This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XG06413
The following information is brought to the attention of the Allied Democratic Forces (ADF), group covered by the restrictive measures laid down in Council Decision (CFSP) 2016/1693, as amended by Council Decision (CFSP) 2025/2398, and Council Regulation (EU) 2016/1686, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2025/2401 concerning restrictive measures directed against ISIL (Da'esh) and Al-Qaeda and natural and legal persons, entities or bodies associated with them
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na Allied Democratic Forces (ADF), an grúpa a chumhdaítear leis na bearta sriantacha a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2398 ón gComhairle, ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2401 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus al-Qaeda agus i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo

ST/14903/2025/INIT
IO C, C/2025/6413, 25.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6413/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6413 |
25.11.2025 |
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na Allied Democratic Forces (ADF), an grúpa a chumhdaítear leis na bearta sriantacha a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2398 ón gComhairle, ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2401 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus al-Qaeda agus i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo
(C/2025/6413)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na Allied Democratic Forces (ADF), a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2398 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2401 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh an duine agus an grúpa thuasluaite a chur ar liosta na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a chumhdaítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/1693 agus i Rialachán (AE) 2016/1686.
Cuirtear in iúl don ghrúpa lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais riachtanacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin.
Féadfaidh an grúpa lena mbaineann iarraidh a chur isteach go bhfaighidís an ráiteas ar chúiseanna atá lena áireamh ar an liosta thuasluaite. Ba cheart aon iarraidh den chineál sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh (Faoi bhráid: ainmníochtaí COMET) |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Féadfaidh an grúpa lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh é a áireamh ar an liosta, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh thuasluaite. I ndáil leis sin, dírítear aird an ghrúpa lena mbaineann ar an athbhreithniú tráthrialta a dhéanfaidh an Chomhairle ar an liosta de réir Airteagal 6(2) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1686. Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 30 Aibreán 2026.
Tugtar ar aird an ghrúpa lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 255, 21.9.2016, lch. 25.
(2) IO L, 2025/2398, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2398/oj.
(3) IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.
(4) IO L, 2025/2401, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2401/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6413/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)