feidhme rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (CON/2026/10)
Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 13 Márta 2026 maidir le togra le haghaidh rialachán a mhéid a bhaineann le simpliú cur chun feidhme rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (CON/2026/10)
CON/2026/10
IO C, C/2026/2285, 15.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2285/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2285 |
15.4.2026 |
TUAIRIM ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 13 Márta 2026
maidir le togra le haghaidh rialachán a mhéid a bhaineann le simpliú cur chun feidhme rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga
(CON/2026/10)
(C/2026/2285)
Réamhrá agus bunús dlí
An 19 Samhain 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2024/1689 agus (AE) 2018/1139 a mhéid a bhaineann le simpliú chur chun feidhme na rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Omnibus Digiteach maidir leis an Intleacht Shaorga) (1) (dá ngairtear an ‘rialachán atá beartaithe’ anseo feasta).
Tá cinneadh déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin maidir leis an rialachán atá beartaithe. Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán atá beartaithe a thagann faoi réimsí inniúlachta BCE, go háirithe maidir le cúraimí BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 127(6) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.
1. Barúlacha ginearálta
|
1.1. |
In 2021, fuair BCE iarraidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir leis an togra bunaidh le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (2), agus ghlac sé an tuairim sin. |
|
1.2. |
Is díol sásaimh do BCE cuspóir an rialacháin atá beartaithe nuálaíocht agus iomaíochas a chur chun cinn laistigh den mhargadh inmheánach trí chur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (dá ngairtear ‘an Gníomh um an Intleacht Shaorga’ anseo feasta) a shimpliú agus a chuíchóiriú. Aithníonn BCE a thábhachtaí atá sé creat rialála inrochtana a bhunú a bhaineann go sonrach le córais intleachta saorga agus, ag an am céanna, cosaint chomhsheasmhach ardleibhéil a áirithiú do leasanna poiblí a mhéid a bhaineann le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga (IS) atá iontaofa agus fónta ó thaobh eitice de, mar a shonraítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga agus sa rialachán atá beartaithe (4). Go háirithe, ós rud é go mbraitheann institiúidí creidmheasa níos mó agus níos mó ar chórais intleachta saorga ardriosca agus ilchuspóireacha araon, tá creat cuíchóirithe fíor-riachtanach chun comhlíonadh an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus dhlí baincéireachta an Aontais a áirithiú. |
|
1.3. |
Ó thaobh na maoirseachta stuamachta de, trí chonairí nuálaíochta dea-dheartha a bhunú, cuirtear ar a gcumas d’institiúidí creidmheasa triail a bhaint go sábháilte as réitigh intleachta saorga i dtimpeallachtaí rialaithe, agus sainaithint luath rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann á háirithiú an tráth céanna. Tacaíonn conairí den sórt sin le dul chun cinn teicneolaíoch in earnáil na baincéireachta agus le cumas BCE measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar athléimneacht oibríochtúil, ar riosca samhla agus ar rialachas sonraí institiúidí creidmheasa. |
|
1.4. |
Tuigeann BCE nach bhforchuirtear leis an rialachán atá beartaithe oibleagáidí breise ar BCE ina cháil mar mhaoirseoir stuamachta ar institiúidí creidmheasa, ná nach gá do BCE an Gníomh um an Intleacht Shaorga a chur i bhfeidhm ina mhaoirseacht. Mar sin féin, mar gheall ar mhaoirseacht BCE ar riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) institiúidí creidmheasa, agus ós rud é go bhféadfadh forluí a bheith ann idir ceanglais áirithe faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga agus comhlíonadh dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais, nó go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar cheanglais áirithe tríd an dlí sin, tá dlúthchomhar agus malartú éifeachtach faisnéise idir BCE agus údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa a rialaítear faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (dá ngairtear ‘CRD’ anseo feasta) fíor-riachtanach chun maoirseacht chomhsheasmhach agus cur i bhfeidhm éifeachtach an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a áirithiú i leith na ndlíthe sin a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa. |
2. Inniúlachtaí institiúideacha agus cumhachtaí maoirseachta
|
2.1. |
