This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XG05227
Notice for the attention of the persons, entities or bodies subject to the restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2023/2135, as amended by Council Decision (CFSP) 2025/1932 and Council Regulation (EU) 2023/2147 concerning restrictive measures in view of activities undermining the stability and political transition of Sudan
Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1932 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

ST/11392/2025/INIT
IO C, C/2025/5227, 23.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5227/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5227 |
23.9.2025 |
Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1932 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
(C/2025/5227)
Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1932 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle (3) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine, ar an bhfaisnéis seo a leanas:
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin, na heintitis sin nó na comhlachtaí sin a áireamh go fóill ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/2135 agus i Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine.
Tugtar ar aird na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 29 Bealtaine 2026, ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche an chéad athbhreithnithe eile ón gComhairle, de bhun Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2023/2135.
Tugtar ar aird na ndaoine, na n-eintitis nó na gcomhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa 2ú mír d’Airteagal 275, agus sa 4ú agus sa 6ú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj.
(2) IO L, 2025/1932, 23.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1932/oj.
(3) IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5227/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)