This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XG06562
Council conclusions on the strategic role of culture, cultural heritage and audiovisual works in upholding European values and democratic resilience
Conclúidí ón gComhairle maidir le ról straitéiseach an chultúir, na hoidhreachta cultúrtha agus na saothar closamhairc i gcaomhnú luachanna na hEorpa agus na hathléimneachta daonlathaí
Conclúidí ón gComhairle maidir le ról straitéiseach an chultúir, na hoidhreachta cultúrtha agus na saothar closamhairc i gcaomhnú luachanna na hEorpa agus na hathléimneachta daonlathaí
ST/15814/2025/INIT
IO C, C/2025/6562, 10.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6562/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6562 |
10.12.2025 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le ról straitéiseach an chultúir, na hoidhreachta cultúrtha agus na saothar closamhairc i gcaomhnú luachanna na hEorpa agus na hathléimneachta daonlathaí
(C/2025/6562)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS:
AGUS AN MÉID A LEANAS Á MHEABHRÚ AICI:
|
1. |
Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar shraith choiteann luachanna, lena n-áirítear meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar an gcomhionannas agus ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad (1). |
|
2. |
Coinnítear sochaithe daonlathacha ag imeacht trí rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na saoránach, agus sna sochaithe sin, cosnaítear cearta bunúsacha na saoránach, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
|
3. |
Aithníodh ról bunúsach an chultúir go sainráite i ndlí príomha an Aontais agus i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (2), agus maidir le rannpháirtíocht i saol cultúrtha an phobail agus taitneamh a bhaint as na healaíona, is féidir leo ról ríthábhachtach a bheith acu i gcothú na síochána. |
|
4. |
Tá luach sainiúil ag an gcultúr, ag an oidhreacht chultúrtha agus ag saothair chlosamhairc (3) agus is foinse bhunúsach iad freisin don chomhtháthú sóisialta agus don idirphlé sóisialta, inter alia trí thaithí ar luachanna comhroinnte agus ar bhraistint chómhuintearais a mhéadú. |
|
5. |
Ní hamháin go bhfuil an éagsúlacht ina saintréith den chultúr agus den oidhreacht chultúrtha, ach is saintréithe freisin iad an bhraistint chómhuintearais, stair chomhroinnte agus cuimhne chomhchoiteann, ar gnéithe iad a neartaíonn naisc, comhthuiscint agus luachanna ar fud na hEorpa freisin. |
|
6. |
Cothaíonn rannpháirtíocht agus rannpháirteachas sibhialta na saoránach luachanna Eorpacha, agus tá ról gníomhach ríthábhachtach ag an gcultúr agus ag an oidhreacht chultúrtha ina leith sin, tríd an luach bunúsach a bhaineann leo agus ós colúin thábhachtacha iad de shochaithe daonlathacha agus de chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT AICI (4):
|
7. |
Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí (2024-2029) (5), lena mbunaítear an tosaíocht maidir leis an éagsúlacht chultúrtha agus an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn d’fhonn luachanna Eorpacha a chaomhnú laistigh den Aontas agus in Eoraip atá saor agus daonlathach. |
|
8. |
An rún ón gComhairle maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026 (6), ina leagtar béim ar ról ríthábhachtach na éagsúlachta cultúrtha chun cearta an duine agus claochlú sochaíoch dearfach a chur chun cinn agus a chosaint, agus ina n-iarrtar gníomhaíocht chun an oidhreacht a choimirciú. |
|
9. |
Conclúidí ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021, ina leagtar amach cur chuige an Aontais i leith na hoidhreachta cultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna, agus na conclúidí ón gComhairle an 21 Bealtaine 2014, ina leagtar béim ar phoitéinseal an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha mar chomhacmhainn straitéiseach chun sochaí a fhorbairt (7). |
|
10. |
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2022 maidir le dlúthpháirtíocht chultúrtha leis an Úcráin agus comhshásra práinnfhreagartha le haghaidh téarnamh cultúrtha san Eoraip, ina leagtar béim ar an ngá atá le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht i ndáil leis an éiceachóras cultúrtha san Úcráin, agus ar a thábhachtaí atá sé tacú le hathléimneacht agus téarnamh iar-ghéarchéime éiceachóras cultúrtha an Aontais ina iomláine (8). |