Faoi Airteagal 127(6) den Chonradh agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (6) (dá ngairtear ‘Rialachán SAM’ anseo feasta), thug an Chomhairle cúraimí sonracha do BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, d’fhonn rannchuidiú, inter alia, le sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh den Aontas agus i ngach Ballstát (7). Tá sainordú BCE teoranta do mhaoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa. Tuigeann BCE gur cúraimí de chuid na n-údarás faireachais margaidh (8) iad measúnuithe comhréireachta (9), sainaithint sáruithe (10) agus forfheidhmiú an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus nach cuid de shainordú maoirseachta stuamachta BCE iad (11). |
|
2.2. |
D’ainneoin shainordú srianta BCE sa réimse sin, foráiltear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga gur cheart d’údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh, a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa rialáilte atá rannpháirteach sa Sásra Aonair Maoirseachta (SAM), aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta BCE a thuairisciú gan mhoill do BCE (12). |
3. Malartú faisnéise maoirseachta
|
3.1. |
Meastar go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa, ar soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla córas ardriosca iad, forálacha áirithe den Ghníomh um an Intleacht Shaorga nuair a chomhlíonann siad oibleagáidí comhchosúla faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais (13). Is díol sásaimh do BCE an prionsabal sin, rud a chuireann cosc ar institiúidí creidmheasa a bheith le haghaidh a thabhairt ar thuairisciú dúbailte agus ar thuairimí maoirseachta a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile. Mar sin féin, mar a léirítear i mír 2.1, níl sainordú faireachais margaidh ag BCE faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga agus, de ghnáth, níl an sainordú céanna ná na tosaíochtaí maoirseachta céanna ag maoirseoirí baincéireachta agus atá ag údaráis um fhaireachas margaidh faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga. Ciallaíonn sé sin, go ginearálta, nach ndéanfaidh maoirseoirí stuamachta institiúidí creidmheasa a athbhreithniú ar cheanglais ná nach mbeidh siad in ann iad a athbhreithniú ná sáruithe a shaothrú faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, ba cheart do mhaoirseoirí baincéireachta amhail BCE a bheith in ann, dá bhrí sin, faisnéis a chomhroinnt le húdaráis um fhaireachas margaidh a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa atá ábhartha do na húdaráis um fhaireachas margaidh sin. |
|
3.2. |
Beartaítear go príomha leis an gcreat atá ann faoi láthair go bhfaighidh BCE faisnéis ó údaráis um fhaireachas margaidh (14). Chun cuspóirí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, lena n-áirítear cosaint ar chearta bunúsacha, a bhaint amach, agus faireachas margaidh agus maoirseacht stuamachta éifeachtach agus comhordaithe a áirithiú, ba cheart go n-áireofaí sa Rialachán atá beartaithe bunús dlí sainráite lena gceadaítear don BCE, ar bhonn riachtanais eolais agus faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, faisnéis maoirseachta stuamachta a chomhroinnt le húdaráis um fhaireachas margaidh inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa a rialaítear faoi CRD agus a thagann faoi mhaoirseacht BCE. Ba cheart socrú comhchosúil maidir le malartú faisnéise a thabhairt isteach freisin idir údaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus údaráis um fhaireachas margaidh. Gan bunús dlí soiléir den sórt sin, ní léir conas a d’fhéadfaí comhordú idir údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis maoirseachta stuamachta (15) a chur chun feidhme sa chleachtas. Measann BCE freisin gur fiú an dualgas aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh agus a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta BCE agus na n-údarás inniúil náisiúnta le haghaidh maoirseacht baincéireachta a thuairisciú chuig BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta le haghaidh maoirseacht baincéireachta a leathnú chuig údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa nach údaráis inniúla iad (agus, dá bhrí sin, nach cuid de SAM iad) (16). D’fhéadfaí bunús dlí le haghaidh comhroinnt faisnéise den sórt sin a úsáid, mar shampla, chun faisnéis a chomhroinnt maidir le bainistiú riosca nó rialachas na gcóras intleachta saorga a úsáideann institiúidí creidmheasa faoi mhaoirseacht, nó chun faisnéis a bhfuil tionchar aici ar a bpróifíl riosca a chomhroinnt. |
4. Raon feidhme agus aicmiú samhlacha agus cásanna úsáide
|
4.1. |
Tá sé tábhachtach do rannpháirtithe sa mhargadh, go háirithe institiúidí creidmheasa a úsáideann intleacht shaorga (IS) le haghaidh scóráil creidmheasa, a bheith ar an eolas faoi na teicnící a thagann faoin sainmhíniú ar chóras IS (17) agus iad siúd nach dtagann faoin sainmhíniú céanna, chomh maith leis na teicnící a mheastar a bheith ina dteicnící ‘ardriosca’ faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga. |
