This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XC06327
Publication of an application for registration pursuant to Article 15(4) of Regulation (EU) 2024/1143 of the European Parliament and of the Council
Foilsiú iarratais ar chlárú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Foilsiú iarratais ar chlárú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/7710
IO C, C/2025/6327, 19.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6327/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6327 |
19.11.2025 |
Foilsiú iarratais ar chlárú de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(C/2025/6327)
Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Tá an tsonraíocht táirge i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143 ar fáil i gclár an Aontais um thásca geografacha.
DOICIMÉAD AONAIR
Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta
‘Kilichi du Niger’
Uimh. AE: PGI-NE-03350 — 15.9.2024
1. Ainm (nó ainmneacha)
‘Kilichi du Niger’
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC ☐ TGFC ☒
3. Tír ar léi an limistéar geografach sainithe
Poblacht na Nígire
4. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta
4.1. Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143
0210 : Feoil agus scairteach feola inite, atá saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe.
4.2. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe
Táirgtear ‘Kilichi du Niger’ ó fheoil dhearg ó na pórtha eallaigh uile a thógtar i réigiúin feirmeoireachta na Nígire. Déantar an fheoil sin, a roghnaítear de réir critéir cháilíochta shonracha, a ghearradh ina slisní tanaí, a thriomú, a bhratú le meascán spíosraí a úsáidtear chun í a bhlaistiú nó a fhágáil gan bhratú, a thriomú arís, agus ar deireadh déantar í a ghriolladh nó ní dhéantar í a ghriolladh.
Tá trí chineál ‘Kilichi du Niger’ ar an margadh:
|
— |
‘Kilichi du Niger’ ar an stíl ‘Ja’ (brataithe); |
|
— |
‘Kilichi du Niger’ ar an stíl ‘Fari’ (brataithe); |
|
— |
‘Kilichi du Niger’ ar an stíl ‘Dankalambé’ nó ‘Rumuzu’ (gan bhratú). Tábla 1 Saintréithe fisiciúla agus orgánaileipteacha
Tábla 2 Comhdhéanamh an mheascáin spíosraí a úsáidtear chun ‘Kilichi du Niger’ a bhlaistiú
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
4.3. Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le tásc geografach faoi chosaint agus sa chás sin amháin)
Is é an príomh-amhábhar a úsáidtear chun ‘Kilichi du Niger’ a tháirgeadh feoil dhearg ó na pórtha eallaigh uile i réigiúin feirmeoireachta na Nígire.
Aithnítear feoil ó réigiúin feirmeoireachta na Nígire mar gheall ar na dálaí nádúrtha sonracha agus na cleachtais thréadacha a thugann cáilíochtaí ar leith di: uigeacht theann, córas matánach dea-fhorbartha, cion íseal uisce agus riocht an-sláintiúil. Cothaítear na hainmhithe a thógtar sa Nígir go heisiach ar fhéaraigh nádúrtha in éineacht le beathaí mianraí traidisiúnta, amhail líreacáin salainn, a mbíonn tionchar dearfach acu ar cháilíocht orgánaileipteach na feola. Tá na saintréithe sin ina gcodanna lárnacha de rath ‘Kilichi du Niger’, go háirithe maidir le triomú, griolladh agus an blas deiridh, agus d’fhéadfadh sé nach bhfaighfí i bhfeoil de thionscnamh áiteanna eile iad, fiú i gcás ina bhfuil an fheoil ar an gcáilíocht chéanna.