AGUS AN MÉID A LEANAS Á AITHINT AICI:
|
11. |
Sa timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, ina bhfuil éiginnteacht agus bagairtí iomadúla ar thíortha Eorpacha, ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de luachanna, daonlathas ná modh maireachtála na hEorpa; ní mór dúinn an méid dá seasann an Eoraip a chosaint, a choimirciú agus a chur chun cinn go gníomhach. |
|
12. |
Tá an cultúr fós ina bhunchloch de shochaithe na hEorpa, agus is é an cultúr a chuireann muintir na hEorpa ag barr an liosta nuair a fhiafraítear díobh cad é a chothaíonn an bhraistint chómhuintearais, in éineacht le luachanna comhroinnte agus stair chomhroinnte (9). |
|
13. |
Tá an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus an oidhreacht ríthábhachtach maidir le hathléimneacht, rannpháirtíocht agus rannpháirteachas daonlathach a threisiú. |
|
14. |
Is ríthábhachtach iad na cearta cultúrtha d’Eoraip atá iolraíoch, cuimsitheach agus daonlathach. Neartaíonn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha an daonlathas trí spásanna a oscailt do gach duine agus trí rannpháirteachas sibhialta a spreagadh, agus muinín agus luachanna sibhialta agus daonlathacha a chothú (10). Sa chomhthéacs sin, tá gníomhaíochtaí cuimhneacháin agus machnamh criticiúil ar chuimhne stair na hEorpa riachtanach chun saoránaigh, go háirithe daoine óga, a chur ar an eolas faoina stair chomhchoiteann agus a luachanna comhchoiteanna, mar bhonn faoi thodhchaí chomhchoiteann. |
|
15. |
Cuireann rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha feabhas suntasach freisin ar mheabhairshláinte agus ar fholláine an duine aonair agus phobail i gcoitinne araon, rud a fhágann go mbíonn sochaithe níos athléimní agus níos dírithe ar an bpobal agus iad ag dul i ngleic leis an éiginnteacht agus leis na bagairtí ar ár luachanna. |
|
16. |
Léiríonn gníomhaíochtaí Phríomhchathair Chultúir na hEorpa agus an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh an chaoi a n-athraíonn rannpháirtíocht chultúrtha agus idirghníomhaíocht na saoránach spásanna poiblí ina gcomharsanachtaí níos bríomhaire agus níos rathúla agus an chaoi a gcuireann siad le muintearas na saoránach. |
|
17. |
Tá ról ríthábhachtach ag institiúidí agus spásanna cultúrtha, mar shampla leabharlanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha a bhaineann leis an daonlathas a chosaint trí shaoránacht eolasach, litearthacht, rannpháirteachas sibhialta agus cuimsiú sóisialta a chothú. |
|
18. |
Bíonn tionchar ag saothair chultúir agus chlosamhairc ar noirm agus ar dhearcthaí i measc na saoránach, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga. Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain ar litearthacht sna meáin agus ar ábhar éagsúil ar ardchaighdeán ilteangach. |
|
19. |
Is féidir leis an gcultúr, leis an oidhreacht chultúrtha agus le saothair chlosamhairc cur le luachanna Eorpacha agus le hathléimneacht dhaonlathach agus le cothú na síochána agus is féidir leo fóram a chur ar fáil don díospóireacht dhaonlathach agus don rannpháirteachas sibhialta má tá siad bunaithe ar shaoirse ealaíne, ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
|
20. |
An ról atá ag an gcultúr agus ag an oidhreacht chultúrtha maidir le sochaithe daonlathacha a chur chun cinn ar bhealach iontaofa agus éagsúil, tá sé i gcroílár chaidrimh agus comhpháirtíochtaí cultúrtha idirnáisiúnta an Aontais freisin. De réir mar a shaibhríonn éagsúlacht chultúrtha an Aontais codanna eile den Eoraip agus den domhan, déantar í a shaibhriú freisin le hionchuir chultúrtha ó na codanna eile sin. Neartaíonn an t-idirphlé idirchultúrtha an comhtháthú sóisialta agus an rannpháirtíocht shóisialta. |
|
21. |
Is dúshlán domhanda í cosaint na hoidhreachta cultúrtha. Ní hamháin gur féidir le cogaíocht agus gníomhartha eile a dhéantar d’aon ghnó a bheith ina gcúis le cailliúint na hoidhreachta cultúrtha, ach d’fhéadfadh í a chailliúint freisin de dheasca géarchéimeanna agus coinbhleachtaí, ní hamháin trí scriosadh, ach freisin trí fhoghail agus creachadh. Buanaíonn trádáil neamhdhleathach i maoin chultúir díothacht na féiniúlachta cultúrtha, rud a bhaineann le cailliúint na hoidhreachta cultúrtha do na stáit agus do na sochaithe as ar eascair an mhaoin sin. Sa chomhthéacs sin, ach comhar idirnáisiúnta a bheith ann chun creachadh agus gáinneáil aindleathach a chosc agus a chomhrac chomh maith leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a athbhunú, féadfar cur leis an tsíocháin fhadtéarmach tríd an oidhreacht choiteann, an fhéiniúlacht chultúrtha, an mhuinín agus stair chomhroinnte a neartú. |