|
4.2. |
Bheadh soiléiriú breise iomchuí, go háirithe trí shamhlacha líneacha ginearálaithe (e.g. cúlchéimnithe líneacha nó loighisticiúla) a eisiamh go sainráite ó raon feidhme shainmhíniú an Ghnímh um an Intleacht Shaorga ar chórais intleachta saorga ardriosca, nuair a úsáidtear iad le haghaidh scóráil creidmheasa (18), mar gheall ar a n-ardleibhéal inmhínitheachta agus trédhearcachta (19). D’fhéadfaí an soiléiriú sin a léiriú sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga (20), agus sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar chóras intleachta saorga a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1689 (21). |
|
4.3. |
I ndáil leis sin, tugann BCE dá aire go bhfuil samhlacha líneacha ginearálaithe, lena n-áirítear cúlchéimniú líneach agus loighisticiúil, inléirmhínithe agus trédhearcach go bunúsach (22). Is féidir a bhfeidhmiú a mhíniú go hiomlán trí shraith theoranta chobhsaí paraiméadar, ar féidir measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar thorthaí trí úsáid a bhaint as uirlisí staidrimh seanbhunaithe. Dá bhrí sin, ní léiríonn na samhlacha sin na saintréithe ‘bosca dhuibh’ atá mar bhonn taca faoi cheanglais rialachais fheabhsaithe agus maolaithe riosca an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, atá ceaptha go príomha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le córais chasta, neamhlíneacha nó féinfhoghlama (23), a bhféadfadh sé nach mbeadh an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair oiriúnach dóibh (24). Thairis sin, ó thaobh na comhréireachta agus na cinnteachta dlíthiúla de, dá n-áireofaí samhlacha líneacha ginearálaithe, nuair a úsáidtear iad mar theicnící staidrimh neamhspleácha, laistigh de raon feidhme shainmhíniú an Ghnímh um an Intleacht Shaorga ar chórais intleachta saorga ardriosca, ní rannchuideodh sé sin go hábhartha leis na rioscaí a bhaineann leis na samhlacha sin a laghdú. Ina ionad sin, chruthódh sé sin ualaí comhlíontachta nach bhfuil gá leo, go háirithe in earnálacha airgeadais rialáilte amhail baincéireacht ina bhfuil samhlacha den sórt sin seanbhunaithe, ina n-úsáidtear go forleathan iad agus ina bhfuil siad faoi réir rialachas stuamachta fairsing agus grinnscrúdú maoirseachta cheana féin. Bheadh sé i gcodarsnacht le cuspóir simpliúcháin sonraithe an rialacháin atá beartaithe na halgartaim sin a láimhseáil go cothrom le modhanna samhaltaithe níos casta agus níos nuaí a úsáidtear le haghaidh scóráil creidmheasa. Measann BCE go mbeadh údar le soiléiriú breise chun samhlacha líneacha ginearálaithe a eisiamh go sainráite ón sainmhíniú ar chórais intleachta saorga ardriosca faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga, gan dochar do chásanna ina bhfuil samhlacha den sórt sin mar chuid de chórais intleachta saorga níos casta a éilíonn measúnú riosca iomlánaíoch. |
|
4.4. |
Soiléirítear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga nár cheart córais intleachta saorga dá bhforáiltear le dlí an Aontais chun críoch stuamachta chun ceanglais chaipitil institiúidí creidmheasa a ríomh (ar a dtugtar ‘samhlacha inmheánacha’) a mheas mar chórais ardriosca (25). Ag an am céanna, measfar córais intleachta saorga, atá beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha nó a scór creidmheasa a bhunú, a bheith ina gcórais ardriosca faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga (26). Mar sin féin, faoi Rialachán (AE) 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) (dá ngairtear ‘CRR’ anseo feasta), ba cheart ról fíor-riachtanach a bheith ag samhlacha inmheánacha sa phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh agus, dá bhrí sin, tá siad idirnasctha go dlúth le samhlacha scórála creidmheasa (28). Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh maoirseoirí stuamachta, a bhfuil measúnú á dhéanamh acu ar an tsamhail inmheánach, agus an t-údarás um fhaireachas margaidh, a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar an tsamhail scórála creidmheasa, treoir éagsúil a sholáthar a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile maidir lena maoirseacht. Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn BCE go bhfuil gá le comhordú agus malartú faisnéise éifeachtach idir údaráis um fhaireachas margaidh agus maoirseoirí stuamachta chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas forluiteach faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga agus faoin CRR a chothú, agus chun cosaint éifeachtach na gceart bunúsach a áirithiú. In aon chás, aithníonn BCE, fiú le malartú faisnéise cuí, nach réiteofaí go hiomlán bunchúis na saincheiste maidir le ceanglais a d’fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile. I ndáil leis sin, tá próiseas casta roimh institiúidí creidmheasa agus a maoirseoirí chun a áirithiú go gcomhlíonann samhail inmheánach na hinstitiúide creidmheasa dualgais an CRR agus, i gcomhthráth, an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, ós rud é freisin gur dócha go ndéanfaidh an maoirseoir stuamachta agus an t-údarás inniúil um fhaireachas margaidh measúnú ar gach samhail ag pointe ama éagsúil. |
