This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XG05754
Notice for the attention of the natural and legal persons, entities and bodies subject to the restrictive measures provided for in Council Decision 2014/145/CFSP, as amended by Council Decision (CFSP) 2025/2036, and Council Regulation (EU) No 269/2014, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2025/2035 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2036 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2035 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/12404/2025/REV/2
IO C, C/2025/5754, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5754/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5754 |
23.10.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2036 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2035 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(C/2025/5754)
Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/2036 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2035 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 17 Samhain 2025 ag an seoladh seo a leanas.
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.
(2) IO L, 2025/2036, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2036/oj.
(3) IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.
(4) IO L, 2025/2035, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2035/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5754/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)