|
22. |
Táthar ag díriú d’aon ghnó ar fhéiniúlacht chultúrtha, bíodh sin trí bhagairtí fisiciúla – lena n-áirítear bagairtí míleata – bagairtí hibrideacha nó bréagaisnéis, atá anois ina gcuid níos suntasaí de straitéisí polaitiúla agus míleata, bíodh sin in aimsir na síochána nó le linn coinbhleachta. |
|
23. |
Tá scrios fisiciúil d’aon ghnó ar shuíomhanna cultúrtha san Úcráin agus insintí bréagacha faoin Úcráin fós ina mbagairt thromchúiseach ar fhéiniúlacht na hÚcráine agus ar oidhreacht chultúrtha san Úcráin. |
DEARBHAÍONN SÍ GUR DÍOL SÁSAIMH DI:
|
24. |
Na bearta agus tionscnaimh arna ndéanamh ag an Aontas agus a Bhallstáit chun an éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus feasacht á múscailt ag an am céanna ar thábhacht straitéiseach an chultúir, na hoidhreachta cultúrtha agus na saothar closamhairc chun athléimneacht dhaonlathach a thógáil. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT, AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
25. |
An ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun luachanna, féiniúlacht agus cuimhne chomhchoiteann a chosaint tríd an gcultúr, de gach cineál, a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint. |
|
26. |
A aithint go n-éilíonn an athléimneacht chultúrtha sochaí shibhialta láidir bhríomhar, spás sibhialta agus rannpháirtíocht shibhialta, bunaithe ar urraim don éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus don tsaoirse ealaíne. |
|
27. |
Machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun rochtain ar ábhar ilteangach Eorpach, mar aon le hinfhionntacht agus athúsáid an ábhair sin, lena n-áirítear ábhar digiteach na hoidhreachta cultúrtha (11), a chur chun cinn a thuilleadh i measc na saoránach, leanaí agus daoine óga san áireamh, agus ardleibhéal cosanta do mhionaoisigh á áirithiú ag an am céanna. |
|
28. |
Leanúint de rochtain na saoránach ar ghníomhaíochtaí cultúrtha a chur chun cinn mar aon lena rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí sin, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an rannpháirtíocht dhaonlathach agus an rannpháirteachas daonlathach ar leibhéal an duine aonair agus ar leibhéal an phobail. |
|
29. |
Leanúint d’fheabhas a chur ar ról ríthábhachtach na n-institiúidí cultúrtha maidir le rochtain ar eolas, ar fhaisnéis agus ar eispéiris a chur ar fáil, agus maidir le bheith ina bhfóram don smaointeoireacht chriticiúil agus don idirphlé. |
|
30. |
Leanúint den chultúr agus den bhonneagar cultúrtha (e.g. cartlanna, leabharlanna, taisclanna, músaeim, pictiúrlanna, foirgnimh, lena n-áirítear foirgnimh reiligiúnacha, séadchomharthaí agus spásanna) a chomhtháthú sa phleanáil ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna, inter alia, maidir le bagairtí slándála, mar shampla trí chórais chosanta, pleananna aslonnaithe, measúnú agus mapáil riosca, pleanáil práinnfhreagartha nó trí ábhair oidhreachta cultúrtha a dhoiciméadú nó a dhigitiú nó a chaomhnú go digiteach chun críoch athchóirithe i gcás damáiste, agus leochaileacht láithreán seandálaíochta á cur san áireamh. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, AGUS URRAIM Á TABHAIRT DO PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
31. |
Forbairt an eolais agus an taighde a chur chun cinn agus leanúint de chaighdeáin agus scileanna a chothú chomh maith le sásraí comhair trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann chun cultúr agus oidhreacht chultúrtha a chosaint, a choimirciú agus a chaomhnú go digiteach chun an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus an athléimneacht a mhéadú sna Ballstáit. |
|
32. |
Leanúint de shaoirse na n-ealaíon agus an éagsúlacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn mar chuid den tacaíocht don chultúr, don oidhreacht chultúrtha agus do shaothair chlosamhairc. |
|
33. |
Leanúint de thacaíocht a thabhairt do ról na n-ealaíontóirí agus na ngairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha ar mhaithe leis an athléimneacht. |
