Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XG06525

Fógra le haghaidh na ndaoine aonair atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2442 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

ST/15139/2025/INIT

IO C, C/2025/6525, 2.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6525/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6525/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6525

2.12.2025

Fógra le haghaidh na ndaoine aonair atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2442 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

(C/2025/6525)

Dírítear aird na ndaoine aonair a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2442 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí ar an bhfaisnéis seo a leanas.

An 17 Deireadh Fómhair 2025, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2794 (2025), lena gcuirtear beirt daoine aonair le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

Féadfaidh na heintitis lena mbaineann, aon tráth, iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar liosta na Náisiún Aontaithe, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid Choiste na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ba cheart an iarraidh sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Pointe Fócasach um Dhíliostú

Brainse Fho-Orgáin na Comhairle Slándála

Seomra DC2 2034

Na Náisiúin Aontaithe

New York, N.Y. [Nua Eabhrac, N.Y.] 10017

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Teil.: +1 917 367 9448

Facs: +1 917 367 0460

ríomhphost: delisting@un.org

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: https://www.un.org/securitycouncil/sanctions/2653.

Ag eascairt as cinneadh na Náisiún Aontaithe, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine aonair atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe a chur ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2442, agus i Rialachán (AE) Uimh. 2022/2309, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443. Na forais ar a ndearnadh na daoine aonair lena mbaineann a liostú, leagtar amach iad san iontráil ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.

Cuirtear in iúl do na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309, mar a chuirtear chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2443, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 6 den Rialachán).

Féadfaidh na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh iad a chur ar an liosta thuasluaite, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine aonair lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 307, 28.11.2022, lch. 135.

(2)   IO L, 2025/2442, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2442/oj.

(3)   IO L 307, 28.11.2022, lch. 17.

(4)   IO L, 2025/2443, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2443/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6525/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top