Ní mór go gcomhlíonann an fheoil na critéir seo a leanas:
|
— |
teacht ó ainmhí 5 bliana d’aois ar a laghad, gan beann ar ghnéas; |
|
— |
déanfaidh ionadaí ón roinn feirmeoireachta atá i láthair ag an seamlas, nó ag seamlas cláraithe, cigireacht uirthi tar éis a maraithe, sula seachadfar í; |
|
— |
bheith úr, sláintiúil agus bog, gan teannáin, ballnaisc ná fíocháin shailleacha; |
|
— |
teacht ó ainmhí a bhfuil dea-bhail fhisiceach air; |
|
— |
luach pH idir 5,5 agus 5,9 a bheith aici. |
Áirítear freisin ar na critéir maidir le cáilíocht na feola a boige, a dath, a súmhaireacht agus a blas, atá fíor-riachtanach ar mhaithe lena hinghlacthacht.
|
— |
Boige: bíonn tionchar ag aois, pór agus aiste bia an ainmhí uirthi; is uirthi a bhraitheann sé cá héasca an fheoil a chogaint. |
|
— |
Dath: léiríonn dath geal dearg feoil atá ar ardchaighdeán, ach d’fhéadfadh imir dhonn ocsaídiú nó meath a léiriú. |
|
— |
Súmhaireacht: an méid sú a scaoiltear le linn na cócaireachta, a bhfuil tionchar ag an gcion saille ionmhatánaí uirthi, rud a dhéanann difear do bhlas na feola agus don taitneamh a bhaintear aisti. |
|
— |
Blas: braitheann sé sin ar aiste bia an ainmhí agus ar an gcaoi a ndéantar an fheoil a chócaráil, rud a dhéanann difear do cá bhlasta atá an fheoil. |
I gcás gach ceann de na ceithre shaintréith sin, comhfhreagraíonn luach pH idir 5,5 agus 5,9 do chothromaíocht idéalach, lena ráthaítear go bhfuil an fheoil úr lena ngabhann an dath, an uigeacht agus an acmhainn coinneála uisce is fearr is féidir.
Is iondúil go bhfaightear an fheoil ón seamlas (71,8 %), ón margadh (19,2 %), nó ó mharú baile (8,5 %).
4.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór na céimeanna táirgthe uile a dhéanamh sa limistéar geografach, lena n-áirítear:
|
— |
marú; |
|
— |
díchnámhú, ullmhú, gearradh agus slisniú; |
|
— |
an chéad triomú; |
|
— |
bratú (blaistiú) le meascán a n-áirítear ann na comhábhair a liostaítear i Roinn 3.2, ullmhú an bhrataithe agus an nós imeachta chun na trí chineál ‘Kilichi du Niger’ a fháil; |
|
— |
an dara triomú; |
|
— |
griolladh. |
4.5. Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór an t-ábhar pacáistíochta le haghaidh ‘Kilichi du Niger’ a bheith nua, glan, frithsheasmhach in aghaidh tuairte agus uiscedhíonach.
4.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar lipéid phacáistí ‘Kilichi du Niger’:
|
— |
ainm an táirge: TGFC ‘Kilichi du Niger’; |
|
— |
lógó TGFC Eagraíocht Maoine Intleachtúla na hAfraice (OAPI); |
|
— |
an cineál ‘Kilichi du Niger’, i.e. ‘Ja’, ‘Fari’, ‘Dankalambé’ nó ‘Rumuzu’. |
5. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cumhdaíonn limistéar geografach táirgthe TG ‘Kilichi du Niger’ réigiúin Niamey, Tahoua, Maradi agus Zinder.
6. Nasc leis an limistéar geografach
Is ann do nasc cúisíoch idir cáilíocht agus cáil araon an táirge shonraigh agus a thionscnamh geografach.
Sainiúlacht an táirge
Is táirge é ‘Kilichi du Niger’ arb iad a úire, a bhoige, a bhlas agus a raimhre is saintréithe dó, rud a thugann cáilíocht shonrach dó.
Is táirge é a mbíonn neart próitéine agus salainn mhianracha ann, ina mbíonn cion íseal uisce ar lú é ná 12 %, agus lena ngabhann gníomhaíocht an uisce idir 0,4 agus 0,59. Cosnaíonn an tsaintréith sin í ar dhíghrádú micribhitheolaíoch agus einsímeach, rud a áirithíonn a chobhsaíocht.
