Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025XG05300

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

IO C, C/2025/5300, 30.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5300/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5300/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5300

30.9.2025

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

(C/2025/5300)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is iad Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1978 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1980 ón gComhairle (5) na bunúis dlí don oibríocht phróiseála sin.

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo; is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2010/413/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1978, agus Rialachán (AE) Uimh. 267/2012, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1980.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2010/413/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis na forais maidir leis an liostú.

Is iad na Cinntí ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 29 CAE agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena n-ainmnítear daoine nádúrtha (ábhair sonraí) agus lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus srianta taistil is bunús dlí don láimhseáil sonraí pearsanta.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus chun oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna gníomhartha dlí thuasluaite a bhfuil an rialaitheoir faoina réir i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.

Is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta na n-ábhar sonraí a fháil ó na Ballstáit agus/nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Is iad na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faighteoirí na sonraí pearsanta.

Coinneofar na sonraí pearsanta ar fad a phróiseálann an Chomhairle i gcomhthéacs bhearta sriantacha uathrialacha an Aontais go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir an reo sócmhainní nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag nó, má thugtar caingean dlí os comhair na Cúirte Breithiúnais, go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Coinníonn an Chomhairle sonraí pearsanta atá i ndoiciméid atá cláraithe ag an gComhairle chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, de réir bhrí Airteagal 4(1)(e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle sonraí pearsanta maidir le hábhar sonraí a mhalartú le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta i gcomhthéacs thrasuí ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe a bheith á dhéanamh ag an gComhairle, nó i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta maidir le beartas an Aontais i ndáil le bearta sriantacha.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó in éagmais coimircí iomchuí, déantar sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de réir na gcoinníollacha seo a leanas, de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725:

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Níl aon chinnteoireacht uathoibrithe i gceist agus sonraí pearsanta an ábhair sonraí á bpróiseáil.

Tá an ceart chun faisnéise ag na hábhair sonraí chomh maith leis an gceart rochtana ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Tá sé de cheart acu freisin a gcuid sonraí a cheartú agus a chomhlánú. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheart acu a éileamh go scriosfaí a gcuid sonraí pearsanta, agóid a dhéanamh faoina gcuid sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil nó a iarraidh go ndéanfaí an phróiseáil sin a shrianadh.

Féadfaidh ábhair sonraí na cearta sin a fheidhmiú trí ríomhphost a sheoladh chuig an rialaitheoir agus cóip a chur chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí mar atá luaite thuas.

I gceangal lena n-iarraidh, ní mór do na hábhair sonraí cóip de dhoiciméad aitheantais (cárta aitheantais nó pas) a sholáthar chun a gcéannacht a dheimhniú. Ba cheart uimhir aitheantais, ainm na tíre a d’eisigh, an tréimhse bhailíochta, ainm, seoladh agus dáta breithe a bheith ar an doiciméad sin. Féadfar dath dubh a chur ar aon sonraí eile atá sa chóip den doiciméad aitheantais, mar shampla grianghraf nó saintréithe pearsanta eile.

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).

Sula ndéanfaidh siad amhlaidh, moltar do na hábhair sonraí féachaint ar dtús leis an scéal a leigheas trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir agus/nó le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle.


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)   IO L 195, 27.7.2010, lch. 39.

(3)   IO L, 2025/1978, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1978/oj.

(4)   IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.

(5)   IO L, 2025/1980, 29.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1980/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5300/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top