This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XC06467
Publication of a cancellation request pursuant to Article 15(4) of Regulation (EU) 2024/1143 of the European Parliament and of the Council of 11 April 2024 on geographical indications for wine, spirit drinks and agricultural products, as well as traditional specialities guaranteed and optional quality terms for agricultural products, amending Regulations (EU) No 1308/2013, (EU) 2019/787 and (EU) 2019/1753 and repealing Regulation (EU) No 1151/2012, in conjunction with Article 25(4) of that Regulation
Foilsiú iarrata ar chealú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 i gcomhar le hAirteagal 25(4) den Rialachán céanna sin
Foilsiú iarrata ar chealú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 i gcomhar le hAirteagal 25(4) den Rialachán céanna sin
C/2025/8283
IO C, C/2025/6467, 5.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6467/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6467 |
5.12.2025 |
Foilsiú iarrata ar chealú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1) i gcomhar le hAirteagal 25(4) den Rialachán céanna sin
(C/2025/6467)
Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
IARRAIDH AR CHEALÚ TÁISC GEOGRAFAIGH
(Airteagal 25(2) an Rialacháin (AE) 2024/1143)
‘Salemi’
PGI-IT-A0807-CANCEL — 28.7.2025
1. An t-ainm cláraithe atá beartaithe lena chealú
‘Salemi’
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC ☐ TGFC ☒ TG ☐
3. Earnáil
|
☐ |
táirgí talmhaíochta |
|
☒ |
fíonta |
|
☐ |
deochanna biotáilleacha |
4. Ainm an Bhallstáit nó an tríú tír óna dtagann an tásc geografach
An Iodáil
5. Ainm an Bhallstáit nó údarás an tríú tír a bhfuil an t-iarratas ar chealú á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige nó an léiriú go gcuireann táirgeoirí tríú tír an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe an t-iarratas ar chlárú a chealú faoi bhráid an Choimisiúin go díreach agus ainm an ghníomhaire ar thug na táirgeoirí sainordú dó an t-iarratas a sheoladh (níl feidhm ag an oibleagáid sainordú a thabhairt do ghníomhaire i gcás táirgeoir aonair).
An Iodáil — An Aireacht Talmhaíochta, Bhiafhlaithis agus Foraoiseachta
6. I gcás iarratas ó Bhallstát, sonraigh an iad táirgeoirí an táirge a mhargaítear faoin ainm cláraithe nó an iad grúpa táirgeoirí aitheanta an táirge sin a rinne an t-iarratas ar chealú ag an gcéim náisiúnta den nós imeachta. Sa chás sin, cuir isteach ainm an ghrúpa táirgeoirí aitheanta
|
☒ |
Is iad na táirgeoirí a rinne an iarraidh |
|
☐ |
Iarraidh arna déanamh ag an ngrúpa táirgeoirí aitheanta: … |
7. Aicmiú an táirge i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143
22 — DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR
2204 — Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009
8. Cineál an chealaithe
Déantar an iarraidh ar chealú i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2024/1143.
Iarraidh ar chealú shínithe agus dhátaithe.
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6467/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)