Tá ‘Kilichi du Niger’ sainiúil mar gheall ar a amhábhar ó phórtha áitiúla a thógtar faoin aer agus a chothaítear ar fhéaraigh éagsúla, rud a tháirgeann feoil a mbíonn uigeacht theann inti agus blasanna breátha uirthi mar aon le táirge deiridh sonrach ar leith.
Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Cumhdaíonn limistéar geografach táirgthe TG ‘Kilichi du Niger’ réigiúin Niamey, Tahoua, Maradi agus Zinder.
Bíonn tionchar ag na gaotha, go háirithe an harmattan tirim agus an monsún fliuch, ar an séasúr tirim agus an séasúr báistí faoi seach. Bíonn an t-imghalú seasmhach, is i mí na Nollag go mí Eanáir agus i mí an Mheithimh go mí Iúil a bhíonn na gaotha is mó ann, agus is i mí Mheán Fómhair a bhíonn na gaotha is lú ann. Is éard atá sa fhlóra go príomha Combretaceae, cineálacha acáise, Mimosaceae, agus plandaí luibheacha éagsúla. Tá an líonra aibhneacha, ina bhfuil linnte buana agus sealadacha, ríthábhachtach don talmhaíocht, d’uisce a thabhairt d’ainmhithe agus d’úsáid tí, rud a imríonn tionchar ar cháilíocht na bhféarach agus dá bhrí sin ar cháilíocht na feola.
Tá ról bunúsach ag saintréithe bithfhisiceacha amhail an teocht, an bháisteach agus an ghaoth i saintréithe agus i gcáilíocht ‘Kilichi du Niger’.
Tairbhíonn an limistéar críochaithe de dhiansolas gréine agus teochtaí an-ard ann i rith an lae, a bhaineann a n-uasphointe amach thart ar 14:00 agus a thiteann sa tráthnóna.
Le linn an tséasúir thirim fhada, a d’fhéadfadh maireachtáil thart ar 7 go 8 mí in aghaidh na bliana, is annamh a bhíonn sé ag cur báistí agus bíonn an raon teochta laethúil an-ard: téann sé chomh hard le 47 °C sna míonna is teo.
Séideann gaotha ilchríochacha go tráthrialta trasna chrios na Saiheile, tugann siad aer an-te agus tirim leo, agus is minic sin faoi spéir ghlan nó rud beag scamallach.
Na dálaí aeráide sin, a bhíonn i réim le linn an tséasúir thirim, bíonn siad fabhrach go háirithe do tháirgeadh ‘Kilichi du Niger’.
Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe ‘Kilichi du Niger’
Bíonn táirge sonrach ardcháilíochta ‘Kilichi du Niger’ ina thoradh ar thosca nádúrtha in éineacht leis an saineolas daonna a úsáidtear le linn a tháirgthe.
Tá ról ríthábhachtach ag dálaí aeráide an limistéir gheografaigh shainithe i saintréithe sainiúla ‘Kilichi du Niger’. Bíonn tionchar ag saintréithe bithfhisiceacha an limistéir táirgthe ar cháilíocht an táirge mar a leanas:
|
— |
leis na teochtaí an-ard i rith an lae, éascaítear triomú nádúrtha tapa slisní feola; |
|
— |
le diansolas na gréine, áirithítear triomú leanúnach, seachnaítear tréimhsí bogthaise a d’fhéadfadh fás miocrorgánach díobhálach a spreagadh; |
|
— |
spreagann an séasúr fada tirim triomú tapa slisní feola, rud a chuireann teorainn le fás múscáin; tá sé sin ríthábhachtach chun cáilíocht ‘Kilichi du Niger’ a choinneáil ar bun; |
|
— |
bíonn tionchar díreach ag éagsúlacht gheolaíoch agus bhláthach an limistéir gheografaigh ar cháilíocht na mairteola. Cothaíonn na hithreacha éagsúla, amhail ardchláir latairíte agus lomáin bonnlaigh chriostalta, flóra saibhir arb éard atá ann Combretaceae, cineálacha acáise, Mimosaceae. Cuireann an fásra sin aiste bia éagsúil ar fáil d’eallach, rud a chuireann feabhas ar cháilíocht orgánaileipteach a gcuid feola. Ina theannta sin, cuireann linnte buana agus sealadacha acmhainn fhíor-riachtanach ar fáil don talmhaíocht agus don uisciú beostoic, rud a chuireann le sláinte na n-ainmhithe agus le cáilíocht na feola a tháirgtear. |
Tá ról ríthábhachtach ag an triomú gréine i bpróiseas táirgthe ‘Kilichi du Niger’, rud a chuireann go mór le cáilíocht an táirge deiridh.