|
34. |
Féachaint ar thionscnaimh a spreagadh lena leagfaí béim ar an gcaoi a léiríonn an cultúr, an oidhreacht chultúrtha agus saothair chlosamhairc, mar shampla scannáin, luachanna coiteanna agus stair chomhroinnte, sa chaoi is go gcuidíonn siad le luachanna Eorpacha agus athléimneacht dhaonlathach a chaomhnú don todhchaí. |
|
35. |
Féachaint ar thionscnaimh a spreagadh lena gcuirfí leis an tuiscint atá ann ar ról ríthábhachtach na héagsúlachta cultúrtha, na hoidhreachta agus na gceart cultúrtha chun comhtháthú, féiniúlacht agus athléimneacht a chothú sa tsochaí. |
|
36. |
Leanúint leis na hiarrachtaí chun cearta cultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ar nós Chomhairle na hEorpa agus UNESCO. |
|
37. |
Féachaint ar thionscnaimh a spreagadh lena gcothófaí caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta agus idirphlé idirchultúrtha an Aontais agus a Bhallstát i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta ar nós Chomhairle na hEorpa agus UNESCO. |
|
38. |
Leanúint de chúnamh a chur ar fáil d’institiúidí agus d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu le tacaíocht d’ealaíontóirí ón Úcráin agus/nó le cosaint agus téarnamh an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha san Úcráin, go háirithe measúnú damáiste agus riosca agus pleanáil luath-théarnamh, inter alia trí chomhar i bhfóraim iltaobhacha. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
39. |
Machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta lena ndíreofaí ar ról an chultúir, na héagsúlachta cultúrtha agus teanga agus na hoidhreachta cultúrtha maidir le luachanna coiteanna agus athléimneacht dhaonlathach a chaomhnú san Eoraip, lena n-áirítear gníomhaíochtaí i ndáil leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua agus i gcur chun feidhme thionscnamh an Chompáis Cultúir atá ar na bacáin, arb é is aidhm dó gnéithe iomadúla an chultúir a threorú agus leas a bhaint astu. |
|
40. |
Agus lánurraim á tabhairt do shaoirse na n-ealaíon agus gan cur isteach ar ábhar, luachanna coiteanna agus athléimneacht dhaonlathach a chur chun cinn i ndáil le tionscnaimh lena dtacaítear leis an gcultúr, leis an oidhreacht chultúrtha agus le saothair chlosamhairc. |
(1) Airteagal 2 CAE.
(2) Go háirithe Airteagal 3 CAE agus Airteagal 27 de DUCD.
(3) Sainmhínítear earnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta i Rialachán (AE) 2021/818 an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. I measc na saothar closamhairc, go háirithe, tá príomhscannáin, sraitheanna teilifíse, cláir faisnéise, beochan agus físchluichí.
(4) Déantar téacsanna dlíthiúla agus doiciméid bheartais atá ábhartha do na conclúidí seo a liostú san Iarscríbhinn.
(5) EUCO 15/24, iarscríbhinn.
(6) Rún ón gComhairle maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026 – IO C 466, 7.12.2022.
(7) Féach 9837/21 agus 2014/C 183/08.
(8) Féach 2022/2759(RSP) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0374_GA.html.
(9) In Eorabharaiméadar Speisialta 562 a foilsíodh an 8 Bealtaine 2025, is iad an cultúr, luachanna agus stair na trí phríomhthoisc is mó a mheastar a chothaíonn an bhraistint chómhuintearais i measc shaoránaigh an Aontais (thuairiscigh 29 % díobh gurb é an cultúr thar aon ní eile a chruthaíonn spiorad pobail, luaigh 26 % de na freagróirí gurb iad luachanna an phríomhthoisc, agus shainaithin 24 % díobh an stair mar phríomhthoisc — cf. lch. 18).
(10) Culture and Democracy: the evidence [Cultúr agus Daonlathas: an fhianaise] – tuarascáil neamhspleách arna coimisiúnú ag an gCoimisiún Eorpach agus arna scríobh dó, 2023.
(11) Mar shampla, trí thairseach Europeana agus tríd an spás sonraí coiteann Eorpach don oidhreacht chultúrtha.
IARSCRÍBHINN
Tagairtí
Tá na téacsanna dlíthiúla agus na doiciméid bheartais seo a leanas ábhartha do na Conclúidí seo ón gComhairle:
|
— |
Conarthaí an Aontais Eorpaigh
|
|
— |
An Chomhairle Eorpach
|
|
— |
Comhairle an Aontais Eorpaigh
|
|
— |
An Coimisiún Eorpach
|
|
— |
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
|
|
— |
Parlaimint na hEorpa
|
|
— |
Comhairle na hEorpa
|
|
— |
Na Náisiúin Aontaithe
|
|
— |
UNESCO
|
|
— |
Tagairtí eile
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6562/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)