|
4.5. |
Ar deireadh, chuideodh comhordú feabhsaithe idir treoirlínte agus treoraíocht an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Airgeadais le hualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint agus thacódh sé le creat maoirseachta comhleanúnach. |
I gcás ina molann BCE go leasófar an rialachán atá beartaithe a leasú, leagtar amach togra sonrach maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leith a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil ar fáil i mBéarla ar EUR-Lex.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 13 Márta 2026.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2025) 836 final.
(2) Tuairim CON/2021/40 ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Nollaig 2021 maidir le togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (IO C 115, 11.3.2022, lch. 5).
(3) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(4) 4 Féach aithris 1 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga agus aithris 1 den rialachán atá beartaithe.
(5) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj).
(7) Féach Airteagal 1, an chéad mhír, den Rialachán SAM.
(8) 8 Airteagal 5(6) agus Airteagail 46 agus 60 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(9) 9 Airteagail 73, 74, 75, 76 agus 80, agus Airteagal 83(1) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(10) 10 Airteagal 79(5) go (9), Airteagail 81 agus 82, Airteagal 83(2) agus Airteagail 85 agus 99 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(11) 11 Féach míreanna 2.1.4 agus 2.1.5 de Thuairim CON/2021/40.
(12) 12 Airteagal 74(7) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(13) Airteagal 26(5) agus (6) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(14) Féach Airteagal 74(7) den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(15) 15 Féach aithris 158 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(16) Féach Airteagal 74(7), an dara mír den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(17) Airteagal 3, pointe (1), den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(18) Féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga.
(19) Maidir leis an bpointe sin, féach freisin an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 maidir le tionchar na hintleachta saorga ar an earnáil airgeadais (2025/2056(INI)), atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa ag www.europarl.europa.eu.
(20) Mar shampla, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga.
(21) Féach, mar shampla, mír 42 den Teachtaireacht ón gCoimisiún, Treoirlínte an Choimisiúin maidir leis an sainmhíniú ar chóras intleachta saorga a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1689 (nGníomh um an Intleacht Shaorga) C(2025) 5053 final.
(22) Banc Náisiúnta na Beilge, ‘Financial Market Infrastructures and Payment Services Report’, 2019, lgh. 64-65, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an NBB ag www.nbb.be; F. Pérez-Cruz et al., ‘Managing explanations: how regulators can address AI explainability’, sa Financial Stability Institute Occasional Paper Uimh. 24, 2025, lch. 15, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta ag www.bis.org.
(23) J. Tejero, ‘Unwrapping black-box models: a case study in credit risk’, sa Revista de Estabilidad Financiera, 43, 2022, lgh. 96 et seq. Ar fáil ar shuíomh gréasáin an Banco de España ag www.bde.es.
(24) Déanann BCE samhlacha cúlchéimnithe línigh ginearálaithe a eisiamh freisin ó na hionchais níos déine is infheidhme maidir le samhlacha níos casta a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh. Féach Treoir BCE maidir le Samhlacha Inmheánacha, mír 31, fonóta. 35, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um Maoirseacht Baincéireachta ag https://www.bankingsupervision.europa.eu/organisation/fees/faqs/html/index.en.html.
(25) Aithris 58 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
(26) Féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga.
(27) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
(28) Féach Airteagal 144(1), pointe (b), den CRR.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2285/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)