Is éard atá i dtáirgeadh ‘Kilichi du Niger’ saineolas sinseartha a thugtar ar aghaidh ó athair go mac.
Tá go leor táirgeoirí sa Nígir arb é déanamh an táirge sin an speisialtóireacht atá acu.
Leagtar amach thíos na tosca daonna a chuireann le critéir cháilíochta shonracha ‘Kilichi du Niger’ (liosta neamh-uileghabhálach).
|
— |
Faigheann táirgeoirí gairmiúla ‘Kilichi du Niger’ a saineolas faoin táirge sin le hoidhreacht, trí oidhreacht teaghlaigh nó trí bheith ag foghlaim ó shaineolaí nó ó chairde. |
|
— |
Cuidíonn na córais tógála a úsáidtear sa Nígir le hamhábhair ardcháilíochta a fháil: ní bhíonn mórán saill ainmhíoch san fheoil, ós rud é go bhfuil gach rud bunaithe ar tháirgí nádúrtha. Cuireann feirmeoireacht saor-raoin, arb í an fheirmeoireacht is coitianta í i gceantair thuaithe, ar a gcumas do na hainmhithe iad féin a bheathú gan bhac ar fhéaraigh nádúrtha, rud a chuireann lena leas agus a tháirgeann feoil ardcháilíochta. Le cleachtais thraidisiúnta, amhail pórtha oiriúnacha a roghnú, cuirtear frithsheasmhacht in aghaidh galar chun cinn agus cuirtear feabhas ar cháilíocht na feola. Baineann na córais sin, bídís ina gcórais saor-raoin nó ina gcórais saor-raoin go páirteach, úsáid as na hacmhainní áitiúla chun feoil a tháirgeadh a léiríonn an talamh agus saineolas na bhfeirmeoirí. |
|
— |
Tá tionchar mór ag an bhfeoil sin ar an táirge deiridh mar gheall ar roinnt príomhthosca:
|
|
— |
Is teicníc é díhiodráitiú feola deirge a chleachtar ó thús ama, ós rud é gur fhéach daoine i gcónaí le feoil a chaomhnú, bíodh sí ó ghéim nó ó ainmhithe clóis, trí thriomú, deatú nó próisis eile. Dá bhrí sin, tá ‘Kilichi du Niger’ ar cheann de na modhanna chun feoil dhíhiodráitithe a úsáid, rud a léiríonn máistreacht a tháirgeoirí ar an teicníc sin. |
|
— |
Mar gheall ar shaineolas sonrach sinseartha tháirgeoirí ‘Kilichi du Niger’, is féidir slisní tanaí a tháirgeadh a thriomaíonn go tapa. |
|
— |
Trí mháistreacht a fháil ar mheascán na gcomhábhar, is féidir béim a leagan ar na saintréithe orgánaileipteacha agus céadfacha sonracha, rud a áirithíonn cáilíocht deiridh ‘Kilichi de Niger’. |
Tagairt d’fhoilsiú shonraíocht táirge an táisc gheografaigh
Feasachán Oifigiúil Eagraíocht Maoine Intleachtúla na hAfraice (OAPI) Uimh. 01 IG/2021 an 22 Aibreán 2022, lch. 11.
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6327/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)